EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0288

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 10/2020 an 7 Feabhra 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/288]

IO L 49, 16.2.2023, p. 26–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/288/oj

16.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 49/26


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 10/2020

an 7 Feabhra 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/288]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/1390 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2019 lena leasaítear, chun críoch a hoiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 lena leagtar síos na modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12zza (Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32019 R 1390: Rialachán (AE) 2019/1390 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2019 (IO L 247, 26.9.2019, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/1390 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT


(1)  IO L 247, 26.9.2019, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top