Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0782

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 253/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/782]

    IO L 106, 20.4.2023, p. 53–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/782/oj

    20.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 106/53


    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 253/2022

    an 23 Meán Fómhair 2022

    lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/782]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú bhandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173, aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE ón gCoimisiún (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 1a (Cinneadh 2009/766/CE ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

    32022 D 0173: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú bhandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE (IO L 28, 9.2.2022, lch. 29).’

    Airteagal 2

    Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Kristján Andri STEFÁNSSON


    (1)  IO L 28, 9.2.2022, lch. 29.

    (2)  IO L 274, 20.10.2009, lch. 32.

    (*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    Top