This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1006
Decision of the EEA joint committee No 238/2023 of 22 September 2023 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2024/1006]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 238/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1006]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 238/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1006]
IO L, 2024/1006, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1006/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1006 |
25.4.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 238/2023
an 22 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1006]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 4zzr (Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XVIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32022 L 2380: Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 (IO L 315, 7.12.2022, lch. 30).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2022/2380 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1)
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 315, 7.12.2022, lch. 30.
(*1) No constitutional requirements indicated.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1006/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)