Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012M044

    An Conradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite) - TEIDEAL V FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2 FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - ROINN 2 FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA - Airteagal 44

    IO C 326, 26.10.2012, p. 39–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2012/art_44/oj

    26.10.2012   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

    TEIDEAL V

    FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

    CAIBIDIL 2

    FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

    ROINN 2

    FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA

    Airteagal 44

    1.   Faoi chuimsiú na gcinntí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 43, féadfaidh an Chomhairle cur chun feidhme cúraim a chur ar ghrúpa Ballstát a bheidh toilteanach agus a mbeidh an cumas is gá acu le haghaidh cúraim den sórt sin. Comhaontóidh na Ballstáit sin eatarthu féin, i gcomhlachas le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, maidir le bainistiú an chúraim.

    2.   Coinneoidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chúram an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoina dhul chun cinn, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát eile. Cuirfidh na Ballstáit sin an Chomhairle ar an eolas láithreach más léir go leanfadh móriarmhairtí ón gcúram a chur i gcrích nó gur ghá leasú ar an gcuspóir, ar an raon feidhme agus ar na coinníollacha arna socrú don chúram sna cinntí dá dtagraítear i mír 1. Sna cásanna sin, glacfaidh an Chomhairle na cinntí is gá.


    Top