EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D2159

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 167/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2159]

IO L 291, 10.11.2022, p. 54–55 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2159/oj

10.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 291/54


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 167/2019

an 14 Meitheamh 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2159]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/806 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí a bhaineann le formáid thrustmharc AE le haghaidh seirbhísí iontaoibhe cáilithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1505 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí agus formáidí teicniúla a bhaineann le liostaí iontaoibhe de bhun Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí i ndáil le formáidí ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag comhlachtaí san earnáil phoiblí de bhun Airteagal 27(5) agus Airteagal 37(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/650 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena leagtar síos caighdeáin i ndáil le measúnú slándála ar ghléasanna cruthaithe sínithe agus séala cáilithe de bhun Airteagal 30(3) agus Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 5la (Cinneadh 2000/709/CE ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘5lb.

32015 R 0806: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/806 an 22 Bealtaine 2015 ón gCoimisiún lena leagtar síos sonraíochtaí a bhaineann le formáid thrustmharc AE le haghaidh seirbhísí iontaoibhe cáilithe (IO L 128, 23.5.2015, lch. 13).

5lc.

32015 D 1505: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1505 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí agus formáidí teicniúla a bhaineann le liostaí iontaoibhe de bhun Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 26).

5ld.

32015 D 1506: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí i ndáil le formáidí ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag comhlachtaí san earnáil phoiblí de bhun Airteagal 27(5) agus Airteagal 37(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 37).

5le.

32016 D 0650: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/650 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena leagtar síos caighdeáin i ndáil le measúnú slándála ar ghléasanna cruthaithe sínithe agus séala cáilithe de bhun Airteagal 30(3) agus Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 109, 26.4.2016, lch. 40).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/806 agus Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1505, (AE) 2015/1506 agus (AE) 2016/650 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*), nó ar dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 22/2018 ó Chomhchoiste LEE an 9 Feabhra 2018 (5), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Claude MAERTEN


(1)  IO L 128, 23.5.2015, lch. 13.

(2)  IO L 235, 9.9.2015, lch. 26.

(3)  IO L 235, 9.9.2015, lch. 37.

(4)  IO L 109, 26.4.2016, lch. 40.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(5)  IO L 323, 12.12.2019, lch. 45.


Top