This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22022D2152
Decision of the EEA Joint Committee No 160/2019 of 14 June 2019 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) and Annex XX (Environment) to the EEA Agreement [2022/2152]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 160/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2152]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 160/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2152]
IO L 291, 10.11.2022, p. 40–41
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
10.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 291/40 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 160/2019
an 14 Meitheamh 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2152]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní II agus XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 9b (Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘ 32014 R 0517: Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195). Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:
|
Airteagal 2
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 21aq (Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘ 32014 R 0517: Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195). Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:
|
Airteagal 3
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Claude MAERTEN
(1) IO L 150, 20.5.2014, lch. 195.
(2) IO L 161, 14.6.2006, lch. 1.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.