This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D0304
Decision of the EEA Joint Committee No 26/2020 of 7 February 2020 amending Annex XVI (Procurement) to the EEA Agreement [2023/304]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 26/2020 an 7 Feabhra 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XVI (Soláthar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/304]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 26/2020 an 7 Feabhra 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XVI (Soláthar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/304]
IO L 49, 16.2.2023, p. 55–56
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
16.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 49/55 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 26/2020
an 7 Feabhra 2020
lena leasaítear Iarscríbhinn XVI (Soláthar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/304]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1827 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha do lamháltais (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1828 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha do chonarthaí poiblí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus do chomórtais deartha (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1829 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha do chonarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus do chomórtais deartha (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1830 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha do chonarthaí soláthair, seirbhíse agus oibreacha (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 2 (Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
2. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 4 (Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
3. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 5c (Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
4. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 6f (Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/1827, (AE) 2019/1828, (AE) 2019/1829 agus (AE) 2019/1830 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2020.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 279, 31.10.2019, lch. 23.
(2) IO L 279, 31.10.2019, lch. 25.
(3) IO L 279, 31.10.2019, lch. 27.
(4) IO L 279, 31.10.2019, lch. 29.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.