This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D0796
Decision of the EEA Joint Committee No 267/2022 of 23 September 2022 amending Annex XX (Environment) to the EEA Agreement (2023/796)
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 267/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE (2023/796)
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 267/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE (2023/796)
IO L 106, 20.4.2023, p. 70–71
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/70 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 267/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE (2023/796)
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1014/2010, (AE) Uimh. 293/2012, (AE) 2017/1152 agus (AE) 2017/1153 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1014/2010 ón gCoimisiún (2) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 293/2012 ón gCoimisiún (3), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 aisghairtear, le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/1152 (4) agus (AE) 2017/1153 (5) ón gCoimisiún, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE le héifeacht ón 1 Eanáir 2025. |
(4) |
De bhua Chinneadh Uimh. 168/2020 ó Chomhchoiste LEE an 23 Deireadh Fómhair 2020 (6), níl feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún maidir le Lichtinstéin. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21azkd (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/941 ón gCoimisiún):
|
2. |
Scriosfar téacs phointí 21aec (Rialachán (AE) Uimh. 1014/2010 ón gCoimisiún) agus 21aya (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 293/2012 ón gCoimisiún). |
3. |
Scriosfar téacs phointí 21aey (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 ón gCoimisiún) agus 21aez (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153 ón gCoimisiún) le héifeacht ón 1 Eanáir 2025. |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 77, 5.3.2021, lch. 8.
(2) IO L 293, 11.11.2010, lch. 15.
(3) IO L 98, 4.4.2012, lch. 1.
(4) IO L 175, 7.7.2017, lch. 644.
(5) IO L 175, 7.7.2017, lch. 679.
(6) Níor foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.