Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0783

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 254/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/783]

    IO L 106, 20.4.2023, p. 54–54 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/783/oj

    20.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 106/54


    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 254/2022

    an 23 Meán Fómhair 2022

    lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/783]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/180 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir leis an nuashonrú ar choinníollacha teicniúla comhchuibhithe i réimse na húsáide speictrim raidió le haghaidh gairis gearr-raoin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 5cz (Cinneadh 2006/771/CE ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

    ‘—

    32022 D 0180: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/180 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 (IO L 29, 10.2.2022, lch. 17 ).’

    Airteagal 2

    Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/180 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Kristján AndriSTEFÁNSSON


    (1)  IO L 29, 10.2.2022, lch. 17.

    (*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    Top