Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0761

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 232/2022 an 23 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/761]

    PUB/2022/1132

    IO L 106, 20.4.2023, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/761/oj

    20.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 106/11


    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 232/2022

    an 23 Meán Fómhair 2022

    lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/761]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/195 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2022 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 a mhéid a bhaineann leis an doiciméad faisnéise, na deimhnithe ar cheadú feithicle, an bhileog torthaí tástála agus na deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir (1), arna cheartú le IO L 89, 17.3.2022, lch. 10, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 51a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún) de Chaibidil I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

    ‘, arna leasú le:

    32022 R 0195: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/195 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2022 (IO L 31, 14.2.2022, lch. 27), arna cheartú le IO L 89, 17.3.2022, lch. 10.’

    Airteagal 2

    Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/195, arna cheartú le IO L 89, 17.3.2022, lch. 10, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 52/2022 ó Chomhchoiste LEE an 18 Márta 2022 (2), cibé acu is déanaí.

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Kristján AndriSTEFÁNSSON


    (1)  IO L 31, 14.2.2022, lch. 27.

    (*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

    (2)  IO L 182, 7.7.2022, lch. 24.


    Top