EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D0769
Decision of the EEA Joint Committee No 240/2022 of 23 September 2022 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2023/769]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 240/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE (2023/769)
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 240/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE (2023/769)
IO L 106, 20.4.2023, p. 26–27
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
20.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/26 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 240/2022
an 23 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE (2023/769)
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/209 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena mbunaítear formáid na sonraí atá le bailiú agus le tuairisciú chun méid na ndíolachán agus úsáid táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha in ainmhithe a chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 22g (Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1760 ón gCoimisiún) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘22h. |
32022 R 0209: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/209 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena mbunaítear formáid na sonraí atá le bailiú agus le tuairisciú chun méid na ndíolachán agus úsáid táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha in ainmhithe a chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 17.2.2022, lch. 7).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/209 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Kristján Andri STEFÁNSSON
(1) IO L 35, 17.2.2022, lch. 7.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.