This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0504
Decision of the EEA joint Committee No 241/2021 of 24 September 2021 amending Annex V (Free movement of workers) and Annex VIII (Right of establishment) to the EEA Agreement [2024/504]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 241/2021 an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus Iarscríbhinn VIII (Ceart bunaíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/504]

IO L, 2024/504, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/504/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/504 |
22.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 241/2021
an 24 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus Iarscríbhinn VIII (Ceart bunaíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/504]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1272 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1273 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag San Mairíne leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus VIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 10b (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1126 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘10c. |
32021 D 1272: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1272 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 277, 2.8.2021, lch. 148). |
10d. |
32021 D 1273: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1273 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag San Mairíne leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 277, 2.8.2021, lch. 151).’ |
Airteagal 2
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 11b (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1126 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘11c. |
32021 D 1272: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1272 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Stát Chathair na Vatacáine leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 277, 2.8.2021, lch. 148). |
11d. |
32021 D 1273: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1273 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag San Mairíne leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas (IO L 277, 2.8.2021, lch. 151).’ |
Airteagal 3
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1272 agus (AE) 2021/1273 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 25 Meán Fómhair 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 277, 2.8.2021, lch. 148.
(2) IO L 277, 2.8.2021, lch. 151.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/504/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)