Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1095

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 253/2023 an 27 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1095]

    IO L, 2024/1095, 16.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1095/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1095/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1095

    16.5.2024

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 253/2023

    an 27 Deireadh Fómhair 2023

    lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1095]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1163 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2023 maidir le monaihidreaclóiríd L-Lisín agus sulfáit L-Lisín arna dtáirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 17927 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1167 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 maidir le hullmhóid 6-fíotáis arna táirgeadh ag Trichoderma reesei CBS 146250 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis agus gach muc (sealbhóir an údaraithe: Danisco (UK) Ltd, ag trádáil mar Danisco Animal Nutrition agus arna ionadú ag Genencor International B.V.) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (3)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1168 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/996 maidir le hullmhóid de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga (sealbhóir an údaraithe Biomin GmbH) (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (4)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1169 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 maidir le hullmhóid in–1,4-béite-xiolanáise, in–1,4-béite-ghlúcanáise agus in-béite–1,4-glúcanáise a ghníomhaíonn go sonrach ar xileaglúcan arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride DSM 33578 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith chlóis lena ramhrú, éanlaith chlóis a thógtar le bheith ina mbéaróga agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: Huvepharma EOOD) (4) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (5)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1170 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 maidir le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh ba déiríochta, eallach lena ramhrú, mionspeicis athchogantacha lena ramhrú agus ainmhithe de chineál camaill lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Danstar Ferment AG arna ionadú ag Lallemand SAS) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1200/2005 (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (6)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1171 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 agus (AE) 2021/2097 a mhéid a bhaineann le húsáid chomhcheangailte a bhaint as ullmhóid d’aigéad beansóch, formáit chailciam agus aigéad fúmarach le breiseáin eile ina bhfuil aigéad beansóch, aigéad formach, aigéad fúmarach agus foinsí díobh nó salainn díobh (sealbhóir an údaraithe Novus Europe NV) (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (7)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1172 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicide A (Avatec 150 G) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicide A (Avatec 150 G) a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, maidir le hullmhóid sóidiam lasalaicide A (Avatec 15 % cc) a tharraingt siar ón margadh mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932 (sealbhóir an údaraithe: Zoetis Belgium S.A.) (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (8)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 breiseáin bheathaithe áirithe a tharraingt siar ón margadh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1810/2005 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1453/2004, Rialachán (CE) Uimh. 2148/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 943/2005 (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (9)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1170 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1200/2005 ón gCoimisiún (9), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (10)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1172 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 ón gCoimisiún (10) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932 ón gCoimisiún (11), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (11)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1453/2004 (12), (CE) Uimh. 2148/2004 (13) agus (CE) Uimh. 943/2005 ón gCoimisiún (14), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (12)

    Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

    (13)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

    1.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1zzq (Rialachán (CE) Uimh. 1810/2005 ón gCoimisiún):

    ‘-

    32023 R 1173: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 (IO L 155, 16.6.2023, lch. 28).’

    2.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 260 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 ón gCoimisiún):

    ‘-

    32023 R 1171: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1171 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 (IO L 155, 16.6.2023, lch. 19).’

    3.

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 326 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/996 ón gCoimisiún):

    ‘, arna leasú le:

    32023 R 1168: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1168 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 (IO L 155, 16.6.2023, lch. 9).’

    4.

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 432 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2097 ón gCoimisiún):

    ‘, arna leasú le:

    32023 R 1171: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1171 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 (IO L 155, 16.6.2023, lch. 19).’

    5.

    Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 498 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/263 ón gCoimisiún):

    ‘499.

    32023 R 1163: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1163 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2023 maidir le monaihidreaclóiríd L-Lisín agus sulfáit L-Lisín arna dtáirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 17927 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 154, 15.6.2023, lch. 41).

    500.

    32023 R 1167: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1167 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 maidir le hullmhóid 6-fíotáis arna táirgeadh ag Trichoderma reesei CBS 146250 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis agus gach muc (sealbhóir an údaraithe: Danisco (UK) Ltd, ag trádáil mar Danisco Animal Nutrition agus arna ionadú ag Genencor International B.V.) (IO L 155, 16.6.2023, lch. 6).

    501.

    32023 R 1169: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1169 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 maidir le hullmhóid in–1,4-béite-xiolanáise, in–1,4-béite-ghlúcanáise agus in-béite–1,4-glúcanáise a ghníomhaíonn go sonrach ar xileaglúcan arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride DSM 33578 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith chlóis lena ramhrú, éanlaith chlóis a thógtar le bheith ina mbéaróga agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: Huvepharma EOOD) (IO L 155, 16.6.2023, lch. 11).

    502.

    32023 R 1170: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1170 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 maidir le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh ba déiríochta, eallach lena ramhrú, mionspeicis athchogantacha lena ramhrú agus ainmhithe de chineál camaill lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Danstar Ferment AG arna ionadú ag Lallemand SAS) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1200/2005 (IO L 155, 16.6.2023, lch. 15).

    503.

    32023 R 1172: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1172 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicide A (Avatec 150 G) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicide A (Avatec 150 G) a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, maidir le hullmhóid sóidiam lasalaicide A (Avatec 15 % cc) a tharraingt siar ón margadh mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932 (sealbhóir an údaraithe: Zoetis Belgium S.A.) (IO L 155, 16.6.2023, lch. 22).

    504.

    32023 R 1173: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1173 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 breiseáin bheathaithe áirithe a tharraingt siar ón margadh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1810/2005 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1453/2004, Rialachán (CE) Uimh. 2148/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 943/2005 (IO L 155, 16.6.2023, lch. 28).’

    6.

    Scriostar téacsanna phointí 1zw (Rialachán (CE) Uimh. 1453/2004 ón gCoimisiún), 1zza (Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 ón gCoimisiún), 1zze (Rialachán (CE) Uimh. 2148/2004 ón gCoimisiún), 1zzl (Rialachán (CE) Uimh. 943/2005 ón gCoimisiún), 1zzm (Rialachán (CE) Uimh. 1200/2005 ón gCoimisiún) agus 412 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932 ón gCoimisiún).

    Airteagal 2

    Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1163 (AE) 2023/1167, (AE) 2023/1168, (AE) 2023/1169, (AE) 2023/1170, (AE) 2023/1171, (AE) 2023/1172 agus (AE) 2023/1173 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Deireadh Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2023.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Pascal SCHAFHAUSER


    (1)   IO L 154, 15.6.2023, lch. 41.

    (2)   IO L 155, 16.6.2023, lch. 6.

    (3)   IO L 155, 16.6.2023, lch. 9.

    (4)   IO L 155, 16.6.2023, lch. 11.

    (5)   IO L 155, 16.6.2023, lch. 15.

    (6)   IO L 155, 16.6.2023, lch. 19.

    (7)   IO L 155, 16.6.2023, lch. 22.

    (8)   IO L 155, 16.6.2023, lch. 28.

    (9)   IO L 195, 27.7.2005, lch. 6.

    (10)   IO L 269, 17.8.2004, lch. 14.

    (11)   IO L 204, 10.6.2021, lch. 13.

    (12)   IO L 269, 17.8.2004, lch. 3.

    (13)   IO L 370, 17.12.2004, lch. 24.

    (14)   IO L 159, 22.6.2005, lch. 6.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1095/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top