EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32003R0527

Cinneadh ón gComhairle an 15 Iúil 2003 a leasaíonn Airteagal 23 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais

IO L 78, 25.3.2003, p. 1–2 (ES, DA, DE, EL, EN, FR, IT, NL, PT, FI, SV)
IO L 296M, 26.10.2006, p. 3–4 (GA)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (CS, ET, LV, LT, HU, MT, PL, SK, SL)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 10/12/2011; Arna aisghairm le 32011R1229

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/527/oj

32003R0527

Cinneadh ón gComhairle an 15 Iúil 2003 a leasaíonn Airteagal 23 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais

Official Journal L 078 , 25/03/2003 P. 0001 - 0002
Official Journal L 296 , 26/10/2006 P. 0003 - 0004
Special editgion in Czech Chapter 3 Volume 38 P. 337 - 338
Special edition in Estonian Chapter 3 Volume 38 P. 337 - 338
Special edition in Hungarian Chapter 3 Volume 38 P. 337 - 338
Special edition in Lithuanian Chapter 3 Volume 38 P. 337 - 338
Special edition in Latvian Chapter 3 Volume 38 P. 337 - 338
Special edition in Maltese Chapter 3 Volume 38 P. 337 - 338
Special edition in Polish Chapter 3 Volume 38 P. 337 - 338
Special edition in Slovakian Chapter 3 Volume 38 P. 337 - 338
Special edition in Slovenian Chapter 3 Volume 38 P. 337 - 338


Cinneadh ón gComhairle

an 15 Iúil 2003

a leasaíonn Airteagal 23 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais

(2003/527/EC, Euratom)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 245 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe an dara mír d'Airteagal 160 de,

Ag féachaint don iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Feabhra 2003,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2003,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Meitheamh 2003,

Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

(1) Cumasaíonn Airteagal 20 den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, mar atá arna leasú ag Cinneadh 2002/653/EC ón gComhairle an 12 Iúil 2002 [1], do thríú Stáit a bheith rannpháirteach in imeachtaí chun réamhrialú os comhair na Cúirte Breithiúnais nuair atá an rannpháirteachas sin leagtha síos i gcomhaontú a bhaineann le réimse sonrach, arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle le tríú Stát amháin nó níos mó, nuair a tharchuireann cúirt nó binse de chuid Ballstáit ceist chun réamhrialú a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe chuig an gCúirt.

(2) Aisghaireann Airteagal 7 de Chonradh Nice ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus Ionstraimí gaolmhara áirithe [2], arna shíniú i Nice an 26 Feabhra 2001, an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus cuireann sé ina ionad an Prótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach.

(3) Glacann Airteagal 23 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais ar láimh na forálacha d'Airteagal 20 den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ach níor fhéad sé an leasú a rinne Cinneadh 2002/653 CE ón gComhairle a chur san áireamh agus ní mór mar sin Airteagal 23 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais a leasú,

TAR ÉIS A CHINNEADH:

Airteagal 1

Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 23 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais:

"Nuair atá sé leagtha síos i gcomhaontú a bhaineann le réimse sonrach, arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle le tríú Stát amháin nó níos mó, go bhfuil na Stáit sin i dteideal sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh sa chás nuair a chuireann cúirt nó binse de chuid Ballstáit ceist chun réamhrialú a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe faoi bhráid na Cúirte, cuirtear an bhreith ón gcúirt nó binse náisiúnta a fholaíonn an cheist sin in iúl freisin do na tríú Stáit i dtrácht agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ón bhfógra sin a fháil, sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh os comhair na Cúirte."

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh seo lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach.

Arna dhéanamh sa Bhruiséal, 17 Iúil 2003

An Chomhairle

An tUachtarán

G. Tremonti

[1] IO L 218, 13.8.2002, lch. 1

[2] IO C 80, 10.3.2001, lch. 1.

--------------------------------------------------

Top