Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0030

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 20/2021 an 5 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/30]

    IO L, 2024/30, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/30/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/30/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/30

    11.1.2024

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 20/2021

    an 5 Feabhra 2021

    lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/30]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/540 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2020 lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/208 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le sábháilteacht fheidhmiúil feithiclí i ndáil le formheas feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 41 (Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/208 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

    ‘-

    32020 R 0540: Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/540 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2020 (IO L 121, 20.4.2020, lch. 1).’

    Airteagal 2

    Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/540 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Feabhra 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2021.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Clara GANSLANDT


    (1)   IO L 121, 20.4.2020, lch. 1.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/30/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top