EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010R0540

Rialachán (AE) Uimh. 540/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim do Chúnamh Réamhaontachais (IPA)

IO L 158, 24.6.2010, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/540/oj

24.6.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/7


RIALACHÁN (AE) Uimh. 540/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2010

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim do Chúnamh Réamhaontachais (IPA)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 (2), déantar foráil maidir le cúnamh do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha agus iad ag teacht de réir a chéile go comhleanúnach le caighdeáin agus le beartais an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, leis an acquis communautaire, d’fhonn comhaltas an Aontais a bhaint amach.

(2)

Le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, dearbhaítear go bhféadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chonradh sin, eadhon dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, agus atá tiomanta na luachanna sin a chur chun cinn, iarratas a dhéanamh chun bheith ina chomhalta den Aontas.

(3)

Léirigh an Chomhairle Eorpach an 14 Nollaig 2006 ina conclúidí comhthoil athnuaite maidir le méadú, lena n-áirítear an prionsabal go ndéantar gach tír iarrthach a mheasúnú de réir a tuillteanas féin.

(4)

Tar éis do Phoblacht na hÍoslainne (dá ngairtear ‘an Íoslainn’ anseo feasta) iarratas a thíolacadh an 16 Iúil 2009 chun bheith ina comhalta den Aontas Eorpach, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún a thuairim i leith iarratas na hÍoslainne a chur faoi bhráid na Comhairle. Féadfar a mheas dá bhrí sin gur tír is iarrthóir ionchasach í an Íoslainn.

(5)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006, soláthraítear cúnamh do thíortha is iarrthóirí ionchasacha agus do thíortha is iarrthóirí ó na Balcáin Thiar agus don Tuirc, inter alia, i gcomhréir leis na Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus Aontachais.

(6)

Is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch í an Íoslainn. Dá bharr sin, soláthrófar cúnamh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 agus aird chuí á tabhairt ar na Tuarascálacha agus ar an bPáipéar Straitéise atá sa phacáiste bliantúil maidir le Méadú an Choimisiúin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 leis seo mar a leanas:

(1)

Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 4:

‘I gcás na hÍoslainne, soláthrófar cúnamh go háirithe faoi réir Thuarascálacha agus Pháipéar Straitéise an phacáiste maidir le Méadú.’;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in Iarscríbhinn II i ndiaidh ‘an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin’:

‘—

an Íoslainn’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris OifigIúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Meitheamh 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. LÓPEZ GARRIDO


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2010 [nár foilsíodh fós san Iris OifigIúil] agus Cinneadh ón gComhairle an 31 Bealtaine 2010.

(2)  IO L 210, 31.7.2006, lch. 82.


Top