This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0476
Decision of the EEA joint Committee No 271/2021 of 24 September 2021 amending Protocol 31 to the EEA Agreement, on cooperation in specific fields outside the four freedoms [2024/476]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 271/2021 an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2024/476]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 271/2021 an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2024/476]
IO L, 2024/476, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/476/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/476 |
22.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 271/2021
an 24 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2024/476]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 a chumhdach (1). |
(2) |
Maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE sna gníomhaíochtaí atá mar thoradh ar Rialachán (AE) 2021/522, is iomchuí go gcuirfear an rannpháirtíocht sin ar bun ón 1 Eanáir 2021, gan beann ar an tráth a ghlacfar an Cinneadh seo nó má thugtar fógra maidir le comhlíonadh na gceanglas bunreachtúil le haghaidh an Chinnidh seo, más ann dóibh, tar éis an 10 Iúil 2021. |
(3) |
Ba cheart eintitis arna mbunú i Stáit CSTE a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a gcuirfear tús leo roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Na costais a thabhaítear i leith gníomhaíochtaí a gcuirfear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir leis na costais a thabhaíonn eintitis arna mbunú i mBallstáit den Aontas ar choinníoll go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta lena mbaineann. |
(4) |
I gComhaontú LEE agus go háirithe in Airteagal 81 de, leagtar amach na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Stáit CSTE agus rannpháirtíocht a n-institiúidí, a ngnóthas, a n-eagraíochtaí agus a náisiúnach i gcláir an Aontais Eorpaigh. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann ón 1 Eanáir 2021, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas le mír 1 d’Airteagal 16 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘— |
32021 R 0522: Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1). Na costais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí a gcuirtear tús lena gcur chun feidhme tar éis an 1 Eanáir 2021, is féidir a mheas gur costais iad atá incháilithe amhail ó dháta tosaigh na gníomhaíochta arna shocrú sa chomhaontú deontais nó sa chinneadh deontais lena mbaineann, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, ar choinníoll go dtiocfaidh Cinneadh Uimh. 271/2021 ó Chomhchoiste LEE an 24 Meán Fómhair 2021 i bhfeidhm roimh dheireadh na gníomhaíochta. Díolmhófar Lichtinstéin ó bheith rannpháirteach sa chlár seo agus ón ranníocaíocht airgeadais a bhaineann leis.’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 107, 26.3.2021, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/476/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)