EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12006E088

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite)
Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail
TEIDEAL VI - Comhrialacha maidir le hiomaíocht, le cánachas agus le comhfhogasú reachtaíochta
Caibidil 1 - Rialacha iomaíochta
Roinn 2 - Cabhracha ó Stáit
Airteagal 88

IO C 321E, 29.12.2006, p. 77–78 (ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tec_2006/art_88/oj

12006E088

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail - TEIDEAL VI - Comhrialacha maidir le hiomaíocht, le cánachas agus le comhfhogasú reachtaíochta - Caibidil 1 - Rialacha iomaíochta - Roinn 2 - Cabhracha ó Stáit - Airteagal 88

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0077 - 0078
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0067 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0211 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0030 - Consolidated version
(EEC Treaty - no official publication available)


Airteagal 88

1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na córais chabhrach go léir sna Stáit sin a choimeád faoi bhreithniú i gcónaí. Molfaidh sé do na Stáit sin aon bhearta iomchuí is gá chun an cómhargadh a fhorbairt go comhleanúnach nó chun a fheidhmithe.

2. Más rud é, tar éis fógra a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann a mbarúlacha a chur isteach, go bhfaighidh an Coimisiún go bhfuil cabhair a thug Stát nó a tugadh trí bhíthin acmhainní Stáit gan bheith ag luí leis an gcómhargadh ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 87, nó go bhfuil an chabhair sin á mí-úsáid, cinnfidh sé go ndlíonn an Stát sin an chabhair sin a dhíothú nó a athrú laistigh de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún.

Mura gcomhlíonfaidh an Stát áirithe an cinneadh sin laistigh den tréimhse ordaithe, féadfaidh an Coimisiún nó aon Stát leasmhar eile, de mhaolú ar fhorálacha Airteagail 226 agus 227, an t-ábhar a thabhairt faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais go díreach.

Féadfaidh an Chomhairle, ar iarratas ó Bhallstát, ag gníomhú di d'aon toil, a chinneadh go measfar cabhair atá á tabhairt nó le tabhairt ag an Stát sin a bheith ag luí leis an gcómhargadh, de mhaolú ar fhorálacha Airteagal 87 nó ar na rialacháin dá bhforáiltear in Airteagal 89, má fhágann imthosca eisceachtúla gur cinneadh cóir é sin. Más rud é maidir leis an gcabhair sin, go bhfuil an Coimisiún tar éis an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír den mhír sin a thionscnamh cheana féin, beidh d'éifeacht ag an iarratas chun na Comhairle ón Stát atá i gceist go bhfionrófar an nós imeachta sin go dtí gur feasach cad é dearcadh na Comhairle.

Más rud é, áfach, nach mbeidh a dearcadh curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thrí mhí ó rinneadh an t-iarratas sin, tabharfaidh an Coimisiún a chinneadh ar an gcás.

3. Cuirfear i bhfios don Choimisiún, in am trátha ionas go bhféadfaidh sé a bharúlacha a thabhairt, aon phleananna chun cabhair a thabhairt nó a athrú. Má mheasann sé go bhfuil aon phlean den sórt sin gan bheith ag luí leis an gcómhargadh, ag féachaint d'Airteagal 87, tionscnóidh sé, gan mhoill, an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2. Ní chuirfidh an Ballstát áirithe na bearta atá ceaptha aige in éifeacht go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach de thoradh an nós imeachta sin.

--------------------------------------------------

Top