This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1383
Decision of the EEA Joint Committee No 307/2023 of 8 December 2023 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) and Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2024/1383]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 307/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1383]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 307/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1383]
IO L, 2024/1383, 13.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1383/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1383 |
13.6.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE UIMH. 307/2023
an 8 Nollaig 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1383]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2023/1329 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid polairicineoláite polaigliocróil (E 476) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí maidir le gliocról (E 422), eistir pholaigliocróil d’aigéid shailleacha (E 475) agus polairicineoláit pholaigliocróil (E 476) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán (AE) 2023/1428 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2023 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 a mhéid a bhaineann le monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1333 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 maidir le hullmhóid in–1,3(4) béite-ghlúcanáise arna táirgeadh ag Aspergillus fijiensis CBS 589.94 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus bainbh scoite (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd., atá á ionadú ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004 (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1333 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004 ón gCoimisiún (4), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(5) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha agus ábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha agus ábhair bhia ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1zzr (Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005 ón gCoimisiún):
|
2. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 504 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 ón gCoimisiún):
|
3. |
Scriostar téacs phointe 1zs (Rialachán (CE) Uimh. 1259/2004 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzzzr (Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
2. |
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 69 (Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 3
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2023/1329 agus (AE) 2023/1428 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1333 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 166, 30.6.2023, lch. 66.
(2) IO L 175, 10.7.2023, lch. 6.
(3) IO L 166, 30.6.2023, lch. 106.
(4) IO L 239, 9.7.2004, lch. 8.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1383/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)