Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D2237

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 82/2023 an 28 Aibreán 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2237]

    IO L, 2023/2237, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2237/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2237/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2237

    9.11.2023

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 82/2023

    an 28 Aibreán 2023

    lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2237]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1519 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais is infheidhme maidir le táirgí leasacháin AE ina bhfuil comhdhúile coisctheacha agus maidir le hiarphróiseáil díleáiteáin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1 (Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XIV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

    ‘—

    32022 R 1519: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1519 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 (IO L 236, 13.9.2022, lch. 5).’

    Airteagal 2

    Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1519 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 29 Aibreán 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 77/2023 ó Chomhchoiste LEE an 28 Aibreán 2023 (2), cibé acu is déanaí.

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.

    Thar ceann Chomhchoiste an LEE

    An tUachtarán

    Nicolas VON LINGEN


    (1)   IO L 236, 13.9.2022, lch. 5.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

    (2)   IO L, 2023/2233, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2233/oj.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2237/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top