EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D2346

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 30/2023 an 17 Márta 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2346]

IO L, 2023/2346, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2346/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2346/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2346

26.10.2023

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 30/2023

an 17 Márta 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2346]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/925 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 maidir le galair liostaithe ainmhithe uisceacha agus liosta na speiceas agus na ngrúpaí speiceas lena mbaineann riosca suntasach maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1183 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a mhéid a bhaineann le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe áirithe a bhrath (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1218 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 maidir le formheas an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1188 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 a mhéid a bhaineann le Ballstáit nó le codanna díobh a bhformheastar bearta náisiúnta ina leith maidir le galair áirithe ainmhithe uisceacha i gcomhréir le hAirteagal 226(3) de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32022 R 0925: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/925 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 (IO L 160, 15.6.2022, lch. 30).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 13k (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32022 R 1183: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1183 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2022 (IO L 184, 11.7.2022, lch. 6).’

3.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13o (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 ón gCoimisiún):

‘-

32022 D 1188: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1188 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2022 (IO L 184, 11.7.2022, lch. 59).’

4.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13r (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún):

‘-

32022 R 1218: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1218 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 (IO L 188, 15.7.2022, lch. 65).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/925, (AE) 2022/1183 agus (AE) 2022/1218 agus Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1188 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Márta 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2023.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 160, 15.6.2022, lch. 30.

(2)   IO L 184, 11.7.2022, lch. 6.

(3)   IO L 188, 15.7.2022, lch. 65.

(4)   IO L 184, 11.7.2022, lch. 59.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2346/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top