This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1516
Decision of the EEA Joint Committee No 318/2023 of 8 December 2023 amending Annex IV (Energy) to the EEA Agreement [2024/1516]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 318/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1516]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 318/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1516]
IO L, 2024/1516, 13.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1516/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1516 |
13.6.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 318/2023
an 8 Nollaig 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1516]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh trí chreat modheolaíochta comparáideach a bhunú chun na leibhéil is fearr is féidir ó thaobh costais de a ríomh maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh agus d’eilimintí foirgneamh (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
I ngeall ar shainiúlachtaí stoc foirgneamh aonfhoirmeach na hÍoslainne, ar stoc é atá sách nua, comhaontaíodh ar dhíolúine shealadach choinníollach ó Threoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur i bhfeidhm, de bhun Chinneadh Uimh. 135/2022 ó Chomhchoiste LEE an 29 Aibreán 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE. Tá feidhm ag an díolúine sin maidir le Treoir 2010/31/AE mar a bhí i bhfeidhm roimh an leasú le Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 maidir leis an Íoslainn. Tá an díolúine sin teoranta go docht ó thaobh ama de agus níor cheart feidhm a bheith aici ach go dtí go dtiocfar ar chomhaontú maidir le hionchorprú Threoir 2010/31/AE arna leasú le Treoir (AE) 2018/844 i gComhaontú LEE. Ba cheart a mheas go bhfuiltear tar éis teacht ar chomhaontú a luaithe a dhéanfar Treoir 2010/31/AE arna leasú le Treoir (AE) 2018/844 a ionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 17 (Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘17a. |
32012 R 0244: Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh trí chreat modheolaíochta comparáideach a bhunú chun na leibhéil is fearr is féidir ó thaobh costais de a ríomh maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh agus d’eilimintí foirgneamh (IO L 81, 21.3.2012, lch. 18). Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas: Ní bheidh feidhm ag an Rialachán maidir leis an Íoslainn.’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 81, 21.3.2012, lch. 18.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1516/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)