EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12006E141
Treaty establishing the European Community (consolidated version)#Part Three - Community policies#TITLE XI - Social policy, education, vocational training and youth#Chapter 1 - Social provisions#Article 141
Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite)
Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail
TEIDEAL XI - Bear tas sóisialta, oideachas, gairmoiliúint agus an óige
Caibidil 1 - Forálacha sóisialta
Airteagal 141
Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite)
Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail
TEIDEAL XI - Bear tas sóisialta, oideachas, gairmoiliúint agus an óige
Caibidil 1 - Forálacha sóisialta
Airteagal 141
IO C 321E, 29.12.2006, p. 110–110
(ES, CS, ET, EL, GA, LV, LT, HU, MT, PT, SK, SL, FI)
In force
Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail - TEIDEAL XI - Bear tas sóisialta, oideachas, gairmoiliúint agus an óige - Caibidil 1 - Forálacha sóisialta - Airteagal 141
Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0110 - 0110
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0096 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0242 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0045 - Consolidated version
(EEC Treaty - no official publication available)
Airteagal 141 1. Áiritheoidh gach Ballstát cur chun feidhme an phrionsabail go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna. 2. Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn "pá" an gnáthphá nó an gnáth-thuarastal bunaidh nó íosta maille le haon chomaoin eile, in airgead nó i gcomhchineál, a fhaigheann an t-oibrí, go díreach nó go hindíreach, óna fhostóir as ucht a fhostaíochta. Ciallaíonn "pá comhionann gan idirdhealú bunaithe ar ghnéas": (a) go ndéantar an pá as an obair chéanna ar thascrátaí a ríomh ar bhonn an aonaid tomhais chéanna; (b) i gcás obair de réir amrátaí gurb é an pá céanna a íoctar as an jab céanna. 3. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, bearta a ghlacadh d'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, lena n-áirítear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. 4. D'fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir fir agus mná a áirithiú i saol na hoibre, ní chuirfidh prionsabal na córa comhionainne cosc ar aon Bhallstát bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh. --------------------------------------------------