EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E284

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
ROINN 6 - AN BANC CEANNAIS EORPACH
Airteagal 284 (sean-Airteagal 113 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 168–168 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_284/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/168


Airteagal 284

(sean-Airteagal 113 CCE)

1.   Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta den Choimisiún bheith rannpháirteach, gan ceart vótála, i gcruinnithe Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Féadfaidh Uachtarán na Comhairle tairiscint plé a chur faoi bhráid Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

2.   Iarrfar ar Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle nuair a bheidh ceisteanna a bhaineann le cuspóirí agus le cúraimí CEBC á bplé ag an gComhairle.

3.   Díreoidh an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí CEBC agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig an gComhairle Eorpach freisin. Tíolacfaidh Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh an tuarascáil sin don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa; féadfaidh Parlaimint na hEorpa díospóireacht ghinearálta a chur ar siúl ar an mbonn sin.

Féadfaidh na coistí inniúla de chuid Pharlaimint na hEorpa Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a éisteacht arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Uachtarán agus do na comhaltaí ar a dtionscnamh féin.


Top