EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0041
Decision of the EEA Joint Committee No 57/2021 of 5 February 2021 amending Annex XI (Electronic communication, audiovisual services and information society) to the EEA Agreement [2024/41]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 57/2021 an 5 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/41]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 57/2021 an 5 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/41]
PUB/2023/893
IO L, 2024/41, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/41/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/41 |
11.1.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 57/2021
an 5 Feabhra 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/41]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/590 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2020 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/784 a mhéid a bhaineann le nuashonrú ar na coinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir leis an mbanda minicíochta 24,25-27,5 GHz (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/667 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh 2012/688/AE a mhéid a bhaineann le nuashonrú ar na coinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir leis na bandaí minicíochta 1 920-1 980 MHz agus 2 110-2 170 MHz, (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/636 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh 2008/477/CE a mhéid a bhaineann le nuashonrú na gcoinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir leis an mbanda minicíochta 2 500–2 690 MHz, (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasófar Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 5cze (Cinneadh 2008/477/CE ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 5czi (Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/688/AE ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
3. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 5czp (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/784 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2020/590, (AE) 2020/636 agus (AE) 2020/667 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 138, 30.4.2020, lch. 19.
(2) IO L 156, 19.5.2020, lch. 6.
(3) IO L 149, 12.5.2020, lch. 3.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/41/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)