EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1464
Decision of the EEA Joint Committee No 326/2023 of 8 December 2023 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2024/1464]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 326/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1464]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 326/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1464]
IO L, 2024/1464, 13.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1464/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1464 |
13.6.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 326/2023
an 8 Nollaig 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1464]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (Athmhúnlú) (1), arna gceartú le IO L 74, 22.3.2010, lch. 1, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán (AE) 2019/492 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Rialachán (AE) Uimh. 788/2014 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur agus maidir le haitheantas eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge a tharraingt siar de bhun Airteagail 6 agus 7 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), arna gceartú le IO L 234, 7.8.2014, lch. 15, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1355/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 maidir le glacadh Cóid áirithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus leasuithe gaolmhara ar choinbhinsiúin agus ar phrótacail áirithe (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(5) |
Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha lucht riaracháin muirí (Athmhúnlú) (5), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(6) |
Treoir Cur Chun Feidhme 2014/111/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena leasaítear Treoir 2009/15/CE maidir le glacadh Cód áirithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus leasuithe gaolmhara ar choinbhinsiúin agus ar phrótacail áirithe (6), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(7) |
Cinneadh 2009/728/CE ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2009 lena leathnaítear gan teorainneacha aitheantas an Chomhphobail do Chlár Loingseoireachta na Polainne (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(8) |
Cinneadh (AE) 2015/669 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/421/CE a mhéid a bhaineann le foilsiú liosta na n-eagraíochtaí aitheanta ar thug na Ballstáit fógra fúthu i gcomhréir le Treoir 94/57/CE ón gComhairle (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(9) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/765/AE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2013 lena leasaítear aitheantas Det Norske Veritas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (9), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(10) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/281/AE ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2014 lena ndeonaítear aitheantas an Aontais do Chlár Loingseoireachta na Cróite de bhun Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (10), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(11) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/668 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 maidir le haitheantais eagraíochtaí áirithe a leasú i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(12) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1327 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2016 lena ndeonaítear aitheantas an Aontais do Chlár Loingseoireachta na hIndia i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (12), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(13) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 24.3.2017 lena leasaítear aitheantas Bureau Veritas SA – Registre international de classification de navires et d'aeronefs (BV) i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha comhchoiteanna agus na caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (C(2017) 1881 final), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(14) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 29.6.2020 lena leasaítear aitheantas Bureau Veritas Marine & Offshore SAS i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (C(2020) 4226 final), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(15) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1227 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2021 lena leasaítear aitheantas DNV GL AS i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(16) |
Liosta eagraíochtaí a shainaithnítear de réir Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge 2022/C 466/07 (14), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(17) |
Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 critéir agus oibleagáidí aitheantais d'eagraíochtaí aitheanta, lena n-áirítear forálacha maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. |
(18) |
Mar gheall ar na himthosca speisialta, is é sin gurb é an Coimisiún a dheonaíonn aitheantas d’eagraíochtaí agus go ndéanann na sáruithe difear don Aontas agus dá leasanna, agus i bhfianaise a chasta agus a theicniúil a bhíonn na nósanna imeachta measúnaithe agus sáraithe, ba cheart d’Údarás Faireacháin CSTE comhoibriú go dlúth leis an gCoimisiún agus fanacht le measúnú agus togra gníomhaíochta an Choimisiúin sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a chur i bhfeidhm ar eagraíochtaí a aithnítear bunaithe ar iarraidh ó Stát CSTE agus a bpríomháit ghnó a bheith acu i Stát CSTE. |
(19) |
Ní fhorléireofar aon ní sa Chinneadh seo chun comhlíonadh oibleagáidí an Choimisiúin faoi dhlí an Aontais Eorpaigh a shrianadh ná a theorannú ar bhealach ar bith maidir lena dhualgais i ndáil le haitheantas, measúnú agus, i gcás inarb iomchuí, bearta nó smachtbhannaí ceartaitheacha a fhorchur ar eagraíochtaí aitheanta nach bhfuil aitheanta ar iarraidh ó Stát CSTE agus nach bhfuil a bpríomháit ghnó acu i Stát CSTE. |
(20) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasófar Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:
1. |
Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 55b (Treoir 94/57/CE ón gComhairle): ‘ 32009 L 0015: Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha lucht riaracháin muirí (Athmhúnlú) (IO L 131, 28.5.2009, lch. 47), arna leasú le:
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 55d (Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (CE) Uimh. 391/2009, arna gceartú le IO L 74, 22.3.2010, lch. 1, (AE) Uimh. 788/2014, arna gceartú le IO L 234, 7.8.2014, lch. 15 agus (AE) 2019/492, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1355/2014, Treoir 2009/15/CE, Treoir Cur Chun Feidhme 2014/111/AE, Cinntí 2009/728/CE agus (AE) 2015/669, Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/765/AE, 2014/281/AE, (AE) 2015/688, (AE) 2016/1327 agus (AE) 2021/1227 agus Cinntí Cur Chun Feidhme C(2017) 1881 an 24.3.2017 agus C(2020) 4226 an 29.6.2020, agus Liosta 2022/C 466/07 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 131, 28.5.2009, lch. 11.
(2) IO L 85I, 27.3.2019, lch. 5.
(3) IO L 214, 19.7.2014, lch. 12.
(4) IO L 365, 19.12.2014, lch. 82.
(5) IO L 131, 28.5.2009, lch. 47.
(6) IO L 366, 20.12.2014, lch. 83.
(7) IO L 258, 1.10.2009, lch. 34.
(8) IO L 110, 29.4.2015, lch. 24.
(9) IO L 338, 17.12.2013, lch. 107.
(10) IO L 145, 16.5.2014, lch. 43.
(11) IO L 110, 29.4.2015, lch. 22.
(12) IO L 209, 3.8.2016, lch. 15.
(13) IO L 269, 28.7.2021, lch. 143.
(14) IO C 466, 7.12.2022, lch. 24.
(*1) Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1464/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)