This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D0351
Decision of the EEA Joint Committee No 37/2020 of 20 March 2020 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2023/351]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 37/2020 an 20 Márta 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/351]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 37/2020 an 20 Márta 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/351]
IO L 57, 23.2.2023, p. 15–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
23.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 57/15 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 37/2020
an 20 Márta 2020
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/351]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1993 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 maidir le haithint na scéime ‘Trade Assurance Scheme for Combinable Crops’ chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta faoi Threoracha 98/70/CE agus 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 6azb (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1175 ón gCoimisiún) de Chaibidil XVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘6azc. |
32019 D 1993: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1993 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 maidir le haithint na scéime ‘Trade Assurance Scheme for Combinable Crops’ chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta faoi Threoracha 98/70/CE agus 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú (IO L 308, 29.11.2019, lch. 110).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1993 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2020.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 308, 29.11.2019, lch. 110.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.