Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1598

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 59/2024 an 15 Márta 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1598]

    IO L, 2024/1598, 4.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1598/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1598/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1598

    4.7.2024

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 59/2024

    an 15 Márta 2024

    lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1598]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2484 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/715/AE a mhéid a bhaineann leis an Téaváin a chur ar liosta na dtríú tíortha a bhunaítear leis an gCinneadh sin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 15qb (Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/715/AE ón gCoimisiún) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

    ‘-

    32023 D 2484: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2484 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2023 (IO L, 2023/2484, 10.11.2023).’

    Airteagal 2

    Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2484 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 16 Márta 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Márta 2024.

    Thar ceann Chomhchoiste an LEE

    An tUachtarán

    Nicolas VON LINGEN


    (1)   IO L, 2023/2484, 10.11.2023.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1598/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top