This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D0086
Decision of the EEA Joint Committee No 263/2019 of 25 October 2019 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2023/86]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 263/2019 an 25 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/86]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 263/2019 an 25 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/86]
IO L 11, 12.1.2023, p. 30–30
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/30 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 263/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/86]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1094 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2019 lena n-údaraítear do na Ballstáit maoluithe áirithe a ghlacadh de bhun Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13c (Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘— |
32019 D 1094: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1094 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2019 (IO L 173, 27.6.2019, lch. 52).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1094 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 173, 27.6.2019, lch. 52.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.