Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R0544

    Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    IO L 167, 29.6.2009, p. 12–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/544/oj

    29.6.2009   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/12


    RIALACHÁN (CE) Uimh. 544/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 18 Meitheamh 2009

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 (3) rinneadh teorainneacha a fhorchur, ar bhonn eisceachtúil agus sealadach, ar na táillí a fhéadfaidh oibreoirí teileafón soghluaiste a thobhach, ar leibhéil mhórdhíola agus mhiondíola, chun seirbhísí idirnáisiúnta fánaíochta a sholáthar le haghaidh guthghlaonna a chuirtear ó áiteanna laistigh den Chomhphobal chuig áiteanna laistigh den Chomhphobal. Leis an Rialachán sin freisin, leagadh síos rialacha atá dírithe ar chur leis an trédhearcacht ó thaobh praghsanna de agus ar fheabhas a chur ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoi tháillí ar úsáideoirí seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail.

    (2)

    Rinne an Coimisiún athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, lenar ceanglaíodh air measúnú a dhéanamh i dtaobh ar baineadh amach cuspóirí an Rialacháin sin, athbhreithniú a dhéanamh ar fhorbairtí i réimse na dtáillí mórdhíola agus miondíola i gcomhair seirbhísí guthchumarsáide agus cumarsáide sonraí, lena n-áirítear SMS agus MMS, a sholáthar do chustaiméirí fánaíochta, agus dá mba rud é gurbh iomchuí, moltaí a dhéanamh maidir leis an ngá atá leis na seirbhísí sin a rialáil. Ina thuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, a bhí ar fáil ina Theachtaireacht an 23 Meán Fómhair 2008 maidir le toradh an athbhreithnithe ar fheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2007 i ndáil le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 2002/21/CE, chinn an Coimisiún gurbh iomchuí bailíocht Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 a fhadú thar an 30 Meitheamh 2010.

    (3)

    Ina theannta sin, chinn an Coimisiún gur cheart raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 a leathnú chun soláthar seirbhísí fánaíochta SMS agus sonraí laistigh den Chomhphobal a chumhdach. Maidir leis na saintréithe speisialta a ghabhann leis na margaí fánaíochta idirnáisiúnta, ar saintréithe iad a thug údar maith le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 a ghlacadh agus le hoibleagáidí a fhorchur ar oibreoirí líonraí soghluaiste i ndáil le guthghlaonna fánaíochta ar fud an Chomhphobail, baineann siad freisin le seirbhísí fánaíochta SMS agus sonraí a sholáthar ar fud an Chomhphobail. Dála mar is amhlaidh i gcás seirbhísí fánaíochta guthghlaonna, ní cheannaítear seirbhísí fánaíochta SMS agus sonraí go neamhspleách ar leibhéal náisiúnta ach is cuid amháin iad de phacáiste miondíola níos leithne a cheannaíonn custaiméirí óna soláthraí baile, agus ar an tslí sin cuirtear srian ar an iomaíocht. Mar an gcéanna, mar gheall ar chineál trasteorann na seirbhísí lena mbaineann, níl na húdaráis rialála náisiúnta atá freagrach as leasanna na gcustaiméirí seirbhísí teileafón soghluaiste atá ina gcónaí laistigh dá gcríoch a choimirciú agus a chur chun cinn in ann iompraíocht oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, agus atá lonnaithe i mBallstáit eile, a rialú.

    (4)

    Ba cheart go mbeadh sé níos éasca fadhbanna struchtúracha a bhaineann le seirbhísí fánaíochta a réiteach i bhfíormhargadh aonair do sheirbhísí cumarsáide soghluaiste, rud nach bhfuil ann go hiomlán faoi láthair, ach gur cheart gurb é a bheadh mar aidhm chríochnaitheach in aon chreat rialála.

    (5)

    Mar gheall air sin, ag gníomhú dóibh laistigh de Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha maidir le Gréasáin agus Seirbhísí Leictreonacha Cumarsáide (ERG) agus ina bhfreagairt ar an gcomhairliúchán poiblí faoin athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, d’iarr na húdaráis rialála náisiúnta ar an gCoimisiún athuair gníomhú ar leibhéal an Chomhphobail, maidir leis an Rialachán a fhadú ó thaobh ama de agus maidir le seirbhísí fánaíochta SMS agus seirbhísí fánaíochta sonraí a rialáil.

    (6)

    Maidir leis na sonraí faoi fhorbairt praghsanna do sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna ar fud an Chomhphobail ó theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, lena n-áirítear go háirithe na sonraí arna mbailiú ag na húdaráis rialála náisiúnta agus arna dtuairisciú ar bhonn ráithiúil trí mheán an ERG, ní thugann siad dóthain fianaise lena thabhairt le fios gur dócha go mbeidh iomaíocht ar na leibhéil mhiondíola nó mhórdhíola inbhuanaithe ó mhí an Mheithimh 2010 ar aghaidh gan bearta rialála a bheith i bhfeidhm. Léiríonn sonraí den sórt sin go bhfuil praghsanna miondíola agus mórdhíola cnuasaithe ag na teorainneacha, nó gar do na teorainneacha, a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, agus nach bhfuil ach iomaíocht theoranta ann faoi bhun na dteorainneacha sin.

    (7)

    Dá bhrí sin, dá rachadh na coimircí rialála a bhfuil feidhm acu maidir le seirbhísí fánaíochta guthghlaonna laistigh den Chomhphobal ar leibhéil mhórdhíola agus mhiondíola de bhua Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 in éag i mí an Mheithimh 2010, bheadh riosca suntasach ann gurb é an toradh a bheadh ar an easpa bhunúsach brú iomaíochta sa mhargadh fánaíochta guthghlaonna agus ar an dreasacht a bheadh ann d’oibreoirí líonraí teileafón soghluaiste a n-ioncam fánaíochta a uasmhéadú ná go mbeadh praghsanna miondíola agus mórdhíola ann ar fhánaíocht laistigh den Chomhphobal ar praghsanna iad nach léiriú réasúnta iad ar na costais bhunúsacha a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar, rud a chuirfeadh cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 i mbaol. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 a fhadú thar an 30 Meitheamh 2010 ar feadh thréimhse eile dhá bhliain chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trína ráthú go leanfaidh na tomhaltóirí de thairbhe a bhaint as an ráthaíocht nach ndéanfar praghas iomarcach, i gcomparáid le praghsanna iomaíocha náisiúnta, a ghearradh orthu nuair atá glao fánaíochta rialáilte á dhéanamh nó á fháil acu, agus, ag an am céanna, chun dóthain ama a fhágáil chun iomaíocht a fhorbairt.

    (8)

    Níor cheart go ndéanfadh na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo saobhadh ar na dálaí iomaíochta atá ann idir oibreoirí seirbhísí teileafón soghluaiste laistigh den Chomhphobal agus níor cheart go ndéanfaí aon chineál buntáiste iomaíochta a thabhairt isteach leo, go háirithe ar bhonn mhéid sholáthraí na seirbhísí fánaíochta, ar bhonn an chineáil tráchta fánaíochta atá aige nó ar bhonn a mhargaidh baile.

    (9)

    Ba cheart go leanfadh leibhéil na meánmhuirir mhórdhíola uasta ar ghlaonna fánaíochta rialáilte arna socrú le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 de bheith ag dul i laghad thar thréimhse fhadaithe an Rialacháin chun costais laghdaitheacha a léiriú, lena n-áirítear laghduithe ar na rátaí críochnaithe rialáilte le haghaidh seirbhísí soghluaiste sna Ballstáit, chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus, ag an am céanna, chun leanúint de bheith ag comhlíonadh an dá chuspóir atá ann, mar atá, deireadh a chur le praghsanna iomarcacha agus saoirse a thabhairt d’oibreoirí dul san iomaíocht lena chéile agus a bheith nuálaíoch.

    (10)

    Chun iomaíocht inbhuanaithe a spreagadh agus a neartú sna seirbhísí éagsúla fánaíochta, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta faireachán a dhéanamh lena fháil amach an bhfuil idirdhealú ann idir soláthraithe móra agus soláthraithe beaga, go háirithe i ndáil le ríomh na bpraghsanna mórdhíola.

    (11)

    Ba cheart an dáta i 2009 ina dtagann an laghdú sna huasteorainneacha praghsanna ar ghlaonna fánaíochta rialáilte ar na leibhéil mhórdhíola agus mhiondíola araon i bhfeidhm a athrú ón 30 Lúnasa go dtí an 1 Iúil, chun comhréireacht a áirithiú le tabhairt isteach na n-oibleagáidí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le leagan síos praghsanna i gcomhair teachtaireachtaí SMS rialáilte. Ar an mbealach seo, bheadh úsáideoirí na seirbhísí fánaíochta guthghlaonna agus na seirbhísí fánaíochta SMS araon in ann tairbhe a bhaint as na taraifí nua i rith na tréimhse inar mó an t-éileamh ar na seirbhísí sin.

    (12)

    I gcás nach in euro a ainmnítear teorainneacha na dtáillí, ba cheart teorainneacha na dtáillí is infheidhme maidir leis na teorainneacha tosaigh mar aon le luachanna athbhreithnithe na dteorainneacha sin a chinneadh san airgeadra iomchuí trí na rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar na dátaí a shonraítear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. I gcás nach bhfuil aon fhoilsiú ann ar an dáta a shonraítear, ba cheart gurb iad na rátaí malairte tagartha is infheidhme ná na dátaí sin arna bhfoilsiú sa chéad eagrán d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis an dáta sin agus ina bhfuil rátaí malairte tagartha den sórt sin.

    (13)

    Ó tharla go ndéantar comhlíonadh na teorann don táille mhórdhíola arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 a thomhas faoi threoir an mheánphraghais mórdhíola atá i bhfeidhm idir aon dá oibreoir thar tréimhse 12 mhí, is iomchuí a shoiléiriú go bhféadfaidh an tréimhse a bheith níos giorra, mar shampla, maidir le dáta laghdaithe sceidealta ar leibhéal an mheánmhuirir uasta mórdhíola, i gcás ina dtarlaíonn an dáta sin roimh dheireadh na tréimhse 12 mhí.

    (14)

    De dheasca an chleachtais atá ag roinnt oibreoirí líonraí soghluaiste na billí ar sholáthar glaonna fánaíochta mórdhíola a bhunú ar thréimhsí íosta muirearaithe suas go dtí 60 soicind, seachas ar bhonn ráta in aghaidh an tsoicind mar atá i bhfeidhm de ghnáth do tháillí idirnaisc mórdhíola eile, cruthaítear saobhadh iomaíochta idir na hoibreoirí sin agus iad siúd a úsáideann modhanna billeála éagsúla agus baineann sé sin an bonn d’fheidhmiú comhréireach na dteorainneacha praghsanna mórdhíola a tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007. Ina theannta sin, is ionann í agus táille bhreise a bhfuil iarmhairt dhiúltach aici ó thaobh praghsanna na seirbhísí fánaíochta guthghlaonna ar an leibhéal miondíola de, trí chostais mhórdhíola a ardú. Dá bhrí sin, ba cheart go gceanglófaí ar oibreoirí líonraí teileafón soghluaiste soláthar mórdhíola glaonna fánaíochta rialáilte a bhilleáil in aghaidh an tsoicind.

    (15)

    Ba cheart go leanfadh na leibhéil uasta den Eoratharaif, i gcás glaonna a dhéantar agus glaonna a fhaightear araon, de bheith ag laghdú in aghaidh na bliana i rith thréimhse fhadaithe bailíochta Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 ar bhealach atá comhréireach leis na laghduithe a bhí le déanamh ag tús na tréimhse ina raibh feidhm ag an Rialachán sin, chun go léireofar na laghduithe leantacha ar na praghsanna baile ar úsáid seirbhísí teileafón soghluaiste i gcoitinne chomh maith leis na laghduithe leantacha ar na costais bhunúsacha a bhaineann le glaonna fánaíochta rialáilte a sholáthar. Ar an mbealach seo, déantar leanúnachas éifeachtaí an Rialacháin sin a choimeád ar bun.

    (16)

    Ba cheart go dtabharfadh na corrlaigh mhéadaithe idir na táillí uasta mórdhíola agus miondíola dá bhforáiltear leis an Rialachán seo deis mhéadaithe d’oibreoirí dul san iomaíocht ó thaobh praghsanna de ar an leibhéal miondíola, agus ar an tslí sin uasmhéadú a dhéanamh ar an seans go dtiocfaidh margadh iomaíoch cuí chun cinn.

    (17)

    Tá costais mhórdhíola níos airde ann i gcás oibreoirí áirithe mar gheall ar imthosca geografacha nó mar gheall ar imthosca eile, amhail topagrafaíocht dheacair, réigiúin ina bhfuil dlús íseal daonra agus líon mór turasóirí a bheith ag teacht isteach i réigiún laistigh de thréimhsí gearra ama.

    (18)

    Measann an ERG gurb é a lean as an gcleachtas atá ag oibreoirí líonraí teileafón soghluaiste, is é sin, úsáid a bhaint as tréimhsí muirearaithe is faide ná soicind amháin agus iad i mbun billeála do sheirbhísí fánaíochta ar an leibhéal miondíola ná 24 % a chur le gnáthbhille Eoratharaife i gcás glaonna a rinneadh agus 19 % a chur le billí den sórt sin i gcás glaonna a fuarthas. Luaigh siad freisin gurb ionann na méaduithe sin agus cineál táille ceilte ós rud é nach bhfuil siad trédhearcach don chuid is mó de na tomhaltóirí. Ar an gcúis sin, mhol an ERG gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt ar na cleachtais éagsúla billeála a chuirtear i bhfeidhm ar an Eoratharaif ar an leibhéal miondíola.

    (19)

    Cé gurb é a rinneadh le Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, trínar tugadh Eoratharaif isteach sa Chomhphobal, ná cur chuige comhchoiteann a bhunú chun a áirithiú nach ndéantar praghsanna iomarcacha a mhuirearú ar chustaiméirí fánaíochta as glaonna fánaíochta rialáilte, is é a tharlaíonn mar gheall ar na cleachtais éagsúla ó thaobh na n-aonad billeála a chuireann oibreoirí líonraí teileafón soghluaiste i bhfeidhm ná go mbaintear an bonn go mór ó chur i bhfeidhm comhréireach an chur chuige sin. Ciallaíonn sé seo freisin, d’ainneoin chineál uile-Chomhphobail, trasteorann na seirbhísí fánaíochta laistigh den Chomhphobal, go bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige ann maidir le billeáil a dhéanamh ar ghlaonna fánaíochta rialáilte agus dá bharr sin déantar saobhadh ar na dálaí iomaíochta sa mhargadh aonair.

    (20)

    Dá bhrí sin, ba cheart sraith choiteann rialacha maidir leis na haonaid a úsáidtear sna billí Eoratharaife ar an leibhéal miondíola a thabhairt isteach chun an margadh aonair a neartú tuilleadh agus chun leibhéal coiteann cosanta a sholáthar ar fud an Chomhphobail do thomhaltóirí na seirbhísí fánaíochta uile-Chomhphobail.

    (21)

    Ba cheart go gceanglófaí ar sholáthraithe glaonna fánaíochta rialáilte ar an leibhéal miondíola a gcuid custaiméirí a bhilleáil ar bhonn ráta in aghaidh an tsoicind do na glaonna ar fad atá faoi réir Eoratharaife, ach sin faoi réir an fhéidearthacht a bheith ann tréimhse muirearaithe tosaigh íosta nach faide ná 30 soicind a chur i bhfeidhm do ghlaonna a dhéantar agus faoina réir sin amháin. Cuirfidh sé sin ar chumas na n-oibreoirí aon chostais réasúnacha i ndáil le bunú a chlúdach chomh maith le solúbthacht iomaíochta a sholáthar trí thréimhsí íosta muirearaithe níos giorra a thairiscint. Níl údar maith le tréimhse muirearaithe tosaigh íosta a bheith ann i gcás glaonna Eoratharaife a fhaightear, áfach, toisc go ndéantar an costas mórdhíola bunúsach a mhuirearú ar bhonn ráta in aghaidh an tsoicind agus go gcumhdaítear aon chostais shonracha i ndáil le bunús na rátaí críochnaithe le haghaidh seirbhísí soghluaiste cheana féin.

    (22)

    Níor cheart go mbeadh ar chustaiméirí íoc as teachtaireachtaí glórphoist a fháil i líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, mar nach féidir leo fad na dteachtaireachtaí sin a rialú. Ba cheart go mbeadh an fhoráil seo gan dochar d’aon mhuirir ghlórphoist eile is infheidhme, mar shampla muirir chun éisteacht le teachtaireachtaí den sórt sin.

    (23)

    Maidir le seirbhísí fánaíochta SMS, léirigh na sonraí margaidh a bhailigh an ERG agus an Coimisiún ó theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 go bhfuil cor ann ar fud an Chomhphobail ina bhfuil muirir mhórdhíola do na seirbhísí seo cobhsaí den chuid is mó agus nach bhfuil aon ghaolmhaireacht acu i ndáiríre leis na costais bhunúsacha. Mar is amhlaidh i gcás na seirbhísí fánaíochta guthghlaonna, dealraíonn sé nach bhfuil dóthain brú iomaíoch ann ar oibreoirí chun praghsanna mórdhíola a laghdú. D’fhan praghsanna miondíola ar sheirbhísí fánaíochta SMS cobhsaí den chuid is mó freisin, faoi réir corrlach ard agus iad ar phraghsanna atá cuid shuntasach níos mó ná seirbhísí coibhéiseacha SMS baile, gan údar soiléir ar bith a bheith ann ina leith sin.

    (24)

    Díreach mar is amhlaidh i gcás guthghlaonna fánaíochta, tá riosca suntasach ann, mura ndéanfaí ach oibleagáidí praghsála mórdhíola a fhorchur, nach mbeadh rátaí níos ísle do chustaiméirí miondíola mar thoradh uathoibríoch air. Os a choinne sin, dá rachfaí i mbun gníomhaíochta chun leibhéal na bpraghsanna miondíola a laghdú gan aghaidh a thabhairt ar leibhéal na gcostas mórdhíola a bhaineann leis na seirbhísí seo a sholáthar, d’fhéadfaí dochar a dhéanamh do staid roinnt oibreoirí, go háirithe na n-oibreoirí is lú, trí mhéadú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh cúngach praghsanna ann.

    (25)

    Ina theannta sin, mar gheall ar struchtúr ar leith an mhargaidh fánaíochta, agus mar gheall ar é a bheith de chineál trasteorann, ní dhearnadh uirlisí oiriúnacha a sholáthar leis an gcreat rialála do na húdaráis rialála náisiúnta aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na fadhbanna ó thaobh iomaíochta de arb iad is cúis le leibhéal ard na bpraghsanna mórdhíola agus miondíola do sheirbhísí fánaíochta SMS rialáilte. Ní áirithíonn sé seo feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart é a chur ina cheart.

    (26)

    Luaigh an ERG freisin ina fhreagairt ar chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin maidir le hathbhreithniú ar oibriú Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 gur mheas sé go raibh gá le fánaíocht SMS a rialáil, ar na leibhéil mhórdhíola agus mhiondíola araon, ionas gur fearr a bheadh praghsanna i gcomhréir le costais agus le praghsanna baile. Mheas sé gurbh oiriúnach socruithe atá ar aon dul leo siúd le haghaidh fánaíochta guthghlaonna. Go sonrach, mhol an ERG uasteorainn a chur ar an meánráta mórdhíola a mhuirearódh aon oibreoir áirithe ar aon oibreoir eile le haghaidh fhánaíocht SMS, agus leasú a dhéanamh ar an oibleagáid Eoratharaife chun go mbeadh tairiscint i leith fhánaíocht SMS ann de réir ráta nach mó ná uasteorainn shonraithe.

    (27)

    Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí rialaitheacha a chur i bhfeidhm i leith seirbhísí fánaíochta SMS rialáilte ar an leibhéal mórdhíola, chun gaolmhaireacht níos réasúnaí a bhunú idir na muirir mhórdhíola agus costais bhunúsacha an tsoláthair, agus ar an leibhéal miondíola chun leasanna na gcustaiméirí fánaíochta a chosaint.

    (28)

    Ba cheart go mbeadh éifeacht ag na hoibleagáidí rialála seo chomh luath agus is féidir, ach tréimhse réasúnach a thabhairt do na hoibreoirí lena mbaineann a bpraghsanna agus a dtairiscintí seirbhíse a oiriúnú chun comhlíonadh a áirithiú.

    (29)

    Is é an cur chuige is éifeachtaí agus is comhréirí maidir le rialáil leibhéal na bpraghsanna ar theachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte ar an leibhéal mórdhíola ná meánmhuirear uasta in aghaidh an SMS a sheoltar ó líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a shocrú ar leibhéal an Chomhphobail. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola idir aon dá oibreoir líonraí soghluaiste laistigh den Chomhphobal thar thréimhse shonraithe.

    (30)

    Ba cheart go gcuimseodh teorainn an phraghais mórdhíola ar fhánaíocht SMS rialáilte na costais go léir arna dtabhú ag soláthraí na seirbhíse mórdhíola, lena n-áirítear, inter alia, an túsphointe, tarchur agus costas neamhghnóthaithe as críochnú teachtaireachtaí fánaíochta SMS ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh cosc ar sholáthraithe mórdhíola seirbhísí fánaíochta SMS rialáilte muirear ar leithligh a thabhairt isteach i gcomhair chríochnú theachtaireachtaí fánaíochta SMS ar a líonra, chun a áirithiú go gcuirtear na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo i bhfeidhm go comhréireach.

    (31)

    Is é an cur chuige is éifeachtaí agus is comhréirí maidir le rialáil leibhéal na bpraghsanna ar theachtaireachtaí fánaíochta SMS uile-Chomhphobail ar an leibhéal miondíola ná ceanglas a thabhairt isteach d’oibreoirí na líonraí soghluaiste chun taraif Eora-SMS a thairiscint dá gcuid custaiméirí fánaíochta ar taraif í nach dtéann thar uasteorainn shonraithe praghais. Ba cheart an taraif Eora-SMS a shocrú ar leibhéal lena ráthaítear corrlach dóthanach do na hoibreoirí agus fós gur léiriú níos réasúnaí é ar na costais bhunúsacha mhiondíola.

    (32)

    Ba cheart go n-áiritheodh an cur chuige rialála seo go dtugann muirir mhiondíola ar theachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte léiriú níos réasúnaí ar na costais bhunúsacha a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar ná mar ab amhlaidh roimhe seo. Dá bhrí sin, ba cheart go léireodh an taraif Eora-SMS uasta a fhéadfar a thairiscint do chustaiméirí fánaíochta corrlach réasúnach thar na costais a bhaineann le seirbhís fánaíochta SMS rialáilte a sholáthar, agus ag an am céanna saoirse a thabhairt d’oibreoirí chun iomaíocht a dhéanamh trí idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid tairiscintí agus trína struchtúir praghsála a chur in oiriúint do dhálaí an mhargaidh agus do na roghanna is fearr leis na tomhaltóirí. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an gcur chuige rialála seo maidir le seirbhísí breisluacha SMS.

    (33)

    Níor cheart go mbeadh ar chustaiméirí fánaíochta aon mhuirear breise a íoc as teachtaireacht fánaíochta SMS rialáilte nó teachtaireacht ghlórphoist a fháil agus iad ag fánaíocht ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, ós rud é go bhfuil na costais a ghabhann le críochnú den sórt sin cúitithe cheana féin sa mhuirear miondíola a thoibhítear as teachtaireacht fánaíochta SMS nó teachtaireacht ghlórphoist a sheoladh.

    (34)

    Ba cheart go mbeadh feidhm uathoibríoch ag taraif Eora-SMS maidir le haon chustaiméir nua fánaíochta nó maidir le haon chustaiméir láithreach fánaíochta nach ndearna nó nach ndéanann taraif fhánaíochta SMS speisialta nó pacáiste do sheirbhísí fánaíochta a chuimsíonn seirbhísí fánaíochta SMS rialáilte a roghnú d’aon ghnó.

    (35)

    Chun lúdracht ceann go ceann agus idirinoibritheacht a áirithiú do na custaiméirí fánaíochta atá ag seirbhísí fánaíochta SMS rialáilte, ba cheart go ndéanfadh údaráis rialála náisiúnta idirghabháil go tráthúil más rud é go ndéanann oibreoir líonra teileafón soghluaiste trastíre atá bunaithe i mBallstát amháin gearán chuig a údarás rialála náisiúnta á rá nach bhfuil a chuid rannpháirtithe in ann teachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte a sheoladh chuig rannpháirtithe líonra trastíre teileafón soghluaiste atá suite i mBallstát eile, nó nach bhfuil siad in ann teachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte a fháil uathu, de bharr mainneachtana ar thaobh an dá oibreoir lena mbaineann comhaontú a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh idirghabháil den sórt sin i gcomhréir le forálacha Airteagal 5 de Threoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnascadh a bheith eatarthu, (Treoir na Rochtana) (4) agus ar bhonn comhordaithe, agus i gcomhréir le forálacha Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 agus Airteagal 21 de Threoir 2002/21/CE (5).

    (36)

    Is é atá i dteachtaireacht SMS ná teachtaireacht téacs ó Sheirbhís Ghearrtheachtaireachtaí agus tá difríocht shoiléir ann idir í agus teachtaireachtaí eile amhail teachtaireachtaí MMS nó teachtaireachtaí ríomhphoist. Chun a áirithiú nach mbainfear d’éifeachtacht an Rialacháin agus go ndéanfar a chuspóirí a chomhlíonadh go hiomlán, ba cheart toirmeasc a chur ar aon athruithe ar pharaiméadair theicniúla theachtaireacht fhánaíochta SMS a dhéanfadh í a idirdhealú ó theachtaireacht SMS baile.

    (37)

    De réir sonraí arna mbailiú ag na húdaráis rialála náisiúnta, léirítear gurb é an treocht atá ann maidir leis na meánmhuirir mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta sonraí arna dtobhach ag oibreoirí na líonraí teileafón soghluaiste a bhfuil cuairt á tabhairt orthu ar sholáthraithe baile na gcustaiméirí fánaíochta ná go bhfuil na muirir sin ag dul i laghad, cé go bhfuil praghsanna arda fós ann maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí mórdhíola.

    (38)

    Tá leibhéal ard na bpraghsanna miondíola ar sheirbhísí fánaíochta sonraí fós ina údar imní agus léiríonn sé nach bhfuil dóthain iomaíochta ann fós i dtaca leis na seirbhísí sin. Mar sin féin, murab ionann agus an cás maidir le seirbhísí fánaíochta guthghlaonna agus SMS, tá srianta iomaíochta ann ar an leibhéal miondíola, toisc go bhfuil modhanna malartacha ag custaiméirí fánaíochta chun rochtain a fháil ar sheirbhísí sonraí agus iad thar lear, amhail rochtain phoiblí gan sreang ar an Idirlíon, d’uireasa na srianta uimhrithe gaolmhara. Dá bhrí sin, bheadh sé róluath, ag an tráth seo, praghsanna a rialáil ar an leibhéal miondíola. Ina theannta sin, ba cheart gur le toil an úsáideora a dhéanfaí aon cheangal líonra fánaíochta a bhunú. Dá réir sin, níor cheart go mbeadh aon íoslódáil sonraí fánaíochta ann, lena n-áirítear uasdátú bogearraí agus aisghabháil ríomhphoist, gan toiliú nó iarraidh a fháil roimh ré ón úsáideoir, mura rud é go léiríonn an t-úsáideoir nach mian leis leas a bhaint as an gcosaint sin.

    (39)

    Níor cheart go ngearrfadh soláthraithe baile muirear ar an gcustaiméir fánaíochta i dtaca le haon seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte, mura rud é go nglacann an custaiméir le soláthar na seirbhíse agus go dtí go ndéanann sé amhlaidh.

    (40)

    Ba cheart bearta a thabhairt isteach, áfach, chun trédhearcacht a fheabhsú maidir le praghsanna miondíola ar sheirbhísí fánaíochta sonraí, go háirithe chun deireadh a chur le fadhb na mbillí an-ard a thagann gan choinne agus atá mar bhac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus chun na huirlisí atá ag teastáil ó chustaiméirí fánaíochta chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar a gcaiteachas ar sheirbhísí fánaíochta sonraí a sholáthar dóibh. Ar an mbonn céanna, níor cheart go mbeadh aon bhacainní ar theacht chun cinn feidhmchlár nó teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh teacht in ionad na seirbhísí fánaíochta, nó a d’fhéadfaí a úsáid mar rogha ar na seirbhísí sin, amhail seirbhísí WiFi, Prótacal Idirlín don Ghuthú (VoIP) agus Teachtaireachtaí Meandracha. Ba cheart an fhaisnéis seo a sholáthar do na tomhaltóirí, rud a ligfeadh dóibh rogha eolasach a dhéanamh.

    (41)

    Go háirithe, ba cheart d’oibreoirí líonraí soghluaiste faisnéis taraife phearsantaithe a sholáthar dá gcuid custaiméirí fánaíochta faoi na muirir is infheidhme maidir leis na custaiméirí sin as seirbhísí fánaíochta sonraí gach uair a gcuireann siad tús le seirbhís fánaíochta sonraí ar dhul isteach i mBallstát eile dóibh. Ba cheart an fhaisnéis sin a sheachadadh ar a dteileafón soghluaiste nó ar ghléas soghluaiste eile dá gcuid ar an tslí is fearr a oireann i dtaca leis an bhfaisnéis a ghlacadh agus a thuiscint go héasca.

    (42)

    Chun tuiscint na gcustaiméirí a éascú maidir leis na hiarmhairtí airgeadais a ghabhann le seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a úsáid agus ionas go bhféadfaidh siad faireachán agus rialú a dhéanamh ar a gcaiteachas, ba cheart don soláthraí baile samplaí a thabhairt i ndáil le feidhmchláir fánaíochta sonraí, amhail ríomhphost, pictiúir agus brabhsáil líonra, trí léiriú a thabhairt ar a neasmhéid i dtéarmaí a bhaineann le húsáid sonraí.

    (43)

    De bhreis air sin, chun billí an-ard a thagann gan choinne a sheachaint, ba cheart d’oibreoirí líonraí teileafón soghluaiste uasteorainn airgeadais amháin nó níos mó agus/nó uasteorainn toirte amháin nó níos mó a shainiú a bheidh le cur i bhfeidhm ar na muirir atá fós amuigh maidir le seirbhís fánaíochta sonraí, arna sloinneadh san airgeadra ina gcuirtear bille chuig an gcustaiméir fánaíochta, agus ar cheart dóibh a thairiscint saor in aisce dá gcuid custaiméirí fánaíochta go léir, mar aon le fógra iomchuí nuair atáthar ag tarraingt ar an teorainn sin. Ar an uasteorainn sin a bhaint amach, níor cheart go mbeadh na seirbhísí sin á bhfáil a thuilleadh ag custaiméirí agus níor cheart go ngearrfaí muirear ar chustaiméirí as na seirbhísí sin mura rud é go n-iarrann siad go sonrach go leanfar de na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach san fhógra. Ba cheart go dtabharfaí an deis do chustaiméirí fánaíochta aon cheann de na huasteorainneacha airgeadais sin nó de na huasteorainneacha toirte sin a roghnú laistigh de thréimhse réasúnach nó an rogha a bheith aige nó aici gan teorainn den sórt sin a bheith ann. Mura rud é go luann custaiméirí a mhalairt, ba cheart iad a chur ar chóras teorann réamhshocraithe.

    (44)

    Ba cheart go nglacfaí leis na bearta trédhearcachta seo mar na coimircí íosta do chustaiméirí fánaíochta, agus níor cheart go gcuirfidís cosc ar oibreoirí líonraí teileafón soghluaiste maidir le raon saoráidí eile a thairiscint dá gcuid custaiméirí ar saoráidí iad a chabhraíonn leo a gcaiteachas ar sheirbhísí fánaíochta sonraí a thuar agus a rialú. Mar shampla, tá cuid mhór oibreoirí ag forbairt tairiscintí fánaíochta miondíola nua ar chothromráta trína gceadaítear fánaíocht sonraí a dhéanamh thar thréimhse shonraithe ar phraghas sonraithe suas go teorainn toirte ‘úsáid chóir’. Ar an mbealach céanna, tá oibreoirí ag forbairt córas lena chur ar chumas a gcustaiméirí fánaíochta faisnéis cothrom le dáta a fháil ar bhonn fíor-ama faoi na muirir fánaíochta sonraí atá fós amuigh orthu agus atá carnaithe go dtí sin acu. Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart na forbairtí seo ar na margaí baile a léiriú sna rialacha comhchuibhithe.

    (45)

    Ina theannta sin, tá muirir mhórdhíola arda fós ann, go príomha de bharr na bpraghsanna mórdhíola arda a mhuirearaíonn oibreoirí líonraí nach líonraí tosaíochta iad. Is srianta ar stiúradh tráchta is cúis leis na muirir sin, rud a fhágann nach bhfuil dreasacht ar bith ann d’oibreoirí a gcuid praghsanna mórdhíola a laghdú go haontaobhach toisc go bhfaighfear an trácht gan spleáchas don phraghas a mhuirearaítear. Is é an toradh atá air sin ná éagsúlacht an-mhór sna costais mhórdhíola. I roinnt cásanna, tá na praghsanna fánaíochta sonraí mórdhíola is infheidhme ar líonraí nach líonraí tosaíochta iad 30 uair níos airde ná na praghsanna a chuirtear i bhfeidhm ar an líonra tosaíochta. Is é a leanann as na muirir mhórdhíola iomarcacha seo ar sheirbhísí fánaíochta sonraí ná saobhadh mór ar dhálaí iomaíochta idir oibreoirí líonraí soghluaiste laistigh den Chomhphobal, rud a bhaineann an bonn ó fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Cuireann siad srian freisin ar chumas na soláthraithe baile a gcuid costas mórdhíola a thuar agus, dá bhrí sin, pacáistí praghsanna miondíola atá iomaíoch agus trédhearcach a sholáthar dá gcustaiméirí. I bhfianaise na srianta ar chumas na n-údarás rialála náisiúnta chun déileáil go héifeachtach leis na fadhbanna seo ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart go mbeadh teorainn ar phraghsanna mórdhíola i bhfeidhm i leith seirbhísí fánaíochta sonraí. Ba cheart an teorainn ar phraghsanna mórdhíola a shocrú ar leibhéal coimirce cuid mhaith os cionn na bpraghsanna mórdhíola is ísle atá ar fáil sa mhargadh faoi láthair, chun dálaí iomaíochta a fheabhsú agus chun forbairt a dhéanamh ar threocht iomaíochta sa mhargadh agus, ag an am céanna, chun feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh chun tairbhe na dtomhaltóirí a áirithiú. Trí dheireadh a chur le muirir iomarcacha mórdhíola fánaíochta sonraí atá ann fós i gcásanna áirithe sa mhargadh, ba cheart go ndéanfadh an leibhéal coimirce seo, le linn thréimhse feidhme Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, cosc a chur ar theacht chun cinn aon saofa nó srianta ar an iomaíocht idir oibreoirí soghluaiste.

    (46)

    Chun na forbairtí sa mhargadh, agus an creat rialála is infheidhme i leith cumarsáide leictreonaí, a léiriú is gá tagairt a dhéanamh do ‘líonraí cumarsáide poiblí’ in ionad ‘líonraí teileafónaíochta poiblí’. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart Airteagal 1(5) de Threoir 2002/21/CE a leasú dá réir.

    (47)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 agus Treoir 2002/21/CE a leasú chun sraith choiteann rialacha a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh lena áirithiú nach n-íocann úsáideoirí na líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste praghsanna iomarcacha ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail (cibé acu guthghlaonna, teachtaireachtaí SMS nó tarchur sonraí atá i gceist) agus iad ag taisteal laistigh den Chomhphobal, agus, sa tslí sin, cur le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, agus leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí agus coimirce iomaíochta idir oibreoirí líonraí soghluaiste a bhaint amach ag an am céanna, a bhaint amach go leordhóthanach ar bhealach slán comhchuibhithe tráthúil agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta atá beartaithe, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal na bearta leasaitheacha is gá a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (48)

    Dá ainneoin sin, ba cheart an cur chuige coiteann seo a choimeád ar bun ar feadh tréimhse ama theoranta ach féadfar é a fhadú tuilleadh nó a leasú, i bhfianaise athbhreithnithe atá le déanamh ag an gCoimisiún nó féadfar roghanna rialála nach é a chur ina ionad, ar bhonn moltaí iomchuí ón gCoimisiún.

    (49)

    I bhfianaise chuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an Rialacháin sin, arna leasú leis an Rialachán seo, agus ar an méid a chuireann sé le cur chun feidhme an chreata rialála agus le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an tionchar atá ar staid iomaíoch na soláthraithe cumarsáide soghluaiste, idir bheag agus mhór, agus ó chodanna éagsúla den Chomhphobal, ar na forbairtí, ar na treochtaí agus ar an trédhearcacht i dtaca le muirir mhiondíola agus mhórdhíola, ar an ngaolmhaireacht atá acu le costais iarbhír, ar a mhéid atá na toimhdí a rinneadh sa mheasúnú tionchair atá ag gabháil leis an Rialachán seo arna ndaingniú agus ar na costais a bhaineann le comhlíonadh ar thaobh oibreoirí agus ar an tionchar ar infheistíochtaí. Ba cheart don Choimisiún freisin, i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta, breithniú a dhéanamh i ndáil le hinfhaighteacht agus cáilíocht seirbhísí atá ann mar rogha ar fhánaíocht (amhail VoIP).

    (50)

    Sula ndéanfar an t-athbhreithniú thuasluaite, agus chun faireachán leanúnach ar na seirbhísí fánaíochta sa Chomhphobal a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tuarascáil eatramhach a ullmhú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ar tuarascáil í ina mbeidh achoimre ghinearálta ar na treochtaí is déanaí i seirbhísí fánaíochta mar aon le measúnú idirmheánach ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 717/2007, arna leasú leis an Rialachán seo, a bhaint amach agus ar na roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (51)

    Sula ndéanfaidh an Coimisiún moltaí iomchuí, ba cheart dó measúnú a dhéanamh freisin i dtaobh an bhféadfaí rialáil seirbhísí fánaíochta a chumhdach go hiomchuí laistigh den chreat rialála maidir le cumarsáid leictreonach. Ba cheart dó dianmheasúnú a dhéanamh ar mhodhanna malartacha chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 a bhaint amach, amhail na nithe seo a leanas:

    déileáil leis na fadhbanna ar leibhéal mórdhíola, trí oibleagáid a thabhairt isteach ar tríthi a dhéanfar foráil maidir le rochtain réasúnach chóir a sholáthar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus/nó ar choinníollacha cothroma cómhalartacha;

    cur chuige a bheith ann a bheadh bunaithe ar phraghsanna agus ar choinníollacha a bhaint amach do chustaiméirí fánaíochta ar praghsanna agus coinníollacha iad atá cosúil leis na praghsanna agus na coinníollacha iomaíocha atá i réim i margadh an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, lena n-áirítear an fhéidearthacht go bhféadfadh an custaiméir praghsanna éagsúla a fháil ó oibreoirí éagsúla i margadh an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

    aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ann i gcreat dhlí iomaíochta an Chomhphobail.

    Ba cheart don Choimisiún, go háirithe, i gcomhairle le comhlacht na rialtóirí Eorpacha um chumarsáid leictreonach, struchtúr iomaíochta an mhargaidh shoghluaiste as a leanann praghsanna fánaíochta neamhiomaíocha a imscrúdú agus a mheasúnú, agus ba cheart dó a chonclúidí agus a thograí chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna struchtúracha sna margaí teileafón soghluaiste, go háirithe bacainní ar iontráil agus ar leathnú, a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    (52)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 717/2007 agus Treoir 2002/21/CE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 717/2007/CE

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 717/2007/CE leis seo mar a leanas:

    1.

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    2.

    leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Leis an Rialachán seo, tugtar isteach cur chuige coiteann chun a áirithiú nach n-íocfaidh úsáideoirí líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste praghsanna iomarcacha, i gcomparáid leis na praghsanna náisiúnta iomaíocha, ar sheirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail le linn glaonna a dhéanamh agus a ghlacadh, le linn teachtaireachtaí SMS a sheoladh agus a ghlacadh agus le linn seirbhísí cumarsáide sonraí paicéadlasctha a úsáid agus, ar an tslí sin, cuirfear le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, agus leibhéal ard cosanta tomhaltóirí á bhaint amach, cothófar iomaíocht agus trédhearcacht sa mhargadh agus déanfar dreasachtaí nuálaíochta agus roghanna do thomhaltóirí araon a thairiscint.

    Leis an Rialachán, leagtar síos rialacha ar na muirir a fhéadfaidh oibreoirí líonraí soghluaiste a mhuirearú chun seirbhísí fánaíochta ar fud an Chomhphobail a sholáthar i gcás guthghlaonna agus teachtaireachtaí SMS a thosaíonn agus a chríochnaíonn laistigh den Chomhphobal, agus i gcás seirbhísí cumarsáide sonraí paicéadlasctha a úsáideann custaiméirí fánaíochta agus iad ag fánaíocht ar líonra cumarsáide soghluaiste i mBallstát eile. Tá feidhm aige maidir leis na muirir a thoibhítear idir oibreoirí líonraí ar leibhéal mórdhíola agus, de réir mar is iomchuí, maidir leis na muirir a ghearrann soláthraithe baile ar leibhéal miondíola.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Is i dtéarmaí Euro a dhéantar teorainneacha na muirear a leagtar amach sa Rialachán seo a shloinneadh. I gcás ina ndéantar muirir a thagann faoi réim Airteagail 3, 4, 4a, 4b, agus Airteagal 6a(3) agus (4) a ainmniú in airgeadraí eile, déanfar na teorainneacha tosaigh de bhun na nAirteagal sin a chinneadh sna hairgeadraí sin, i gcás Airteagal 3 agus Airteagal 4, trí na rátaí malairte tagartha a bheidh i réim an 30 Meitheamh 2007 a chur i bhfeidhm agus, i gcás Airteagail 4a, 4b, 6a(3) agus 6a(4), trí na rátaí malairte tagartha a fhoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach an 6 Bealtaine 2009 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

    Chun críocha na laghduithe a thiocfaidh ina dhiaidh sin ar na teorainneacha sin dá bhforáiltear in Airteagal 3(2), in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 6a(4), déanfar na luachanna athbhreithnithe a chinneadh trí na rátaí malairte tagartha a fhoilseofar amhlaidh aon mhí amháin roimh an dáta óna mbeidh feidhm ag na luachanna athbhreithnithe a chur i bhfeidhm. Cuirfear na rátaí malairte tagartha céanna i bhfeidhm chun athbhreithniú a dhéanamh in aghaidh na bliana ar luach na muirear a thagann faoi réim Airteagal 4a, Airteagal 4b agus Airteagal 6a(3), i gcás ina n-ainmnítear na muirir sin in airgeadraí seachas an Euro.’;

    3.

    in Airteagal 2, leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe(b) go pointe (g)

    ‘(b)

    ciallaíonn “soláthraí baile” gnóthas a chuireann seirbhísí poiblí trastíre cumarsáide soghluaiste ar fáil do chustaiméir fánaíochta trína líonra féin, nó trí oibreoir nó trí athdhíoltóir líonra fíorúil soghluaiste;

    (c)

    ciallaíonn “líonra baile” líonra cumarsáide soghluaiste poiblí trastíre atá lonnaithe laistigh de Bhallstát agus a úsáideann soláthraí baile chun seirbhísí poiblí trastíre cumarsáide soghluaiste a sholáthar do chustaiméir fánaíochta;

    (d)

    ciallaíonn “fánaíocht a dhéanamh ar fud an Chomhphobail” an úsáid a bhaineann custaiméir fánaíochta as teileafón soghluaiste nó gléas eile chun glaonna laistigh den Chomhphobal a dhéanamh nó a fháil, chun teachtaireachtaí SMS a sheoladh nó a fháil, nó chun cumarsáidí sonraí paicéadlasctha a úsáid, fad is atá an custaiméir sin i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil a líonra baile lonnaithe, trí shocruithe idir oibreoir an líonra bhaile agus oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

    (e)

    ciallaíonn “glao fánaíochta rialáilte” guthghlao cumarsáide soghluaiste a dhéanann custaiméir fánaíochta, a thosaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus a chríochnaíonn ar líonra poiblí cumarsáide sa Chomhphobal nó guthghlao a fhaigheann custaiméir fánaíochta a thosaíonn ar líonra poiblí cumarsáide sa Chomhphobal agus a chríochnaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

    (f)

    ciallaíonn “custaiméir fánaíochta” custaiméir de chuid soláthraí seirbhísí cumarsáide soghluaiste poiblí trastíre, trí líonra poiblí trastíre soghluaiste atá lonnaithe sa Chomhphobal, a gceadaíonn a chonradh nó a shocrú lena sholáthraí baile dó teileafón soghluaiste nó aon ghléas eile a úsáid chun glaonna a dhéanamh nó a fháil, chun teachtaireachtaí SMS a sheoladh nó a fháil, nó cumarsáidí sonraí paicéadlasctha a úsáid, ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, trí shocruithe idir oibreoir an líonra bhaile agus oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

    (g)

    ciallaíonn ‘líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air’ líonra poiblí trastíre cumarsáide soghluaiste atá lonnaithe i mBallstát seachas Ballstát an líonra bhaile agus a cheadaíonn do chustaiméir fánaíochta glaonna a dhéanamh nó a fháil, teachtaireachtaí SMS a sheoladh nó a fháil nó cumarsáidí sonraí paicéadlasctha a úsáid, trí shocruithe le hoibreoir an líonra bhaile;’

    (b)

    cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    ‘(h)

    ciallaíonn “taraif Eora-SMS” aon taraif nach mó ná an muirear uasta dá bhforáiltear in Airteagal 4b agus a fhéadfaidh soláthraí baile a thobhach chun teachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte a sholáthar i gcomhréir leis an Airteagal sin;

    (i)

    ciallaíonn “teachtaireacht SMS” teachtaireacht téacs Sheirbhís Gearrtheachtaireachtaí atá comhdhéanta go príomha de charachtair aibítreacha nó uimhriúla, ar teachtaireacht í is féidir a sheoladh idir uimhreacha líonra soghluaiste agus/nó uimhreacha líonra fosaithe a shanntar i gcomhréir le pleananna uimhrithe náisiúnta;

    (j)

    ciallaíonn “teachtaireacht fánaíochta SMS rialáilte” teachtaireacht SMS a sheolann custaiméir fánaíochta agus a thosaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus a chríochnaíonn ar líonra cumarsáide poiblí laistigh den Chomhphobal nó a fhaigheann custaiméir fánaíochta agus a thosaíonn ar líonra cumarsáide poiblí laistigh den Chomhphobal agus a chríochnaíonn ar líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air;

    (k)

    ciallaíonn “seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte” seirbhís fánaíochta trína gcuirtear ar chumas custaiméara fánaíochta cumarsáidí sonraí paicéadlasctha a úsáid trína theileafón soghluaiste nó trí ghléas soghluaiste eile nuair atá sé nasctha le líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air. Ní chuimsíonn seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte glaonna fánaíochta rialáilte nó teachtaireachtaí SMS a tharchur nó a fháil, ach cuimsíonn sí teachtaireachtaí MMS a tharchur agus a fháil.’;

    4.

    leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 idir aon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse dhá mhí dhéag nó thar aon tréimhse níos giorra ná sin a d’fhéadfadh a bheith fágtha roimh dheireadh na tréimhse ina bhfuil feidhm ag meánmhuirear mórdhíola uasta dá bhforáiltear sa mhír seo nó sula rachaidh an Rialachán seo in éag. Laghdófar an meánmhuirear mórdhíola go dtí EUR 0,28 agus EUR 0,26 an 30 Lúnasa 2008 agus an 1 Iúil 2009, faoi seach, agus laghdófar tuilleadh é go dtí EUR 0,22 agus EUR 0,18 an 1 Iúil 2010 agus an 1 Iúil 2011, faoi seach.’;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    ‘Le héifeacht ón 1 Iúil 2009, áfach, déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an ioncam iomlán a fhaightear ó fhánaíocht mhórdhíola a roinnt ar líon iomlán na nóiméad fánaíochta mórdhíola a úsáidtear iarbhír i ndáil le soláthar glaonna fánaíochta mórdhíola laistigh den Chomhphobal ag an oibreoir ábhartha sa tréimhse ábhartha, arna chomhiomlánú mar shuim in aghaidh an tsoicind arna coigeartú chun aird a thabhairt ar an bhféidearthacht go ndéanfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air tréimhse íosta tosaigh muirearaithe nach faide ná 30 soicind a chur i bhfeidhm.’;

    5.

    leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Maidir leis an muirear miondíola Eoratharaife (gan CBL a áireamh) a fhéadfaidh soláthraí baile a thobhach ar a chustaiméir fánaíochta chun glao fánaíochta rialáilte a sholáthar, féadfar é a athrú i gcás aon ghlao fánaíochta ach ní rachaidh sé thar EUR 0,49 in aghaidh an nóiméid d’aon ghlao a dhéantar nó thar EUR 0,24 in aghaidh an nóiméid d’aon ghlao a fhaightear. Laghdóidh an praghas uasta, i gcás glaonna a dhéantar, go dtí EUR 0,46 agus EUR 0,43 agus, i gcás glaonna a fhaightear, go dtí EUR 0,22 agus EUR 0,19 an 30 Lúnasa 2008 agus an 1 Iúil 2009, faoi seach. Laghdóidh an praghas uasta tuilleadh, i gcás glaonna a dhéantar, go dtí EUR 0,39 agus EUR 0,35 agus, i gcás glaonna a fhaightear, go dtí EUR 0,15 agus EUR 0,11 an 1 Iúil 2010 agus an 1 Iúil 2011, faoi seach.

    Le feidhm ón 1 Iúil 2010, ní dhéanfaidh soláthraithe baile aon mhuirear a thobhach ar a gcuid custaiméirí fánaíochta as aon teachtaireacht ghlórphoist fánaíochta a fhaigheann siad. Beidh an fhoráil seo gan dochar d’aon mhuirir eile is infheidhme, amhail muirir chun éisteacht le teachtaireachtaí den sórt sin.

    Le feidhm ón 1 Iúil 2009, déanfaidh gach soláthraí baile muirear a ghearradh ar a gcuid custaiméirí fánaíochta as aon ghlao fánaíochta rialáilte lena mbaineann Eoratharaif a sholáthar ar bhonn ráta in aghaidh an tsoicind, cibé acu a dhéantar nó a fhaightear é.

    De mhaolú ar an tríú fomhír, féadfaidh an soláthraí baile tréimhse íosta muirir tosaigh nach mó ná 30 soicind maidir le glaonna a dhéantar agus a thagann faoi réim Eoratharaife.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Féadfaidh aon chustaiméir fánaíochta a iarraidh, tráth ar bith tar éis an próiseas a leagtar amach i mír 3 a bheith curtha i gcrích, go n-athrófaí go dtí Eoratharaif nó ó Eoratharaif é. Ní mór aon athrú a dhéanamh laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil agus ní mór é a dhéanamh saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta maidir le heilimintí eile den síntiús ag gabháil leis an athrú sin, ach amháin go bhféadfaidh an soláthraí baile, i gcás inar mian le custaiméir fánaíochta a bhfuil síntiús aige le haghaidh pacáiste fánaíochta speisialta a chuimsíonn níos mó ná seirbhís fánaíochta amháin eadhon guthghlaonna, SMS agus/nó sonraí athrú chuig Eoratharaif, a cheangal ar an gcustaiméir atá ag athrú na sochair a bhaineann leis na heilimintí eile den phacáiste sin a ligean uaidh. Féadfaidh soláthraí baile moill a chur ar athrú go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse íosta sonraithe nach rachaidh thar thrí mhí.’;

    6.

    cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 4a

    Muirir mhórdhíola ar theachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte

    1.   Le héifeacht ón 1 Iúil 2009, ní bheidh an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a thobhach ar oibreoir líonra baile an chustaiméara fánaíochta chun teachtaireacht fánaíochta SMS rialáilte a thosaíonn ar an líonra sin a bhfuil cuairt á tabhairt air níos mó ná EUR 0,04 in aghaidh na teachtaireachta SMS.

    2.   Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 idir aon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse dhá mhí dhéag nó thar aon tréimhse níos giorra ná sin a bheidh fágtha sula rachaidh an Rialachán seo in éag.

    3.   Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an ioncam mórdhíola iomlán a fhaigheann oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air ó gach oibreoir líonra baile as teachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte a thosú agus a tharchur laistigh den Chomhphobal sa tréimhse ábhartha a roinnt ar líon iomlán na dteachtaireachtaí SMS den sórt sin a tosaíodh agus a tarchuireadh thar ceann oibreoir ábhartha an líonra baile laistigh den tréimhse sin.

    4.   Ní dhéanfaidh oibreoir líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air aon mhuirear a thobhach ar oibreoir líonra baile an chustaiméara fánaíochta, ar leithligh ón muirear dá dtagraítear i mír 1, as teachtaireacht fánaíochta SMS rialáilte a chríochnú, ar teachtaireacht í a seoladh chuig custaiméir fánaíochta agus é ag fánaíocht ar a líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.

    Airteagal 4b

    Muirir mhiondíola ar theachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte

    1.   Déanfaidh soláthraithe baile taraif Eora-SMS, dá bhforáiltear i mír 2, a chur ar fáil dá gcuid custaiméirí fánaíochta go léir ar shlí shoiléir thrédhearcach. Ní bheidh síntiús gaolmhar ar bith nó muirir sheasta nó athfhillteacha eile ag gabháil leis an taraif Eora-SMS agus féadfar í a chónascadh le haon taraif mhiondíola eile, ach sin faoi réir fhorálacha eile an Airteagail seo.

    2.   Le héifeacht ón 1 Iúil 2009, maidir le muirearú miondíola tharaif Eora-SMS (gan CBL a áireamh) a fhéadfaidh soláthraí baile a thobhach ar a chustaiméir fánaíochta i ndáil le teachtaireacht fánaíochta SMS rialáilte a sheolann an custaiméir fánaíochta sin, agus féadfar é a athrú i gcás aon teachtaireachta fánaíochta SMS ach ní rachaidh sé thar EUR 0,11.

    3.   Ní dhéanfaidh soláthraithe baile aon mhuirear a thobhach ar a gcuid custaiméirí fánaíochta as teachtaireacht fánaíochta SMS rialáilte a fhaigheann siad.

    4.   Ón 1 Iúil 2009 ar aghaidh, cuirfidh soláthraithe baile taraif Eora-SMS i bhfeidhm go huathoibríoch maidir leis na custaiméirí fánaíochta reatha go léir, seachas custaiméirí fánaíochta a mbeidh rogha déanta acu d’aon ghnó cheana féin glacadh le taraif fánaíochta nó pacáiste ar leith ar dá bhua a bhaineann siad tairbhe as taraif éagsúil le haghaidh teachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte seachas an taraif a bheadh acu mura mbeadh an rogha sin déanta acu.

    5.   Ón 1 Iúil 2009 ar aghaidh, cuirfidh na soláthraithe baile taraif Eora-SMS i bhfeidhm go huathoibríoch i gcás na gcustaiméirí fánaíochta nua go léir nach ndéanann rogha d’aon ghnó taraif fánaíochta SMS éagsúil nó pacáiste éagsúil taraife do sheirbhísí fánaíochta a chuimsíonn taraif éagsúil do theachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte a roghnú.

    6.   Féadfaidh aon chustaiméir fánaíochta a iarraidh go n-athrófaí go dtí taraif Eora-SMS nó ó tharaif Eora-SMS é ag tráth ar bith. Ní mór aon athrú a dhéanamh laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar an t-athrú saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta maidir le heilimintí eile den síntiús ag gabháil leis an athrú sin seachas fánaíocht. Féadfaidh soláthraí baile moill a chur ar athrú den sórt sin go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse íosta shonraithe nach rachaidh thar thrí mhí. Féadfar taraif Eora-SMS a chónascadh le hEoratharaif i gcónaí.

    7.   Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2009, tabharfaidh soláthraithe baile scéala dá gcuid custaiméirí fánaíochta go léir faoin taraif Eora-SMS, á rá go mbeidh feidhm aige ón 1 Iúil 2009 ar a dhéanaí maidir le gach custaiméir fánaíochta nach bhfuil rogha déanta acu d’aon ghnó glacadh le taraif nó pacáiste speisialta is infheidhme maidir le teachtaireachtaí SMS rialáilte, agus go bhfuil sé de cheart acu athrú chuig an taraif Eora-SMS agus uaithi i gcomhréir le mír 6.

    Airteagal 4c

    Saintréithe teicniúla na dteachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte

    Ní dhéanfaidh aon soláthraí baile ná aon oibreoir líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air saintréithe teicniúla theachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte a athrú ar shlí a d’fhágfadh go mbeadh siad éagsúil le saintréithe teicniúla theachtaireachtaí SMS a chuirtear ar fáil laistigh dá mhargadh baile.’;

    7.

    scriostar Airteagal 5;

    8.

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    ‘Airteagal 6

    Trédhearcacht na muirear miondíola ar ghlaonna fánaíochta agus ar theachtaireachtaí SMS rialáilte

    1.   Chun foláireamh a thabhairt do chustaiméir fánaíochta go mbeidh muirir fánaíochta á ngearradh air nuair a bheidh glao á dhéanamh nó á fháil aige, nó nuair a bheidh teachtaireacht SMS á sheoladh aige, déanfaidh gach soláthraí baile, ach amháin i gcás ina mbeidh fógra tugtha ag an gcustaiméir dá sholáthraí baile nach mbeidh an tseirbhís sin ag teastáil uaidh, faisnéis bhunúsach phearsantaithe praghsála maidir leis na muirir fánaíochta (agus CBL a áireamh) a mbeidh feidhm acu maidir le déanamh agus fáil glaonna agus maidir le seoladh teachtaireachtaí SMS ag an gcustaiméir sin sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air a sholáthar don chustaiméir go huathoibríoch, gan aon mhoill mhíchuí agus saor in aisce, trí Sheirbhís Teachtaireachta nuair a rachaidh sé isteach i mBallstát nach é Ballstát a líonra baile é.

    Cuimseoidh an fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe praghsála sin na muirir uasta a bhféadfadh an custaiméir a bheith faoina réir faoina scéim taraife maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    glaonna a dhéanamh laistigh den tír a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi agus glaonna a dhéanamh ar ais chuig Ballstát a líonra baile, chomh maith leis na muirir uasta ar ghlaonna a gheofar; agus

    (b)

    teachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte a sheoladh le linn dó a bheith sa Bhallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air.

    Cuimseofar inti freisin an uimhir shaor in aisce dá dtagraítear i mír 2 le haghaidh faisnéis níos mionsonraithe a fháil mar aon le faisnéis ar an bhféidearthacht maidir le rochtain a fháil saor in aisce ar na seirbhísí éigeandála tríd an uimhir éigeandála Eorpach 112, a dhiailiú.

    Beidh sé de cheart ag custaiméir a mbeidh fógra tugtha aige nach mbeidh an tSeirbhís Teachtaireachta uathoibríoch ag teastáil uaidh a cheangal ar an soláthraí baile, tráth ar bith agus saor in aisce, an tseirbhís a sholáthar arís.

    Déanfaidh soláthraithe baile an fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe praghsála sin a sholáthar go huathoibríoch do chustaiméirí dalla nó do chustaiméirí atá faoi mhíchumas radhairc, trí ghuthghlao, saor in aisce, má iarrann siad amhlaidh.

    2.   De bhreis ar mhír 1, beidh de cheart ag custaiméirí faisnéis phearsantaithe níos mionsonraithe faoi phraghsáil ar na muirir fánaíochta a mbeidh feidhm acu sa líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air maidir le guthghlaonna, SMS, MMS agus seirbhísí cumarsáide sonraí eile, chomh maith le faisnéis faoi na bearta trédhearcachta a bhfuil feidhm acu de bhun an Rialacháin seo, a iarraidh agus a fháil, cibé áit sa Chomhphobal ina bhfuil siad, saor in aisce, trí ghuthghlao soghluaiste nó trí SMS. Déanfar iarraidh den sórt sin chuig uimhir shaor in aisce a cheapfaidh an soláthraí baile chun na críche sin.

    3.   Tabharfaidh soláthraithe baile an fhaisnéis iomlán do na húsáideoirí go léir faoi na muirir fánaíochta a bheidh i bhfeidhm, go háirithe faoin Eoratharaif agus faoin taraif Eora-SMS, an tráth a mbeidh síntiúis á socrú. Soláthróidh siad faisnéis uasdátaithe dá gcuid custaiméirí fánaíochta freisin maidir le muirir fánaíochta is infheidhme gan aon mhoill mhíchuí gach uair a tharlaíonn athrú ar na muirir sin.

    Déanfaidh soláthraithe baile na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh a gcuid custaiméirí fánaíochta go léir ar an eolas faoin Eoratharaif agus faoin taraif Eora-SMS a bheith ar fáil. Déanfaidh siad, go háirithe, na coinníollacha a bhaineann leis an Eoratharaif a chur in iúl do na custaiméirí fánaíochta go léir faoin 30 Iúil 2007 agus na coinníollacha a bhaineann leis an taraif Eora-SMS a chur in iúl do na custaiméirí fánaíochta go léir faoin 30 Meitheamh 2009, agus soláthrófar an fhaisnéis sin ar shlí shoiléir neamhchlaon i ngach cás. Seolfaidh siad meabhrúchán ag eatraimh réasúnacha ina dhiaidh sin chuig na custaiméirí go léir a roghnaigh taraif eile.’;

    9.

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 6a

    Sásraí trédhearcachta agus coimirce maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte

    1.   Áiritheoidh soláthraithe baile, sula ndéanfar conradh agus ina dhiaidh sin, go gcoinneofar a gcuid custaiméirí fánaíochta ar an eolas ar shlí leordhóthanach faoi na muirir a ghabhann leis an úsáid a bhaineann siad as seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte, agus tabharfar an t-eolas sin ar bhealaí a éascaíonn tuiscint na gcustaiméirí ar na hiarmhairtí airgeadais a bhaineann le húsáid den sórt sin agus a chuirfidh ar a gcumas faireachán a dhéanamh ar a gcaiteachas ar sheirbhís fánaíochta sonraí rialáilte, agus an caiteachas sin a rialú, i gcomhréir le mír 2 agus mír 3.

    I gcás inarb iomchuí, déanfaidh soláthraithe baile a gcuid custaiméirí a chur ar an eolas, sula ndéanfar conradh agus ar bhonn tráthrialta dá éis sin, faoin riosca a bhaineann le cónascadh fánaíochta sonraí agus le híoslódáil fánaíochta sonraí a dhéantar go huathoibríoch agus nach ndéantar rialú ina leith. Ina theannta sin, míneoidh soláthraithe baile dá gcuid custaiméirí, ar shlí shoiléir atá intuigthe go héasca, conas na cónaisc fánaíochta sonraí uathoibríocha sin a mhúchadh chun úsáid neamhrialaithe seirbhísí fánaíochta sonraí a sheachaint.

    2.   Ón 1 Iúil 2009 ar a dhéanaí, cuirfidh teachtaireacht uathoibríoch ón soláthraí baile in iúl don chustaiméir fánaíochta go bhfuil sé ag fánaíocht agus soláthrófar faisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife faoi na muirir is infheidhme as seirbhísí fánaíochta sonraí a sholáthar don chustaiméir fánaíochta sin sa Bhallstát lena mbaineann, ach amháin i gcás go mbeidh fógra tugtha ag an gcustaiméir dá sholáthraí baile nach bhfuil an fhaisnéis sin ag teastáil uaidh.

    Déanfar an fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife sin a sheachadadh ar theileafón soghluaiste nó ar ghléas eile an chustaiméara fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó le fuinneog aníos ar an ríomhaire, gach uair a théann custaiméir fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát a líonra baile agus a chuireann sé tús den chéad uair le seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte sa Bhallstát áirithe sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin saor in aisce a luaithe a chuireann an custaiméir fánaíochta tús le seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte, ar mhodh iomchuí arna oiriúnú chun go mbeidh sé éasca í a fháil agus a thuiscint.

    Beidh sé de cheart ag custaiméir a mbeidh fógra tugtha aige dá sholáthraí baile nach mbeidh an fhaisnéis taraife uathoibríoch ag teastáil uaidh a cheangal ar an soláthraí baile, ag tráth ar bith agus saor in aisce, an tseirbhís sin a sholáthar arís.

    3.   Faoin 1 Márta 2010, tabharfaidh gach soláthraí baile an deis dá chuid custaiméirí fánaíochta go léir chun an rogha a dhéanamh d’aon ghnó, agus saor in aisce, glacadh le saoráid a thugann faisnéis faoin úsáid charnaithe arna sloinneadh de réir toirte nó san airgeadra ina ndéantar an custaiméir fánaíochta a bhilleáil i leith seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte agus ar saoráid í trína ráthaítear nach dtarlóidh sé, gan toiliú sainráite ón gcustaiméir, go rachaidh an caiteachas carnaithe i gcomhair seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte laistigh de thréimhse shonraithe úsáide thar theorainn shonraithe airgeadais.

    Chun na críche sin, déanfaidh an soláthraí baile teorainn airgeadais uasta amháin nó níos mó le haghaidh tréimhsí úsáide sonraithe a chur ar fáil, ar choinníoll go gcuirtear na méideanna comhfhreagracha toirte in iúl don chustaiméir roimh ré. Beidh ceann de na teorainneacha sin (an teorainn airgeadais réamhshocraithe) gar do EUR 50 de mhuirir gan íoc in aghaidh na tréimhse billeála míosúla (gan CBL a áireamh), ach ní bheidh sé níos mó ná an tsuim sin.

    Mar mhalairt air sin, féadfaidh an soláthraí baile teorainneacha arna sloinneadh de réir toirte a bhunú, ar choinníoll go gcuirtear na méideanna airgeadais comhfhreagracha in iúl don chustaiméir roimh ré. Beidh luach airgeadais comhfhreagrach ag ceann de na teorainneacha sin (an teorainn toirte réamhshocraithe) ar luach é nach mó ná EUR 50 de mhuirir gan íoc in aghaidh na tréimhse billeála míosúla (gan CBL a áireamh).

    Chomh maith leis sin, féadfaidh an soláthraí baile teorainneacha eile a thairiscint dá chuid custaiméirí fánaíochta ar teorainneacha iad lena ngabhann uasteorainneacha éagsúla airgeadais míosúla, is é sin le rá, teorainneacha níos airde nó teorainneacha níos ísle.

    Faoin 1 Iúil 2010, beidh an teorainn réamhshocraithe a luaitear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír infheidhme i leith na gcustaiméirí go léir nach mbeidh teorainn eile roghnaithe acu.

    Áiritheoidh gach soláthraí baile freisin go seolfar fógra iomchuí chuig teileafón soghluaiste nó gléas eile an chustaiméara fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost nó trí fhuinneog aníos ar an ríomhaire, nuair a shroichfidh na seirbhísí fánaíochta sonraí 80 % den teorainn airgeadais nó den teorainn toirte atá comhaontaithe. Beidh sé de cheart ag na custaiméirí a cheangal ar a gcuid oibreoirí stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart acu, ag aon tráth agus saor in aisce, a cheangal ar an soláthraí baile an tseirbhís sin a sholáthar arís.

    Más rud é, ar shlí eile, go rachfar thar an teorainn airgeadais nó thar an teorainn toirte sin, déanfar fógra a sheoladh chuig teileafón soghluaiste nó gléas eile an chustaiméara fánaíochta. Léireoidh an fógra sin an nós imeachta atá le leanúint más mian leis an gcustaiméir go leanfar de sholáthar na seirbhísí sin agus an costas a bhaineann le gach aonad breise a úsáidfear. Mura bhfreagróidh an custaiméir fánaíochta de réir mar a iarrtar san fhógra a fhaightear, stopfaidh an soláthraí baile láithreach de sheirbhís fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthar don chustaiméir fánaíochta, agus de mhuirear a ghearradh i leith na seirbhísí sin, mura rud é, agus go dtí go n-iarrann an custaiméir fánaíochta go leanfar ar aghaidh le soláthar na seirbhísí sin nó go ndéanfar soláthar na seirbhísí sin a athnuachan.

    Ón 1 Samhain 2010 amach, aon uair a iarrann custaiméir fánaíochta saoráid lena ngabhann “teorainn airgeadais nó teorainn toirte” a ghlacadh, nó deireadh a chur le saoráid den sórt sin, ní mór an t-athrú a dhéanamh laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil agus ní mór é a bheith saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta ann maidir le heilimintí eile den síntiús.

    4.   Le héifeacht ón 1 Iúil 2009:

    (a)

    maidir leis an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh oibreoir líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air a thobhach ar oibreoir líonra baile an chustaiméara fánaíochta chun seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthar ar an líonra sin a bhfuil cuairt á tabhairt air, ní rachaidh sé thar theorainn choimirce EUR 1,00 an 1 Iúil 2009, EUR 0,80 an 1 Iúil 2010 agus EUR 0,50 an 1 Iúil 2011 in aghaidh an mheigibhirt de shonraí a tharchuirtear. Ní leanfaidh aon saobhadh ná srianadh ar iomaíocht sa mhargadh fánaíochta sonraí mórdhíola as cur i bhfeidhm na teorann coimirce seo, i gcomhréir le hAirteagal 8(2)(b) den Treoir Chreata;

    (b)

    beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola sin idir aon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse dhá mhí dhéag nó thar aon tréimhse níos giorra ná sin a d’fhéadfadh a bheith fágtha sula rachaidh an Rialachán seo in éag;

    (c)

    déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i bpointe (a) a ríomh tríd an ioncam mórdhíola iomlán a fhaigheann oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air ó gach oibreoir líonra baile as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthar sa tréimhse ábhartha a roinnt ar líon iomlán na meigibheart sonraí a úsáidtear iarbhír trí na seirbhísí sin a sholáthar laistigh den tréimhse sin, arna gcomhiomlánú ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt.’;

    10.

    leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faisnéis chothrom le dáta ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe Airteagail 3, 4, 4a, 4b agus 6a, a chur ar fáil go poiblí ar shlí ina gcuirtear ar chumas páirtithe leasmhara rochtain éasca a bheith acu uirthi.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.   Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta idirghabháil a dhéanamh ar a dtionscnamh féin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Go háirithe, bainfidh siad úsáid, más gá, as na cumhachtaí faoi Airteagal 5 de Threoir na Rochtana chun rochtain agus idirnascadh leordhóthanach a áirithiú chun lúdracht ceann go ceann agus idirinoibritheacht na seirbhísí fánaíochta a ráthú, mar shampla nuair nach bhfuil rannpháirtithe in ann teachtaireachtaí fánaíochta SMS rialáilte a mhalartú le rannpháirtithe líonra trastíre shoghluaiste i mBallstát eile ó tharla nach bhfuil comhaontú ann chun a chumasú na teachtaireachtaí sin a sheachadadh.’;

    11.

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

    ‘Airteagal 9

    Pionóis

    Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme ar sháruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra maidir leis na forálacha sin don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 30 Márta 2008, nó, i gcás na gceanglas breise arna dtabhairt isteach in Airteagal 3(2) agus (3), in Airteagal 4(2) agus (3) agus in Airteagail 4a, 4b, 6, 6a agus 7 le Rialachán (CE) Uimh. 544/2009 (6), tráth nach déanaí ná 30 Márta 2010 agus tabharfaidh siad fógra dó gan aon mhoill maidir le haon leasú iardain a dhéanann difear do na forálacha sin.

    12.

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

    ‘Airteagal 11

    Athbhreithniú

    1.   Athbhreithneoidh an Coimisiún feidhmiú an Rialacháin seo agus, i ndiaidh comhairliúcháin phoiblí, cuirfidh sé tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2011. Déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe i dtaobh ar baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo nó nár baineadh. Le linn an méid sin a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

    na forbairtí ar mhuirir mhórdhíola agus ar mhuirir mhiondíola i gcomhair seirbhísí guthchumarsáide, cumarsáide SMS agus cumarsáide sonraí a sholáthar do chustaiméirí fánaíochta, agus an fhorbairt chomhfhreagrach ar sheirbhísí cumarsáide soghluaiste ar leibhéal baile sna Ballstáit, do chustaiméirí réamhíoctha agus do chustaiméirí iaríoctha ar leithligh, agus na forbairtí ar cháilíocht agus ar luas na seirbhísí sin;

    infhaighteacht agus cáilíocht seirbhísí lena n-áirítear iad sin atá mar mhalairt ar fhánaíocht (guthsheirbhísí, SMS agus sonraí), go háirithe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha,

    a mhéid a bheidh tairbhe bainte ag tomhaltóirí as fíor-laghduithe ar phraghas na seirbhísí fánaíochta nó ar shlite eile ó laghduithe ar na costais a ghabhann le soláthar na seirbhísí fánaíochta agus ón éagsúlacht taraifí agus táirgí atá ar fáil do thomhaltóirí a bhfuil pátrúin éagsúla glaonna acu,

    an méid iomaíochta atá sa mhargadh miondíola agus sa mhargadh mórdhíola, go háirithe staid iomaíochta oibreoirí beaga, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí atá díreach tar éis tosú, lena n-áirítear éifeachtaí comhaontuithe tráchtála ar an iomaíocht agus an méid idirnasctha idir oibreoirí.

    Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar mhodhanna eile, seachas rialáil praghsanna, a d’fhéadfaí a úsáid chun margadh inmheánach iomaíoch a chruthú i gcomhair fánaíochta agus, le linn an méid sin a dhéanamh, beidh aird aige ar anailís arna déanamh go neamhspleách ag comhlacht na rialtóirí eorpacha um chumarsáid leictreonach. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún moltaí iomchuí.

    2.   De bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2010, tuarascáil eatramhach a ullmhú a bheidh le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ar tuarascáil í ina mbeidh achoimre ar an bhfaireachán ar sholáthar seirbhísí fánaíochta sa Chomhphobal mar aon le measúnú ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, lena n-áirítear trí thagairt do na nithe dá dtagraítear i mír 1.’;

    13.

    in Airteagal 12 scriostar an téacs ‘tráth nach déanaí ná 30 Lúnasa 2007’;

    14.

    in Airteagal 13 cuirtear ‘2012’ in ionad ‘2010’.

    Airteagal 2

    Leasú ar Threoir 2002/21/CE

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(5) de Threoir 2002/21/:

    ‘5.   Beidh an Treoir seo agus na Treoracha Sonracha gan dochar d’aon bheart sonrach arna ghlacadh chun rialáil a dhéanamh ar fhánaíocht idirnáisiúnta ar líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí laistigh den Chomhphobal.’.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2009

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    H.-G. PÖTTERING

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Š. FÜLE


    (1)  Tuairim an 15 Eanáir 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2009 (nár foilsíódh fós san Iris Oifigiúil agus Cinneadh ón gComhairle an 8 Meitheamh 2009.

    (3)  IO L 171, 29.6.2007, lch. 32.

    (4)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 7.

    (5)  IO L 108, 24.4.2002, lch. 33.

    (6)  IO L 167, 29 Meitheamh 2009, lch. 12’;


    Top