Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D1399

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 140/2020 an 25 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XVI (Soláthar poiblí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1399]

    PUB/2023/33

    IO L 173, 6.7.2023, p. 42–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1399/oj

    6.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 173/42


    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 140/2020

    an 25 Meán Fómhair 2020

    lena leasaítear Iarscríbhinn XVI (Soláthar poiblí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1399]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha maidir le foilsiú fógraí i réimse an tsoláthair phoiblí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 (‘ríomhfhoirmeacha’) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 aisghairtear, le héifeacht ón 25 Deireadh Fómhair 2023, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 ón gCoimisiún (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE le héifeacht ón 25 Deireadh Fómhair 2023.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

    1.

    Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 6h (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1804 ón gCoimisiún):

    ‘6i.

    32019 R 1780: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha maidir le foilsiú fógraí i réimse an tsoláthair phoiblí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 (‘ríomhfhoirmeacha’) (IO L 272, 25.10.2019, lch. 7).’

    2.

    Scriosfar téacs phointe 6g (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 ón gCoimisiún) le héifeacht ón 25 Deireadh Fómhair 2023.

    Airteagal 2

    Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Meán Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2020.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Sabine MONAUNI


    (1)  IO L 272, 25.10.2019, lch. 7.

    (2)  IO L 296, 12.11.2015, lch. 1.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    Top