Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D1149

Cinneadh Uimh. 81/2022 ó Chomhchoiste LEE an 18 Márta 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1149]

PUB/2022/335

IO L 182, 7.7.2022, p. 70–71 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1149/oj

7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 182/70


CINNEADH Uimh. 81/2022 Ó CHOMHCHOISTE LEE

an 18 Márta 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/1149]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1429 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh ag na Ballstáit orthu (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1430 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun na sonraí a shonrú a bheidh le tuairisciú ag na Ballstáit chun críocha na hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair a fhíorú (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas i bpointe 21azk (Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

“-

32021 R 1429: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1429 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 (IO L 309, 2.9.2021, lch. 1).”

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21azkb, (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1079 ón gCoimisiún):

“21azkc.

32021 R 1430: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1430 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun na sonraí a shonrú a bheidh le tuairisciú ag na Ballstáit chun críocha na hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair a fhíorú (IO L 309, 2.9.2021, lch. 3).”

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2021/1429 agus (AE) 2021/1430 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 19 Márta 2022, ar an gcoinníoll go mbeifear tar éis na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE a dhéanamh (*), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 396/2021 ó Chomhchoiste LEE an 10 Nollaig 2021 (3), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Márta 2022.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 309, 2.9.2021, lch. 1.

(2)   IO L 309, 2.9.2021, lch. 3.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(3)  (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).


Top