Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12006M013

    Chonartha ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite)
    Teideal V - Forálacha maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála
    Airteagal 13

    IO C 321E, 29.12.2006, p. 15–15 (ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2006/art_13/oj

    12006M013

    Chonartha ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite) - Teideal V - Forálacha maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála - Airteagal 13

    Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0015 - 0015
    Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0014 - Consolidated version
    Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0156 - Consolidated version
    Official Journal C 191 , 29/07/1992 P. 0058


    Airteagal 13

    1. Saineoidh an Chomhairle Eorpach prionsabail agus treoirlínte ginearálta an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear ábhair a bhfuil impleachtaí cosanta acu.

    2. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh maidir le comhstraitéisí a bheidh le cur chun feidhme ag an Aontas sna réimsí ina bhfuil comhleasanna tábhachtacha ag na Ballstáit.

    Leagfar amach sna comhstraitéisí sin na cuspóirí atá leo, a ré agus na hacmhainní a chuirfidh an tAontas agus na Ballstáit ar fáil.

    3. Glacfaidh an Chomhairle na cinntí is gá chun an comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme ar bhonn na dtreoirlínte ginearálta arna sainiú ag an gComhairle Eorpach.

    Molfaidh an Chomhairle comhstraitéisí don Chomhairle Eorpach agus cuirfidh sí chun feidhme iad, go háirithe trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus comhsheasaimh a ghlacadh.

    Áiritheoidh an Chomhairle aontacht, comhchuibheas agus éifeachtúlacht ghníomhaíocht an Aontais.

    --------------------------------------------------

    Top