Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M/PRO/34

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
    PRÓTACAL (Uimh. 34) AR SHOCRUITHE SPEISIALTA DON GHRAONLAINN

    IO C 202, 7.6.2016, p. 319–319 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/pro_34/oj

       

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/319


    PRÓTACAL (Uimh. 34)

    AR SHOCRUITHE SPEISIALTA DON GHRAONLAINN

    Airteagal aonair

    1.   An chóir a thugtar, ar a n-allmhairiú isteach san Aontas, do tháirgí atá faoi réir ag comheagraíocht an mhargaidh do tháirgí iascaireachta agus ar de thionscnamh na Graonlainne iad, beidh ar áireamh inti, gan dochar do shásra chomheagraíocht an mhargaidh, díolúine ó dhleachtanna custaim agus ó mhuirir chomhéifeachta agus saoirse ó shrianta cainníochtúla agus bearta comhéifeachta, más sásúil don Aontas na deiseanna rochtana ar limistéir iascaireachta na Graonlainne a dheonófar don Aontas de bhun comhaontú idir an tAontas agus an t-údarás is freagrach as an nGraonlainn.

    2.   Na bearta uile a bhaineann leis na socruithe d'allmhairiú na dtáirgí sin, ar a n-áirítear iad siúd a bhaineann le glacadh na mbeart sin, glacfar iad de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


    Top