This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 11997D/TXTR(04)
Miontuairisc cheartaitheach maidir le Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe, sínithe ag Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997 ( IO C 340 Eagrán Speisialta Gaeilge, 10.11.1997 )
Miontuairisc cheartaitheach maidir le Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe, sínithe ag Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997 ( IO C 340 Eagrán Speisialta Gaeilge, 10.11.1997 )
IO C 378, 23.12.2011, p. 7–7
(GA)
ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/ams/corrigendum/2011-12-23/2/oj
23.12.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/7 |
MIONTUAIRISC CHEARTAITHEACH
maidir le Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe, sínithe ag Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997
( IO C 340 Eagrán Speisialta Gaeilge, 10 Samhain 1997 )
2011/C 378/03
Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh sa Róimh an 2 Nollaig 2011 arb é Rialtas Phoblacht na hIodáile a taiscí.
1. |
Sa Phrótacal maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 7a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn: |
(a) |
Airteagal 1: |
(i) |
leathanach 97, an chéad mhír: |
in ionad:
“…, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal cibé rialuithe a mheasfaidh sí is gá a fheidhmiú ag a teorainneacha le Ballstáit eile ar dhaoine ag lorg iontráil sa Ríocht Aontaithe:
(a) |
d'fhonn a fhíorú an bhfuil an ceart chun iontráil sa Ríocht Aontaithe ag …”, |
léitear:
“…, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal cibé rialuithe a mheasfaidh sí is gá a fheidhmiú ag a teorainneacha le Ballstáit eile ar dhaoine atá ag iarraidh teacht isteach sa Ríocht Aontaithe:
(a) |
d'fhonn a fhíorú an bhfuil an ceart chun teacht isteach sa Ríocht Aontaithe ag saoránaigh …”; |
(ii) |
leathanach 97, an chéad mhír: |
in ionad:
“(b) |
d'fhonn a chinneadh an dtabharfar nó nach dtabharfar cead do dhaoine eile iontráil sa Ríocht Aontaithe.”, |
léitear:
“(b) |
d'fhonn a chinneadh an dtabharfar nó nach dtabharfar cead do dhaoine eile teacht isteach sa Ríocht Aontaithe.”; |
(b) |
leathanach 98, i dtéacs Airteagal 3, an chéad mhír: |
in ionad:
“Beidh na Ballstáit eile i dteideal rialuithe den sórt sin a fheidhmiú ag a dteorainneacha nó ag aon phointe iontrála ar a gcríocha ar dhaoine ag lorg iontráil ar a gcríocha ón Ríocht Aontaithe nó ó aon chríocha a bhfuil sí freagrach as a gcaidreamh seachtrach chun na gcríoch céanna atá luaite in Airteagal 1 den Phrótacal seo, nó ó Éirinn fad a bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn.”,
léitear:
“Beidh na Ballstáit eile i dteideal rialuithe den sórt sin a fheidhmiú ag a dteorainneacha nó ag aon phointe teacht isteach ina gcríocha ar dhaoine atá ag iarraidh teacht isteach ina gcríocha ón Ríocht Aontaithe nó ó aon chríocha a bhfuil sí freagrach as a gcaidreamh seachtrach chun na gcríoch céanna atá luaite in Airteagal 1 den Phrótacal seo, nó ó Éirinn fad a bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn.”.
2. |
Leathanach 99, sa Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, in Airteagal 3(1), sa chéad abairt: |
in ionad:
“…, gur mian léi bheith rannpháirteach le linn aon bheart beartaithe den sórt sin a ghlacadh …”,
léitear:
“…, gur mian léi bheith rannpháirteach in aon bheart beartaithe den sórt sin a ghlacadh …”.