EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0768

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 239/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/768]

IO L 106, 20.4.2023, p. 25–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/768/oj

20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/25


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 239/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/768]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2022/510 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le táillí na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí a choigeartú don ráta boilscithe le héifeacht ón 1 Aibreán 2022 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 15h (Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32022 R 0510: Rialachán (AE) 2022/510 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 (IO L 103, 31.3.2022, lch. 3).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2022/510 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)  IO L 103, 31.3.2022, lch. 3.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top