EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0785

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 256/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/785]

IO L 106, 20.4.2023, p. 56–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/785/oj

20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/56


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 256/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/785]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/172 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr-raoin laistigh de bhandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 5czq (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

32022 D 0172: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/172 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 (IO L 28, 9.2.2022, lch. 21).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/172 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)  IO L 28, 9.2.2022, lch. 21.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top