Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024A01214

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ina leagtar amach nósanna imeachta slándála maidir le satailítí Galileo a lainseáil ó chríoch na Stát Aontaithe

    ST/7061/2024/INIT

    IO L, 2024/1214, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1214/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1214/oj

    Related Council decision
    Related Council decision
    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1214

    3.5.2024

    COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ INA LEAGTAR AMACH NÓSANNA IMEACHTA SLÁNDÁLA MAIDIR LE SATAILÍTÍ GALILEO A LAINSEÁIL Ó CHRÍOCH NA STÁT AONTAITHE

    Tá AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

    agus

    STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ, dá ngairtear ‘na Stáit Aontaithe’ anseo feasta, dá ngairtear ‘na Páirtithe’ orthu i gcompháirt anseo feasta,

    I bhFIANAISE thábhacht na dteicneolaíochtaí spáis do náisiúin agus dá saoránaigh sna réimsí cumarsáide, cianbhraiteachta, loingseoireachta agus slándála náisiúnta,

    ÓS DEIMHIN an gá do na Stáit Aontaithe agus don Aontas oibriú i gcomhar le chéile ionas gur féidir buntáistí na dteicneolaíochtaí tábhachtacha sin a bhaint amach go hiomlán le haghaidh na bhfeidhmeanna ábhartha uile,

    AG MEABHRÚ DÓIBH gurb é Galileo córas domhanda an Aontais um loingseoireacht satailíte atá ceaptha chun faisnéis suite agus uainiúcháin a sholáthar saor in aisce, do raon leathan earnálacha amhail na hearnálacha eitlíochta, iarnróid, loingseoireachta nó teileachumarsáide,

    ÓS FEASACH DÓIBH go bhfuil rioscaí bunúsacha slándála ag baint le hallmhairiú trealaimh rúnaicmithe de chuid an Aontais isteach i gcríoch na Stát Aontaithe chun satailítí a lainseáil agus gurb iomchuí bearta slándála iomchuí agus comhar a bheith ann idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas,

    DE BHRÍ go bhfuil sé de chuspóir coiteann ag na Stáit Aontaithe agus ag an Aontas mí-úsáid teicneolaíochtaí spáis a chosc agus cosaint a thabhairt ina coinne sin, agus ar an gcaoi sin a slándáil féin a neartú agus ardleibhéal sábháilteachta a sholáthar dá saoránaigh,

    AGUS AIRD Á TABHAIRT ar thábhacht straitéiseach eolaíoch agus luach eacnamaíoch shatailítí Galileo,

    AG AITHINT DÓIBH gur gá a áirithiú go gcosnófar faisnéis agus sócmhainní rúnaicmithe a bhaineann le satailítí Galileo a lainseáil,

    DE BHRÍ go bhfuil an malartú leanúnach faisnéise agus an comhar idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas fíor-riachtanach mar gheall ar na dúshláin theicniúla a bhaineann le satailítí a lainseáil,

    AG MEABHRÚ DÓIBH an Comhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, comhaontú a síníodh i gCaisleán Dhrom Ólainn, Co. an Chláir, an 26 Meitheamh 2004,

    AG MEABHRÚ DÓIBH an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le slándáil faisnéise rúnaicmithe, comhaontú a rinneadh in Washington an 30 Aibreán 2007, agus go háirithe Airteagal 19 de (dá ngairtear ‘an Comhaontú Slándála’ anseo feasta), agus leis an Socrú Slándála gaolmhar maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, a d’fhormheas Coiste Slándála na Comhairle an 29 Meitheamh 2007 agus na Stáit Aontaithe an 18 Iúil 2007 (dá ngairtear ‘an Comhaontú Slándála’ anseo feasta),

    DE BHRÍ gur chuir an Coimisiún Eorpach bainistiú na gconarthaí seirbhíse lainseála le haghaidh Galileo de chúram ar an nGníomhaireacht Eorpach Spáis, agus tá na feachtais lainseála satailítí á gcur chun feidhme aici don Aontas,

    AG CUIMHNEAMH DÓIBH ar fhreagrachtaí Sholáthraithe Seirbhíse Lainseála tráchtála na Stát Aontaithe mar a shainmhínítear faoi dhlí na Stát Aontaithe, agus ar rialáil, beartas, ceadúnais is infheidhme, agus socruithe tacaíochta, mar aon le ról agus freagrachtaí comhfhreagracha ranna agus ghníomhaireachtaí na Stát Aontaithe,

    TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

    Airteagal 1

    Raon feidhme

    1.   Tá feidhm ag an gComhaontú seo maidir le lainseáil shatailítí Galileo ó chríoch na Stát Aontaithe.

    2.   Aithníonn an na Páirtithe go ndéanfar trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a onnmhairiú ón Aontas agus a allmhairiú isteach sna Stáit Aontaithe, a úsáid ar chríoch na Stáit Aontaithe agus a athonnmhairiú chuig an Aontas. Chun trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint, áiritheoidh an dá Pháirtí, i ndlúthchomhar leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála, go mbeidh na bearta uile is gá agus is iomchuí i gcomhréir le téarmaí an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm chun an trealamh agus an doiciméadacht sin a rialú agus a chosaint.

    3.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo nó mura n-údaraíonn an Coimisiún Eorpach é tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, coinneoidh Oifigeach Slándála Áitiúil na Gníomaireachtaí Eorpaí Spáis, a dhaoine ainmnithe, agus daoine ainmnithe an Choimisiúin Eorpaigh rochtain eisiach ar threalamh agus ar dhoiciméadacht rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh le linn gach feachtais lainseála, ón uair a shroichfidh an trealamh agus an doiciméadacht sin críoch na Stát Aontaithe go dtí go n-aistreofar iad ó chríoch na Stát Aontaithe.

    4.   I gcás ina ndéantar faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a scaoileadh do rialtas na Stát Aontaithe nó do thríú páirtithe údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) nó d’aon tríú páirtí eile arna chinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe, nó i gcás ina bhfaigheann aon pháirtí díobh sin fáisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh ar bhealach eile, beidh feidhm ag téarmaí an Chomhaontaithe Slándála agus ag na téarmaí a áirítear anseo maidir le faisnéis rúnaichmithe an Aontais Eorpaigh den sórt sin a chosaint, agus maidir lena rialú, gan beann ar an eintiteas Eorpach a sholáthraíonn an faisnéis rúnaichmithe an Aontais Eorpaigh sin.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    1.

    ciallaíonn ‘faisnéis rúnaicmithe an Aontas Eorpagh’ nó ‘FRAE’ aon fhaisnéis nó ábhar a thugtar aicmiúchán slándála AE di nó dó, a dtiocfadh leibhéil éagsúla dochair do leasanna an Aontais nó do leasanna ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit as a nochtadh neamhúdaraithe; Féadfaidh FRAE a bheith i bhfoirm béil, fhísiúil, leictreonach, mhaighnéadach nó dhoiciméadach nó i bhfoirm ábhair, lena n-áirítear trealamh agus teicneolaíocht.

    2.

    Ciallaíonn ‘trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh’ trealamh agus doiciméadacht ina bhfuil FRAE.

    3.

    Ciallaíonn ‘Sócmhainní Cosanta an Aontais Eorpaigh’ aon réad nó ábhar ar Bhunáit Lainseála a allmhairítear isteach i gcríoch na Stát Aontaithe chun satailít Galileo a lainseáil, lena n-áirítear trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin.

    4.

    Ciallaíonn ‘Limistéir Dhaingne’ limistéir ag an mBunáit Lainseála chun Sócmhainní Cosanta an Aontais Eorpaigh a stóráil agus a láimhseáil, i gcomhréir le socrú conarthach an Aontais leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála agus le socruithe tacaíochta an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála leis an mBunáit Lainseála.

    5.

    Ciallaíonn ‘Bunáit Lainseála’ suíomh nó suíomhanna ar leith ar mhaoin rialtas na Stát Aontaithe ina bhfuil saoráidí chun an fheithicil lainseála a chóimeáil, a breosla a láimhseáil, spásárthach a ullmhú le haghaidh lainseála, lainseáil a dhéanamh agus faireacháin a dhéanamh ar lainseálacha, agus óna lainseálfar satailítí Galileo.

    6.

    Ciallaíonn ‘Saoráid Próiseála Pálasta Tráchtála’ saoráid chun spásárthach agus pálasta a ullmhú le haghaidh lainseála, atá suite laistigh de chríoch na Stát Aontaithe ar mhaoin phríobháideach lasmuigh den Bhunáit Lainseála.

    7.

    Ciallaíonn ‘Teagmhas Slándála’ aon teagmhas a bhféadfadh úsáid, nochtadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe faisnéise, doiciméadachta nó trealaimh, nó a bhféadfadh rochtain neamhúdaraithe ar fhaisnéis, doiciméadacht nó trealamh, nó cur isteach ar oibríochtaí córais Sócmhainní Cosanta an Aontais Eorpaigh a bheith ann dá bharr.

    8.

    Ciallaíonn ‘Soláthraí Seirbhíse Lainseála’ an eagraíocht de chuid na Stát Aontaithe atá ar conradh ag an gCoimisiún Eorpach chun satailítí Galileo a lainseáil.

    9.

    Ciallaíonn ‘Galileo’ córas uathrialaitheach domhanda an Aontais um loingseoireacht satailíte (GNSS), atá faoi rialú sibhialta agus atá comhdhéanta de réaltbhuíon satailítí, lárionaid rialaithe agus líonra domhanda stáisiún ar talamh, a chuireann seirbhísí suite, loingseoireachta agus uainiúcháin ar fáil, lena n-áirítear riachtanais agus ceanglais slándála.

    10.

    Ciallaíonn ‘satailít Galileo’ spásárthach a bhaineann le córas Galileo agus a allmhairítear isteach i gcríoch na Stát Aontaithe chun críoch lainseála.

    11.

    Ciallaíonn ‘smionagar satailíte Galileo’ aon satailít Galileo nó cuid di, lena n-áirítear blúirí agus eilimintí di, a aimsítear ar chríoch na Stát Aontaithe nó in uiscí teorann na Stát Aontaithe nó in uiscí idirnáisiúnta tar éis taisme nó timpiste a bhain le satailít Galileo.

    12.

    Is é atá sa ‘Ghníomhaireacht Eorpach Spáis’ nó ‘GES’ eagraíocht idir-rialtasach a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Spáis, a osclaíodh lena shíniú i bPáras an 30 Bealtaine 1975 agus a tháinig i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 1980. I gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (dá ngairtear ‘Rialachán Spáis an Aontais’ anseo feasta), chuir an tAontas Eorpach de chúram ar GES cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme Chlár Spáis an Aontais, lena n-áirítear conarthaí seirbhíse lainseála sonracha a sholáthar agus a fhorghníomhú, ar conarthaí iad a fheidhmíonn GES thar ceann an Aontais Eorpaigh.

    13.

    Is é atá i n‘Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis’ nó ‘EUSPA’ Gníomhaireacht AE a bunaíodh le Rialachán Spáis an Aontais, ar chuir an Coimisiún Eorpach de chúram uirthi gné Galileo de Chlár Spáis an Aontais a bhainistiú agus a shaothrú.

    14.

    Ciallaíonn ‘Oifigeach Slándála Áitiúil GES’ an t-oifigeach GES arna ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach, atá freagrach as slándáil fheachtais lainseála Galileo an Aontais.

    15.

    Ciallaíonn ‘daoine ainmnithe Oifigeach Slándála Áitiúil GES’ pearsanra agus conraitheoirí de chuid GES arna n-ainmniú i scríbhinn ag Oifigeach Slándála Áitiúil GES chun ról, freagracht nó cúram sonrach a chomhlíonadh thar a cheann. Tá an t-ainmniú teoranta do chúram ar leith agus ní údarú é don duine ainmnithe gníomhú thar ceann Oifigeach Slándála Áitiúil GES sa chiall ghinearálta.

    16.

    Ciallaíonn daoine ainmnithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh foireann de chuid an Aontais, lena n-áirítear foireann EUSPA, agus saineolaithe ó na Ballstáit arna n-ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach i scríbhinn chun ról, freagracht, nó cúram sonrach a chomhlíonadh thar a cheann. Tá an t-ainmniú teoranta do chúram ar leith agus ní údarú é don duine ainmnithe gníomhú thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh sa chiall ghinearálta.

    Airteagal 3

    Nósanna imeachta allmhairiúcháin

    1.   Maidir le hallmhairiú Sócmhainní Cosanta an Aontais Eorpaigh chuig críoch na Stát Aontaithe, beidh sé faoi réir dhlíthe na Stát Aontaithe, lena n-áirítear dlíthe a riarann nó a fhorfheidhmíonn Custam agus Cosaint Teorann na Stát Aontaithe (CBP). Maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gá le cigireacht a dhéanamh ar na hítimí is ábhar, déanfaidh CBP de réir a bhreithiúnais féin, i gcomhréir leis an dlí agus leis an mbeartas is infheidhme.

    2.   Soláthróidh an tAontas Eorpach do ghníomhaireachtaí ábhartha na Stát Aontaithe, i gcomhar leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála, an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoi dhlí na Stát Aontaithe chun imréiteach custaim Shócmhainní Cosanta an Aontais Eorpaigh a chumasú, lena n-áirítear na ceanglais cheadúnúcháin is infheidhme a shásamh. Soláthróidh na Stáit Aontaithe faisnéis don Choimisiún Eorpach maidir leis na nósanna imeachta imréitigh custaim a bhfuil coinne leo.

    3.   I gcás ina n-aithníonn CBP gur gá cigireacht a dhéanamh ar shatailít Galileo nó ar Shócmhainní Cosanta AE eile, rachaidh pointe teagmhála CBP arna ainmniú de bhun Airteagal 9 i dteagmháil le hOifigeach Slándála Áitiúil GES agus, a mhéid is indéanta, áiritheoidh sé go mbeidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES agus/nó a dhaoine ainmnithe i láthair le haghaidh na cigireachta sin. Déanfar aon chigireacht custaim den sórt sin i gcomhréir le dlí is infheidhme na Stát Aontaithe, i Limistéar Daingean nó i saoráid eile arna hainmniú go frithpháirteach ar an mBunáit Lainseála lena mbaineann leibhéal slándála atá ar cóimhéid le cineál na hítime/na n-ítimí a bhfuil cigireacht á déanamh orthu, agus ní dhéanfar aon chigireacht custaim den sórt sin ach a mhéid is gá chun comhlíonadh dhlí na Stát Aontaithe a áirithiú.

    4.   Féadfaidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES a iarraidh ar CBP go gcuirfí aon chigireacht ar sos chun comhairliúchán déthaobhach roimh ré a chumasú idir an Coimisiún Eorpach agus Roinn Stáit na Stát Aontaithe. Mura mbeadh baol láithreach ann do bheatha an duine nó do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, bheadh coinne leis go bhfreastalódh CBP ar iarraidh den sórt sin.

    Airteagal 4

    Limistéir Dhaingne na Bunáite Lainseála agus Sócmhainní Cosanta AE a chosaint

    1.   Ar bhealach atá comhsheasmhach leis an dlí agus leis na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe tacaíochta atá ag na Stát Aontaithe leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála:

    a.

    Déanfaidh na Stáit Aontaithe gach beart is gá agus is iomchuí chun an Bhunáit Lainseála a chosaint ar aon ionradh, lena n-áirítear na limistéir sin ina bhfuil Limistéar Daingean.

    b.

    Déanfaidh na Stáit Aontaithe gach beart is gá agus is iomchuí chun damáiste, athrú agus crioscaíl shatailítí Galileo a chosc le linn an fheachtais lainseála ón uair a thiocfaidh siad isteach i gcríoch na Stát Aontaithe go dtí go n-aistreofar iad ó chríoch na Stát Aontaithe.

    c.

    Deimhneoidh na Stáit Aontaithe, arna iarraidh sin don Choimisiún Eorpach, stádas imréiteach slándála saoráide an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála agus úinéir/oibreoir na Saoráide Próiseála Pálasta Tráchtála faoi dhlí náisiúnta na Stát Aontaithe a bhaineann le stóráil trealaimh agus doiciméadachta rúnaicmithe. Tabharfaidh na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún Eorpach faoi aon athrú ar an stádas a deimhníodh roimhe sin.

    d.

    Faoi réir Airteagal 3.3, Airteagal 5.4 agus Airteagal 6.3, ní bheidh rochtain ag na Stáit Aontaithe ar Shócmhainní Cosanta AE ar Bhunáit Lainseála ná ní dhéanfaidh siad cigireacht orthu. Cosnóidh na Stáit Aontaithe na Limistéir Dhaingne ar aon chineál dul isteach, cúléisteachta nó cineálacha cur isteach neamhúdaraithe eile ar na gníomhaíochtaí a dhéantar sna Limistéir Dhaingne.

    e.

    Féadfaidh pearsanra rialtas na Stát Aontaithe agus pearsanra an chonraitheora tacaíochta rochtain a fháil ar Limistéar Daingean atá suite ar Bhunáit Lainseála agus cigireacht a dhéanamh air chun comhlíonadh na gceanglas maidir le sábháilteacht agus slándáil agus leis an gcomhshaol a dheimhniú, chun an dlí coiriúil a fhorfheidhmiú, nó mar a fhoráiltear ar shlí eile in Airteagal 5, agus chun na gcríoch teoranta sin amháin. I gcás rochtana nó cigireachta den chineál sin, tabharfaidh pearsanra rialtas na Stát Aontaithe agus pearsanra an chonraitheora tacaíochta fógra réasúnta chun gur féidir le hOifigeach Slándála Áitiúil GES nó a dhaoine ainmnithe rochtain thráthúil a fháil ar an Limistéar Daingean, agus ní eisiafaidh siad Oifigeach Slándála Áitiúil GES ná a dhaoine ainmnithe ó Limistéar Daingean, seachas i gcásanna teoranta ina bhfuil bagairt phráinneach láithreach ann do bheatha an duine nó ina bhfuil riosca ann do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, nó chun an dlí coiriúil a fhorfheidhmiú. Sna cásanna sin, mar sin féin, coinneoidh pearsanra rialtas na Stát Aontaithe Oifigeach Slándála Áitiúil GES, nó a dhaoine ainmnithe mura bhfuil sé ar fáil, ar an eolas mar is iomchuí, agus déanfaidh siad gach iarracht oibriú gan bhriseadh fhíschórais an Aontais arna n-údarú faoin gconradh leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála a áirithiú.

    f.

    Ní chuirfidh na Stáit Aontaithe bac ar úsáid trealaimh chriptithe teileachumarsáide, arna allmhairiú go cuí, i Limistéir Dhaingne ar an mBunáit Lainseála nó ar an tSaoráid Próiseála Pálasta Tráchtála. Ní úsáidfidh an tAontas an trealamh sin ach amháin trí líonra cumarsáide an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála nó na Saoráide Próiseála Pálasta Tráchtála, mura n-údaraíonn na Stáit Aontaithe a mhalairt.

    2.   Coinneoidh na Stáit Aontaithe Oifigeach Slándála Áitiúil GES ar an eolas tríd an Soláthraí Seirbhíse Lainseála sula ndéanfar aon chinneadh maidir le haon limistéar den Bhunáit Lainseála a bhaineann le lainseáil an Aontais a aslonnú. A mhéid is indéanta i gcúinsí mar sin, ceadófar don Aontas garda a chur ar post 24/7 sna Limistéir Dhaingne nó thart timpeall orthu, agus leanúint d’fhaireachán ó chian a dhéanamh ar na Limistéir Dhaingne trí fhíschórais de chuid an Aontais arna n-údarú faoi chonradh leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála.

    3.   Sula ndéanfar trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a imscaradh nó a stóráil i Limistéar Daingean atá suite ar Bhunáit Lainseála nó i Saoráid Próiseála Pálasta Tráchtála, déanfaidh na Stáit Aontaithe, tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún Eorpach, fógra i scríbhinn a thabhairt dó go bhfuil na bearta slándála uile is gá agus is iomchuí i bhfeidhm.

    4.   Na forálacha a leagtar amach san Airteagal seo, tá feidhm acu go príomha maidir le gníomhaíochtaí agus le Sócmhainní Cosanta an Aontais Eorpaigh ag Bunáit Lainseála agus, mura bhforáiltear a mhalairt san Airteagal seo, ní chuimsíonn siad gníomhaíochtaí agus Sócmhainní Cosanta an Aontais Eorpaigh ag Saoráid Próiseála Pálasta Tráchtála. Gníomhaíochtaí an Aontais agus Sócmhainní Cosanta an Aontais Eorpaigh ag Saoráid Próiseála Pálasta Tráchtála, bíonn siad á rialú go príomha trí chomhaontuithe conarthacha idir an tAontas Eorpach, an Soláthraí Seirbhíse Lainseála agus úinéir/oibreoirí saoráide den sórt sin.

    5.   Soláthróidh an tAontas i scríbhinn do na Stáit Aontaithe an liosta den trealamh agus doiciméadacht rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a bhfuil baint acu le feachtas lainseála, chomh maith leis an liosta Sócmhainní Cosanta an Aontais Eorpaigh.

    6.   Ainmneoidh na Páirtithe go comhpháirteach i scríbhinn an Bhunáit Lainseála, an tSaoráid Próiseála Pálasta Tráchtála agus na Limistéir Dhaingne a fhéadfaidh an tAontas a úsáid le linn gach feachtais lainseála.

    Airteagal 5

    Imscrúdú slándála

    1.   I gcás Teagmhas Slándála amhrasta, déanfaidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES, má mheasann sé gurb iomchuí sin agus tar éis cruinniú soiléirithe le hoifigeach slándála an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála, an Teagmhas Slándála a thuairisciú d’Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe. Tuairisceoidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES an Teagmhas Slándála do Roinn Stáit na Stát Aontaithe freisin.

    2.   Déanfaidh Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála, i gcomhar leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála, Oifigeach Slándála Áitiúil GES agus eagraíochtaí eile is infheidhme, imscrúdú ar aon Teagmhas Slándála arna thuairisciú ag Oifigeach Slándála Áitiúil GES.

    3.   Nuair a bheidh imscrúdú curtha i gcrích, cuirfidh na Stáit Aontaithe tuarascáil iomlán faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 25(b) den Socrú Slándála, agus sainaithneoidh siad aon ghníomhaíocht feabhais nó cheartaitheach atá le déanamh, de réir mar is iomchuí.

    4.   Pearsanra rialtas na Stát Aontaithe nó údaráis fheidearálacha nó stáit eile, pearsanra an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála, agus conraitheoirí tacaíochta gach ceann díobh a bhfuil an t-imréiteach slándála riachtanach acu, ní fhéadfaidh siad rochtain a fháil ar Shócmhainní Cosanta an Aontais Eorpaigh ná iniúchadh a dhéanamh orthu ach amháin i gcás imscrúdaithe tar éis an Teagmhais Slándála a thuairiscigh Oifigeach Slándála Áitiúil GES d’Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála. Ceadófar rochtain den sórt sin chun críoch imscrúdaitheach amháin agus faoi réir údarú a fháil roimh ré ón gCoimisiún Eorpach, mar a chuirfidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES in iúl d’Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála. Dá réir sin, déanfaidh Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála, nó údarás iomchuí eile de chuid na Stát Aontaithe, pearsanra cuí feidearálach agus stáit agus pearsanra cuí den Soláthraí Seirbhíse Lainseála, agus conraitheoirí gach ceann díobh, a údarú le rochtain fháil ar FRAE, i gcomhréir le húdarú an Choimisiúin Eorpaigh.

    5.   Le bheith comhsheasmhach le hAirteagal 3.3 den Chomhaontú Slándála, faisnéis rúnaicmithe AE arna heisiúint ag an gCoimisiún Eorpach, ag daoine ainmnithe an Choimisiúin Eorpaigh, nó ag Oifigeach Slándála Áitiúil GES, lena n-áirítear a dhaoine ainmnithe, do na Stáit Aontaithe chun críocha chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, nó faisnéis a fuair na Stáit Aontaithe ar bhealach eile, déanfaidh na Stáit Aontaithe í a chosaint ar bhealach a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis an gcosaint a thugann an tAontas Eorpach dóibh. Beidh feidhm ag Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gcomhaontú seo maidir le faisnéis arna stampáil, arna marcáil nó arna hainmniú ‘RESTREINT UE/EU RESTRICTED’ a eisítear chuig na Stáit Aontaithe nó a fhaigheann na Stáit Aontaithe ar bhealach eile.

    6.   Aithníonn na Páirtithe go mbeadh dúshláin chasta ar leith ann ó thaobh dlínse de dá dtiocfadh Teagmhas Slándála chun cinn ag Saoráid Próiseála Pálasta Tráchtála nó ar idirthuras. In imthosca den sórt sin, bheadh Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála ar theann a dhíchill chun imscrúdú ar aon teagmhas mar sin a éascú i gcomhar leis na páirtithe ábhartha, lena n-áirítear an tAontas, an Soláthraí Seirbhíse Lainseála, úinéir/oibreoir na Saoráide Próiseála Pálasta Tráchtála, agus údaráis iomchuí fheidearálacha agus stáit na Stát Aontaithe.

    Airteagal 6

    Smionagar satailíte Galileo a athshlánú

    1.   I gcás taisme nó timpiste as a n-eascraíonn scriosadh shatailít Galileo, déanfaidh na Stáit Aontaithe, ar bhealach atá i gcomhréir le dlí, beartais agus nósanna imeachta na Stát Aontaithe, agus le socruithe tacaíochta na Stát Aontaithe leis an Soláthraí Seirbhíse Lainseála, déanfaidh siad Oifigeach Slándála Áitiúil GES, daoine ainmnithe Oifigeach Slándála Áitiúil GES, agus daoine ainmnithe an Choimisiúin Eorpaigh a údarú, de réir mar a chuireann a phointe teagmhála arna shonrú in Airteagal 9 in iúl, leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

    a.

    Páirt a ghlacadh sa chuardach agus smionagar satailíte Galileo a bhailiú ag na suíomhanna smionagair.

    b.

    Smionagar satailíte Galileo a stóráil ag Limistéar Daingean faoi mhaoirseacht leanúnach Oifigeach Slándála Áitiúil GES.

    c.

    Smionagar satailíte Galileo a iompar chuig críoch an Aontais Eorpaigh.

    2.   Le linn na n-oibríochtaí aisghabhála, tabharfaidh gach ceann de na Páirtithe fógra don Pháirtí eile gan mhoill a luaithe a chuirfear suíomh smionagar satailíte Galileo ar a súile dóibh, más lasmuigh den limistéar cuardaigh sainithe atá sé, a mhéid is féidir sula mbainfear go fisiceach é de na suíomhanna smionagair.

    3.   Ní fhéadfaidh pearsanra Rialtas na Stát Aontaithe ná pearsanra an tSoláthraí Seirbhíse Lainseála ná a gconraitheoirí tacaíochta iniúchadh a dhéanamh ar smionagar satailíte Galileo aisghafa ach amháin chun críoch imscrúdaithe. Ligfidh siad d’Oifigeach Slándála Áitiúil GES a bheith i láthair agus an méid sin á dhéanamh acu. Aon chigireacht a dhéanfar ar smionagar satailíte Galileo aisghafa seachas cigireacht fhísiúil, níor cheart í a dhéanamh ach amháin tar éis do na Páirtithe dul i gcomhairle le chéile faoin gceist.

    4.   Féadfaidh Oifigeach Slándála Áitiúil GES a iarraidh ar Phointe Teagmhála an Údaráis Fheidearálaigh Eitlíochta (FAA), arna ainmniú de bhun Airteagal 9, go gcuirfí aon chigireacht atá beartaithe ar smionagar satailíte Galileo ar sos chun comhairliúchán déthaobhach roimh ré a chumasú idir an Coimisiún Eorpach agus Roinn Stáit na Stát Aontaithe. Mura mbeadh baol láithreach ann do bheatha an duine nó don tsábháilteacht, bheadh coinne leis go bhfreastalódh an tÚdarás Feidearálach Eitlíochta ar an iarraidh sin.

    Airteagal 7

    Clárú

    1.   I ndáil le gach satailít Galileo a lainseáiltear ó chríoch na Stát Aontaithe i dtaca leis an gComhaontú seo, áiritheoidh an tAontas go soláthrófar faisnéis faoin spásréad d’Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Clárú Nithe a Teilgeadh amach sa Chianspás, arna dhéanamh an 12 Samhain, 1974 (an Coinbhinsiún maidir le Clárú).

    2.   Comhaontaíonn na Páirtithe nach mbeidh na Stáit Aontaithe freagrach as satailítí Galileo a chlárú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Clárú, agus nach bhfuil aon dlínse ná smacht ag na Stáit Aontaithe ar réada den sórt sin sa chianspás.

    Airteagal 8

    Dliteanas

    1.   I gcás ina ndéanann satailít Galileo, nó comhpháirt di, damáiste as a n-eascraíonn éileamh amháin nó níos mó ar chúiteamh i gcoinne na Stát Aontaithe faoin dlí idirnáisiúnta:

    a.

    Féadfaidh na Stáit Aontaithe féachaint leis an Aontas a chur in ionad na Stát Aontaithe san fhóram ina ndéanfar an t-éileamh, gan beann ar cén fóram atá ann. Déanfaidh an tAontas na hiarrachtaí sin a éascú.

    b.

    Mura n-éiríonn leis an ionadú sin, tá an tAontas sásta a mheas nach ndearna na Stáit Aontaithe aon dochar, agus tá sé sásta na Stáit Aontaithe a shlánú ar aon oibleagáid airgeadais a eascraíonn as éilimh mar a sin a réiteach nó i ndáil le haon oibleagáid airgeadais a eascraíonn as socrú nó breithniú na n-éileamh sin. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le héilimh den sórt sin a chosaint.

    c.

    I gcás díospóid nó éileamh a d’fhéadfadh a bheith ann, tabharfaidh na Stáit Aontaithe fógra i scríbhinn don Aontas go pras, agus soláthróidh siad na mionsonraí ábhartha uile.

    d.

    Má roghnaíonn na Stáit Aontaithe an t-éileamh a shocrú, ba cheart dóibh toiliú i scríbhinn a fháil ón Aontas sula n-aontaíonn siad leis an tsocraíocht. Ní bheidh an tAontas freagrach as na Stáit Aontaithe a shlánú ar shuim na socraíochta ach amháin má thoiligh sé leis an tsocraíocht.

    e.

    Comhaontaíonn na Páirtithe dul i gcomhairle le chéile ag gach céim, de réir mar is iomchuí, maidir le láimhseáil agus diúscairt éileamh den sórt sin.

    2.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn an téarma ‘damáiste’ bás, díobháil phearsanta nó lagú eile sláinte; sin nó caillteanas maoine Stát nó maoine daoine, bídís nádúrtha nó dlítheanach, agus damáiste don mhaoin sin.

    3.   Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo mar tharscaoileadh dhíolúine cheannasach na Stát Aontaithe ná mar tharscaoileadh aon phribhléid nó díolúine eile a dhíorthaítear as an dlí idirnáisiúnta gnách, as conarthaí agus as comhaontuithe atá i bhfeidhm idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas, ná as aon oibleagáid dlíthiúil idirnáisiúnta eile.

    Airteagal 9

    Pointí Teagmhála

    1.   Chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a éascú, déanfaidh na Páirtithe pointí teagmhála oibríochtúla, mar aon lena bhfaisnéis teagmhála, a ainmniú i scríbhinn le haghaidh na n-eintiteas a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 agus soláthróidh siad na pointí teagmhála do na heintitis sin.

    2.   Ó thaobh an Aontais de:

    An Coimisiún Eorpach

    Oifigeach Slándála Áitiúil GES

    GES

    Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis

    An Soláthraí Seirbhíse Lainseála

    An Monaróir Satailítí.

    3.   Ó thaobh na Stát Aontaithe de:

    Údarás um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála

    Údarás Sinsearach na Bunáite Lainseála

    Custam agus Cosaint Teorann

    An tÚdarás Feidearálach Eitlíochta

    Airteagal 10

    Díospóidí a réiteach

    Aon easaontas idir na Páirtithe a thagann chun cinn faoin gComhaontú seo nó a bhaineann leis, is trí chomhairliúcháin idir na Páirtithe amháin a dhéanfar é a shocrú.

    Airteagal 11

    Comhaontuithe eile

    Níl aon ní sa Chomhaontú seo a athróidh comhaontuithe ná socruithe atá ann cheana idir na Páirtithe.

    Airteagal 12

    Teacht i bhfeidhm agus foirceannadh

    1.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an lá tar éis dháta fála an nóta dheireanaigh i malartú nótaí taidhleoireachta, malartú ina mbeidh fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile faoi thabhairt i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha ábhartha féin maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 1 Eanáir 2027.

    2.   Féadfaidh an tAontas agus na Stáit Aontaithe an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach, ina iomláine nó go páirteach, i gcomhréir lena gcuid nósanna imeachta inmheánacha agus reachtaíochta féin. Cuirfear tús leis an gcur i bhfeidhm sealadach ar an lá tar éis an dáta ar a ndéanfar an méid seo a leanas:

    a)

    beidh fógra tugtha ag an Aontas do na Stáit Aontaithe maidir leis na codanna den Chomhaontú seo atá beartaithe aige a chur i bhfeidhm go sealadach; agus

    b)

    deimhneoidh na Stáit Aontaithe go n-aontaíonn siad leis na codanna den Chomhaontú a chuirfear i bhfeidhm go sealadach.

    3.   Féadfaidh ceachtar Páirtí fógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sé ar intinn aige an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh 8 mí tar éis an dáta a gheofar an fógra.

    4.   Féadfar an Comhaontú seo a leasú nó a shíneadh trí chomhaontú frithpháirteach i scríbhinn idir na Páirtithe.

    5.   Is dlúthchuid den Chomhaontú seo í Iarscríbhinn , ina leagtar amach bearta chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a chosaint.

    Airteagal 13

    Téacs barántúil

    Is é an téacs Béarla den Chomhaontú seo, arna shíniú, an téacs barántúil. Dréachtóidh an tAontas an Comhaontú seo freisin sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa tSeicis, sa Danmhairgis, san Ollainnis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Ungáiris, san Iodáilis, sa Ghaeilge, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis.

    DÁ FHIANÚ SIN, tá na daoine thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin ag a nÚdaráis ábhartha, tar éis a lámh a chur leis an bPrótacal seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil an cúigiú lá seo de dhá mhíle is a fiche ceathair in dhá chóip bhunaidh sa Bhéarla.

     

     


    IARSCRÍBHINN

    Bearta chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a chosaint

    Féadfaidh faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a bheith i bhfoirm béil, fhísiúil, leictreonach, mhaighnéadach nó dhoiciméadach nó i bhfoirm ábhair, lena n-áirítear trealamh nó teicneolaíocht.

    Féadfar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a thaifeadadh ar aon chineál meáin fhisicigh.

    1.   Raon feidhme agus freagrachtaí

    Beidh feidhm ag na bearta a bhunaítear san Iarscríbhinn seo i gcás ina soláthraítear faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED d’Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála nó d’údarás iomchuí eile de chuid na Stát Aontaithe, nó i gcás ina bhfaigheann na húdaráis sin an fhaisnéis sin ar bhealach eile faoin gcomhaontú seo. Rialtas na Stát Aontaithe nó tríú páirtithe údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(4) nó aon tríú páirtí eile arna chinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED faoin gComhaontú, is iad sin atá freagrach as faisnéis den sórt sin, mar a thuairiscítear anseo í, a láimhseáil, a stóráil agus a chlárú.

    2.   Leibhéil imréitigh

    Ní féidir rochtain ar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a thabhairt ach amháin do phearsanra údaraithe de chuid na Stát Aontaithe nó do phearsanra údaraithe tríú páirtí ag a bhfuil an stádas ‘ar bhonn riachtanais eolais’, mar atá sainithe ag Oifigeach Slándála Áitiúil GES agus ag Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála. Sula ndeonófar rochtain, cuirfear na daoine sin ar an eolas faoi na rialacha agus faoi na caighdeáin agus na treoirlínte slándála ábhartha a bhaineann le faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a chosaint, agus aithneoidh siad a bhfreagrachtaí i dtaca leis an bhfaisnéis sin a chosaint.

    Ní cheanglaítear ar phearsanra údaraithe na Stát Aontaithe ná ar phearsanra tríú páirtí a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED imréiteach Slándála Pearsanra a bheith acu.

    3.   Láimhseáil

    Féadfar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil i Limistéir Dhaingne na Bunáite Lainseála mar a leanas: Déanfaidh pearsanra údaraithe na Stát Aontaithe nó pearsanra údaraithe tríú páirtí an méid seo a leanas:

    a)

    doras na hoifige a dhúnadh agus faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED á láimhseáil acu,

    b)

    faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a cheilt nó a chlúdach má bhíonn cuairteoir acu,

    c)

    gan faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a bheith feiceálach nuair nach bhfuil aon duine san oifig,

    d)

    na scáileáin ar a dtaispeántar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a bheith iompaithe i gcónaí ó fhuinneoga agus ó dhoirse chun nach bhfeicfidh aon duine í. Beidh sciath frithdhallta/phríobháideachais ar an scáileán ag ríomhairí glúine a úsáidfear i gcruinnithe.

    Féadfar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil lasmuigh de Limistéar Daingean, ar choinníoll gur gheall an duine a bhfuil an fhaisnéis ina sheilbh aige (dá ngairtear ‘an sealbhóir’ anseo feasta) bearta cúitimh a chomhlíonadh chun í a chosaint ar dhaoine neamhúdaraithe rochtain a fháil uirthi. Áireofar ar na bearta cúitimh an méid seo a leanas ar a laghad:

    a)

    Ní léifear faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED in áiteanna poiblí, ná ní fhágfar í gan faire i seomraí óstáin ná i bhfeithiclí,

    b)

    Coinneofar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED faoi rialú pearsanta an tsealbhóra i gcónaí,

    c)

    Agus faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED lasmuigh den Limistéar Daingean, déanfar í a iompar de réir mar a mhínítear i Roinn 7 den Iarscríbhinn seo.

    d)

    déanfar na doiciméid a choinneáil i dtroscán glasáilte iomchuí nuair nach mbeidh siad á léamh ná á bplé,

    e)

    dúnfar doirse an tseomra fad a bheidh an doiciméad á léamh nó á phlé,

    f)

    ní phléifear sonraí an doiciméid ar an bhfón ar líne nach bhfuil slán, ná ar nasc Gutha/Prótacail Idirlín Ghuthaithe nach bhfuil criptithe trí bhíthin réiteach formheasta, ná i ríomhphost neamhchriptithe ná i ríomhphost atá criptithe trí bhíthin réiteach nach bhfuil formheasta,

    g)

    múchfar gléasanna móibíleacha (nó cuirfear sa mhód eitleáin iad) fad a bheidh an doiciméad á phlé,

    h)

    ní fhéadfar an doiciméad a fhótachóipeáil ná a scanadh ach amháin ar threalamh neamhspleách (nach bhfuil nasctha le haon líonra) nó ar threalamh creidiúnaithe,

    i)

    ní dhéanfar an doiciméad a láimhseáil ná a shealbhú go sealadach lasmuigh de Limistéar Daingean ach amháin don tréimhse ama is lú a bhfuil gá léi,

    j)

    ní dhéanfaidh an sealbhóir an doiciméad rúnaicmithe a chaitheamh amach, tabharfaidh sé ar ais é lena stóráil i Limistéar Daingean, nó áiritheoidh sé go scriosfar é i stiallaire formheasta.

    4.   Stóráil

    Déanfar faisnéis chruachóipe RESTREINT UE/EU RESTRICTED a stóráil faoi ghlas i dtroscán oifige i Limistéar Daingean, agus áirítear leis an bhfaisnéis sin meáin stórála inbhainte ina bhfuil faisnéis neamhchriptithe, nó faisnéis atá criptithe trí bhíthin réiteach criptithe nach bhfuil formheasta. Féadfar í a stóráil go sealadach lasmuigh de Limistéar Daingean ar choinníoll gur gheall an sealbhóir na bearta cúiteacha ábhartha dá bhforáiltear sa dara cuid de Chuid 3 den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh.

    5.   Dáileadh agus scaoileadh

    Is é an sealbhóir atá freagrach as faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a láimhseáil agus a bhainistiú, lena n-áirítear í a dháileadh.

    Ní cheadaítear aon fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a scaoileadh gan toiliú i scríbhinn roimh ré a bheith faighte ón gCoimisiún Eorpach.

    6.   Tarchur leictreonach

    Módúlachtaí maidir le tarchur leictreonach fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED laistigh de líonraí inmheánacha rialtais na Stát Aontaithe, déanfar iad a chomhaontú cás ar chás trí chomhairliúchán idir na Páirtithe.

    7.   Faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a iompar

    Ag brath ar na modhanna atá ar fáil nó ar na himthosca ar leith, féadfar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a iompar de láimh i bhfoirm doiciméad páipéir nó ar mheáin stórála inbhainte.

    Féadfaidh níos mó ná píosa amháin d’fhaisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a bheith i gcoinsíneacht, ar choinníoll go n-urramófar an prionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’.

    An pacáistiú a úsáidfear, áiritheofar leis go gcumhdófar an t-ábhar sa chaoi go bhfuil sé as radharc. Iomprófar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED i bpacáistíocht theimhneach, amhail clúdach, fillteán teimhneach nó mála cáipéisí. Ní bheidh aon chomhartha ar an taobh amuigh den phacáistiú lena dtabharfar cineál ná leibhéal aicmiúcháin a inneachair le fios. Má tá sé in úsáid, beidh RESTREINT UE/EU RESTRICTED marcáilte ar an tsraith inmheánach den phacáistiú. Luafar sa dá shraith ainm, teideal poist agus seoladh an fhaighteora bheartaithe, chomh maith le seoladh fillte i gcás nach féidir an pacáiste a sheachadadh.

    Aon teagmhas slándála a bhaineann le faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED arna hiompar ag pearsanra údaraithe nó cúiréirí, tuairisceofar é lena imscrúdú ina dhiaidh sin d’Oifigeach Slándála Áitiúil GES agus d’Údarás na Stát Aontaithe um Shlándáil Bunáiteanna Lainseála.

    Beidh nóta seolta ag gabháil le meáin stórála inbhainte a úsáidtear chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a iompar, agus sonrófar sa nóta na meáin stórála inbhainte ina bhfuil an fhaisnéis rúnaicmithe, chomh maith leis na comhaid uile atá iontu, chun ligean don fhaighteoir na fíoruithe is gá a dhéanamh.

    Ní stórálfar ar na meáin ach na doiciméid a bhfuil gá leo. Mar shampla, níor mhór an fhaisnéis rúnaicmithe uile atá ar mhéaróg USB aonair a bheith beartaithe don fhaighteoir céanna. Cuirfidh an seoltóir san áireamh go bhféadfadh gá a bheith le leibhéal aicmiúcháin níos airde don ghaireas ina iomláine i gcás ina bhfuil méideanna móra faisnéise rúnaicmithe á stóráil ar an ngaireas sin.

    Ní úsáidfear ach amháin meáin stórála inbhainte ar a bhfuil an mharcáil aicmiúcháin iomchuí chun faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a iompar. Má tá an fhaisnéis criptithe trí bhíthin réiteach formheasta, níl aon cheanglas ann na meáin inbhainte a mharcáil.

    8.   Atáirgeadh

    Is é an láimhseálaí a dhéanfaidh faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a atáirgeadh, agus beidh an t-atáirgeadh teoranta do dhianriachtanais oibríochtúla, ar choinníoll nach bhfuil aon caveat forchurtha ag an tionscnóir. Coinneoidh láimhseálaí an doiciméid taifead ar an dáileadh a rinne sé.

    9.   Faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a mhilleadh agus a scriosadh

    Maidir le stiallairí, ní oireann chun doiciméid RESTREINT UE/EU RESTRICTED a scriosadh ach amháin stiallairí lena mbaineann Leibhéal 4 DIN 32757 agus Leibhéal 5 DIN 66399, nó a gcoibhéis. Féadfar an páipéir stiallta ó stiallairí formheasta a dhiúscairt mar ghnáthdhramhaíl oifige.

    Déanfar gach meán agus gach gaireas ina bhfuil faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a dhíghalrú i gceart nuair a bheidh deireadh a shaolré sroichte aige. Déanfar na sonraí leictreonacha a mhilleadh nó a scriosadh ó acmhainní teicneolaíochta faisnéise agus ó na meáin stórála ghaolmhara ar bhealach lena dtabharfar dearbhú réasúnta nach féidir an fhaisnéis a aisghabháil. Aon sláintiú a dhéanfar, bainfidh sé na sonraí den ghléas stórála, mar aon le gach lipéad, marcáil agus loga gníomhaíochta.

    10.   Scaoileadh ó rúnaicmiú

    Ní dhéanfar faisnéis RESTREINT UE/EU RESTRICTED a scaoileadh ó rúnaicmiú gan cead ón gCoimisiún Eorpach.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1214/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top