EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12003TN12/04

Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe - Iarscríbhinn XII: Liosta dá dtagraítear in Airteagal 24 den Ionstraim Aontachais: An Pholainn - 4. SAORGHLUAISEACHT CHAIPITIL

IO L 236, 23.9.2003, p. 878–879 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

12003TN12/04



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0878 - 0879


4. SAORGHLUAISEACHT CHAIPITIL

An Conradh ar an Aontas Eorpach,

An Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

1. D'ainneoin na n-oibleagáidí faoi na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, féadfaidh an Pholainn na rialacha maidir le háiteanna cónaithe tánaisteacha atá leagtha síos in Acht an 24 Márta 1924 um Eachtrannaigh Eastát Réadach a Fháil (Dz.U. 1996, Nr 54, poz. 245 maille le leasuithe), mar atá arna leasú, a choimeád i bhfeidhm go ceann cúig bliana ó dháta an aontachais.

Náisiúnaigh de na Ballstáit agus náisiúnaigh de na Stáit is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a raibh cónaí orthu go dleathach sa Pholainn ar feadh ceithre bliana leanúnacha, ní bheidh siad, a mhéad a bhaineann le háiteanna cónaithe tánaisteacha a fháil, faoi réir fhorálacha na fomhíre sin roimhe seo ná aon nósanna imeachta eile seachas nósanna imeachta a bhfuil náisiúnaigh na Polainne faoina réir.

2. D'ainneoin na n-oibleagáidí faoi na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, féadfaidh an Pholainn na rialacha atá leagtha síos in Acht an 24 Márta 1924 um Eachtrannaigh Eastát Réadach a Fháil (Dz.U. 1996, Nr 54, poz. 245 maille le leasuithe), mar atá arna leasú, maidir le talamh talmhaíochta agus foraoiseacha a fháil a choimeád i bhfeidhm go ceann dhá bhliain déag ó dháta an aontachais. Ní fhéadfar i gcás ar bith cóir is lú fabhar ná mar a bhí ann ar dháta sínithe an Chonartha Aontachais a chur ar náisiúnaigh de na Ballstáit nó ar dhaoine dlítheanacha arna bhfoirmiú i gcomhréir le dlíthe Ballstáit eile i leith talamh talmhaíochta agus foraoiseacha a fháil.

Náisiúnaigh de Bhallstát eile nó de Stát is páirtí sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ar mian leo iad féin a bhunú mar fheirmeoirí féinfhostaithe agus a raibh cónaí orthu, agus talamh á léasú acu mar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, go dleathach sa Pholainn ar feadh trí bliana leanúnacha ar a laghad, ní bheidh siad faoi réir fhorálacha na fomhíre sin roimhe seo ná aon nósanna imeachta eile seachas nósanna imeachta a bhfuil náisiúnaigh na Polainne faoina réir a mhéad a bhaineann le talamh talmhaíochta agus foraoiseacha a fháil ó dháta an aontachais. I gcúigí Warmińsko-Mazurskie, Pomorskie, Kujawsko-Pomorskie, Zachodniopomorskie, Lubuskie, Dolnośląskie, Opolskie agus Wielkopolskie, fadófar an tréimhse chónaithe agus léasaithe atá sonraithe san abairt sin roimhe seo go seacht mbliana. Déanfar an tréimhse léasa roimh an talamh a cheannach a ríomh go leithleach do gach náisiúnach de Bhallstát a bhí ag léasú talaimh sa Pholainn ó dháta deimhnithe an chomhaontaithe bhunaidh léasa. Is féidir le feirmeoirí féinfhostaithe a bhí ag léasú talaimh mar dhaoine dlítheanacha seachas mar dhaoine nádúrtha cearta an duine dhlítheanaigh faoin gcomhaontú léasa a aistriú chucu féin mar dhaoine nádúrtha. D'fhonn an tréimhse léasa roimh an gceart ceannaigh a ríomh, áireofar tréimhse léasa na gconarthaí mar dhaoine dlítheanacha. Is féidir dáta deimhnithe a sholáthar go haisghníomhach do chomhaontuithe léasa de chuid daoine nádúrtha agus áireofar tréimhse iomlán léasa na gconarthaí deimhnithe. Ní bheidh aon teorainneacha ama d'fheirmeoirí féinfhostaithe chun a gconarthaí reatha a chlaochlú i gconarthaí mar dhaoine nádúrtha nó i gconarthaí i scríbhinn maille le dáta deimhnithe. Beidh an nós imeachta chun conarthaí léasa a chlaochlú trédhearcach agus ní bheidh sé ina bhac nua ar chúinse ar bith.

Déanfar athbhreithniú ginearálta ar na bearta idirthréimhseacha sin sa tríú bliain tar éis dháta an aontachais. Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, a chinneadh an idirthréimhse atá sonraithe sa chéad fhomhír a ghiorrú nó deireadh a chur léi.

Le linn na hidirthréimhse, déanfaidh an Pholainn nós imeachta um údarú arna leagan síos ag an dlí a cur i bhfeidhm a áiritheoidh go bhfuil deonú údaruithe chun eastát réadach a fháil sa Pholainn bunaithe ar chritéir atá trédhearcach, oibiachtúil, cobhsaí agus poiblí. Cuirfear na critéir sin i bhfeidhm ar dhóigh neamhidirdhealaitheach agus ní dhifreálfaidh siad idir náisiúnaigh de na Ballstáit a bhfuil cónaí orthu sa Pholainn.

--------------------------------------------------

Top