This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D0805
Decision of the EEA Joint Committee No 276/2022 of 23 September 2022 amending Protocol 47 to the EEA Agreement, on the abolition of technical barriers to trade in wine [2023/805]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 276/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil fíona a dhíothú [2023/805]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 276/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil fíona a dhíothú [2023/805]
IO L 106, 20.4.2023, p. 90–91
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/90 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 276/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil fíona a dhíothú [2023/805]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1146 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí na dtáirgí fíniúna, leis na cleachtais fíoneolaíochta agus leis na srianta is infheidhme (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le fíon a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le fíon, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa seachtú mír den réamhrá i bPrótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 10 (Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún) d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE:
“— |
32018 R 1146: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1146 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2018 (IO L 208, 17.8.2018, lch. 9).” |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1146 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 273/2022 ó Chomhchoiste LEE an 23 Meán Fómhair 2022 (2), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 208, 17.8.2018, lch. 9.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
(2) IO L 81