EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D2169

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 177/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2169]

IO L 291, 10.11.2022, p. 68–68 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2169/oj

10.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 291/68


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 177/2019

an 14 Meitheamh 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2169]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/226 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 maidir le liosta na n-oibreoirí aerárthaí a rinne gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE an 1 Eanáir 2006 nó ina dhiaidh sin, lena sonraítear an Ballstát riaracháin do gach oibreoir aerárthaí (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 21as (Rialachán (CE) Uimh. 748/2009 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32019 R 0226: Rialachán (AE) 2019/226 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2019 (IO L 41, 12.2.2019, lch. 100).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/226 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Claude MAERTEN


(1)  IO L 41, 12.2.2019, lch. 100.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top