Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02023XC0317(01)-20231121

    Consolidated text: Teachtaireacht ón gCoimisiún Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine

    02023XC0317(01) — GA — 21.11.2023 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

    Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine

    (IO C 101 17.3.2023, lch. 3)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN  Leasú ar an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh Bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine C/2023/1188

      C 

    1

    21.11.2023




    ▼B

    TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

    Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine

    2023/C 101/03

    1.    IONSAÍ NA RÚISE IN AGHAIDH NA hÚCRÁINE, A THIONCHAR AR GHEILLEAGAR AN AONTAIS AGUS AN GÁ ATÁ LE BEARTA SEALADACHA STÁTCHABHRACH

    (1) An 24 Feabhra 2022, tar éis di limistéir neamhrialaithe rialtais réigiúin Donetsk agus Luhansk san Úcráin a aithint go neamhdhleathach mar eintitis neamhspleácha, sheol an Rúis ionsaí míleata gan chúis in aghaidh na hÚcráine. D’fhreagair an tAontas Eorpach (AE) agus na comhpháirtithe idirnáisiúnta láithreach ar an sárú tromchúiseach ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine trí bhearta sriantacha (smachtbhannaí) a fhorchur. Forchuireadh smachtbhannaí in aghaidh na Bealarúise freisin, de dheasca a róil maidir le hionsaí míleata na Rúise a éascú. Glacadh bearta breise le linn na seachtainí agus míonna ina dhiaidh sin agus d’fhéadfaí bearta eile a ghlacadh de réir mar a thiocfaidh athrú ar chúrsaí. Chinn an Rúis frithbhearta eacnamaíocha sriantacha áirithe dá cuid féin a dhéanamh agus uirlis chogaidh a dhéanamh den sreabhadh gáis chuig an Aontas d’aon ghnó.

    (2) Beidh iarmhairtí eacnamaíocha ar iomlán an mhargaidh inmheánaigh ag fogha míleata na Rúise faoin Úcráin, agus a éifeachtaí díreacha agus indíreacha, lena n-áirítear na smachtbhannaí arna bhforchur agus na frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis, mar shampla. Is iomaí bealach, idir dhíreach agus neamhdhíreach, a d’fhéadfadh gnóthais san Aontais a bheith buailte. Féadfaidh tionchar a bheith orthu i bhfoirm éilimh laghdaithe, bristeacha i gconarthaí agus i dtionscadail atá ann cheana, leis an láimhdeachas a chaillfear dá dheasca sin, agus suaitheadh sna slabhraí soláthair, go háirithe maidir le hamhábhair agus réamhtháirgí, nó ionchuir eile gan a bheith ar fáil a thuilleadh nó gan a bheith inacmhainne go heacnamaíoch.

    (3) An dóchúlacht go ndéanfadh an Rúis ionsaí míleata in aghaidh na hÚcráine, bhí tionchar aige sin ar an margadh fuinnimh cheana féin sna seachtainí roimh an ionsaí fisiciúil. Go díreach de dheasca ionsaí míleata na Rúise in aghaidh na hÚcráine, tharla suaitheadh i slabhraí soláthair an Aontais i leith allmhairí táirgí áirithe ón Úcráin, go háirithe gránaigh agus olaí plandúla, agus i leith onnmhairí ón Aontais chuig an Úcráin. Bhí tionchar suntasach ar an margadh fuinnimh de bharr méaduithe ar phraghsanna leictreachais agus gáis san Aontas. Bíonn tionchar ag praghsanna arda fuinnimh ar roinnt earnálacha eacnamaíocha, lena n-áirítear roinnt de na hearnálacha a bhí buailte go dona ag paindéim COVID-19, amhail earnáil an iompair agus earnáil na turasóireachta. Tá roinnt táirgí criticiúla gann, mar gheall ar an ionsaí míleata agus na frithbhearta a ghlac an Rúis. Is réimsí sonracha iad sin ina gcruthaíonn soláthar srianta an baol go dtiocfaidh laghdú suntasach ar aschur tionsclaíoch, in ainneoin ionadú soláthair a bheith ann i rith an ama. Tá an tionchar le haireachtáil ar na margaidh airgeadais freisin, go háirithe i ndáil le hábhair imní a bhaineann leis an leachtacht agus luaineacht an mhargaidh i dtrádáil tráchtearraí. Mar gheall ar an ionsaí míleata a rinne an Rúis i gcoinne na hÚcráine, tá easáitiú mór saoránach Úcránach ann go hinmheánach agus i dtíortha comharsanachta, agus tá rabharta daoine easáitithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ag teacht chuig an Aontas, rud a bhfuil iarmhairtí móra daonnúla agus eacnamaíocha ag baint leis.

    (4) An ghéarchéim gheopholaitiúil a d’eascair as ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine, tá tionchar thar a bheith tromchúiseach ag an ngéarchéim sin ar na hearnálacha talmhaíochta, próiseála bia, iascaigh agus dobharshaothraithe san Aontas Eorpach. Bíonn praghsanna arda leasacháin mar thoradh ar phraghsanna arda fuinnimh. Na srianta sin ar allmhairí leasacháin chuig an Aontas ón Rúis agus ón mBealarúis, tá tionchar acu ar an soláthar leasacháin freisin. Bhí iarmhairtí tromchúiseacha ag an ngéarchéim maidir le soláthar grán (go háirithe arbhar Indiach agus cruithneacht) agus olashíolta (lus na gréine, ráibe) nó díorthaigh stáirse ón Úcráin agus ón Rúis don Aontas, rud a spreagfaidh ardú mór sealadach ar phraghsanna beatha beostoic. Is in earnáil na feirmeoireachta stoic is mó a airítear comhthionchar na méaduithe costas sin ar fhuinneamh, leasachán, gráinní agus olaí ( 1 ). Is táirgeoir agus onnmhaireoir tábhachtach olaí glasraí í an Úcráin freisin (lus na gréine go háirithe), agus dá bhrí sin, tá méadú ar phraghsanna na dtáirgí sin ag déanamh difear d’earnáil na próiseála bia agus ag cur iallach ar lucht na hearnála roghanna eile a lorg.

    (5) Ar an dara dul síos, tá cur isteach ar thrádáil tháirgí an Aontais san Úcráin agus sa Rúis agus sa Bhealarúis freisin mar gheall ar staid an chogaidh nó ar na héifeachtaí díreacha nó indíreacha a bhaineann leis. Dhéanfadh an méid sin an difear is mó do hearnálacha na fíona agus na biotáille, bianna próiseáilte (lena n-áirítear torthaí agus glasraí próiseáilte), seacláid, milseogra, bainne foirmle do naíonáin, agus bia do pheataí i gcás na Rúise, torthaí agus glasraí i gcás na Bealarúise, agus formhór na dtáirgí talmhaíochta i gcás na hÚcráine.

    (6) Is measa na staide mar gheall ar an méadú géar ar chostais táirgeachta, méadú ar tháinig cuid de mar thoradh ar an méadú ar chostais leasachán nítrigine de dheasca an mhéadaithe as cuimse ar phraghas an gháis nádúrtha, ach mar gheall ar úsáid dhíreach fuinnimh i bpróisis táirgeachta thalmhaíochta, iascaigh agus dobharshaothrú chomh maith leis sin.

    (7) Leis an ngéarchéim gheopholaitiúil a spreag ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus soláthairtí fuinnimh a úsáid mar uirlis chogaidh, cuirtear leis an bpráinn atá ann don Aontas a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí dhlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite, dícharbónú na tionsclaíochta agus imscaradh acmhainneachtaí in earnálacha atá straitéiseach don aistriú i dtreo geilleagar glan-nialasach, agus i bhfianaise na ndúshlán domhanda a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt go ndéanfaí infheistíochtaí sna hearnálacha sin a atreorú i bhfabhar tríú tíortha lasmuigh de LEE.

    (8) I bhfianaise an mhéid sin, chinn an Coimisiún an Teachtaireacht seo a ghlacadh chun na critéir a shonrú maidir leis an measúnú ar chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach na bearta Státchabhrach a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh chun ceartú a dhéanamh ar thionchar na n-éifeachtaí eacnamaíocha tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus a thionchair dhíreacha agus indíreacha lena n-áirítear na frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis, mar shampla ( 2 ). Tá freagairt chomhordaithe eacnamaíoch ó na Ballstáit agus ó institiúidí an Aontais ríthábhachtach chun na hiarmhairtí diúltacha sóisialta agus eacnamaíocha láithreacha ar gheilleagar an Aontais a mhaolú, chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus poist a chaomhnú agus chun na coigeartuithe struchtúracha is gá a éascú mar fhreagairt ar an staid eacnamaíoch nua atá ann mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise in aghaidh na hÚcráine.

    1.1.    Na smachtbhannaí a d’fhorchui an tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta mar fhreagairt ar ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine

    (9) Tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine, ionsaí a bhí gan chúis gan údar, tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le roinnt pacáistí de bhearta sriantacha.

    (10) An 23 Feabhra 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le pacáiste ina raibh na nithe seo a leanas: (i) smachtbhannaí spriocdhírithe in aghaidh an 351 chomhalta de Dhúma Stáit na Rúise agus 27 nduine aonair breise, (ii) srianta ar chaidreamh eacnamaíoch le limistéir réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine, nach bhfuil faoi rialú rialtais, agus (iii) srianta ar rochtain na Rúise ar mhargaí agus seirbhísí caipitil agus airgeadais an Aontais ( 3 ).

    (11) An 25 Feabhra 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le smachtbhannaí eile in aghaidh na Rúise atá dírithe ar na nithe seo a leanas: (i) an earnáil airgeadais, (ii) na hearnálacha fuinnimh, spáis agus iompair (eitlíocht), (iii) earraí dé-úsáide, (iv) rialú onnmhairiúcháin agus maoiniú onnmhairiúcháin, (v) beartas víosaí, agus (vi) smachtbhannaí breise in aghaidh Rúisigh aonair agus in aghaidh daoine aonair eile (lena n-áirítear Bealarúisigh) ( 4 )

    (12) An 28 Feabhra 2022 chinn an Chomhairle aerspás na hEorpa a chosc ar aerárthaigh na Rúise, agus ghlac sí bearta coisctheacha chun a áirithiú nach mbeidh Banc Ceannais na Rúise in ann a chúlchistí idirnáisiúnta a úsáid ar bhealaí a bhainfeadh an bonn de thionchar na bearta a rinneadh ( 5 ). Ghlac an Chomhairle smachtbhannaí breise in aghaidh Rúiseach áirithe freisin ( 6 ).

    (13) An 1 Márta 2022, ghlac an Chomhairle na bearta breise seo a leanas: (i) baineadh bainc áirithe Rúiseacha ón gcóras teachtaireachtaí SWIFT ( 7 ), (ii) bearta in aghaidh na bréagaisnéise arna scaipeadh ag na cuideachtaí meán cumarsáide Russia Today agus Sputnik atá faoi úinéireacht Stáit na Rúise ( 8 ).

    (14) An 2 Márta 2022 de dheasca ról na Bealarúise maidir leis an ionsaí míleata a éascú, chinn an Chomhairle smachtbhannaí breise a thabhairt isteach ina coinne, smachtbhannaí a bhaineann leis an trádáil in earraí a úsáidtear chun táirgí tobac, táirgí mianraí, táirgí clóiríde potaisiam (“potais”), táirgí adhmaid, táirgí stroighne, táirgí iarainn agus cruach agus táirgí rubair a tháirgeadh nó a mhonarú. Thoirmeasc sí freisin earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a onnmhairiú go dtí an Bhealarúis nó iad a úsáid sa Bhealarúis, onnmhairí earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh cuidiú le forbairt mhíleata, theicneolaíoch, cosanta agus slándála na Bealarúise, agus onnmhairí innealra, agus cuireadh srianta ar sholáthar seirbhísí gaolmhara ( 9 ). Ghlac an Chomhairle bearta aonair in aghaidh 22 duine aonair ón mBealarúis freisin ( 10 ).

    (15) An 9 Márta 2022, ghlac an Chomhairle bearta breise lena ndírítear ar earnáil airgeadais na Bealarúise, lena n-áirítear toirmeasc i dtaca le SWIFT ar thrí bhanc de chuid na Bealarúise, toirmeasc ar idirbhearta le Banc Ceannais na Bealarúise, teorainneacha ar insreafaí airgeadais ón mBealarúis chuig an Aontas agus toirmeasc ar nótaí bainc atá ainmnithe in euro a sholáthar don Bhealarúis ( 11 ). Thug an Chomhairle bearta sriantacha breise isteach freisin maidir le hearraí loingseoireachta muirí agus teicneolaíocht cumarsáide raidió a onnmhairiú chun na Rúise. Ina theannta sin, d’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha ar 160 duine breise ( 12 ). An 15 Márta 2022 ( 13 ), tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le bearta breise earnála agus aonair in aghaidh na Rúise. Chinn an Chomhairle an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe: (i) na hidirbhearta uile le fiontair áirithe atá faoi úinéireacht an stáit a thoirmeasc, (ii) soláthar aon seirbhíse rátála creidmheasa, mar aon le rochtain ar aon seirbhís síntiúis i ndáil le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, d’aon duine nó eintiteas Rúiseach a thoirmeasc, (iii) cur le liosta na ndaoine a bhfuil baint acu le bonn cosanta agus tionsclaíoch na Rúise, ar a bhforchuirtear srianta onnmhairiúcháin níos déine maidir le hearraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a d’fhéadfadh cur le feabhsúteicneolaíoch na Rúise ar a hearnáil cosanta agus slándála, (iv) infheistíochtaí nua in earnáil fuinnimh na Rúise a thoirmeasc, agus srian cuimsitheach a thabhairt isteach ar onnmhairiú trealaimh, teicneolaíochta agus seirbhísí don tionscal fuinnimh, agus (v) tuilleadh srianta trádála a thabhairt isteach maidir le hiarann agus cruach, chomh maith le só-earraí ( 14 ). Ina theannta sin, chinn an Chomhairle smachtbhanna a chur ar olagarcaí, brústocairí agus bolscairí, agus ar chuideachtaí ríthábhachtacha sna hearnálacha eitlíochta, míleata, dé-úsáide, longthógála agus tógála innealra ( 15 ).

    (16) An 3 Meitheamh 2022, ghlac an Comhairle an séú pacáiste smachtbhannaí ( 16 ), i bhfianaise an chogaidh fhoghaigh leanúnaigh atá an Rúis a chur ar an Úcráin, thacaíocht na Bealarúise dó, agus na n-ainghníomhartha a thuairiscítear a bheith déanta ag fórsaí armtha na Rúise. Áirítear ar an bpacáiste an méid seo a leanas: 1) toirmeasc ar allmhairí amhola agus táirgí peitriliam scagtha ón Rúis, agus eisceachtaí teoranta ann; 2) toirmeasc SWIFT ar thrí bhanc eile de chuid na Rúise agus ar bhanc amháin de chuid na Bealarúise; agus 3) cur ar fionraí craoladh san Aontas ag trí eagraíocht eile atá faoi úinéireacht Stáit na Rúise. Ghlac an tAontas smachtbhannaí in aghaidh 65 duine aonair agus 18 n-eintiteas bhreise freisin. Áirítear orthu daoine aonair atá freagrach as na hainghníomhartha a rinneadh in Bucha agus in Mariupol.

    (17) An 21 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle an seachtú pacáiste, dá ngairtear freisin “pacáiste cothabhála agus ailínithe” ( 17 ) ina bhfuil na bearta breise seo a leanas: 1) toirmeasc ar allmhairiú óir, 2) ceanglais tuairiscithe neartaithe do dhaoine aonair ar forchuireadh smachtbhannaí orthu; 3) toirmisc spriocdhírithe ar onnmhairiú; 4) toirmeasc ar rochtain ar chalafoirt; 5) smachtbhannaí airgeadais; 6) slándáil bia agus fuinnimh; 7) díolúintí chun críoch míochaine agus cógaisíochta. Chuir an Aontas 54 dhuine aonair agus 10 n-eintiteas leis an liosta de na sócmhainní atá le reo.

    (18) An 6 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle an t-ochtú pacáiste smachtbhannaí ina bhfuil na bearta breise seo a leanas ( 18 ): 1) liostú breise na ndaoine agus na n-eintiteas ar an liosta smachtbhannaí; 2|) srianta a leathnú chun oblast Kherson agus oblast Zaporizhzhia a chumhdach; 3) srianta nua a chur ar allmhairí agus ar onnmhairí; 4) caidhp phraghaisG7 ar ola a chur chun feidhme; 5) srianta a chur ar fhiontair atá faoi úinéireacht an stáit; 6) srianta a chur ar sheirbhísí airgeadais, seirbhísí comhairleoireachta TF agus seirbhísí gnó eile; agus 7) seachaint smachtbhannaí a dhíspreagadh.

    (19) An 16 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle an naoú pacáiste smachtbhannaí ( 19 ) mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, lena n-áirítear toirmisc ar onnmhairiú inneall ladrann, onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide, infheistíochtaí in earnáil na mianadóireachta, idirbhearta le Banc Forbartha Réigiúnaí na Rúise, agus soláthar fógraíochta, taighde margaidh agus seirbhísí vótaíochta tuairimí poiblí; ina theannta sin, chinn an Chomhairle pacáiste cuimsitheach de bhearta aonair a ghlacadh. An 25 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle an deichiú pacáiste smachtbhannaí, lena bhforchuirtear toirmisc onnmhairithe bhreise ar theicneolaíocht chriticiúil agus ar earraí tionsclaíocha, mar atá leictreonaic, feithiclí speisialaithe, páirteanna meaisín, páirteanna spártha do thrucailí agus d’innill scairde, chomh maith le hearraí d’earnáil na tógála ar féidir iad a dhíriú i dtreo arm na Rúise, amhail aeróga nó craenacha. Chinn an Chomhairle freisin bearta sriantacha a fhorchur ar 87 nduine aonair breise agus ar 34 eintiteas breise ( 20 ).

    (20) I ndlúthchomhar leis an Aontas, d’fhorchuir comhpháirtithe idirnáisiúnta smachtbhannaí freisin, go háirithe Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Iorua, an tSeapáin, An Chóiré Theas, an Eilvéis agus an Astráil.

    1.2.    Gnóthais agus teaghlaigh a ndéanann praghsanna arda gáis agus leictreachais nó suaitheadh sa soláthar fuinnimh difear dóibh

    (21) Tá méadú sonrach tagtha ar phraghsanna an gháis agus an leictreachais go dtí leibhéil arda nach bhfacthas riamh roimhe seo de dheasca na géarchéime atá ann faoi láthair, praghsanna a bhí ag leibhéil ard sa tréimhse roimh an ionsaí foghach. Trí na sreabhadh gáis a chur chun úsáidte mar bheadh arm ann d’aonghnó, tá luaineacht agus neamhchinnteacht an-mhór a chruthaithe ag an Rúis i margaí fuinnimh an Aontais Eorpaigh agus an domhain. Is iomaí beart atá déanta ag an Aontas agus ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda agus chun soláthairtí fuinnimh a dhaingniú. Sa chomhthéacs sin, tagraíonn an Coimisiún don bhosca uirlisí a chur sé i láthair cheana i mí Dheireadh Fómhair 2021 ( 21 ) (“Teachtaireacht mhí Dheireadh Fómhair”), Teachtaireacht REPowerEU an 8 Márta 2022 (“an Teachtaireacht REPowerEU”) ( 22 ), ( 23 ), Plean REPowerEU ( 24 ) an 18 Bealtaine 2022, an Rialachán maidir le Stóráil Gáis ( 25 ), Teachtaireacht “Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte” ( 26 ) an 20 Iúil 2022, Rialacháin (AE) 2022/1369 maidir le bearta comhordaithe chun ant-éileamh ar ghás a laghdú ( 27 ) agus Rialachán (AE) 2022/1854 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh ( 28 ). An 18 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht ( 29 ) maidir leis an Éigeandáil Fuinnimh chun ullmhú, ceannach, agus an tAontas Eorpach a chosaint in éineacht. I gcomhar leis an Teachtaireacht seo, mhol an Coimisiún rialachán éigeandála ( 30 ) nua chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda gáis san Aontas agus chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú don gheimhreadh atá le teacht. Déanfar é sin trí cheannach comhpháirteach gáis, trí shásraí teorannaithe praghsanna a theorannú ar mhalartú gáis an chiste iontaobhais théamaigh, trí bhearta nua maidir le húsáid thrédhearcach bonneagair agus trí dhlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, agus trí iarrachtaí leanúnacha chun an t-éileamh ar ghás a laghdú.

    (22) Tá drochthionchar ag praghsanna fuinnimh an-ard ar an ngeilleagar mar aon le cumhacht ceannaigh shaoránaigh an Aontais, go háirithe na saoránaigh is leochailí. Mheas an Banc Ceannais Eorpach go dtiocfaidh laghdú 0,1 % ar an bhfíor-OTI sa ráithe dheireanach de 2022 agus go bhfanfaidh sé gan athrú sa chéad ráithe de 2023, go príomha mar gheall ar thionchar an chuir isteach ar an soláthar fuinnimh, ar mhéadú sa bhoilsciú agus ar an laghdú muiníne a eascraíonn as sin ( 31 ). Praghsanna fuinnimh a leanfaidh de bheith ard, is dócha go gcuirfidh siad le bochtaineacht agus go ndéanfaidh siad difear d’iomaíochas gnólachtaí. Tá costais mhonaraíochta níos airde roimh thionscail dianfhuinnimh go háirithe. I gcásanna áirithe, tá gnóthais ann a d’fhéadfadh a ngníomhaíocht leantach san Aontas Eorpach a bheith i mbaol de dheasca na méaduithe praghsanna sin, gnóthais a bheadh brabúsach murach sin, agus is dócha go mbeadh tionchar aige sin ar an bhfostaíocht ina dhiaidh.

    (23) Is léir go raibh an bosca uirlisí a chuir an Coimisiún i láthair i mí Dheireadh Fómhair 2021 úsáideach, agus tá sé curtha i bhfeidhm go forleathan ag go leor Ballstát a ghlac cuid mhór beart ar an leibhéal náisiúnta. Leathnaíodh an bosca uirlisí in earrach 2022 leis an Teachtaireacht maidir le hidirghabhálacha margaidh gearrthéarmacha agus feabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachais ( 32 ).

    (24) I dTeachtaireacht REPowerEU, leagadh amach bearta chun freagairt don ardú ar phraghsanna fuinnimh agus d’athshlánú na stoc gáis don gheimhreadh agus leagtar amach i bplean REPowerEU ( 33 ) gníomhaíochtaí chun dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite, an choigiltis fuinnimh agus na héifeachtúlachta fuinnimh agus chun soláthairtí fuinnimh a éagsúlú. Má chuirtear dlús leis an aistriú glas, laghdófar astaíochtaí, laghdófar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe agus tabharfar cosaint ar arduithe ar phraghsanna. Leis an Rialachán maidir le Stóráil Gáis ( 34 ), bunaíodh oibleagáidí nua íosta stórála gáis chun soláthar a áirithiú don gheimhreadh atá le teacht, lena gceanglaítear ar na Ballstáit saoráidí stórála gáis a líonadh faoin 1 Samhain go 80 % in 2022 agus go 90 % faoin dáta céanna sna blianta ina dhiaidh sin.

    (25) De réir mar a tháinig méadú ar na rioscaí maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus le suaitheadh de dheasca na géarchéime, thosaigh an tAontas ag ullmhú i gcomhair laghdú fadtréimhseach nó briseadh féideartha iomlán ar an soláthar gáis ón Rúis. Le Plean Eorpach nua um an Éileamh ar Ghás a Laghdú ( 35 ), leagtar amach bearta, prionsabail agus critéir maidir le laghdú comhordaithe ar an éileamh agus tá Rialachán (AE) 2022/1369 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás ( 36 ) ag gabháil leis, Rialachán lena leagtar síos laghdú 15 % ar an éileamh ar ghás i ngach Ballstát mar sprioc dheonach agus lena dtugtar isteach próiseas chun sprioc cheangailteach a thionscain maidir leis an éileamh a laghdú má bhíonn gá leis sin.

    (26) An 6 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/1854 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh chun na billí fuinnimh a laghdú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na hEorpa. I measc nithe eile, áirítear i Rialachán (AE) 2022/1854 bearta chun an t-éileamh ar leictreachas a laghdú, rud a chuideoidh na costais leictreachais a laghdú do thomhaltóirí agus ioncam barrachais na hearnála fuinnimh a athdháileadh ar chustaiméirí deiridh.

    (27) An 19 agus an 22 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Rialacháin bhreise chun dul i ngleic le praghsanna arda fuinnimh, mar atá: Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle maidir leis an dlúthpháirtíocht a fheabhsú trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gáis, ar mhalartuithe gáis thar theorainneacha agus ar thagarmharcanna praghsanna iontaofa ( 37 ), Rialachán (AE) ón gComhairle lena leagtar síos creat chun dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite ( 38 ) agus Rialachán (AE) 2022/2578 ón gComhairle lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna iomarcacha ( 39 ).

    1.3.    An gá atá ann le dlúthchomhordú Eorpach i leith bearta náisiúnta cabhrach

    (28) Nuair a chuirtear rialú na státchabhrach san Aontas i bhfeidhm go spriocdhírithe agus go comhréireach, áirithítear go bhfuil na bearta tacaíochta náisiúnta ag cuidiú go héifeachtach leis na gnóthais agus na hoibrithe atá buailte ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair agus inbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach na mbeart náisiúnta tacaíochta a chaomhnú. Le rialú na státchabhrach san Aontas áirithítear freisin nach n-ilroinnfear margadh inmheánach an Aontais agus go mbeidh cothroime iomaíochta ann amach anseo. Tá sé tábhachtach go gcoinneofaí an margadh inmheánach slán chun an brú seachtrach a sheasamh agus chun rásaí fóirdheontas a sheachaint, i gcás inar bhféadann Ballstáit le pócaí teanna níos mó a chaitheamh ná na comharsan, rud a dhéanfadh dochar don chomhtháthú laistigh den Aontas.

    (29) Dar leis an gCoimisiún, ó tharla go bhfuil an ghéarchéim reatha ag déanamh difear do ghnóthais i ngach Ballstát, go bhfuil bonn cirt ann chun ríomh na n-uasteorainneacha cabhrach a cheadú sna ranna is infheidhme bunaithe ar bhonn gach Ballstáit, fad is go n-áirithítear nach bhféadfar costais incháilithe a chumhdach ach aon uair amháin agus go n-urramaítear na huasteorainneacha sonracha cabhrach is infheidhme faoin Teachtaireacht seo.

    (30) Measann an Coimisiún freisin go bhfuil gá le hinfheistíochtaí straitéiseacha breise chun aghaidh a thabhairt ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise mar ghné mhór lena gcuirtear leis an ngéarchéim agus chun dlús a chur leis an aistriú glas i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU, agus athléimneacht chóras fuinnimh ísealcharbóin an Aontais amach anseo á háirithiú san am céanna. Tá sé sin ábhartha go háirithe sa chomhthéacs domhanda reatha ina bhfuil an baol go ndéanfar infheistíochtaí den sórt sin a atreorú ón LEE. Cé go gcuireann ranna 2.5 agus 2.6 den Teachtaireacht seo uirlisí ábhartha ar fáil chun tionscadail giniúna fuinnimh in-athnuaite a úsáid agus bearta dícharbónaithe tionsclaíocha a chur chun feidhme, tá tionchar tábhachtach ach indíreach ag na huirlisí sin ar tháirgeadh an trealaimh agus na gcomhpháirteanna is gá le haghaidh an aistrithe i dtreo geilleagar glan-nialasach. I bhfianaise an mhéid sin, i roinn 2.8 den Teachtaireacht seo tugtar féidearthacht bhreise do na Ballstáit chun tacú go díreach le hinfheistíochtaí táirgiúla in earraí straitéiseacha sonraithe atá riachtanach don aistriú sin. Mar ionstraim an Aontais chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh i réimsí tosaíochta an Aontais, tá ról lárnach ag InvestEU maidir le tacaíocht a shlógadh do na réimsí tosaíochta sin, go háirithe maidir le fuinneamh agus Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais ( 40 ). Dá bhrí sin, a mhéid atá na bearta arna gcur i bhfeidhm ag comhpháirtithe cur chun feidhme agus idirghabhálaithe airgeadais InvestEU faoi réir rialacha maidir le státchabhair, féadfar na bearta sin a chumhdach leis na scéimeanna arna bhformheas ag an gCoimisiún faoi ranna 2.5, 2.6 agus 2.8 den Teachtaireacht seo. Ós rud é go bhféadfadh teannas a bheith ann i dtaca le cuspóirí uileghabhálacha maidir le hiomláine an mhargaidh inmheánaigh agus an comhtháthú, mar thoradh ar an tacaíocht a thugtar d’infheistíochtaí i saoráidí táirgthe, ní mór an tacaíocht sin a bheith srianta go soiléir do na réimsí straitéiseacha sainithe, is é sin le rá teoranta ó thaobh ama agus méideanna ainmniúla cabhrach de agus a áirithiú go mbeidh dreasachtaí leordhóthanacha ann chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an chomhtháthaithe. Leagtar amach i roinn 2.8 sa Teachtaireacht seo na coinníollacha sonracha faoina measfar tacaíocht le haghaidh infheistíochtaí i mbearta sonracha ar mhaithe leis an aistriú i dtreo geilleagar glan-niallasach a bheith comhoiriúnach, ach sin ar bhonn eisceachtúil. A mhéid a chumhdaítear leis an roinn seo an fhéidearthacht tacaíocht aonair a sholáthar lasmuigh de scéim, beidh sí teoranta do limistéir fóirithinte mar a shainítear sna léarscáileanna cúnaimh réigiúnaigh is infheidhme nó beidh uirthi infheistíochtaí a dhéanamh i dtrí Bhallstát LEE ar a laghad, infheistíochtaí dar cheart cuid shuntasach a dhéanamh i limistéir fhóirithinte. Leis an gceanglas sin, rannchuideofar le héiceachóras níos leithne a fhorbairt tuilleadh ar feadh an tslabhra luacha ábhartha ar fud na hEorpa, agus neartófar athléimneacht an tslabhra soláthair.

    1.4.    Bearta Státchabhrach iomchuí

    (31) Mar chuid d’iarracht fhoriomlán na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a d’eascair as cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, leagtar amach sa Teachtaireacht seo na deiseanna atá ag na Ballstáit faoi rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair chun an leachtacht a áirithiú mar aon le rochtain na ngnóthas ar mhaoiniú, go háirithe i gcás na FBManna atá ag dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha le linn na géarchéime atá ann faoi láthair, agus chun laghdú ar ídiú fuinnimh a dhreasú.

    (32) Faoi mar a leagadh amach i dTeachtaireacht mhí Dheireadh Fómhair 2021, ní hionann bearta a théann chun tairbhe tomhaltóirí neamhthráchtála fuinnimh agus Státchabhair, ar choinníoll nach dtéann siad chun tairbhe earnála faoi leith ná gnóthais faoi leith go hindíreach. Is féidir leis na Ballstáit, mar shampla, íocaíochtaí sóisialta sonracha a thabhairt dóibh siúd is mó atá i mbaol, rud a d’fhéadfadh cuidiú leo a mbillí fuinnimh a íoc sa ghearrthéarma, nó is féidir leo tacaíocht a thabhairt le haghaidh feabhsuithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, agus iad ag áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh go héifeachtach.

    (33) Ní hionann bearta a théann chun tairbhe tomhaltóirí tráchtála fuinnimh agus Státchabhair, ar choinníoll gur de chineál ginearálta iad na bearta sin. Mar shampla, féadann na bearta neamhroghnacha sin a bheith i bhfoirm laghduithe ginearálta ar chánacha nó ar thobhaigh, ráta laghdaithe ar sholáthar gáis nádúrtha, leictreachais nó téimh ceantair nó costas laghdaithe líonra. A mhéid a cháilítear idirghabhálacha náisiúnta mar chabhair, féadtar a mheas go bhfuil siad comhoiriúnach le rialacha maidir le Státchabhair má chomhlíonann siad ceanglais áirithe. Mar shampla, cabhair i bhfoirm laghduithe i gcánacha comhchuibhithe comhshaoil lena n-urramaítear na híosleibhéil cánach agus na rialacha a leagtar amach sa Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh ( 41 ) agus atá i gcomhréir le forálacha Rialacháin Bhlocdhíolúine, féadfar í a chur i bhfeidhm sna Ballstáit gan réamhfhógra a thabhairt don Choimisiún ina leith.

    (34) Ag féachaint do ranna 2.1 agus 2.4 den Teachtaireacht seo, féadfar cabhair a dheonú go díreach don tairbhí deiridh nó í a sheoladh trí sholáthróir fuinnimh. Má sheoltar cabhair trí sholáthróir fuinnimh, ní mór don Bhallstát a léiriú go n-oibríonn sé sásra lena gcaomhnaítear an iomaíocht idir soláthróirí agus lena n-áirithítear go gcuirtear an chabhair ar aghaidh chuig an tairbhí deiridh.

    (35) Measann an Coimisiún go bhféadfadh sé go mbeadh gá le huirlisí nach ionann agus na huirlisí a chumhdaítear faoi roinn 2.1, faoi roinn 2.2 agus faoi roinn 2.3 den Teachtaireacht seo. D’fhéadfadh sé gur mar sin a bheidh go háirithe nuair a bhíonn riachtanais leachtachta mar thoradh ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair ach, lena chois sin, caillteanais shuntasacha freisin a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chumas an tairbhí a fhiachas a sheirbhísiú agus riachtanais sócmhainneachta a chur in iúl. I gcásanna ina ndeonaítear méideanna móra cabhrach do thairbhithe aonair agus i gcás gur cosúil go mbaineann dúshlán le cumas na dtairbhithe sin a bhfiachas a sheirbhísiú, ar bhonn a gcumais tuillimh roimhe seo, féadfaidh na Ballstáit smaoineamh ar fhaisnéis a iarraidh ar na tairbhithe maidir lena gcumas tuillimh réamh-mheasta amach anseo chun leanúint den fhiachas a sheirbhísiú, arb é is aidhm dó measúnú a dhéanamh an bhféadfaidh úsáid uirlisí éagsúla, amhail tacaíocht sócmhainneachta, a bheith níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais airgeadais, nó an bhféadfaidh sí éirí níos fearr.

    (36) I gcásanna sonracha ( 42 ), féadfaidh na Ballstáit a mheas go dteastaíonn tacaíocht sócmhainneachta ó ghnóthais a ndéanann an ghéarchéim atá ann faoi láthair an-difear dóibh, tacaíocht sócmhainneachta nach féidir a sholáthair go leordhóthanach trí fhoinsí príobháideacha amháin. I gcás ina ndéanfadh gnóthais a gcuid oibríochtaí a scor nó a laghdú, gan an tacaíocht sócmhainneachta sin agus, tráth a dhéanfaí iad a scor nó a laghdú, go mb’fhéidir go gcuirfí margaí fuinnimh nó margaí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo ó thaobh an gheilleagair de faoi bhagairt (nó ó thaobh shlándáil agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh), d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an tacaíocht sócmhainneachta sin comhoiriúnach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE.

    (37) Measann an Coimisiún go bhfuil na prionsabail ghinearálta seo a leanas ábhartha go háirithe sa mheasúnú de réir an cháis a leagadh amach i bpointe 36 thuas:

    a. 

    ní mór an chabhair a bheith riachtanach, iomchuí agus comhréireach ( 43 ) chun imeacht tobann na ngnóthas sin ón margadh a sheachaint agus in aon chás níor cheart di dul thar an íosmhéid is gá chun an-inmharthanacht a áirithiú;

    b. 

    cuideachta ar le grúpa gnó níos mó í nó atá á glacadh ar láimh aige, níl sí incháilithe do chabhair, seachas i gcás inar féidir a léiriú nach de thoradh ar leithdháileadh treallach costas laistigh den ghrúpa iad deacrachtaí na cuideachta, agus go bhfuil na deacrachtaí ró-thromchúiseach chun go rachfadh an grúpa i ngleic leo astu féin. Sna cásanna sin, is iondúil go n-éilítear ranníocaíocht shubstaintiúil ón ngrúpa le costais na mbeart sócmhainneachta;

    c. 

    ní mór státchabhair a dheonú ar théarmaí lena dtugtar cúiteamh réasúnta don Stát amhail sciar iomchuí de ghnóthachain amach anseo i luach an tairbhí, i bhfianaise an mhéid cothromais Stáit a chuirtear isteach i gcomparáid le cothromas na cuideachta atá fágtha tar éis na caillteanais a chur san áireamh, lena n-áirítear caillteanais intuartha murach an beart cabhrach;

    d. 

    i gcás ina nglacann an chabhair foirm fofhiachais nó ionstraimí caipitil hibrideacha eile, ní mór do chúiteamh foriomlán na n-ionstraimí sin saintréithe na hionstraime arna roghnú a chur san áireamh go leormhaith, lena n-áirítear a leibhéal fo-ordaithe agus gach módúlacht íocaíochta;

    e. 

    beidh gá le bearta iomaíochta iomchuí i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i dTreoirlínte ( 44 ) maidir le Teacht i gCabhair agus Athstruchtúrú 2014. Ar bhonn sainiúlachtaí gach cáis a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar an timpeallacht iomaíochta ábhartha, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le dífheistiú sócmhainní mar bheart cúiteach freisin. Thairis sin, beidh gá le bearta iompraíochta, lena n-áirítear gealltanais lena n-áirithítear toirmeasc éifeachtach ar íocaíochtaí bónais nó ar íocaíochtaí inathraithe eile, íocaíocht díbhinne, agus éadálacha;

    f. 

    Féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an mBallstát measúnú a sholáthar, tráth níos déanaí ná cinneadh an Choimisiúin, ar inmharthanacht fhadtéarmach an tairbhí atá ag gabháil leis an bhfógra nó ar dháta níos déanaí. Ní mór don Bhallstát, i gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí sin tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an measúnú sin, fógra a thabhairt maidir le plean athstruchtúraithe laistigh de thréimhse ama a chinnfidh an Coimisiún, mar atá leagtha amach sna Treoirlínte maidir le teacht i gcabhair agus Athstruchtúrú le haghaidh fhormheas an Choimisiúin.

    (38) Iarrtar ar na Ballstáit féachaint an bhféadfaí, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ceanglais a leagan síos a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó le cinnteacht an tsoláthair chun cabhair a dheonú faoi roinn 2.4 agus 2.8 den Teachtaireacht seo. D’fhéadfadh sé sin, mar shampla, a bheith sna foirmeacha seo a leanas ( 45 ):

    a. 

    Ceangal a chur ar an tairbhí sciar áirithe den tomhaltas fuinnimh a shásamh le fuinneamh inathnuaite, e.g. trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta nó trí infheistíochtaí díreacha i nginiúint fuinnimh ó fhuinneamh inathnuaite;

    b. 

    Infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh a éileamh, d’fhonn ant-ídiú fuinnimh a laghdú i gcoibhneas leis an aschur eacnamaíoch e.g. tríd an ídiú a laghdú i gcás próisis táirgthe, téimh nó iompair, go háirithe trí bhearta lena gcuirtear chun feidhme moltaí ó iniúchtaí fuinnimh arna ndéanamh de bhun Airteagal 8(2) nó (4) agus Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/27/AE;

    c. 

    Infheistíochtaí a éileamh chun ídiú gáis nádúrtha a laghdú nó a éagsúlú, e.g. trí bhearta um leictriú a bhaineann úsáid as foinsí in-athnuaite fuinnimh nó trí réitigh chiorclacha amhail athúsáid dramhghás;

    d. 

    Solúbthacht infheistíochtaí a éileamh, le gur fusa a bheidh sé próisis ghnó a chur in oiriúint do chomharthaí praghais ar mhargaí leictreachais.

    (39) Féadfaidh na Ballstáit cabhair a dheonú freisin chun an díobháil a rinne tarluithe eisceachtúla a chúiteamh faoi Airteagal 107(2)(b) CFAE. An Státchabhair sin arb é is aidhm léi an díobháil a tharlaíonn go díreach de dheasca na dtarluithe eisceachtúla atá ann faoi láthair maidir le hionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine a mhaolú, féadfaidh sí tionchair iarmhairtí díreacha áirithe ionsaí na Rúise, lena n-áirítear na smachtbhannaí eacnamaíocha a forchuireadh mar fhreagairt ar an ionsaí a chumhdach freisin, mar aon leis na frithbhearta a dhéanann difear diúltach don tairbhí i ndáil lena ghníomhaíocht eacnamaíoch a shaothrú nó i ndáil le cuid shonrach agus inscartha dá ghníomhaíocht eacnamaíoch a shaothrú.

    (40) Damáiste arna dhéanamh go díreach de dheasca laghduithe sainordaitheacha ar thomhaltas gáis nádúrtha nó leictreachais a bhféadfadh sé gur ghá do na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm, féadfar é a mheas faoi Airteagal 107(2)(b) CFAE, ar choinníoll nach ndéanfar róchúiteamh.

    (41) Ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi na bearta cabhrach sin agus measúnóidh an Coimisiún iad go díreach faoi Airteagal 107(2)(b) CFAE. Féadfar an cabhair sin a dheonú do ghnóthais atá i gcruachás.

    (42) I gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1369 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás ( 46 ), féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhearta iomchuí chun dreasachtaí a chur ar fáil chun an t-éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú go deonach. I gcás ina mbeartóidh na Ballstáit na dreasachtaí sin a thabhairt isteach i gcomhthéacs na géarchéime atá ann faoi láthair, déanfaidh an Coimisiún measúnú arna bearta sin go díreach faoi Airteagal 107(3)(b) CFAE. Cé go mbeidh gá le measúnú de réir an cháis chuige sin, measann an Coimisiún go bhfuil na gnéithe seo a leanas ábhartha go háirithe:

    a. 

    úsáid phróisis iomaíoch bunaithe ar chritéir thrédhearcacha chun conradh a dhéanamh maidir le méideanna le haghaidh laghdú deonach ar éileamh;

    b. 

    an easpa srianta foirmiúla ar thrádáil nó sreabha trasteorann;

    c. 

    teorannú na ndreasachtaí lena mbaineann go laghduithe ar éileamh amach anseo a théann thar na dreasachtaí sin a dtabharfadh an tairbhí fúthu gan beann ar an mbeart;

    d. 

    laghdú láithreach ar an éileamh gáis comhiomlán deiridh sa Bhallstát lena mbaineann agus seachaint athraithe ar an éileamh ar ghás nádúrtha amháin.

    (43) Féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh freisin ar bhearta chun líonadh saoráidí stórála gáis a dhreasú sa mhéid nach dtugann an margadh dreasachtaí sin a dhéanamh go leormhaith. I gcás ina mbeartóidh na Ballstáit dreasachtaí a dheonú maidir le saoráidí stórála gáis a líonadh i gcomhthéacs na géarchéime atá ann faoi láthair, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dreasachtaí sin go díreach faoi Airteagal 107(3)(b) CFAE ( 47 ). Cé go mbeidh gá le measúnú de réir an cháis chuige sin, measann an Coimisiún go bhfuil na gnéithe seo a leanas ábhartha go háirithe:

    a. 

    úsáid phróisis iomaíoch bunaithe ar chritéir thrédhearcacha chun an chabhair a íoslaghdú;

    b. 

    an easpa srianta ar thrádáil nó sreabha trasteorann;

    c. 

    coimircí a bheith ann chun an róchúiteamh a sheachaint;

    d. 

    comhlíonadh na n-oibleagáidí agus na gcoinníollacha maidir le saoráidí stórála gáis a líonadh agus an líonadh sin a dhreasú, oibleagáidí agus coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6a go hAirteagal 6d de Rialachán (AE) 2017/1938 ( 48 ), go háirithe na coinníollacha maidir le bearta tacaíochta a leagtar amach in Airteagal 6b, míreanna (2) agus (3).

    (44) Ar bhonn cás ar chás measfaidh an Coimisiún cabhair riachtanach, chomhréireach agus iomchuí fhéideartha, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Save gas for a safe winter” ( 49 ) [Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte] agus i gcomhréir leis na pleananna éigeandála náisiúnta um shlándáil an tsoláthair gáis, chun saoráidí a oiriúnú a rannchuideoidh le breosla carbóin eile níos truaillithe a chur in ionad gáis, go ceann tréimhse theoranta ama. Ba cheart an cion astaíochtaí is ísle is féidir a bheith ag aon bhreosla carbóin malartacha eile den chineál sin, agus ba cheart an chabhair a bheith faoi réir iarrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus ní mór di éifeachtaí glasála fadtéarmacha i ndiaidh na géarchéime a sheachaint, i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais. Féadfar na bearta sin a dhíriú ar an ídiú gáis a laghdú ar bhonn réamhghabhálach nó ar fhreagairt do laghduithe sainordaitheacha ar an éileamh ar ghás nádúrtha, seachas má dhéantar cúiteamh ar bhealach eile ( 50 ).

    (45) I bhfianaise na ndúshlán atá ann maidir le hearraí a iompar go dtí an Úcráin agus uaithi, ar bhonn cás ar chás measfaidh an Coimisiún cabhair fhéideartha le haghaidh árachas nó athárachas maidir le hiompar earraí go dtí an Úcráin agus uaithi. I measc nithe eile, beidh ar na Ballstáit a léiriú nach bhfuil an t-árachas nó an t-athárachas ar fáil ar chor ar bith nó go bhfuil sé ar fáil ag rátaí atá i bhfad níos airde ná mar a bhí roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin.

    (46) Ní thagann iompar daoine easáitithe agus ábhair dhaonnúil, i bprionsabal, faoi rialacha an Aontais maidir le státchabhair, fad a bhíonn an Stát ag gníomhú dóibh i bhfeidhmiú cumhachtaí poiblí (seachas gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh) agus fad nach gceannaítear na seirbhísí iompair ar leibhéal atá os coinn phraghas an mhargaidh.

    (47) Cabhair a dheonaíonn na Ballstáit do ghnóthais faoin Teachtaireacht seo, cabhair a sheoltar trí institiúidí creidmheasa mar idirghabhálaithe airgeadais, rachaidh sí chun tairbhe na ngnóthas sin go díreach. Féadfaidh sí buntáiste neamhdhíreach a bhronnadh ar na hidirghabhálaithe airgeadais, áfach. Mar sin féin, faoi choimircí ranna 2.2 agus 2.3, níl de chuspóir ag na buntáistí neamhdhíreacha sin inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht na n-institiúidí creidmheasa a chaomhnú ná a athbhunú. Dá thoradh sin, ní cháileofaí an chabhair sin mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách faoi Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc) ( 51 ) ná faoi Rialachán (AE) 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán an tSásra Réitigh Aonair) ( 52 ), agus ní mheasúnófaí í faoi na rialacha maidir le Státchabhair is infheidhme i leith na hearnála baincéireachta ( 53 ).

    (48) Cabhair a dheonódh Ballstáit d’institiúidí creidmheasa nó d’institiúidí airgeadais eile faoi Airteagal 107(2)(b) CFAE chun díobháil a bhain dóibh go díreach mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair a chúiteamh, nó cabhair a thug Ballstait d’institiúidí creidmheasa nó d’institiúidí airgeadais eile faoi roinn 2.4 den Teachtaireacht seo, agus nach ndeonófaí chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht institiúid ná eintitis a chaomhnú ná a athbhunú, ní cháileofaí an chabhair sin mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc ná faoi Rialachán an tSásra Réitigh Aonair, agus ní mheasúnófaí í faoi na rialacha maidir le Státchabhair is infheidhme i ndáil leis an earnáil baincéireachta ( 54 ).

    (49) Dá dtarlódh sé de dheasca na géarchéime atá ann faoi láthair, go mbeadh gá ag na hinstitiúidí airgeadais le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách (féach Airteagal 2(1)(28) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus Airteagal 3(1)(29) de Rialachán an tSásra Réitigh Aonair) i bhfoirm leachtachta, athchaipitlithe, nó birt maidir le sócmhainní bearnaithe, ní mór measúnú an gcomhlíonann an beart coinníollacha Airteagal 32(4)(d) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus Airteagal 18(4)(d)(i), (ii) nó (iii) de Rialachán an tSásra Réitigh Aonair. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, ní mheasfaí go mbeadh an institiúid creidmheasa a gheobhadh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách sin i mbéal cliseadh nó ar dóigh dó cliseadh.

    (50) A mhéid a thugann na bearta sin aghaidh ar fhadhbanna a bhaineann le hionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus a thionchair dhíreacha agus indíreacha, mheasfaí go dtagann siad faoi phointe 45 de Theachtaireacht Baincéireachta 2013 ( 55 ), teachtaireacht ina leagtar amach eisceacht ar an gceanglas i ndáil le comhroinnt ualaigh maidir le scairshealbhóirí agus creidiúnaithe sóisearacha.

    (51) Cabhair a dheonaítear faoin Teachtaireacht seo ní bheidh sí coinníollach ar athshuíomh ghníomhaíocht táirgthe nó ghníomhaíocht eile an tairbhí ó thír eile in LEE go dtí críoch an Bhallstáit a dheonaíonn an cabhair. Dealraíonn sé go mbeadh an coinníoll sin díobhálach don mhargadh inmheánach. Gan dochar do na coimircí sonracha a áirítear i roinn 2.8 den Teachtaireacht seo, tá an méid sin beag beann ar líon na gcaillteanas post a tharla go fíor i mbunaíocht tosaigh an tairbhí in LEE.

    (52) Ní dheonófar cabhair faoin Teachtaireacht seo do ghnóthais atá faoi smachtbhannaí arna nglacadh ag an Aontas, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:

    a. 

    daoine, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú go sonrach sna gníomhartha dlí lena bhforchuirtear na smachtbhannaí sin;

    b. 

    gnóthais atá faoi úinéireacht nó faoi rialú daoine, eintiteas nó comhlachtaí a bhfuil na smachtbhannaí arna nglacadh ag an Aontas dírithe orthu; nó

    c. 

    gnóthais atá gníomhach i dtionscail a bhfuil smachtbhannaí arna nglacadh ag an Aontas dírithe orthu, a mhéid a bhainfeadh an chabhair an bonn de chuspóirí na smachtbhannaí lena mbaineann.

    (53) Na bearta Státchabhrach, astu féin, de bhua na gcoinníollacha a ghabhann leo nó lena modh maoinithe, bearta a bhfuil baint acu le sárú neamh-inscartha ar dhlí an Aontais, ní féidir a dhearbhú go bhfuil siad comhoiriúnach don mhargadh inmheánach. D’fhéadfaí gurb amhlaidh an cás, mar shampla, i gcas ina bhfuil dámhachtain faoi réir, go díreach nó go hindíreach, clasalacha lena bhfochuirtear coinníollacha maidir le tionscnamh táirgí nó trealaimh, mar atá ceanglas don tairbhí táirgí a táirgeadh sa tír bhaile a cheannach. Ní údaróidh an Coimisiún cabhair do ghníomhaíochtaí lena mbaineann onnmhairiú chuig tríú tíortha nó Ballstáit atá nasctha go díreach leis na cainníochtaí a onnmhairítear, cabhair a bhraitheann ar úsáid earraí intíre seachas allmhairithe, nó cabhair chun líonra dáileacháin a bhunú agus a oibriú nó chun aon chaiteachas eile atá nasctha le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin a chumhdach.

    1.5.    Infheidhmeacht Airteagal 107(3)(b) CFAE

    (54) De bhun Airteagal 107(3)(b) CFAE féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach le cabhair an mhargaidh inmheánaigh “suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas”. Sa chomhthéacs sin, rialaigh cúirteanna an Aontais nach mór don suaitheadh tionchar a bheith aige ar gheilleagar iomlán an Bhallstáit lena mbaineann nó ar chuid thábhachtach den gheilleagar sin, agus ní hamháin tionchar a bheith aige ar gheilleagar cheann amháin dá chuid réigiún nó ar chodanna dá chríoch. Thairis sin, tá sé sin i gcomhréir leis an ngá atá le léirmhíniú beacht a dhéanamh ar aon fhoráil eisceachtúil amhail Airteagal 107(3)(b) CFAE ( 56 ). Chuir an Coimisiún an léirmhíniú sin i bhfeidhm go comhsheasmhach ina phróiseas cinnteoireachta ( 57 ).

    (55) Leis an ionsaí a rinne an Rúis in aghaidh na hÚcráine agus a thionchair dhíreacha agus indíreacha, lena n-áirítear na smachtbhannaí eacnamaíocha a fhorchuir an tAontas nó a chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus na frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis, mar shampla, measann an Coimisiún gur cruthaíodh éiginnteachtaí suntasacha eacnamaíocha, gur cuireadh isteach ar shreafaí trádála agus ar shlabhraí soláthair agus gur tháinig méaduithe móra eisceachtúla ar phraghsanna, méaduithe nach raibh coinne leo, go háirithe ar phraghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, ach ar phraghsanna ábhar ionchuir agus amhábhar agus earraí príomhúla eile freisin. I dteannta a chéile, tá na héifeachtaí sin ina gcúis le suaitheadh tromchúiseach ar an ngeilleagar sna Ballstáit uile. Bíonn éifeachtaí díreacha nó indíreacha ag suaitheadh sa slabhra soláthair agus ag an méadú ar an éiginnteacht, agus bíonn tionchar acu ar go leor earnálacha. Ina theannta sin, bíonn tionchar ag ardú ar phraghsanna fuinnimh ar nach mór gach gníomhaíocht eacnamaíoch i ngach Ballstát. Dá réir sin, measann an Coimisiún go mbíonn tionchar ag suaitheadh tromchúiseach eacnamaíoch ar réimse leathan earnálacha eacnamaíocha i ngach Ballstát. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí na critéir a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar bhearta státchabhrach a fhéadfaidh na Ballstáit a ghlacadh chun an suaitheadh tromchúiseach sin a leigheas.

    (56) Tá bonn cirt faoi leith le Státchabhair agus is féidir a dhearbhú go bhfuil sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE, ar feadh tréimhse teoranta, más rud é go réitíonn sí an ganntanas leachtachta a bhfuil gnóthais ag dul i ngleic leis, gnóthais a bhfuil tionchar díreach nó indíreach ag suaitheadh tromchúiseach an gheilleagair orthu arb é ionsaí míleata na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus a thionchair dhíreacha agus indíreacha is cúis leis, a bhfuil tionchar ag na smachtbhannaí orthu, smachtbhannaí arna bhforchur ag an Aontas nó ag a chomhpháirtithe idirnáisiúnta chomh maith le tionchar na bhfrithbheart eacnamaíoch arna ndéanamh ag an Rúis, mar shampla.

    (57) Sa Teachtaireacht seo leagann an Coimisiún amach na critéir don mheasúnú comhoiriúnachta a chuirfidh sé i bhfeidhm i bprionsabal maidir leis an gcabhair a dheonóidh na Ballstáit sa chomhthéacs sin faoi Airteagal 107(3)(b) CFAE. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit a thaispeáint, maidir leis na bearta státchabhrach a chuirtear in iúl don Choimisiún agus a thagann faoi raon feidhme na Teachtaireachta seo, go bhfuil na bearta sin riachtanach, iomchuí agus comhréireach chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar an Bhallstáit lena mbaineann a leigheas agus go bhfuil ceanglais uile na Teachtaireachta seo á gcomhlíonadh.

    (58) Bearta Státchabhrach a dtugtar fógra ina leith agus a ndéantar measúnú orthu faoin Teachtaireacht seo, tá sé beartaithe go dtacóidh siad le gnóthais atá gníomhach san Aontas, ar gnóthais iad ar a bhfuil tionchar ag an ionsaí míleata foghach na Rúise agus/nó a chuid iarmhairtí. Ní fhéadfar aon úsáid a bhaint as na bearta cabhrach chun an bonn a bhaint de na héifeachtaí a bheartaítear le smachtbhannaí arna bhforchur ag an Aontas nó ag a chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus ní mór dóibh rialacha frith-imchéimniúcháin na rialachán is infheidhme a chomhlíonadh go hiomlán ( 58 ). Thar aon ní eile, maidir le daoine nádúrtha nó le heintitis atá faoi réir na smachtbhannaí, ní mór a sheachaint go mbainfeadh siad tairbhe dhíreach nó indíreach as na bearta sin ( 59 ).

    (59) Féadfar bearta Státchabhrach a thagann faoi raon feidhme na Teachtaireachta seo a charnadh lena chéile i gcomhréir leis na ceanglais i ranna sonracha na Teachtaireachta seo. Féadfar bearta maidir le Státchabhair a chumhdaítear leis an Teachtaireacht seo a charnadh le cabhair faoi Rialacháin de minimis ( 60 ) nó le cabhair faoi na Rialacháin Bhlocdhíolúine ( 61 ), ar choinníoll go ndéantar forálacha agus rialacha carntha na Rialachán sin a urramú. Féadfar bearta Státchabhrach a chumhdaítear leis an Teachtaireacht seo a charnadh le cabhair a deonaítear faoin gCreat Sealadach maidir le COVID-19 ( 62 ), ar choinníoll go ndéantar na rialacha carntha a mbaineann leo a urramú. Nuair a dheonaíonn Ballstáit iasachtaí nó ráthaíochtaí don tairbhí faoin gCreat Sealadach maidir le COVID-19 agus faoin Teachtaireacht seo freisin agus nuair a ríomhtar méid foriomlán na hiasachta ar bhonn riachtanais leachtachta fhéindearbhaithe an tairbhí, ní mór do na Ballstáit a áirithiú nach gcumhdófar na riachtanais leachtachta sin le cabhair ach aon uair amháin. Ar an gcaoi chéanna, maidir le cabhair faoin Teachtaireacht seo, féadfar í a charnadh le cabhair faoi Airteagal 107(2)(b) CFAE ach ní fhéadfar róchúiteamh a dhéanamh ar an díobháil a bhain don tairbhí.

    2.    BEARTA SEALADACHA STÁTCHABHRACH

    2.1.    Méideanna teoranta cabhrach

    (60) Diomaite de na féidearthachtaí atá ann faoi láthair agus atá bunaithe ar Airteagal 107(3)(c) CFAE, féadfaidh réiteach iomchuí, riachtanach agus spriocdhírithe a bheith i gceist má thugtar méideanna teoranta cabhrach go sealadach do ghnóthais ar a bhfuil tionchar ag ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus/nó agus a thionchair dhíreacha agus indíreacha.

    (61) Measfaidh an Coimisiún an Státchabhair sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas (leagtar amach na forálacha sonracha le haghaidh earnáil na talmhaíochta príomhúla, earnáil an iascaigh agus earnáil an dobharshaothraithe i bpointe 62):

    ▼M1

    a. 

    Ní bheidh an chabhair fhoriomlán níos mó ná EUR 2.5 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an Bhallstáit am ar bith ( 63 ). Féadfar an chabhair a dheonú i bhfoirm deontais dhíreacha, buntáistí cánach agus íocaíochta nó foirmeacha eile amhail airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí ( 64 ), iasachtaí ( 65 ) agus cothromas ar choinníoll nach sáróidh luach ainmniúil iomlán na mbeart sin an uasteorann foriomlán EUR 2.25 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an Bhallstáit; is figiúirí comhlána a bheidh sna figiúirí ar fad a úsáidfear, is é sin, roimh aon asbhaint chánach nó táille eile;

    ▼B

    b. 

    deonaítear an chabhair ar bhonn scéim a bhfuil buiséad measta aici;

    ▼M1

    c. 

    deonaítear an chabhair faoin 30 Meitheamh 2024 ( 66 );

    ▼B

    d. 

    deonófar an chabhair do ghnóthais a ndéanann an ghéarchéim difear dóibh;

    e. 

    an chabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i bpróiseáil agus i margú táirgí talmhaíochta ( 67 ), deonaítear í ar choinníoll nach gcuirfear ar aghaidh go páirteach nó go hiomlán í chuig na táirgeoirí príomhúla agus nach socrófar í ar bhonn phraghas nó chainníocht na dtáirgí arna gcur ar an margadh ag na gnóthais lena mbaineann nó arna gceannach ó na táirgeoirí príomhúla, mura rud é, sa chás deireanach sin, nár cuireadh na táirgí ar an margadh nó gur úsáideadh iad chun críocha neamhbhia amhail driogadh, meatánú nó múiríniú ag na gnóthais lena mbaineann.

    (62) De mhaolú ar phointe 61(a), tá feidhm ag na coinníollacha sonracha seo a leanas maidir le cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta, sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, mar aon le coinníollacha phointe 61(b) go (d):

    ▼M1

    a. 

    Ní bheidh an chabhair fhoriomlán níos mó ná EUR 280 000 in aghaidh an ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíocht in aghaidh an Bhallstáit agus EUR 335 000 in aghaidh an ghnóthais atá gníomhach sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe in aghaidh an Bhallstáit am ar bith; ( 68 ) féadfar an chabhair a dheonú i bhfoirm deontais dhíreacha, buntáistí cánach agus íocaíochta nó foirmeacha eile amhail airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí ( 69 ), iasachtaí ( 70 ) agus cothromas ar choinníoll nach sáróidh luach ainmniúil iomlán na mbeart sin an uasteorann foriomlán ábhartha EUR 280 000 nó EUR 335 000 in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an Bhallstáit; is figiúirí comhlána a bheidh sna figiúirí ar fad a úsáidfear, is é sin, roimh aon asbhaint chánach nó táille eile;

    ▼B

    b. 

    cabhair do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta, níl an chabhair sin socraithe ar bhonn phraghas nó chainníocht na dtáirgí arna gcur ar an margadh;

    c. 

    cabhair do ghnóthais atá gníomhach in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, ní bhainfidh an chabhair sin le haon cheann de na catagóirícabhrach dá dtagraítear in Airteagal 1(1)(a) go (k), de Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ( 71 ).

    ▼M1

    (63) I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach i roinnt earnálacha a bhfuil feidhm ag uasmhéideanna éagsúla ina leith i gcomhréir leis na pointí 61(a) agus 62(a), ní mór don Bhallstát lena mbaineann a áirithiú, ar bhealach iomchuí, amhail deighilt cuntas, go n-urramófar an uasteorainn ábhartha do gach ceann de na gníomhaíochtaí sin agus nach sárófar an t-uasmhéid foriomlán EUR 2.25 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an Bhallstáit. I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach sna hearnálacha a chumhdaítear le pointe 62(a), agus sna hearnálacha sin amháin, níor cheart an t-uasmhéid foriomlán EUR 335 000 in aghaidh an ghnóthais a shárú in aghaidh an Bhallstáit.

    ▼B

    (64) Maidir le bearta arna ndeonú faoin Teachtaireacht seo i bhfoirm airleacan inaisíoctha, ráthaíochtaí, iasachtaí nó ionstraimí in-aisíoctha eile, féadfar iad a chomhshó i gcineálacha eile cabhrach amhail deontais, ar choinníoll go ndéanfar an comhshó faoin 30 Meitheamh 2024 agus go gcomhlíonfar na coinníollacha sa roinn seo.

    2.2.    Tacaíocht leachtachta i bhfoirm ráthaíochtaí

    (65) Chun rochtain ar leachtacht a áirithiú do ghnóthais a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair orthu, is féidir le ráthaíochtaí poiblí maidir le hiasachtaí ar feadh tréimhse teoranta agus maidir le méid na hiasachta a bheith ina réiteach iomchuí riachtanach agus spriocdhírithe le linn na n-imthosca reatha ( 72 ).

    (66) Maidir le príomhshuim na hiasachta foluití céanna, ní fhéadfar ráthaíochtaí a dheonaítear faoin roinn seo a charnadh le cabhair arna deonú faoi roinn 2.3 den Teachtaireacht seo ná vice versa ná le cabhair arna deonú faoi ranna 3.2 nó 3.3 den Chreat Sealadach maidir le COVID-19. Féadfar ráthaíochtaí a dheonaítear faoin roinn seo a charnadh le haghaidh iasachtaí éagsúla ar choinníoll nach sáróidh méid foriomlán na hiasachta in aghaidh an tairbhí na huasteorainneacha a leagtar amach i bpointe 67(e) den Teachtaireacht seo. Féadfaidh tairbhí tairbhe a bhaint go comhthreomhar as bearta iomadúla faoin roinn seo ar choinníoll nach sáróidh méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí na huasteorainneacha a leagtar amach i bpointe 67(e).

    (67) Maidir leis an Státchabhair sin atá i bhfoirm ráthaíochtaí poiblí, measfaidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE ar na coinníollacha seo a leanas:

    a. 

    Cuirtear ráthaíochtaí poiblí ar fáil i gcás iasachtaí aonair nua a thugtar do ghnóthais ( 73 );

    b. 

    Socraítear préimheanna ráthaíochta in aghaidh iasachtaí aonair ar íosleibhéal, rud a mhéadóidh de réir a chéile fad na méaduithe ar an iasacht ráthaithe, mar a leagtar amach sa tábla seo a leanas:



    An cineál faighteora

    Le haghaidh an 1ú bliain

    Le haghaidh 2ú –3ú bliain

    Le haghaidh 4ú -6ú bliain

    FBManna

    25 bps

    50 bps

    100 bps

    Fiontair mhóra

    50 bps

    100 bps

    200 bps

    c. 

    Mar rogha malartach, féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt faoi scéimeanna, agus an tábla thuas á mheas acu mar bhonn, ach trína bhféadfaí fad ráthaíochta, préimheanna ráthaíochta agus cumhdach ráthaíochta a mhodhnú do gach príomhshuim iasachta fholuiteach ar leith (mar shampla, d’fhéadfadh cumhdach ráthaíochta níos ísle fritháireamh a dhéanamh ar thréimhse níos faide nó d'fhéadfadh sé préimheanna ráthaíochta níos ísle a cheadú); féadfar préimh chomhréidh a úsáid ar feadh ré iomlán na ráthaíochta, má tá sé níos mó ná na préimheanna íosta le haghaidh an 1ú bliain a leagtar amach sa tábla thuas maidir le gach cineál tairbhí, arna choigeartú i gcomhréir le fad tréimhse ráthaíochta agus cumhdach ráthaíochta faoin mír seo;

    d. 

    Go mbeidh an ráthaíocht deonaithe faoin 31 Nollaig 2023;

    e. 

    Ní sháróidh méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí, dá ndeonófar ráthaíocht faoin roinn seo:

    i. 

    15 % de mheánláimhdeachas bliantúil iomlán an tairbhí sna trí thréimhse chuntasaíochta dhúnta dheireanacha ( 74 ) ;

    ii. 

    50 % de na costais fuinnimh thar an 12 mhí roimh an mí ina gcuirtear isteach an t-iarratas ar chabhair ( 75 ) ; nó

    iii. 

    nuair a chuirfidh an Ballstát bonn cirt iomchuí ar fáil don Choimisiún lena mheasúnú (mar shampla i ndáil leis na dúshláin atá roimh an tairbhí le linn na géarchéime reatha) ( 76 ), féadfar méid na hiasachta a mhéadú:

    — 
    chun na riachtanais leachtachta a chumhdach ón tráth a dheonófar iad le haghaidh an 12 mhí atá le teacht i gcás FBManna ( 77 ) agus le haghaidh an 6 mhí atá le teacht i gcás fiontair mhóra;
    — 
    i gcás fiontair mhóra ar gá dóibh comhthaobhachtaí airgeadais a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí trádála ar na margaí fuinnimh, chun riachtanais leachtachta arna ndíorthú ó na gníomhaíochtaí sin a chumhdach ón tráth a dheonófar iad le haghaidh an 12 mhí atá le teacht;
    — 
    Ba cheart na riachtanais leachtachta a bhunú trí fhéindeimhniúchán an tairbhí ( 78 );
    — 
    Na riachtanais leachtachta a chumhdaítear cheana féin le bearta cabhrach faoin gCreat Sealadach maidir le COVID-19, ní fhéadfar iad a chumhdach le bearta a ghlactar faoin Teachtaireacht seo;
    f. 

    Tá fad na ráthaíochta teoranta do thréimhse sé bliana ar a mhéad, mura ndéanfar modhnú uirthi de réir phointe 67(c), agus ní fhéadfaidh an ráthaíocht dul thar:

    i. 

    90 % de phríomhshuim na hiasachta i gcás inan-iompróidh an institiúid chreidmheasa agus an Stát caillteanais go comhréireach agus faoi na coinníollacha céanna; nó

    ii. 

    35 % de phríomhshuim na hiasachta i gcás ina leagtar caillteanais i dtosach ar an Stát agus ina dhiaidh sin amháin ar na hinstitiúidí creidmheasa (i.e. ráthaíocht chéadchaillteanais); agus

    iii. 

    sa dá chás thuas, nuair a thagann laghdú ar mhéid na hiasachta le himeacht ama, mar shampla toisc go bhfuil an iasacht á haisíoc, ní mór an méid faoi ráthaíocht a laghdú go comhréireach;

    g. 

    Ar bhonn réasúnú iomchuí atá le cur ar fáil ag an mBallstát agus de mhaolú ar phointí 67(a), 67(e), 67(f) agus 67(h), is féidir an ráthaíocht phoiblí a sholáthar mar chomhthaobhacht ( 79 ) airgeadais neamhchistithe do chontrapháirtithe lárnacha nó do chomhaltaí imréitigh chun riachtanais leachtachta nua a chumhdach a eascraíonn ón ngá atá le comhthaobhacht airgeadais a sholáthar do ghníomhaíochtaí trádála imréitithe ar mhargaí fuinnimh do ghnóthais fuinnimh. Féadfaidh cumhdach na ráthaíochtaí neamhchistithe sin a bheith níos mó ná 90 % ar bhonn eisceachtúil. I gcás na ráthaíochtaí neamhchistithe sin, ní mór don Bhallstát:

    i. 

    má sháraíonn cumhdach na ráthaíochta 90 %, an gá atá le cumhdach chomh ard sin a léiriú, bunaithe ar fhianaise láidir shonrach, sin agus gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh siad fíorú agus faireachán tráthrialta nach bhfuil na tairbhithe deiridh in ann na riachtanais leachtachta sin a chomhlíonadh trí fhoinsí eile maoiniúcháin inmheánaigh nó sheachtraigh, lena n-áirítear cabhair eile faoin Teachtaireacht seo;

    ii. 

    údar a thabhairt le méid na ráthaíochtaí, méid nach bhféadfaidh a bheith níos mó, in aon chás, ná an méid chun riachtanais leachtachta an 12 mhí atá ag teacht a chumhdach, riachtanais a eascraíonn as an ngá comhthaobhachtaí airgeadais a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí trádála imréitithe ar na margaí fuinnimh. Ní mór do na Ballstáit na riachtanais sin a athbhreithniú ar bhonn rialta;

    iii. 

    údar a thabhairt leis an tréimhse a ndeonófar an ráthaíocht ina leith, tréimhse is gá a bheith teoranta don 31 Nollaig 2023 agus, in aon chás, tréimhse nach féidir a bheith níos faide ná an tréimhse ina meastar na ráthaíochtaí sin a bheith ina gcomhthaobhacht an-leachtach de réir Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2311 ón gCoimisiún lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 a mhéid a bhaineann le bearta éigeandála sealadacha maidir le ceanglais comhthaobhachta ( 80 );

    iv. 

    a léiriú conas a dhéanfaidh na coinníollacha a bhaineann leis an ráthaíocht a shlógadh aghaidh leormhaith a thabhairt ar imní ó thaobh baol morálta maidir leis an tairbhí agus ant-idirghabhálaí airgeadais. Go háirithe, baineann sé sin leis an gcoinníoll maidir leis na méideanna ráthaithe a aisghabháil ón tairbhí deiridh, coinníoll faoi nach mór an leibhéal céanna tosaíochta, nó leibhéal níos airde, a bheith ag gabháil le héilimh an Bhallstáit ar shócmhainní an tairbhí dheiridh agus a ghabhann le fiachas sinsearach agus iasachtaí eile gan íoc an tairbhí dheiridh;

    v. 

    na préimheanna a chuirfear i bhfeidhm le haghaidh na ráthaíochtaí sin a léiriú, préimheanna is gá a bheith ar a laghad cothrom leis na préimheanna ráthaíochta dá dtagraítear sa tábla i bpointe 67(b) móide 200 bonnphointe (bps) agus, mura ngearrann an contrapháirtí lárnach nó an comhalta imréitigh aon ráta úis ná táille as an suíomh comhthaobhachta neamhchistithe, ní mór an bonnráta a shainmhínítear i bpointe 70(b) a chur leis;

    vi. 

    a áirithiú go gcomhlíonfar pointí 61(d) agus 67(i) freisin. Ní bhaineann an rogha faoi phointe 67(c) le hábhar agus ní bhainfidh an ráthaíocht ach le riachtanais leachtachta a shainítear i bpointe 67(g);

    h. 

    Bainfidh an ráthaíocht le hiasachtaí infheistíochta agus/nó le hiasachtaí caipitil oibre;

    i. 

    Féadfar ráthaíochtaí a sholáthar go díreach do thairbhithe deiridh nó d’institiúidí creidmheasa agus d’institiúidí airgeadais eile mar idirghabhálaithe airgeadais. Ba cheart na hinstitiúidí creidmheasa nó na hinstitiúidí airgeadais eile, a mhéid is féidir, buntáistí na ráthaíochtaí poiblí a chur ar aghaidh chuig na tairbhithe deiridh. Ní mór don idirghabhálaí airgeadais a bheith in ann a thaispeáint go n-oibríonn sé sásra lena n-áirithítear go gcuirtear na tairbhí uile ar aghaidh a mhéid is féidir do na tairbhithe deiridh i bhfoirm méideanna maoiniúcháin níos airde, punann a bhfuil riosca níos mó ag baint leo, ceanglas comhthaobhachta níos ísle, préimheanna ráthaíochta níos ísle nó rátaí úis níos ísle ná mar a bheadh gan na ráthaíochtaí poiblí sin.

    2.3.    Tacaíocht leachtachta i bhfoirm iasachtaí fóirdheonaithe

    (68) Chun rochtain ar leachtacht a áirithiú do ghnóthais a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair orthu, d’fhéadfadh rátaí úis fóirdheonaithe ar feadh tréimhse teoranta agus méid na hiasachta a bheith ina réiteach iomchuí riachtanach agus spriocdhírithe le linn na n-imthosca reatha.

    (69) Maidir le príomhshuim na hiasachta foluití chéanna, ní dhéanfar iasachtaí a dheonaítear faoin roinn seo a charnadh le cabhair arna deonú faoi roinn 2.2 den Teachtaireacht seo agus vice versa. Féadfar iasachtaí agus ráthaíochtaí a dheonaítear faoin Teachtaireacht seo a charnadh i gcás iasachtaí éagsúla ar choinníoll nach sáróidh méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí na huasteorainneacha a leagtar amach i b pointe 67(e) nó i bpointe 70(e). Féadfaidh tairbhí tairbhe a bhaint go comhthreomhar as iasachtaí fóirdheonaithe iomadúla faoin roinn seo ar choinníoll nach sáróidh méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí na huasteorainneacha a leagtar amach i bpointe 70(e).

    (70) Maidir le Státchabhair i bhfoirm iasachtaí fóirdheonaithe mar fhreagairt ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, déanfaidh an Coimisiún í a mheas mar chabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    a. 

    Ní dheonaítear na hiasachtaí d’institiúidí creidmheasa ná d’institiúidí airgeadais eile;

    b. 

    Féadfar na hiasachtaí a dheonú ar rátaí úis laghdaithe, rátaí atá cothrom ar a laghad leis an mbonnráta (IBOR 1 bhliain amháin nó a choibhéis arna fhoilsiú ag an gCoimisiún ( 81 )) atá ar fáil an 1 Deireadh Fómhair 2022 ( 82 ) nó is infheidhme tráth a dheonófar an tacaíocht, móide na corrlaigh riosca creidmheasa mar a leagtar amach sa tábla thíos ( 83 )



    An cineál faighteora

    Corrlach an riosca creidmheasa le haghaidh an 1ú bliain

    Corrlach an riosca creidmheasa le haghaidh 2ú -3ú bliain

    Corrlach an riosca creidmheasa le haghaidh 4ú-6ú bliain

    FBManna

    25 bps (1)

    50 bps (2)

    100 bps

    Fiontair mhóra

    50 bps

    100 bps

    200 bps

    (1)   

    Ba cheart an ráta úis ilghnéitheach íosta (bunráta móide na corrlaigh riosca creidmheasa) a bheith ar a laghad 10  bps in aghaidh na bliana.

    (2)   

    Ba cheart an ráta úis ilghnéitheach íosta (bunráta móide na corrlaigh riosca creidmheasa) a bheith ar a laghad 10  bps in aghaidh na bliana.

    c. 

    Mar rogha mhalartach, féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt faoi scéimeanna, agus an tábla thuas á mheas mar bhonn, ach trína bhféadfar aibíocht iasachta agus leibhéal na gcorrlach riosca creidmheasa a mhodhnú, mar shampla, féadfar corrlach riosca creidmheasa comhréidh a úsáid le haghaidh thréimhse iomlán na hiasachta, má tá sé níos airde ná an corrlach riosca creidmheasa íosta le haghaidh an 1ú bliain maidir le gach cineál tairbhí, arna choigeartú de réir aibíocht na hiasachta faoin mír seo ( 84 ) ( 85 );

    d. 

    Síneofar conarthaí na n-iasachtaí faoin 31 Nollaig 2023 agus is é sé bliana an fad uasta leo, mura ndéanfar iad a mhodhnú i gcomhréir le pointe 70(c);

    e. 

    Ní sháróidh méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí na méideanna seo a leanas:

    i. 

    15 % de mheánláimhdeachas bliantúil iomlán an tairbhí sna trí thréimhse chuntasaíochta dhúnta dheireanacha ( 86 ) ; nó

    ii. 

    50 % de na costais fuinnimh thar an 12 mhí roimh an mí ina ndéantar ant-iarratas ar chabhair a chur isteach ( 87 ) ;

    iii. 

    agus údar iomchuí tugtha ag an mBallstát don Choimisiún (mar shampla i ndáil leis na dúshláin atá roimh an tairbhí le linn na géarchéime reatha) ( 88 ), féadfar méid na hiasachta a mhéadú: chun na riachtanais leachtachta a chumhdach:

    — 
    chun na riachtanais leachtachta a chumhdach: ón tráth a dheonófar iad le haghaidh an 12 mhí atá le teacht i gcás FBManna ( 89 ) agus le haghaidh na 6 mhí atá le teacht i gcás fiontair mhóra;
    — 
    i gcás fiontair mhóra ar gá dóibh comhthaobhachtaí airgeadais a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí trádála ar na margaí fuinnimh, chun na riachtanais leachtachta arna ndíorthú ó na gníomhaíochtaí sin a chumhdach ón tráth a dheonófar iad le haghaidh an 12 mhí atá le teacht;
    — 
    Ba cheart na riachtanais leachtachta a bhunú trí fhéindeimhniúchán an tairbhí ( 90 );
    — 
    Na riachtanais leachtachta a chumhdaítear cheana féin le bearta cabhrach faoin gCreat Sealadach maidir le COVID-19, ní fhéadfar iad a chumhdach faoin Teachtaireacht seo;
    f. 

    Bainfidh na hiasachtaí le riachtanais infheistíochta agus/nó le hiasachtaí caipitil oibre;

    g. 

    Féadfar iasachtaí a sholáthar go díreach do thairbhithe deiridh nó trí institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile mar idirghabhálaithe airgeadais. I gcás den sórt sin, ba cheart do na hinstitiúidí creidmheasa nó na hinstitiúidí airgeadais eile, a mhéid is féidir, buntáistí na rátaí fóirdheonaithe úis ar iasachtaí a chur ar aghaidh chuig na tairbhithe deiridh. Ní mór don idirghabhálaí airgeadais a bheith in ann a thaispeáint go n-oibríonn sé sásra lena n-áirithítear go gcuirtear na buntáistí ar aghaidh chuig na tairbhithe deiridh a mhéid is féidir gan coinníoll a chur ar dheonú iasachtaí fóirdheonaithe faoin roinn seo chun iasachtaí atá ann cheana a athmhaoiniú.

    2.4.    Cabhair um chostas breise i ngeall ar mhéaduithe fíor-thromchúiseacha ar phraghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais

    (71) Sa bhreis ar na féidearthachtaí atá ar fáil faoi láthair i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(c) CFAE agus na féidearthachtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht seo, d’fhéadfadh tacaíocht shealadach maolú a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bhaineann le méaduithe thar a bheith tromchúiseach ar phraghas an gháis nádúrtha agus an leictreachais de bharr ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Is féidir tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil do ghnóthais ar bhonn a dtomhaltas fuinnimh reatha nó stairiúil. Sa chéad chás, chumasódh an tacaíocht gníomhaíocht eacnamaíoch leanúnach na ngnóthas is mó a ndéantar difear dóibh ach bheadh níos lú dreasachtaí ann chun fuinneamh a shábháil. I bhfianaise an ghanntanais soláthairtí gáis san Aontas, tá sé tábhachtach freisin dreasachtaí láidre a choinneáil ar bun chun an t-éileamh a laghdú agus chun an tomhaltas gáis a laghdú de réir a chéile. D’fhéadfadh tacaíocht atá bunaithe ar thomhaltas fuinnimh stairiúil dreasachtaí margaidh slána a choinneáil ar bun chun tomhaltas fuinnimh a laghdú agus chun cuidiú le gnóthais déileáil le hiarmhairtí na géarchéime reatha, ar choinníoll nach laghdóidh tairbhithe go suntasach gníomhaíochtaí táirgthe faoi bhun an mhéid is gá chun an coigilteas fuinnimh spriocdhírithe a bhaint amach agus/nó nach n-aistreoidh siad ach a dtomhaltas in áit eile. Dá bhrí sin, iarrtar ar na Ballstáit a cheangal ar thairbhithe gealltanais leordhóthanacha a thabhairt chuige sin. Ar feadh aon tréimhse incháilithe, féadfaidh na Ballstáit scéim tacaíochta a chur ar bun ar bhonn ídiú fuinnimh reatha nó stairiúil.

    (72) Measfaidh an Coimisiún státchabhair a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    ▼M1

    a. 

    Deonaítear an chabhair faoin 30 Meitheamh 2024 ( 91 );

    b. 

    Féadfar an chabhair a dheonú i bhfoirm deontais dhíreacha, buntáistí cánach ( 92 ) agus íocaíochta nó foirmeacha eile amhail airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí ( 93 ), iasachtaí ( 94 ) agus cothromas ar choinníoll nach mó luach ainmniúil iomlán na mbeart sin ná an déine cabhrach agus na huasteorainneacha cabhrach is infheidhme. Is figiúirí comhlána a bheidh sna figiúirí ar fad a úsáidfear, is é sin, roimh aon asbhaint chánach nó táille eile;

    c. 

    Maidir le cabhair arna deonú i bhfoirm airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí, iasachtaí nó ionstraimí in-aisíoctha eile, féadfar í a chomhshó i gcineálacha eile cabhrach amhail deontais, ar choinníoll go ndéanfar an comhshó faoin 31 Nollaig 2024;

    ▼B

    d. 

    Deonófar an chabhair ar bhonn scéim a bhfuil buiséad measta aici. Féadfaidh na Ballstáit an chabhair a theorannú do ghníomhaíochtaí a thacaíonn le hearnálacha eacnamaíocha sonracha a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo don gheilleagar nó do shlándáil agus d’athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh, agus aird á tabhairt, mar shampla, ar na critéir chun tosaíocht a thabhairt do chustaiméirí criticiúla neamhchosanta sa Teachtaireacht dar teideal “Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte” ( 95 ). Mar sin féin, ní mór na teorainneacha sin a cheapadh go ginearálta agus ní bheidh teorannú saorga ar thairbhithe féideartha mar thoradh orthu;

    e. 

    Chun críocha na roinne seo, déantar costais incháilithe a ríomh bunaithe ar an ídiú gáis nádúrtha (lena n-áirítear mar bhunábhar), leictreachais, téimh agus fuaraithe ( 96 ) a tháirgtear go díreach ó ghás nádúrtha agus leictreachas a sholáthraíonn an tairbhí ( 97 ).

    Is i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas a ríomhtar ant-uaschostas incháilithe:

    (p(t) - p(ref) * 1.5) * q

    I gcás inar fíor an méid seo a leanas:

    ▼M1

    seasann t

    do mhí áirithe, nó do thréimhse roinnt míonna as a chéile, idir an 1 Feabhra 2022 agus an 30 Meitheamh 2024 ar a dhéanaí (“tréimhse incháilithe”)

    ▼B

    ref

    don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse thagartha”)

    p(t)

    don mheánphraghas in aghaidh an aonaid a ídíonn an tairbhí sa tréimhse incháilithe (mar shampla, in EUR/MWh)

    p(ref)

    don mheánphraghas in aghaidh an aonaid a ídíonn an tairbhí sa tréimhse incháilithe (mar shampla, in EUR/MWh)

    is é q

    an chainníocht arna soláthar ó sholáthraithe seachtracha agus arna tomhailt ag an tairbhí mar thomhaltóir deiridh ( 98 ). Is féidir le Ballstát é a shocrú mar seo a leanas:

    q(t), i.e. ídiú an tairbhí le linn na tréimhse incháilithe, nó
    q(ref), i.e. ídiú an tairbhí le linn na tréimhse tagartha.

    Ón 1 Meán Fómhair 2022 ar aghaidh, ní féidir le q a bheith níos airde ná 70 % d’ídiú an tairbhí le haghaidh na tréimhse céanna in 2021.

    f. 

    Ní rachaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an tairbhí thar 50 % de na costais incháilithe agus ní rachaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an Bhallstáit thar EUR 4 milliún tráth ar bith;

    g. 

    Cabhair a dheonófar faoin roinn seo, féadfar í a charnadh le cabhair a dheonófar faoi roinn 2.1, ar choinníoll nach sárófar na huasteorainneacha cabhrach is infheidhme in aghaidh an ghnóthais faoin roinn seo. I gcás an mhéid chéanna ídithe, cabhair a dheonófar faoin roinn seo a ríomhfar ar bhonn ídiú stairiúil (q(ref)), ní fhéadfar í a charnadh le cabhair a dheonófar faoi roinn 2.7.

    (73) I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le cabhair bhreise do thairbhithe atá thíos le laghdú ar fheidhmíocht eacnamaíoch le linn na géarchéime. Féadfaidh na Ballstáit cabhair a dheonú a sháraíonn na luachanna a ríomhadh de bhun phointe 72(f), i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, chomh maith leis na coinníollacha i bpointí 72(a) go (e) agus (g):

    a. 

    Ní rachaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an tairbhí thar 40 % de na costais incháilithe agus ní rachaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an ghnóthais thar EUR 100 milliún ag tráth ar bith;

    b. 

    I gcás tairbhithe a cháilíonn mar “ghnólachtaí dianfhuinnimh” ( 99 ), féadfar an chabhair fhoriomlán in aghaidh an tairbhí a mhéadú go huasmhéid 65 % de na costais incháilithe agus ní rachaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an Bhallstáit thar EUR 50 milliún ag tráth ar bith. Ina theannta sin, ní mór don tairbhí a léiriú go bhfuil laghdú 40 % ar a laghad ar EBITDA ( 100 ) (gan cabhair a áireamh) sa tréimhse incháilithe i gcomparáid leis an tréimhse thagartha, nó laghdú diúltach EBITDA (gan cabhair a áireamh) sa tréimhse incháilithe;

    c. 

    I gcás tairbhithe a cháilíonn mar “ghnólachtaí dianfhuinnimh” atá gníomhach in earnáil nó i bhfo-earnáil amháin nó níos mó a liostaítear in Iarscríbhinn I ( 101 ), féadfar an chabhair fhoriomlán in aghaidh an tairbhí a mhéadú go huasmhéid 80 % de na costais incháilithe agus ní fhéadfaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an Bhallstáit dul thar EUR 150 milliún tráth ar bith. Ina theannta sin, ní mór don tairbhí a léiriú go bhfuil laghdú 40 % ar a laghad ar EBITDA (gan cabhair a áireamh) sa tréimhse incháilithe i gcomparáid leis an tréimhse thagartha, nó laghdú diúltach EBITDA (gan cabhair a áireamh) sa tréimhse incháilithe;

    d. 

    I gcás cabhair a dheonófar faoi phointí 73(a), 73(b) agus 73(c), EBITDA an tairbhí sa tréimhse incháilithe, an chabhair fhoriomlán san áireamh, níor cheart dó dul thar 70 % dá EBITDA sa tréimhse thagartha. I gcásanna ina raibh EBITDA diúltach ann sa tréimhse thagartha, ní fhéadfaidh an chabhair a bheith ina cúis le méadú an EBITDA os cionn 0 sa tréimhse thagartha.

    ▼M1

    e. 

    Maidir le cabhair a dheonaítear faoi phointí 73(a), 73(b), 73(c) agus 73(d) maidir le costais incháilithe arna dtabhú idir an 1 Eanáir 2024 agus an 30 Meitheamh 2024, féadfar an EBITDA sa tréimhse incháilithe a ríomh ar bhonn eisceachtúil ar bhonn na bliana féilire dar críoch an 31 Nollaig 2023.

    ▼B

    (74) Faoin roinn seo, féadfaidh ant-údarás deonúcháin réamhíocaíocht a dhéanamh leis an tairbhí. Agus é sin á dhéanamh aige, féadfaidh ant-údarás deonúcháin brath ar mheastacháin de na critéir incháilitheachta sa roinn seo ar choinníoll go n-urramaítear na huasteorainneacha cabhrach sa roinn seo. Bunóidh an t-údarás deonúcháin próiseas chun na ceanglais incháilitheachta agus na huasteorainneacha cabhrach ábhartha a fhíorú ex post ar bhonn sonraí iarbhír agus chun aon íocaíocht chabhrach nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta nó a sháraíonn na huasteorainneacha cabhrach a aisghlámadh tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse incháilithe.

    2.5.    Cúnamh chun dlús a chur le leathadh amach fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinimh in-athnuaite atá ábhartha le haghaidh REPowerEU

    (75) Lasmuigh de na féidearthachtaí atá ann cheana atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(c) CFAE, i gcomhthéacs na géarchéime atá ann faoi láthair agus an Phlean REPowerEU ( 102 ), tá sé fíor-riachtanach dlús a chur le hinfhaighteacht fuinnimh in-athnuaite, agus a infhaighteacht a leathnú, ar bhealach costéifeachtach d’fhonn an spleáchas ar allmhairiúcháin de bhreoslaí iontaise, dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus praghsanna níos ísle nach bhfuil chomh luaineach céanna a bhaint amach. Tá státchabhair chun dlús a chur le húsáid fuinnimh in-athnuaite agus toilleadh stórála fuinnimh ina chuid de réiteach iomchuí, riachtanach agus spriocdhírithe chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú sa chomhthéacs reatha. I bhfianaise an ghéarghá le cur chun feidhme pras tionscadal a chuireann dlús le leathadh amach fuinnimh in-athnuaite, stóráil fuinnimh a áirithiú, tá údar cuí ar bhonn sealadach le simplithe áirithe chun bearta tacaíochta a chur chun feidhme ionas go mbeifear in ann REPowerEU a chur chun feidhme.

    (76) D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hinfheistíochtaí comhlántacha i mbonneagar fuinnimh, lena n-áirítear leathnú na heangaí, chun fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh a leathadh amach níos tapúla. I gcomhréir leis an bhFógra maidir le Nochtadh Cabhrach ( 103 ), níl tacaíocht don bhonneagar fuinnimh faoi chuimsiú monaplacht dhlíthiúil faoi réir rialacha maidir le Státchabhair. In earnáil an fhuinnimh, tá sé sin ábhartha go háirithe do na Ballstáit sin ina bhforchoimeádtar tógáil agus oibriú bonneagar áirithe go heisiach le dlí don Oibreoir Córais Tarchurtha nó don Oibreoir Córais Dáileacháin.

    2.5.1.    Cabhair infheistíochta chun dlús a chur le cur i bhfeidhm céimneach fuinnimh in-athnuaite agus le haghaidh stóráil fuinnimh

    (77) Déanfaidh an Coimisiún cabhair infheistíochta a mheas chun fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite agus stóráil fuinnimh a chur chun cinn mar chabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    a. 

    deonaítear an chabhair le haghaidh ceann amháin de na rudaí seo a leanas:

    (i) 

    infheistíochtaí le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001 ( 104 ), lena n-áirítear hidrigin inathnuaite agus breoslaí hidrigin a tháirgeadh ach gan táirgeadh leictreachais ó hidrigin inathnuaite a áireamh;

    (ii) 

    infheistíochtaí i stóráil leictreachais ( 105 ) nó teirmeastóráil ( 106 ) (i gcomhcheangal le ceann de na cineálacha eile infheistíochtaí a chumhdaítear leis an roinn seo freisin);

    (iii) 

    infheistíochtaí i stóráil hidrigine in-athnuaite, bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithgháis (lena n-áirítear bithmheatán) agus breoslaí bithmhaise a fhaigheann 75 % ar a laghad dá n-ábhar ó shaoráid táirgthe hidrigine in-athnuaite, bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithleachtanna, bithgháis nó breoslaí bithmhaise atá nasctha go díreach, ar bhonn bliantúil;

    b. 

    deonaítear an chabhair ar bhonn scéime a bhfuil toirte acmhainneachta agus buiséad measta aici;

    c. 

    féadfar na scéimeanna tacaíochta a theorannú do theicneolaíochtaí amháin nó níos mó a chumhdaítear i bpointe 77(a) ach ní féidir aon teorannú saorga ná idirdhealú saorga a áireamh iontu (lena n-áirítear ceadúnais, ceadanna nó lamháltais a dhámhachtain nuair is gá);

    d. 

    deonaítear an chabhair faoin 31 Nollaig 2025. Cé is moite de theicneolaíochtaí gaoithe amach ón gcósta, ní mór na suiteálacha a chur i gcrích agus a bheith ag feidhmiú laistigh de 36 mhí tar éis dháta an deonaithe. Ba cheart córas éifeachtach pionós a áireamh sa scéim i gcás nach gcomhlíontar an spriocdháta sin;

    e. 

    deonaítear an chabhair i bhfoirm deontais dhíreacha, airleacain inaisíoctha, iasachtaí ( 107 ), ráthaíochtaí ( 108 ) nó buntáistí cánach lena n-áirítear creidmheasanna cánach;

    f. 

    seo a leanas méid na cabhrach:

    (i) 

    deonaítear an chabhair trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítear ex ante agus a íoslaghdaíonn riosca na tairisceana straitéisí ( 109 ). Sna critéir roghnúcháin iomlána a úsáidtear chun tairiscintí a rangú, ní mór 70 % ar a laghad a shainiú i dtéarmaí cabhair in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil (amhail EUR in aghaidh an tona de laghdú CO2) nó cabhair in aghaidh an aschuir fuinnimh nó acmhainneacht fuinnimh a suiteáladh; nó

    (ii) 

    socróidh an Ballstát ó thaobh riaracháin de ar bhonn sonraí maidir le costas infheistíochta gach tionscadail dá dtugtar tacaíocht;

    g. 

    ní dheonófar cabhair do shuiteálacha gaoithe fótavoltacha gréine, ar tír mór agus amach ón gcósta, ná do shuiteálacha hidreachumhachta ach amháin i bpróiseas tairisceana iomaíoch i gcomhréir le pointe 77(f)(i).

    h. 

    de mhaolú ar phointe 77 (g) thuas, níl próiseas tairisceana iomaíoch éigeantach i gcás suiteálacha gréine fótavoltacha, gaoithe ar tír agus amach ón gcósta, agus suiteálacha hidreachumhachta nuair nach mó ná EUR 30 milliún an chabhair a dheonaítear in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail agus gur tionscadail bheaga iad na tionscadail a fhaigheann tacaíocht a shainítear mar seo a leanas:

    (i) 

    tionscadail a bhfuil acmhainneacht suiteáilte acu atá cothrom le 1MW nó faoina bhun; nó

    (ii) 

    tionscadail a bhfuil acmhainneacht shuiteáilte acu atá cothrom le 6 MW nó faoina bhun, má tá siad 100 % faoi úinéireacht FBManna nó comhphobail fuinnimh in-athnuaite; nó

    (iii) 

    le haghaidh giniúint gaoithe amháin, tionscadail ag a bhfuil acmhainneacht suiteáilte atá cothrom le 18 MW nó faoina bhun, má tá siad 100 % faoi úinéireacht fiontar beag agus micrifhiontar nó ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite;

    I gcás den sórt sin, socrófar an chabhair ó thaobh riaracháin de ar bhonn phointe 77(f)(ii);

    i. 

    Ní sháróidh an déine cabhrach an méid seo a leanas:

    (i) 

    100 % de na costais iomlána infheistíochta nuair a shocraítear an chabhair i bpróiseas tairisceana iomaíoch ar bhonn phointe 77(f)(i); nó

    (ii) 

    45 % de na costais infheistíochta iomlána nuair atá an chabhair socraithe ó thaobh riaracháin de ar bhonn phointe 77(f)(ii); Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 20 pointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais bheaga agus suas le 10 bpointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide;

    j. 

    i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh táirgeadh hidrigine in-athnuaite nó le haghaidh táirgeadh breoslaí hidrigine inathnuaite ( 110 ), ní mór don Bhallstát a áirithiú go dtáirgtear an hidrigin agus na breoslaí hidrigine ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach le haghaidh breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch i Treoir (AE) 2018/2001 agus a cuid gníomhartha tarmligthe;

    k. 

    i gcás ina ndeonaítear an chabhair chun bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás (lena n-áirítear bithmheatán) agus breoslaí bithmhaise a tháirgeadh, ní mór don Bhallstát a áirithiú go bhfuil na breoslaí dá dtugtar cabhair i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta agus leis na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe;

    l. 

    deonófar cabhair i ndáil le hacmhainneachtaí nuashuiteáilte nó athchumhachtaithe ( 111 ). Beidh méid na cabhrach neamhspleách ar an aschur fuinnimh. I gcás acmhainneachtaí athchumhachtaithe, níl ach na costais bhreise i ndáil leis an acmhainn athchumhachtaithe incháilithe le haghaidh cabhrach;

    m. 

    féadfar cabhair faoin alt seo a charnadh le haon Státchabhair eile, ach amháin i gcás cabhrach faoi alt 2.5.2 den Teachtaireacht seo, nó le cistí a bhainistítear go lárnach, fad a bhaineann na bearta sin le costais incháilithe inaitheanta éagsúla. Ní fhéadfar cabhair a charnadh le státchabhair, cé is moite de chabhair faoi roinn 2.5.2 den Teachtaireacht seo, nó le cistí arna mbainistiú go lárnach i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, atá forluiteach go páirteach nó go hiomlán, ach amháin mura mbeidh mar thoradh ar charnadh den sórt sin go sárófar an déine cabhrach is infheidhme a leagtar amach i bpointe 77(i) ( 112 );

    n. 

    ní fhéadfar cabhair faoin roinn seo a charnadh le cabhair faoi roinn 2.5.2 den Chumarsáid seo ach amháin nuair a dhéantar foráil sa scéim cabhrach ar tugadh fógra ina leith maidir leis an bhféidearthacht sin tráth a fógartha tosaigh;

    o. 

    féadfar cabhair a dheonú le haghaidh infheistíochtaí ar cuireadh tús le hoibreacha ina leith an 9 Márta 2023, cé is moite d’infheistíochtaí atá incháilithe faoin gCreat Géarchéime Sealadach a bhí ann roimhe seo a bhféadfadh oibreacha a bheith tosaithe ina leith amhail ón 20 Iúil 2022; i gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an 9 Márta 2023, nó roimh an 20 Iúil 2022 le haghaidh infheistíochtaí atá incháilithe faoin gCreat Géarchéime Sealadach a bhí ann roimhe seo, féadfar cabhair a dheonú más gá dlús a chur le raon feidhme na hinfheistíochta nó a leathnú go suntasach. Sna cásanna sin, ní bheidh ach na costais bhreise i ndáil leis na n-iarrachtaí dlúis nó leis an raon feidhme leathnaithe incháilithe do chabhair;

    p. 

    ní mór don chabhair an tairbhí a spreagadh chun tabhairt faoi infheistíocht, infheistíocht nach ndéanfadh sé, nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó ar bhealach eile, gan an chabhair. Measann an Coimisiún, i bhfianaise na ndúshlán eacnamaíoch eisceachtúil atá roimh ghnóthais mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, gurb amhlaidh atá de ghnáth go leanfadh tairbhithe dá ngníomhaíochtaí gan athruithe in éagmais na cabhrach, ar choinníoll nach sárú ar dhlí an Aontais a bheadh i gceist le leanúint dá ngníomhaíochta gan athruithe;

    q. 

    ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaí an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”.

    2.5.2.    Cabhair oibríochtúla chun dlús a chur le cur i bhfeidhm céimneach fuinnimh in-athnuaite agus le haghaidh stóráil fuinnimh

    (78) Déanfaidh an Coimisiún cabhair oibríochta a mheas chun fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite agus stóráil fuinnimh a chur chun cinn mar chabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    a. 

    deonaítear an chabhair le haghaidh ceann amháin de na rudaí seo a leanas:

    (i) 

    táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear hidrigin inathnuaite a tháirgeadh ach gan táirgeadh leictreachais ó hidrigin inathnuaite a áireamh;

    (ii) 

    oibriú stóráil leictreachais ( 113 ) nó teirmeastóráil ( 114 ) (i gcomhcheangal le ceann de na cineálacha eile infheistíochtaí a chumhdaítear leis an roinn seo freisin);

    (iii) 

    oibriú stórála hidrigine in-athnuaite, bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithgháis (lena n-áirítear bithmheatán) agus breoslaí bithmhaise a fhaigheann 75 % ar a laghad dá n-ábhar ó shaoráid táirgthe hidrigine in-athnuaite, bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithleachtanna, bithgháis nó breoslaí bithmhaise atá nasctha go díreach, ar bhonn bliantúil;

    b. 

    deonaítear an chabhair ar bhonn scéime a bhfuil toirt acmhainneachta nó aschuir measta aici chomh maith le buiséad;

    c. 

    féadfar na scéimeanna tacaíochta a theorannú do theicneolaíocht amháin nó níos mó a chumhdaítear i bpointe 78(a) ach ní féidir aon teorannú saorga ná idirdhealú saorga a áireamh iontu (lena n-áirítear ceadúnais, ceadanna nó lamháltais a dhámhachtain nuair is gá);

    d. 

    deonaítear an chabhair faoin 31 Nollaig 2025. Cé is moite de theicneolaíochtaí gaoithe amach ón gcósta, ní mór na suiteálacha a chur i gcrích agus a bheith ag feidhmiú laistigh de 36 mhí tar éis dháta an deonaithe. Ba cheart córas éifeachtach pionós a áireamh sa scéim i gcás nach gcomhlíontar an spriocdháta sin;

    e. 

    is i bhfoirm conarthaí dhá threo le haghaidh difríochta ( 115 ) a dheonaítear an chabhair, i ndáil le haschur fuinnimh na suiteála agus nach mairfidh an conradh níos faide ná 20 bliain tar éis don tsuiteáil chuidithe tús a chur le hoibríochtaí na suiteála cuidithe ( 116 );

    f. 

    cinntear méid na cabhrach mar seo a leanas:

    (i) 

    trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítear ex ante agus a íoslaghdaíonn riosca na tairisceana straitéisí ( 117 ). Sna critéir roghnúcháin iomlána a úsáidtear chun tairiscintí a rangú, ní mór 70 % ar a laghad a shainiú i dtéarmaí cabhair in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil (amhail EUR in aghaidh an tona de laghdú CO2) nó cabhair in aghaidh an aonaid aschuir nó acmhainneacht fuinnimh; nó

    (ii) 

    leis an bpraghas ceangail arna shocrú ó thaobh riaracháin ag an údarás rialála fuinnimh inniúil ( 118 ) chun na glanchostais a bhfuiltear ag súil leo a chumhdach, lena n-áirítear an WACC measta, agus na príomhioncaim uile agus aon chabhair a fuarthas cheana á gcur san áireamh;

    g. 

    ní dheonófar cabhair do tháirgeadh leicreachais ó fhótavoltacha gréine, gaoth ar tír mór agus amach ón gcósta, ná do hidreachumhachta ach amháin i bpróiseas tairisceana iomaíoch i gcomhréir le pointe 78(f)(i);

    h. 

    de mhaolú ar phointe 78 (g) thuas, níl próiseas tairisceana iomaíoch sainordaitheach i gcás táirgeadh leictreachais ó shuiteálacha gréine fótavoltacha, gaoithe ar tír agus amach ón gcósta, agus óhidreachumhacht nuair nach mó ná EUR 30 milliún an chabhair a dheonaítear in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail agus gur tionscadail bheaga iad na tionscadail a fhaigheann tacaíocht a shainítear mar seo a leanas:

    (i) 

    tionscadail a bhfuil acmhainneacht suiteáilte acu cothrom le 1 MW nó faoina bhun; nó

    (ii) 

    tionscadail a bhfuil acmhainneacht shuiteáilte acu atá cothrom le 6 MW nó faoina bhun, má tá siad 100 % faoi úinéireacht FBManna nó comhphobail fuinnimh in-athnuaite; nó

    (iii) 

    le haghaidh giniúint gaoithe amháin, tionscadail ag a bhfuil acmhainneacht suiteáilte atá cothrom le 18 MW nó faoina bhun, má tá siad 100 % faoi úinéireacht fiontar beag agus micrifhiontar nó ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite;

    I gcás den sórt sin, socrófar an chabhair ó thaobh riaracháin de ar bhonn phointe 78(f)(ii);

    i. 

    ní mór an chabhair a cheapadh chun aon saobhadh míchuí ar fheidhmiú éifeachtúil na margaí a chosc agus, go háirithe, dreasachtaí oibríochta agus comharthaí praghais éifeachtúla a chaomhnú. Go háirithe, níor cheart tairbhithe a dhreasú a n-aschur a thairiscint faoi bhun a gcostas imeallach agus níor cheart dóibh cabhair a fháil le haghaidh táirgeachta in aon tréimhsí ina bhfuil luach margaidh na táirgeachta sin diúltach ( 119 );

    j. 

    i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh táirgeadh hidrigine in-athnuaite nó le haghaidh táirgeadh breoslaí hidrigine inathnuaite ( 120 ), ní mór don Bhallstát a áirithiú go dtáirgtear an hidrigin agus na breoslaí hidrigine ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach le haghaidh breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch i Treoir (AE) 2018/2001 agus a cuid gníomhartha tarmligthe;

    k. 

    i gcás ina ndeonaítear an chabhair chun bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás (lena n-áirítear bithmheatán) agus breoslaí bithmhaise a tháirgeadh, ní mór don Bhallstát a áirithiú go bhfuil na breoslaí dá dtugtar cabhair i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta agus leis na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe;

    l. 

    deonófar an chabhair i ndáil le hacmhainneachtaí nuashuiteáilte nó athchumhachtaithe ( 121 );

    m. 

    féadfar cabhair faoin alt seo a charnadh le haon státchabhair eile nó le cistí a bhainistítear go lárnach, fad a bhaineann na bearta sin le costais incháilithe inaitheanta éagsúla. Ní fhéadfar cabhair a charnadh le Státchabhair nó le cistí arna mbainistiú go lárnach i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, i bpáirt nó go hiomlán, ach amháin mura mbeidh mar thoradh ar an gcarnadh sin go mbeidh níos mó ná 100 % de na glanchostais ionchasacha ann faoi mar a shainmhínítear i bpointe 78(f)(ii) ( 122 );

    n. 

    féadfar cabhair a dheonú le haghaidh suiteálacha ar cuireadh tús le hoibreacha ina leith an 9 Márta 2023, cé is moite d’infheistíochtaí atá incháilithe faoin gCreat Géarchéime Sealadach a bhí ann roimhe seo a bhféadfadh oibreacha a bheith tosaithe ina leith amhail ón 20 Iúil 2022; i gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an 9 Márta 2023, nó roimh an 20 Iúil 2022 le haghaidh infheistíochtaí atá incháilithe faoin gCreat Géarchéime Sealadach a bhí ann roimhe seo, féadfar cabhair a dheonú más gá dlús a chur le raon feidhme na hinfheistíochta nó a leathnú go suntasach. Sna cásanna sin, ní bheidh ach na costais bhreise i ndáil leis na n-iarrachtaí dlúis nó leis an raon feidhme leathnaithe incháilithe do chabhair;

    o. 

    ní mór don chabhair an tairbhí a spreagadh chun tabhairt faoi ghníomhaíocht, infheistíocht nach ndéanfadh sé, nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó ar bhealach eile, gan an chabhair. Measann an Coimisiún, i bhfianaise na ndúshlán eacnamaíoch eisceachtúil atá roimh ghnóthais mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, gurb amhlaidh atá de ghnáth go leanfadh tairbhithe dá ngníomhaíochtaí gan athruithe in éagmais na cabhrach, ar choinníoll nach sárú ar dhlí an Aontais a bheadh i gceist le leanúint dá ngníomhaíochta gan athruithe;

    p. 

    ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaí an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”.

    (79) Déanfaidh an Coimisiún breithniú ar chabhair chun uasacmhainn giniúna leictreachais na suiteálacha atá ann cheana a mhéadú agus gan tuilleadh infheistíochtaí a dhéanamh mar infheistíochtaí atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    a. 

    beidh an tsuiteáil atá ann cheana nasctha leis an eangach roimh an 1 Deireadh Fómhair 2022 agus thairbhigh sí de chabhair a fhormheas an Coimisiún faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE nó atá díolmhaithe ó fhógra;

    b. 

    tá gá leis an gcabhair chun uastoilleadh suiteálacha atá ann cheana féin a mhéadú chun a dtoilleadh a mhéadú suas le 1MW nó a choibhéis in aghaidh na suiteála gan tuilleadh infheistíochtaí a dhéanamh;

    c. 

    deonófar an chabhair faoin 31 Nollaig 2023 agus tiocfaidh deireadh leis an tréimhse incháilithe do thacaíocht faoin mbeart cabhrach faoin 31 Nollaig 2024;

    d. 

    comhlíonann an chabhair na ceanglais a leagtar síos i bpointí 78(a), 78 (b), 78(c), 78(e), 78(i) agus 78(j);

    e. 

    níor cheart an chabhair faoin mbeart seo a charnadh le cabhair eile a thacaíonn leis an dtoilleadh breise céanna.

    2.6.    Cabhair le haghaidh próisis táirgthe thionsclaíocha a dhícharbónú trí leictriúchán agus/nó úsáid hidrigine in-athnuaite agus hidrigine leictrealaíche a chomhlíonann coinníollacha áirithe agus le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh

    (80) Sa bhreis ar na féidearthachtaí atá ar fáil faoi láthair i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(c) CFAE, tá sé bunriachtanach i gcomhthéacs na géarchéime reatha agus Phlean REPowerEU infheistíochtaí a éascú i ndícharbónú gníomhaíochtaí tionsclaíocha d’fhonn an spleáchas ar allmhairí breoslaí iontaise a laghdú go tapa. An dlús atá á chur le bearta leictriúcháin agus éifeachtúlachta fuinnimh in earnáil na tionsclaíochta, chomh maith le teicneolaíochtaí a thabhairt isteach ina n-úsáidtear hidrigin in-athnuaite agus hidrigin-bhunaithe a chomhlíonann coinníollacha phointe 81(i) nó breoslaí hidrigine inathnuaite a chomhlíonann coinníollacha phointe 81(h), tá siad ina gcuid de réiteach iomchuí, riachtanach agus spriocdhírithe chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú.

    (81) Cabhair le haghaidh infheistíochta a bheidh ina chúis le (i) laghdú substaintiúil ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí tionsclaíochta a bhraitheann ar bhreoslaí iontaise faoi láthair mar fhoinse fuinnimh nó mar amhábhar, nó (ii) laghdú substaintiúil ar thomhaltas fuinnimh i ngníomhaíochtaí agus próisis tionsclaíochta, measfaidh an Coimisiún an chabhair sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    a. 

    deonaítear an chabhair ar bhonn scéim a bhfuil buiséad measta aici;

    b. 

    i bprionsabal, níor cheart an t-uasmhéid cabhrach aonair is féidir a dheonú in aghaidh an ghnóthais a bheith níos mó ná 10 % den bhuiséad iomlán atá ar fáil le haghaidh scéim den sórt sin nó níos mó ná EUR 200 milliún. A luaithe a fhaightear údarú iomchuí, údarú atá le soláthar ag an mBallstát don Choimisiún lena mheasúnú a dhéanamh air, féadfaidh an Coimisiún glacadh le scéimeanna lena ndéantar foráil maidir le méideanna cabhrach aonair a dheonú atá níos mó ná 10 % den bhuiséad iomlán atá ar fáil don scéim;

    c. 

    deonaítear an chabhair i bhfoirm deontais dhíreacha, airleacain inaisíoctha, iasachtaí ( 123 ), ráthaíochtaí ( 124 ) nó buntáistí cánach lena n-áirítear creidmheasanna cánach;

    d. 

    ní mór don infheistíocht ( 125 ) é a chur ar a chumas don tairbhí ceann amháin de na rudaí seo a leanas a dhéanamh nó an dá cheann díobh:

    (i) 

    astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha óna shuiteáil tionsclaíochta a bhraitheann ar bhreoslaí iontaise faoi láthair mar fhoinse fuinnimh nó mar amhábhair a laghdú faoi 40 % ar a laghad i gcomparáid leis an staid roimh an gcabhair, trí bhíthin leictriú na bpróiseas táirgthe, nó tríd an aistriú chuig úsáid hidrigine in-athnuaite agus hidrigine leictrealaíche a chomhlíonann coinníollacha phointí 81(g) agus (i) nó úsáid breoslaí hidrigine inathnuaite, rud a chomhlíonann coinníollacha phointe 81(h) chun ionad breoslaí iontaise a ghlacadh; chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhíorú, tá astaíochtaí iarbhír ó dhóchán bithmhaise le cur san áireamh ( 126 );

    (ii) 

    an tomhaltas fuinnimh i suiteálacha tionsclaíochta i ndáil leis na gníomhaíochtaí ( 127 ) dá dtugtar cabhair a laghdú faoi 20 % ar a laghad i gcomparáid leis an staid roimh an gcabhair;

    e. 

    maidir le hinfheistíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin gCóras Trádála Astaíochta (CTA), ní mór don chabhair a fhágáil go laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa shuiteáil an tairbhí faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha le haghaidh leithdháileadh saor in aisce a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún ( 128 );

    f. 

    níor cheart é a bheith d’aidhm ag an gcabhair méadú ar acmhainneacht táirgeachta foriomlán an tairbhí a mhaoiniú. Tá an méid sin gan dochar do mhéaduithe teoranta acmhainneachta a eascraíonn as riachtanas teicniúil. Glactar leis gurb amhlaidh atá i gcás méaduithe acmhainne nach mó ná 2 % i gcomparáid leis an staid sular deonaíodh an chabhair;

    g. 

    i gcás ina ndeonófar an chabhair le haghaidh infheistíocht dícharbónúcháin tionsclaíochta a bhaineann le húsáid hidrigine in-athnuaite, ní mór don Bhallstát a áirithiú go dtairgfear an hidrigin a úsáidfear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach le haghaidh breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch i Treoir (AE) 2018/2001 agus a cuid gníomh cur chun feidhme nó tarmligthe;

    h. 

    i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh infheistíocht dícharbónaithe thionsclaíoch lena mbaineann úsáid breoslaí hidrigine inathnuaite, comhlíonann na breoslaí sin na ceanglais charnacha seo a leanas:

    (i) 

    breoslaí leachtacha agus gásacha a thagann ó hidrigin inathnuaite, a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite seachas bithmhais is ea iad;

    (ii) 

    baineann siad amach laghdú 70 % ar a laghad ar astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa i gcomparáid le táirge comparáide breoslaí iontaise 94g CO2eq/MJ agus

    (iii) 

    táirgeadh iad i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach le haghaidh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe.

    i. 

    féadfar an chabhair a dheonú freisin le haghaidh infheistíocht dícharbónúcháin tionsclaíochta a bhaineann le húsáid hidrigine a tháirgtear ó leictreachas i gceann amháin de na cásanna seo a leanas:

    (i) 

    ní tháirgtear an hidrigin ach le linn uaireanta nuair is gléasra giniúna leictreachais saor ó fhoinsí iontaise é an t-aonad giniúna imeallach sa chrios tairisceana ina bhfuil an leictreoir lonnaithe sna tréimhsí socraíochta éagothroime a n-ídítear an leictreachas lena linn. Ní féidir hidrigin a tháirgtear sna huaireanta sin agus a áiríodh cheana mar hidrigin inathnuaite de réir bhrí phointe 81(g) a chomhaireamh an dara huair faoin roinn seo;

    (ii) 

    de rogha air sin, táirgtear hidrigin ó leictreachas a thógtar ón eangach agus táirgeann an leictreoir hidrigin ar feadh líon uaireanta lánlóid atá cothrom le líon na n-uaireanta arb iad suiteálacha a tháirgeann leictreachas saor ó fhoinsí iontaise, seachas leictreachas in-athnuaite, a shocraigh praghas imeallach an leictreachais sa chrios tairisceana, nó ar feadh líon uaireanta lánlóid atá níos lú ná an líon sin; ní féidir hidrigin a tháirgtear ar feadh roinnt uaireanta an chloig lánualaithe atá cothrom leis an líon uaireanta an chloig, nó níos ísle, inar socraíodh praghas imeallach an leictreachais sa chrios tairisceana ag suiteálacha a tháirgeann leictreachas inathnuaite agus ar tugadh cuntas uirthi cheana mar hidrigin inathnuaite de réir bhrí phointe 81(g) a chomhaireamh an dara huair faoin roinn seo;

    (iii) 

    de rogha air sin, ní mór don Bhallstát a áirithiú go mbainfidh an hidrigin leictrealaíoch a úsáidfear coigiltis ghás ceaptha teasa saolré 70 % ar a laghad amach i gcoibhneas le táirge comparáide breoslaí iontaise de 94g CO2eq/MJ agus go dtiocfaidh sé ó fhoinsí saor ó iontaise. I gcomhréir le cuspóirí REPowerEU, níor cheart a bheith mar thoradh ar an modh a úsáidtear chun na hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a leithdháiltear ar an leictreachas a ríomh tomhaltas méadaithe breosla iontaise. Chun críoch na ranna seo, ní féidir a úsáid ach an sciar den hidrigin arna táirgeadh a chomhfhreagraíonn do mheánsciar an leictreachais ó ghléasraí giniúna leictreachais saor ó fhoinsí iontaise, sa tír táirgthe, arna thomhas 2 bhliain roimh an mbliain atá i gceist. An sciar den hidrigin a tháirgtear i gcomhréir leis an bpointe reatha a chomhfhreagraíonn do mheánsciar an leictreachais ó ghléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite sa tír táirgthe, arna thomhas dhá bhliain roimh an mbliain atá i gceist, ní féidir é a áireamh an dara huair faoin roinn seo sa mhéid gur tugadh cuntas uirthi cheana mar hidrigin inathnuaite de réir bhrí phointe 81(g);

    j. 

    deonaítear an chabhair faoin 31 Nollaig 2025 agus tá sí faoi réir an choinníll nach mór an tsuiteáil nó an trealamh atá le maoiniú leis an infheistíocht a chur i gcrích agus a bheith ag feidhmiú laistigh de 36 mhí tar éis dháta an deonaithe. Ba cheart córas éifeachtach pionós a áireamh sa scéim i gcás nach gcomhlíontar an spriocdháta sin;

    k. 

    féadfar an chabhair a dheonú le haghaidh infheistíochtaí ar cuireadh tús le hoibreacha ina leith an 9 Márta 2023, cé is moite d’infheistíochtaí atá incháilithe faoin gCreat Géarchéime Sealadach a bhí ann roimhe seo a bhféadfadh oibreacha a bheith tosaithe ina leith amhail ón 20 Iúil 2022; i gcás tionscadail ar cuireadh tús leo roimh an 9 Márta 2023 nó an 20 Iúil 2022 le haghaidh infheistíochtaí atá incháilithe faoin gCreat Géarchéime Sealadach a bhí ann roimhe seo, féadfar cabhair a dheonú más gá dlús a chur le raon feidhme na hinfheistíochta nó a leathnú go suntasach. Sna cásanna sin, ní bheidh ach na costais bhreise i ndáil leis na n-iarrachtaí dlúis nó leis an raon feidhme leathnaithe incháilithe do chabhair;

    l. 

    níor cheart an chabhair a dheonú as caighdeáin is infheidhme de chuid an Aontais a chomhlíonadh amháin ( 129 );

    m. 

    ní mór don chabhair an tairbhí a spreagadh chun tabhairt faoi infheistíocht, infheistíocht nach ndéanfadh sé, nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó ar bhealach eile, gan an chabhair. Measann an Coimisiún, i bhfianaise na ndúshlán eacnamaíoch eisceachtúil atá roimh ghnóthais mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, gurb amhlaidh atá de ghnáth go leanfadh tairbhithe dá ngníomhaíochtaí gan athruithe in éagmais na cabhrach, ar choinníoll nach sárú ar dhlí an Aontais a bheadh i gceist le leanúint dá ngníomhaíochta gan athruithe; meastar go leanfadh tairbhithe dá ngníomhaíochtaí gan athruithe le haghaidh infheistíochtaí dá dtagraítear i bpointe 81(d)(i) thuas;

    n. 

    is iad na costais incháilithe an difear idir costais an tionscadail dá dtagraítear i bpointe 81(d) agus an coigilteas costais nó na hioncaim bhreise, i gcomparáid leis an staid in éagmais na cabhrach, thar shaolré na hinfheistíochta. Ní mór an scéim a dhearadh ar bhealach lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar bhrabúis amhantais, lena n-áirítear le linn praghsanna leictreachais nó gáis nádúrtha an-arda, trí mheicníocht aisghlámtha arna sainmhíniú ex ante a chur i bhfeidhm. Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 40 % de na costais incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 10 pointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide agus suas le 20 bpointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais bheaga. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 15 phointe céatadáin freisin i leith infheistíochtaí lena mbainfear amach laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha nó laghdú 25 % ar a laghad ar thomhaltas fuinnimh i gcomparáid leis an staid roimh an infheistíocht ( 130 );

    o. 

    mar mhalairt ar phointe 81(n), déantar méid na cabhrach a chinneadh trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítear ex ante agus a íoslaghdaíonn riosca na tairisceana straitéisí. Sna critéir roghnúcháin iomlána a úsáidtear chun tairiscintí a rangú, ní mór 70 % ar a laghad a shainiú i dtéarmaí cabhair in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil (amhail EUR in aghaidh an tona de laghdú CO2, nó EUR in aghaidh an aonaid fuinnimh arna choigilt). Ní mór gur srian ceangailteach a bheidh sa bhuiséad a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana sa dóigh gur féidir coinne a bheith leis nach bhfaighidh na tairgeoirí uile cabhair;

    p. 

    mar rogha mhalartach eile ar phointí 81(n) agus (o), féadfaidh na costais incháilithe freagairt do na costais infheistíochta a bhaineann leis an tionscadal dá dtagraítear i bpointe 81(d), go háirithe costais trealaimh, innealra nó suiteálacha is gá chun an leictriú a bhaint amach, aistriú go hidrigin nó breoslaí hidrigine nó éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. I gcás den sórt sin, ní rachaidh an déine cabhrach thar 60 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí dá dtagraítear faoi phointe 81(d)(i) seachas tionscadail leictriúcháin. Maidir le tionscadail leictriúcháin agus maidir leis na hinfheistíochtaí dá dtagraítear faoi phointe 81(d)(ii), ní sháróidh an déine cabhrach 30 % de na costais incháilithe;

    q. 

    féadfar cabhair faoin alt seo a charnadh le haon státchabhair eile nó le cistí a bhainistítear go lárnach, fad a bhaineann na bearta sin le costais incháilithe inaitheanta éagsúla;

    r. 

    féadfar an chabhair arna deonú i gcomhréir le pointí 81(n) agus (o) a charnadh le cabhair eile nó le cistí arna mbainistiú go lárnach i ndáil le costais incháilithe fhorluiteacha, ar choinníoll nach sáraítear an t-uasmhéid cabhrach a cheadaítear faoi phointí 81(n) agus (o);

    s. 

    féadfar an chabhair arna deonú i gcomhréir le pointe 81(p) a charnadh le cabhair eile nó le cistí de chuid an Aontais a bhainistítear go lárnach i ndáil le costais incháilithe fhorluiteacha, ar choinníoll nach sáraítear an déine cabhrach agus/nó an méid cabhrach is airde is infheidhme faoi aon cheann de na rialacha ábhartha. Ní fhéadfaidh méid iomlán na cabhrach, i gcás ar bith, dul thar 100 % de na costais incháilithe.

    2.7.    Cabhair le haghaidh laghdú breise ar ídiú leictreachais

    (82) Sa bhreis ar na féidearthachtaí atá ar fáil cheana i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(c) CFAE agus na féidearthachtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tacaíocht shealadach chun an laghdú ar ídiú leictreachais a chumhdaítear le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán (AE) 2022/1854 ( 131 ) a bhaint amach. D’fhéadfadh an tacaíocht sin cabhrú chun an méadú eisceachtúil ar phraghsanna leictreachais a mhaolú trí thomhaltas a laghdú i gcás teicneolaíochtaí giniúna leictreachais níos costasaí (bunaithe ar ghás faoi láthair). Dá bhrí sin, tá sé chomh tábhachtach céanna dreasachtaí a choinneáil le haghaidh laghduithe ar thomhaltas leictreachais atá ann cheana agus comhsheasmhacht a áirithiú leis na spriocanna maidir leis an éileamh ar ghás a laghdú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/1369 ( 132 ). I bhfianaise na ndifríochtaí idir na Ballstáit, tá gá le treoraíocht chun a áirithiú go mbeidh solúbthacht leagtha amach ag critéir arb e is aidhm dóibh cothrom iomaíochta agus caomhnú shláine an mhargaidh aonair a áirithiú.

    (83) An chabhair le haghaidh laghdú ar ídiú leictreachais, measfaidh an Coimisiún í a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    a. 

    ní fhéadfaidh an chabhair cúiteamh airgeadais a sholáthar ach amháin nuair a íoctar an cúiteamh sin as leictreachas breise nár ídíodh i gcomparáid leis an tomhaltas ionchais (“frithfhíorasach”) san uair lena mbaineann gan an próiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i bpointe 83(e) (“laghdú breise tomhaltais”). Chun an laghdú ar thomhaltas breise a chinneadh, is féidir modheolaíochtaí éagsúla a úsáid. Chun a áirithiú nach ndeonaítear cabhair ach chun éileamh breise a laghdú, ba cheart do na Ballstáit, i gcoitinne, dreasachtaí ó phraghsanna fuinnimh níos airde, aon dreasacht ó íocaíochtaí agus scéimeanna tacaíochta eile, dálaí aimsire agus rioscaí cearrbhachais a chur san áireamh;

    b. 

    ní mór an chabhair a cheapadh sa chaoi is go gcuideoidh sí go príomha le baint amach sprice maidir le laghdú ar ídiú leictreachais a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (AE) 2022/1854 ( 133 ). Má tá an chabhair ceaptha chun dul níos faide ná na spriocanna, ní mór don Bhallstát a léiriú go mbaineann buntáistí breise leis an gcabhair (mar shampla, costais laghdaithe córais fuinnimh nó ídiú laghdaithe gáis), buntáistí comhréireacha a bhfuil gá leo ( 134 ) chun suaitheadh tromchúiseach an gheilleagair a leigheas agus an margadh inmheánach á chaomhnú san am céanna;

    c. 

    ní mór an chabhair a dheonú ar bhonn scéim a bhfuil méid toirte acmhainneachta agus buiséad measta aici;

    d. 

    féadfar cabhair a dheonú i bhfoirmeacha éagsúla lena n-áirítear deontais dhíreacha, iasachtaí ( 135 ) agus ráthaíochtaí ( 136 );

    e. 

    ní mór an chabhair a dheonú trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítearex anteagus a íoslaghdaíonn riosca na tairisceana straitéisí. Má shainaithnítear riosca róchúitimh, ní mór cabhair a dhearadh ar bhealach lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar bhrabúis amhantair, amhail trí shásra aisghlámtha arna shainmhíniúex antea chur ar bun;

    f. 

    ba cheart, i bprionsabal, a bheith in ann gach bealach is féidir a úsáid sa phróiseas tairisceana iomaíoch nó sna próisis tairisceana iomaíocha chun laghdú breise ar ídiú a bhaint amach, go háirithe na bealaí seo a leanas:

    i. 

    tomhaltóirí a aistríonn nó a sheachnaíonn tomhaltas leictreachais;

    ii. 

    stóráil taobh thiar den mhéadar, chun ídiú a laghdú le linn buaicuaireanta (mura mbeadh aon laghdú breise ar ídiú mar thoradh ar an gcabhair); agus

    iii. 

    sócmhainní giniúna leictreachais taobh thiar den mhéadar nach n-úsáideann gás mar bhreosla. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú giniúint atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise eile a eisiamh;

    g. 

    maidir le pointe 83(f), d’fhéadfaí scéimeanna a theorannú do chatagóir amháin tairbhithe nó do roinnt catagóirí tairbhithe i gceann de na himthosca seo a leanas:

    i. 

    i gcás ina bhfuil difríochtaí i saintréithe (e.g. fad, minicíocht an ghníomhachtaithe) na seirbhísí is féidir le tairbhithe ionchasacha a thairiscint sa chaoi nach féidir a mheas go bhfuil tairiscintí in aghaidh MWh inchomparáide;

    ii. 

    i gcás inar féidir leis na Ballstáit a léiriú don Choimisiún nach ndéanfaí an iomaíocht a shaobhadh go míchuí; nó

    iii. 

    cur chun feidhme tráthúil a áirithiú (e.g. trí scéimeanna atá ann cheana a leathnú);

    In aon chás, níor cheart aon teorainn shaorga ná idirdhealú saorga a bheith san áireamh sna scéimeanna. I gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir (AE) 2019/944 ( 137 ), níor cheart scéimeanna a theorannú go míchuí do chustaiméirí sonracha ná do ghrúpaí sonracha custaiméirí, lena n-áirítear comhbhailitheoirí;

    h. 

    ní mór na critéir incháilitheachta le haghaidh rannpháirtíochta sa phróiseas tairisceana iomaíoch nó sna próisis tairisceana iomaíocha a bheith trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Ní mór do thairbhithe méadrú leictreachais iomchuí a bheith acu cheana féin ( 138 ) nó gealltanas a thabhairt é a shuiteáil sula ndéanfar an laghdú breise ar ídiú a sholáthar. Féadfaidh feidhm a bheith ag ceanglas maidir le híosmhéid tairisceana do thairbhithe ar mhaithe le simpliú riaracháin; sa chás sin, níor cheart an t-íosmhéid tairisceana a bheith níos airde ná 10MW agus ní mór comhiomlánú a cheadú chun an tairseach a bhaint amach;

    i. 

    chun é a chur ar a gcumas do thairbhithe a dtairiscintí a phraghsáil go cruinn, ní mór critéir shoiléire oibiachtúla a shainiú agus tuairisc a thabhairt ar an uair a ghníomhachtófar laghdú breise ar ídiú an tairbhí. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur ghá coimircí leordhóthanacha — mar shampla randamú éigin ar an ngníomhachtú — a chur i bhfeidhm ionas nach gcruthófar dreasachtaí cearrbhachais amhail boilsciú saorga na gcásanna frithfhíorasacha;

    j. 

    chun iarmhairtí diúltacha ar thomhaltas gáis a sheachaint, ba cheart do thairbhithe gealltanas a thabhairt nach dtiocfaidh méadú ar a dtomhaltas gáis foriomlán mar thoradh ar a laghdú breise ar thomhaltas leictreachais. Ina theannta sin, i gcás cabhrach lena laghdaítear tomhaltas leictreachais le linn buaicuaireanta, chun na tairbhí a bhaineann le leictreachas a bhogadh ó bhuaicuaireanta go “uaireanta seachbhuaice” ( 139 ) a sholáthar agus san am céanna gan cur isteach ar an sprioc maidir leis an tomhaltas foriomlán leictreachais a laghdú, ba cheart do thairbhithe gealltanas a thabhairt gan níos mó ná 150 % den laghdú “seachbhuaice” cúitimh ar ídiú leictreachais a thomhailt;

    k. 

    laistigh den phróiseas tairisceana iomaíoch, ní mór tairbhithe a roghnú bunaithe ar an gcostas aonaid is ísle de laghdú breise tomhaltais (in EUR/MWh nó a choibhéis ( 140 )). Féadfaidh na Ballstáit critéir rangaithe oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha bhreise a thabhairt isteach chun teicneolaíochtaí níos glaise a chur chun cinn atá riachtanach chun tacú le cuspóirí cosanta comhshaoil an Aontais a bhaint amach;

    l. 

    ní mór an luach saothair a dheonú do gach tairbhí bunaithe ar an laghdú tomhaltais breise iarbhír a baineadh amach (seachas an laghdú breise tomhaltais a gheall an tairbhí a bhaint amach);

    m. 

    ní fhéadfaidh an chabhair feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a shaobhadh go míchuí. Féadfaidh na Ballstáit an chabhair a chur ar fáil do rannpháirtíocht trasteorann;

    n. 

    ní mór an laghdú ar thomhaltas breise a chúitítear a dhéanamh laistigh de thréimhse chur i bhfeidhm an Airteagail ábhartha de Rialachán (AE) 2022/1854 ( 141 ), nó i gcás cabhrach a théann thar na spriocanna sin, faoin 31 Nollaig 2023;

    o. 

    is féidir carnadh a dhéanamh le bearta státchabhrach eile, fad is a sheachnaítear róchúiteamh trína áirithiú, mar shampla, go ndeonaítear cabhair trí phróiseas tairisceana oscailte iomaíoch. In aon chás, ní féidir cabhair a dheonú má chumhdaíonn sí costais incháilithe atá cumhdaithe cheana féin ag bearta Státchabhrach eile.

    2.8.    Cabhair le haghaidh infheistíochtaí luathaithe in earnálacha straitéiseacha don aistriú i dtreo geilleagar glan-nialasach

    (84) I bhfianaise an ghá atá ann dlús a chur leis an aistriú eacnamaíoch agus an ghéarchéim atá ann faoi láthair a shárú, féadfaidh na Ballstáit a bheartú tacú le hinfheistíocht phríobháideach chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna infheistíochta táirgiúla in earnálacha straitéiseacha don aistriú i dtreo geilleagar glan-nialasach agus chun dreasachtaí a chur ar fáil chun iad a chur in úsáid go tapa agus aird á tabhairt freisin ar dhúshláin dhomhanda a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt go ndéanfaí infheistíochtaí nua sna hearnálacha sin a atreorú i bhfabhar tríú tíortha lasmuigh de LEE.

    (85) Breithneoidh an Coimisiún an chabhair do thionscadail infheistíochta a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo don aistriú i dtreo geilleagar glan-nialasach a bheidh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    a. 

    Deonaítear an chabhair chun na nithe seo a leanas a dhreasú:

    i. 

    táirgeadh trealaimh ábhartha don aistriú chuig geilleagar glan-nialasach, is é sin ceallraí, grianphainéil, tuirbíní gaoithe, teaschaidéil, leictrealóirí, agus trealamh chun carbón a úsáid agus a stóráil (CCUS); nó

    ii. 

    táirgeadh príomh-chomhpháirteanna arna ndearadh agus arna n-úsáid go príomha mar ionchur díreach chun an trealamh a shainmhínítear faoi (i) a tháirgeadh; nó

    iii. 

    táirgeadh nó aisghabháil amhábhar criticiúil gaolmhar is gá chun an trealamh agus na príomh-chomhpháirteanna a shainmhínítear in (i) agus (ii) thuas a tháirgeadh nó a aisghabháil;

    b. 

    deonaítear an chabhair ar bhonn scéime ( 142 ) a bhfuil buiséad measta aici;

    c. 

    deonaítear an chabhair faoin 31 Nollaig 2025;

    d. 

    ní mór don tairbhí iarratas a dhéanamh ar chabhair roimh thús na n-oibreacha ( 143 ) agus ní mór dó an fhaisnéis riachtanach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Teachtaireacht seo a sholáthar don Bhallstát ( 144 ).

    e. 

    féadfar an chabhair a dheonú i bhfoirm deontas díreach, nó i bhfoirm foirmeacha eile amhail buntáistí cánach, rátaí úis fóirdheonaithe ar iasachtaí nua nó ráthaíochtaí nua ar iasachtaí nua ar choinníoll nach sáróidh méid ainmniúil an bhuntáiste cánach nó méid ainmniúil na hiasachta nua foluití an déine cabhrach is infheidhme agus na méideanna foriomlána cabhrach faoin bpointe seo. Nuair a dhéantar na ráthaíochtaí nó na hiasachtaí a threorú trí institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeasais eile mar idirghabhálaithe airgeadais, déanfar na coinníollacha a áirítear i bpointí 67(i) agus 70(g) a urramú chun a áirithiú go gcuirfear an chabhair a dheonaítear faoin roinn seo ar aghaidh go díreach, a mhéid is féidir, chuig na tairbhithe deiridh;

    f. 

    baineann na costais incháilithe leis na costais infheistíochta uile inláimhsithe (mar atá talamh, foirgnimh, gléasra, trealamh, innealra) agus sócmhainní doláimhsithe (mar atá cearta paitinne, ceadúnais, fios gnó nó maoin intleachtúil eile) is gá chun na hearraí a liostítear i bpointe 85(a) a tháirgeadh agus a aisghabháil. Ní mór do shócmhainní doláimhsithe an méid seo a leanas a chomhlíonadh: 1) bheith fós bainteach leis an limistéar lena mbaineann agus ní ceadmhach iad a aistriú chuig limistéir eile; 2) bheith á n-úsáid go príomha sa tsaoráid táirgeachta ábhartha a fhaigheann an chabhair; 3) ní mór dóibh a bheith in-amúchta; 4) ní mór iad a cheannach faoi dhálaí margaidh ó thríú páirtithe nach bhfuil bainteach leis an gceannaitheoir; 5) ní mór iad a áireamh i sócmhainní an ghnóthais a fhaigheann an chabhair; agus 6) a bheith bainteach i gcónaí leis an tionscadal dá ndeonaítear an chabhair ar feadh cúig bliana ar a laghad (nó trí bliana do FBManna);

    g. 

    ní fhéadfaidh an déine cabhrach 15 % de na costais incháilithe a shárú agus ní fhéadfaidh méid foriomlán na cabhrach dul thar EUR 150 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an Bhallstáit. Mar sin féin,

    i. 

    maidir le hinfheistíochtaí i limistéir fóirithinte arna n-ainmniú sa léarscáil réigiúnach cabhrach is infheidhme le haghaidh an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(c) CFAE (“c”), féadfar an déine cabhrach a mhéadú go 20 % de na costais incháilithe agus ní fhéadfaidh an méid foriomlán cabhrach dul thar EUR 200 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an Bhallstáit;

    ii. 

    maidir le hinfheistíochtaí i limistéir fóirithinte arna n-ainmniú sa léarscáil réigiúnach cabhrach is infheidhme le haghaidh an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(a) CFAE (limistéir“a”), féadfar an déine cabhrach a mhéadú go 35 % de na costais incháilithe agus ní fhéadfaidh an méid foriomlán cabhrach dul thar EUR 350 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an Bhallstáit;

    h. 

    nuair a dheonaítear an chabhair i bhfoirm buntáistí cánach, iasachtaí nó ráthaíochtaí, féadfar déiní cabhrach a leagtar amach i bpointe 85(g) a mhéadú 5 phointe céatadáin. I gcás infheistíochtaí arna ndéanamh ag fiontair bheaga, féadfar na déiní cabhrach a mhéadú tuilleadh 20 pointe céatadáin agus i gcás na n-infheistíochtaí sin arna ndéanamh ag fiontair mheánmhéide, féadfar na déiní cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin;

    i. 

    ní mór don tairbhí gealltanas a thabhairt go gcoinneoidh sé na hinfheistíochtaí sa réimse lena mbaineann ar feadh cúig bliana ar a laghad, nó trí bliana i gcás FBManna, tar éis an infheistíocht a thabhairt chun críche. Níor cheart go gcuirfeadh gealltanas den sórt sin cosc ar ghléasra ná trealamh a athsholáthar a théann as dáta nó a bhristear sa tréimhse sin, ar choinníoll go gcoimeádtar an ghníomhaíocht eacnamaíoch sa limistéar lena mbaineann go ceann na híostréimhse. Mar sin féin, ní fhéadfar cabhair bhreise a bhronnadh chun ionad an ghléasra nó an trealaimh sin a ghlacadh;

    j. 

    sula ndeonófar an chabhair agus ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an tairbhí in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Teachtaireacht seo agus ar bhonn na ngealltanas dá bhforáiltear faoi phointe 85(k), ní mór don údarás deonúcháin rioscaí coincréiteacha na hinfheistíochta táirgiúla nach ndéantar laistigh de LEE a fhíorú agus nach bhfuil aon bhaol ann go n-athlonnófar í laistigh de LEE de réir bhrí phointe 85(k);

    k. 

    ní fhéadfar an chabhair a chur ar fáil chun athlonnú ( 145 ) gníomhaíochtaí táirgthe idir na Ballstáit a éascú. Chun na críche sin, ní mór don tairbhí an méid seo a leanas a dhéanamh:

    i. 

    a dheimhniú nach ndearnadh athshuíomh, sna 2 bhliain roimh an iarratas ar chabhair, chuig an mbunaíocht ina ndéanfar an infheistíocht chabhrach; agus

    ii. 

    a gheallúint gan an t-athshuíomh sin a dhéanamh suas le 2 bhliain tar éis an infheistíocht a chur i gcrích;

    l. 

    ní féidir an cabhair a dheonú do ghnóthais atá i gcruachás ( 146 );

    m. 

    féadfaidh an chabhair a charnadh le Státchabhair i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, bíodh siad ag forluí go hiomlán nó go páirteach ar a chéile, i gcás nach é an toradh atá ar charnadh den sórt sin ann go dtéitear thar an déine cabhrach is airde nó an méid cabhrach is airde is infheidhme maidir leis faoi aon cheann de na rialacha ábhartha agus sa chás sin amháin. Ní fhéadfaidh méid iomlán na cabhrach dul thar 100 % de na costais incháilithe i gcás ar bith;

    n. 

    Féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar cheanglais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, amhail iad siúd a liostaítear i bpointe 37 den Teachtaireacht seo nó a bhaineann le cosaint shóisialta nó dálaí fostaíochta, a áireamh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus fógra á thabhairt acu faoi scéimeanna faoin bpointe seo;

    o. 

    Ní mór do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas laistigh de 60 lá ón tráth a dheonaítear an chabhair, an dáta deonaithe, méid na cabhrach, na costais incháilithe, céannacht an tairbhí, cineál agus suíomh na hinfheistíochta ar tacaíodh léi ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an tairbhí in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Teachtaireacht seo.

    (86) Go heisceachtúil, de mhaolú ar phointe 85(b) agus ar bhonn fógraí aonair, chun na hearraí ábhartha a tháirgeadh don aistriú chuig geilleagar glan-nialasach mar a shainmhínítear i bpointe 85(a) den Teachtaireacht seo, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE, cabhair aonair suas le méid an fhóirdheontais a fhormheas ( 147 ), ar cabhair í a d’fhéadfadh an tairbhí a fháil go follasach le haghaidh infheistíocht choibhéiseach i ndlínse tríú tír lasmuigh de LEE, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    a. 

    Dreasaíonn an chabhair an tairbhí chun an tionscadal infheistíochta a aimsiú nó chun tionscadail infheistíochta nasctha ( 148 ) a spreagadh atá riachtanach chun na hearraí ábhartha a shainmhínítear i bpointe 85(a) a tháirgeadh:

    i. 

    go hiomlán i limistéar fóirithinte mar a shainítear sa léarscáil cabhrach réigiúnaí is infheidhme; nó

    ii. 

    i dtrí Bhallstát LEE ar a laghad ina ndéantar cuid shuntasach den infheistíocht chaipitil in dhá limistéar fóirithinte ar a laghad. Ba cheart cuid thábhachtach den infheistíocht shuntasach sin a dhéanamh i limistéar “a” mar a shainítear sa léarscáil/sna mapaí cabhrach réigiúnaí is infheidhme;

    b. 

    Deonófar an chabhair faoin 31 Nollaig 2025;

    c. 

    Ní mór don tairbhí gealltanas a thabhairt go n-úsáidfidh sé an teicneolaíocht táirgthe úrscothach is déanaí atá ar fáil ó thaobh astaíochtaí comhshaoil de chun earraí a tháirgeadh mar a shainmhínítear i bpointe 85(a) den Teachtaireacht seo;

    d. 

    Ní mór don tairbhí iarratas a dhéanamh ar chabhair roimh thús na n-oibreacha ( 149 ) agus ní mór dó an fhaisnéis riachtanach in Iarscríbhinn II den Teachtaireacht seo agus na doiciméid ábhartha tacaíochta a ghabhann leis an Teachtaireacht seo a sholáthar don Bhallstát ( 150 ). Ní mór don tairbhí fianaise dhaingean a sholáthar ar fhóirdheontais a gheobhadh sé go hinchreidte i ndlínse neamh-LEE le haghaidh tionscadal comhchosúil agus ní mór dó a léiriú nach ndéanfaí an infheistíocht bheartaithe in LEE gan an chabhair ( 151 ). ( 152 ). Ina theannta sin, ní mór don tairbhí fianaise a sholáthar nach gcruthaíonn an chabhair éifeachtaí frith-chomhtháthaithe ( 153 );

    e. 

    Ní fhéadfaidh an chabhair dul thar an íosmhéid is gá chun tairbhí na cabhrach a dhreasú chun an infheistíocht a aimsiú sa limistéar lena mbaineann sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (an bhearna chistithe) ( 154 );

    f. 

    Ní fhéadfar an chabhair a chur ar fáil chun athlonnú ( 155 ) gníomhaíochtaí táirgthe idir na Ballstáit a éascú. Agus measúnú á dhéanamh ar na bearta infhógartha, iarrfaidh an Coimisiún an fhaisnéis go léir is gá chun a mheas an dócha go gcaillfidh an Státchabhair go mór post in áiteanna atá ann cheana laistigh den LEE. Sa chás sin, agus má chuireann an infheistíocht ar chumas thairbhí na cabhrach gníomhaíocht a athlonnú chuig an sprioclimistéar, má tá nasc cúisíoch idir an chabhair agus an t-athshuíomh, is éifeacht dhiúltach é sin nach dóigh go gcúiteofar é le haon tionchar dearfach;

    g. 

    Ní mór don tairbhí gealltanas a thabhairt go gcoinneoidh sé na hinfheistíochtaí ar bun sa réimse lena mbaineann ar feadh cúig bliana ar a laghad, nó trí bliana i gcás FBManna, tar éis an infheistíocht a thabhairt chun críche. Níor cheart go gcuirfeadh gealltanas den sórt sin cosc ar ghléasra ná trealamh a athsholáthar a théann as dáta nó a bhristear sa tréimhse sin, ar choinníoll go gcoimeádtar an ghníomhaíocht eacnamaíoch sa limistéar lena mbaineann go ceann na híostréimhse. Mar sin féin, ní fhéadfar cabhair bhreise a bhronnadh chun ionad an ghléasra nó an trealaimh sin a ghlacadh.

    h. 

    an cabhair faoin roinn seo, ní féidir í a dheonú do ghnóthais atá i gcruachás ( 156 ).

    3.    FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ

    (87) Ní mór do na Ballstáit faisnéis ábhartha a fhoilsiú maidir le gach cabhair aonair os cionn EUR 100 000  ( 157 ) a deonaíodh faoin Teachtaireacht seo, agus os cionn EUR 10 000  ( 158 ) in earnáil phríomhúil na talmhaíochta agus sna hearnálacha iascaigh, ar an suíomh gréasáin cuimsitheach Státchabhrach nó ar uirlis TF ( 159 ) an Choimisiúin laistigh de 12 mhí ó thráth an deonaithe, cé is moite de chabhair arna deonú faoi roinn 2.8, cabhair nár mhór do na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha faoi a fhoilsiú laistigh de 6 mhí ó thráth an deonaithe.

    (88) Maidir le bearta cabhrach faoi roinn 2.4. den Teachtaireacht seo, nuair is mó ná EUR 50 milliún an chabhair fhoriomlán in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an Bhallstáit, ní mór do na Ballstáit ceanglas a chur san áireamh ina scéimeanna nach mór don tairbhí plean a chur faoi bhráid an údaráis deonúcháin, laistigh de bhliain amháin ón uair a dheonaítear an chabhair, ina sonraítear an chaoi a laghdóidh an tairbhí lorg carbóin a ídithe fuinnimh nó an chaoi a gcuirfidh sé chun feidhme aon cheann de na ceanglais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó slándáil an tsoláthair a bhfuil tuairisc orthu i bpointe 37 den Teachtaireacht seo. Beidh feidhm ag an gceanglas sin ón 1 Eanáir 2023.

    (89) Ní mór do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin ( 160 ).

    (90) Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcoimeádfar taifid mhionsonraithe maidir le cabhair a dheonú dá bhforáiltear sa Teachtaireacht seo. Maidir leis na taifid sin, ina mbeidh an fhaisnéis uile is gá chun a shuíomh gur comhlíonadh na coinníollacha is gá, ní mór iad a choimeád ar feadh 10 mbliana tar éis don chabhair a bheith deonaithe agus ní mór iad a chur ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.

    (91) Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh maidir leis an gcabhair a deonaíodh, go háirithe lena fhíorú ar comhlíonadh na coinníollacha a leagadh síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasadh an beart cabhrach.

    (92) Chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Teachtaireachta seo, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis chomhiomlán a sholáthar maidir le húsáid na mbeart Státchabhrach chun an suaitheadh tromchúiseach ar an ngeilleagar de dheasca na géarchéime atá ann faoi láthair.

    4.    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    (93) Cuireann an Coimisiún an Teachtaireacht seo i bhfeidhm ón 9 Márta 2023. Cuireann an Coimisiún forálacha na Teachtaireachta seo i bhfeidhm maidir le gach beart a dtabharfar fógra ina leith ón 9 Márta 2023, agus maidir le bearta a dtabharfar fógra ina leith roimh an dáta sin.

    (94) Tagann an Teachtaireacht seo in ionad an Chreata Shealadaigh Géarchéime arna ghlacadh an 28 Deireadh Fómhair 2022 ( 161 ) (“Creat Sealadach Géarchéime a bhí ann roimhe seo”). Déantar an Creat Sealadach Géarchéime sin a bhí ann roimhe seo a tharraingt siar le héifeacht ón 9 Márta 2023. Tháinig an Creat Géarchéime Sealadach a bhí ann roimhe seo in ionad an Chreata Géarchéime Shealadaigh a glacadh an 23 Márta 2022 ( 162 ) arna leasú an 20 Iúil 2022 ( 163 ) cheana féin.

    (95) Ar an iomlán, cabhair arna deonú faoi ranna 2.1 go 2.3 de na Chreata Sealadacha Géarchéime a bhí ann roimhe seo agus cabhair arna deonú faoi na ranna céanna den Teachtaireacht seo, ag am ar bith ní féidir léi a bheith níos mó ná na huasteorainneacha cabhrach dá bhforáiltear sna ranna sin den Teachtaireacht seo. A mhéid a bhaineann le roinn 2.4, cabhair arna deonú faoi na Creata Sealadacha Géarchéime a bhí ann roimhe seo agus cabhair arna deonú faoin Teachtaireacht seo, ní féidir léi a bheith níos mó ná na huasteorainneacha cabhrach dá bhforáiltear sa Teachtaireacht seo le haghaidh na tréimhse incháilithe chéanna. Cabhair arna deonú faoi ranna 2.5 agus 2.6 de na Creata Sealadacha Géarchéime a bhí ann roimhe seo, ní féidir í a charnadh le cabhair arna deonú faoi na ranna céanna den Teachtaireacht seo má chumhdaíonn sí na costais incháilithe chéanna.

    (96) I gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cinneadh na rialacha is infheidhme chun measúnú a dhéanamh ar Státchabhair ( 164 ) neamhdhleathach, cuireann an Coimisiún an Teachtaireacht seo i bhfeidhm ar chabhair nach dtugtar fógra ina leith más ón 9 Márta 2023 ar aghaidh a dheonaítear í.

    (97) I ngach cás eile, cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos sa Chreat a bhí i bhfeidhm tráth dheonaithe na cabhrach.

    (98) Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar gach roinn faoin Teachtaireacht seo roimh an 31 Nollaig 2023 ar bhonn cúinsí tábhachtacha iomaíochta nó eacnamaíocha, agus ar bhonn na bhforbairtí idirnáisiúnta chomh maith. I gcás ina mbeidh sé ina chuidiú, féadfaidh an Coimisiún soiléiriú breise a chur ar fáil maidir leis an gcur chuige atá aige i ndáil le saincheisteanna ar leith.

    (99) Áirithíonn an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, go ndéanfar measúnú tapa ar bhearta tar éis dó fógra soiléir iomlán a fháil maidir leis na bearta a chumhdaítear leis an Teachtaireacht seo. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir lena bhfuil beartaithe acu agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt i dtaobh pleananna chun bearta den sórt sin a thabhairt isteach a luaithe agus is féidir agus ar bhealach chomh cuimsitheach agus is féidir. Cuirfidh an Coimisiún treoir agus cúnamh ar fáil do na Ballstáit sa phróiseas sin.




    IARSCRÍBHINN I

    Earnálacha agus fo-earnálacha atá buailte go dona ( 165 )



     

    Cód NACE

    Tuairisc /// Cur síos

    1

    0510

    Mianadóireacht guail chrua

    2

    0610

    Eastóscadh peitriliam amh

    3

    0710

    Mianadóireacht mianta iarainn

    4

    0729

    Mianadóireacht mianta miotail eile neamhfheiriúla

    5

    0891

    Mianadóireacht mianraí ceimiceacha agus leasacháin

    6

    0893

    Eastóscadh salainn

    7

    0899

    Mianadóireacht agus cairéalacht eile n.e.c.

    8

    1041

    Monarú olaí agus saillte

    9

    1062

    Monarú stáirsí agus táirgí stáirse

    10

    1081

    Monarú siúcra

    11

    1106

    Monarú braiche

    12

    1310

    Ullmhú agus sníomh snáithíní teicstíle

    13

    1330

    Bailchríochnú teicstílí

    14

    1395

    Monarú ábhar neamhfhite agus earraí déanta as ábhair neamhfhite, seachas éadaí

    15

    1411

    Monarú éadaí leathair

    16

    1621

    Monarú leathán veiníre agus painéal atá bunaithe ar adhmad

    17

    1711

    Monarú laín

    18

    1712

    Monarú páipéir agus páipéarchláir

    19

    1910

    Monarú táirgí oighinn cóic

    20

    1920

    Monarú táirgí peitriliam scagtha

    21

    2011

    Monarú gás tionsclaíoch

    22

    2012

    Monarú ruaimeanna agus líocha

    23

    2013

    Monarú ceimiceán bunúsach eile neamhorgánach

    24

    2014

    Monarú ceimiceán bunúsach eile orgánach

    25

    2015

    Monarú leasúchán agus comhdhúl nítrigine

    26

    2016

    Monarú plaisteach i bhfoirmeacha príomhúla

    27

    2017

    Monarú rubair shintéisigh i bhfoirmeacha príomhúla

    28

    2060

    Monarú snáithíní de dhéantús an duine

    29

    2110

    Monarú buntáirgí cógaisíochta

    30

    2311

    Monarú gloine comhréidh

    31

    2313

    Monarú tollghloine

    32

    2314

    Monarú snáithíní gloine

    33

    2319

    Monarú agus próiseáil gloine eile, lena n-áirítear earraí teicniúla gloine

    34

    2320

    Monarú táirgí teasfhulangacha

    35

    2331

    Monarú tíleanna ceirmeacha agus leac ceirmeach

    36

    2332

    Monarú brící, tíleanna agus tairgí foirgníochta i gcré bhácáilte

    37

    2341

    Monarú rudaí tí ceirmeacha agus rudaí ornáideacha

    38

    2342

    Monarú daingneán ceirmeach sláintíochta

    39

    2351

    Monarú stroighne

    40

    2352

    Monarú aoil agus plástair

    41

    2399

    Monarú táirgí eile mianracha neamh-mhiotalacha n.e.c.

    42

    2410

    Monarú buniarainn agus bunchruach agus fearó-chóimhiotal

    43

    2420

    Monarú feadán, píobán, tollphróifílí agus feisteas gaolmhar, atá déanta as cruach

    44

    2431

    Fuartharraingt barraí

    45

    2442

    Táirgeadh alúmanaim

    46

    2443

    Táirgeadh luaidhe, since agus stáin

    47

    2444

    Táirgeadh copair

    48

    2445

    Táirgeadh miotail neamhfheiriúil eile

    49

    2446

    Próiseáil breosla núicléach

    50

    2451

    Teilgean iarainn



     

    Cód Prodcom

    Tuairisc /// Cur síos

    1

    81221

    Caoilín agus créanna eile caoilíneacha

    2

    10311130

    Prátaí reoite, ullmhaithe nó leasaithe (lena n-áirítear prátaí cócaráilte nó cócaráilte go páirteach in ola agus reoite ansin; seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach)

    3

    10311300

    Prátaí triomaithe i bhfoirm plúir, mine, calóg, gráinníní agus millíní

    4

    10391725

    Purée agus leafaos trátaí tiubhaithe

    5

    105122

    Púdar bainne

    6

    105121

    Púdar bainne bhearrtha

    7

    105153

    Cáiséin

    8

    105154

    Lachtós agus síoróip lachtóis

    9

    10515530

    Meadhg agus meadhg modhnaithe, i bpúdar, gráinníní nó foirmeacha soladacha eile, bíodh nó ná bíodh sé tiubhaithe, nó bíodh nó ná bíodh ábhar milsiúcháin eile curtha leis

    10

    10891334

    Giosta aráin

    11

    20302150

    Cruain agus glónra inghloinithe, engobes (stiallacha) agus ullmhóidí comhchosúla le haghaidh na ceirmeachta, cruanadh nó gloine

    12

    20302170

    Lonruithe leachtacha agus ullmhóidí comhchosúla; friochtachán gloine, i bpúdar; gráinníní nó calóga

    13

    25501134

    Páirteanna feiriúla arna ghaibhniú i ndísle oscailte le haghaidh fearsaidí tarchuir, ceamfhearsaidí, cromfhearsaidí agus cromáin etc.




    IARSCRÍBHINN II

    Faisnéis atá le háireamh san fhoirm iarratais ar chabhair faoi roinn 2.8 den Teachtaireacht seo

    1.    Faisnéis faoi thairbhí na cabhrach:

    — 
    Ainm, seoladh cláraithe a phríomhionaid, a phríomhearnáil ghníomhaíochta (cód NACE).
    — 
    Dearbhú nach bhfuil deacrachtaí ag an ngnólacht, mar a shainmhínítear faoi na treoirlínte maidir le teacht i gcabhair agus athstruchtúrú.
    — 
    I gcás cabhair a dheonaítear faoi scéim faoi phointe 85: dearbhú neamh-athlonnaithe agus gealltanais a liostaítear i bpointe 85(k)

    2.    Faisnéis faoin infheistíocht a mbeidh tacaíocht le tabhairt di:

    — 
    Tuairisc ghairid ar an infheistíocht.
    — 
    Tuairisc ghairid ar na héifeachtaí dearfacha a bhfuiltear ag súil leo sa limistéar lena mbaineann (mar shampla, an líon post a chruthófar nó a chosnófar, gníomhaíochtaí T&F&N, oiliúint, braisle a chruthú, agus an rannchuidiú a d’fhéadfadh an tionscadal a dhéanamh le haistriú glas agus digiteach an gheilleagair réigiúnaigh).
    — 
    An bunús dlí is infheidhme (náisiúnta nó AE nó an dá cheann).
    — 
    An dáta a bheartaítear tús a chur leis an obair agus dáta críochnaithe na hinfheistíochta.
    — 
    Suíomh(anna) na hinfheistíochta.
    — 
    I gcás cabhrach faoi phointe 86: faisnéis maidir leis na hinfheistíochtaí nasctha spreagtha i mBallstáit eile i gcomhréir le pointe 86 (a): suíomh agus méid na n-infheistíochtaí spreagtha. Faisnéis a sholáthar maidir leis na naisc idir an infheistíocht a bhfuil tacaíocht le tabhairt di agus na hinfheistíochtaí spreagtha.

    3.    Faisnéis faoi mhaoiniú na hinfheistíochta:

    — 
    Costais infheistíochta agus costais ghaolmhara eile.
    — 
    Costais incháilithe iomlána.
    — 
    An méid cabhrach atá ag teastáil chun an infheistíocht a dhéanamh sa limistéar lena mbaineann.
    — 
    An déine chabhrach.
    — 
    I gcás cabhrach faoi phointe 86: anailís ar an mBearna Cistithe, lena n-áirítear an plean gnó agus ríomhanna an Ghlanluacha Láithrigh le haghaidh na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, mar aon le costais infheistíochta mheasta, costais oibriúcháin, ioncaim agus luach críochfoirt sa dá chás (i bhformáid excel), maille le fianaise thacaíochta.

    4.    Faisnéis maidir leis an ngá atá leis an gcabhair agus an tionchar a mheastar a bheidh aici:

    — 
    Míniú gairid ar an ngá atá leis an gcabhair agus a thionchar ar an gcinneadh faoin infheistíocht nó ar an gcinneadh faoi shuíomh na hinfheistíochta. Ní mór míniú a áireamh ann ar an gcinneadh faoi infheistíocht mhalartach nó faoi shuíomh malartach na infheistíochta más rud é nach ndeonófar an chabhair.
    — 
    Maidir le cabhair faoi phointe 86, ní mór don tairbhí na nithe seo a leanas a sholáthar:
    — 
    fianaise dhaingean ar fhóirdheontais a gheobhadh sé go hinchreidte i ndlínse nach dlínse LEE é le haghaidh tionscadal comhchosúil a áirítear sa chás frithfhíorasach
    — 
    fianaise nach ndéanfaí an infheistíocht atá beartaithe in LEE gan an chabhair.
    — 
    fianaise nach gcruthaíonn an chabhair éifeachtaí frith-chomhtháthaithe de réir bhrí phointe 86 (d).



    ( 1 ) Is í an Úcráin an ceathrú soláthróir seachtrach is mó bia don Aontas, agus is soláthróir mór gránach (52 % den arbhar Indiach a allmhairíonn an Aontas, 19 % den chruithneacht bhog) olaí plandúla (23 %), agus olashíolta (22 %, go háirithe síol ráibe: 72 %). Tá praghsanna domhanda arda ar bhia cheana féin, agus d’fhéadfadh méadú breise a theacht orthu i bhfianaise na staide.

    ( 2 ) Mar shampla, an 6 Márta 2022, ghlac Rialtas Chónaidhm na Rúise le Foraithne Uimh. 299 Leasú ar mhír 2 den mhodheolaíocht chun an méid cúitimh a chinneadh a bheidh le híoc le sealbhóir na paitinne le linn dó cinneadh a dhéanamh faoi úsáid an aireagáin, an samhail áisiúlachta, an cinneadh maidir le húsáid an aireagáin, gan a thoiliú, agus an nós imeachta chun é a íoc. Foráiltear leis an leasú sin ‘gan aon chúiteamh a dhéanamh as úsáid a bhaint as aireagán, samhail áisiúlachta nó dearadh tionsclaíoch de chuid “sealbhóirí paitinne” ó Stáit eachtracha a dhéanann “gníomhartha neamhchairdiúla”. De réir Bhunachar Sonraí Domhanda Branda na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), Bunachar Sonraí Dearaí Domhanda EDMI, bunachar sonraí PatentSight faoi seach, i Márta 2022, bhí thart ar 150 000 trádmharc, 2000 dearadh tionsclaíoch agus 44 000 paitinn i seilbh ghnólachtaí an Aontais i bhfeidhm sa Rúis. Is leis na hearnálacha seo a leanas den chuid is mó a bhaineann trádmharcanna de chuid ghnólachtaí an Aontais atá faoi chosaint sa Rúis: cógaisíocht, cosmaidí, mótarfheithiclí, ceimiceáin agus earraí tomhaltais, earraí faisin agus só-earraí. I bhfianaise na téarmaíochta doiléire a bhaineann leis an leasú ar mhodheolaíocht an chúitimh atá le híoc le sealbhóirí paitinní le Foraithne Uimh. 299 an 6 Márta 2022 a ghlac Rialtas na Rúise agus nochtadh eacnamaíoch ghnóthais an Aontais agus a gcuid sócmhainní doláimhsithe sa Rúis, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar leathan agus díobhálach ag beart den sórt sin ar ghnóthais an Aontais.

    ( 3 ) Rialachán (AE) 2022/259 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 1); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/260 agus 2022/261 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 3; IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 15); Rialachán (AE) 2022/262 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 74); Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar freagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 77); Cinneadh (CBES) 2022/264 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 95); Cinneadh (CBES) 2022/265 agus 2022/267 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 98; IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 114); agus Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha de chuid na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 109).

    ( 4 ) Cinneadh (CBES) 2022/327 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 48, 25.2.2022, lch. 1); Rialachán (AE) 2022/328 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 49, 25.2.2022, lch. 1); Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 50, 25.2.2022, lch. 1); Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 51, 25.2.2022, lch. 1); Cinneadh (CBES) 2022/331 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 52, 25.2.2022, lch. 1); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/332 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 53, 25.2.2022, lch. 1); Cinneadh (AE) 2022/333 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú a chur ar fionraí go páirteach (IO L 54, 25.2.2022, lch. 1).

    ( 5 ) Rialachán (AE) 2022/334 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 57, 28.2.2022, lch. 1), agus Cinneadh (CBES) 2022/335 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 57, 28.2.2022, lch. 4).

    ( 6 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an Dé Luain 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 58, 28.2.2022, lch. 1) agus Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 59, 28.2.2022, lch. 1).

    ( 7 ) Rialachán (AE) 2022/345 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 63, 2.3.2022, lch. 1), agus Cinneadh (CBES) 2022/346 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 63, 2.3.2022, lch. 5).

    ( 8 ) Rialachán (AE) 2022/350 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 65, 2.3.2022, lch. 1), agus Cinneadh (CBES) 2022/351 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 65, 2.3.2022, lch. 5).

    ( 9 ) Rialachán (AE) 2022/355 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 67, 2.3.2022, lch. 1), agus Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 67, 2.3.2022, lch. 103).

    ( 10 ) Rialachán (AE) 2022/345 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 63, 2.3.2022, lch. 1), agus Cinneadh (CBES) 2022/354 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i leith gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad ar an méid sin (IO L 63, 2.3.2022, lch. 5).

    ( 11 ) Rialachán (AE) 2022/398 ón gComhairle an 9 Márta lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 82, 9.3.2022, lch. 1).

    ( 12 ) Rialachán (AE) 2022/394 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 81, 9.3.2022, lch. 1).

    ( 13 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 87 I, 15.3.2022, lch. 1); Rialachán (AE) 2022/428 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 87 I, 15.3.2022, lch. 13).

    ( 14 ) Rialachán (AE) 2022/428 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 87 I, 15.3.2022, lch. 13), agus Cinneadh (CBES) 2022/430 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 87 I, 15.3.2022, lch. 56).

    ( 15 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 87 I, 15.3.2022, lch. 1, agus Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 87 I, 15.3.2022, lch. 44).

    ( 16 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/876 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 1); Rialachán (AE) 2022/877 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 11); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/878 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 15); Rialachán (AE) 2022/879 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 153, 3.6.2022, lch. 53); Rialachán (AE) 2022/880 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 75); Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 77); Cinneadh (CBES) 2022/882 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 88); Cinneadh (CBES) 2022/883 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 92); Cinneadh (CBES) 2022/884 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 153, 3.6.2022, lch. 128); Cinneadh (CBES) 2022/885 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 139).

    ( 17 ) Rialachán (AE) 2022/1269 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 193, 21.7.2022, lch. 1), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1270 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin (IO L 193, 21.7.2022, lch. 133), Cinneadh (CBES) 2022/1271 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 193, 21.7.2022, lch. 196), Cinneadh (CBES) 2022/1272 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 193, 21.7.2022, lch. 219).

    ( 18 ) Rialachán (AE) 2022/1903 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/263 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 259 I, 6.10.2022, lch. 1), Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 259 I, 6.10.2022, lch. 3), Rialachán (AE) 2022/1905 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 259 I, 6.10.2022, lch. 76), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1906 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 259 I, 6.10.2022, lch. 79), Cinneadh (CBES) 2022/1907 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 259 I, 6.10.2022, lch. 98), Cinneadh (CBES) 2022/1908 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 259 I, 6.10.2022, lch. 118), Cinneadh (CBES) 2022/1909 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 259 I, 6.10.2022, lch. 122).

    ( 19 ) Rialachán (AE) 2022/2474 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 322 I, 16.12.2022, lch. 1), Rialachán (AE) 2022/2475 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 322 I, 16.12.2022, lch. 315), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2476 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 322 I, 16.12.2022, lch. 318), Cinneadh (CBES) 2022/2477 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 322 I, 16.12.2022, lch. 466), cinneadh (CBES) 2022/2478 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 322 I, 16.12.2022, lch. 614), Cinneadh (CBES) 2022/2479 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 322 I, 16.12.2022, lch. 687).

    ( 20 ) Rialachán (AE) 2023/426 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 059 I, 25.2.2023, lch. 1); Rialachán (AE) 2023/427 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 059 I, 25.2.2023, lch. 6); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/429 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 059 I, 25.2.2023, lch. 278); Cinneadh (CBES) 2023/432 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 059 I, 25.2.2023, lch. 437); Cinneadh (CBES) 2023/434 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 059 I, 25.2.2023, lch. 593).

    ( 21 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Comhairle na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2021) 660 final an 13 Deireadh Fómhair 2021 - Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support’ [“Dul i ngleic le praghsanna fuinnimh méadaitheacha: bosca uirlisí don ghníomhaíocht agus don tacaíocht”].

    ( 22 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2022) 108 final an 8 Márta 2022 – REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe.

    ( 23 ) Tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1), tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit, arna iarraidh sin, atá athchóirithe á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu chun fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe a áirithiú.

    ( 24 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM/2022/230 final an 18 Bealtaine 2022 – Plean REPowerEU.

    ( 25 ) Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 maidir le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

    ( 26 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2022) 360 final an 20 Iúil 2022 – “Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte”.

    ( 27 ) Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

    ( 28 ) Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261 I, 7.10.2022, lch. 1).

    ( 29 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM/2022/553 final an 18 Deireadh Fómhair 2022 – An Éigeandáil Fuinnimh – ullmhú, ceannach, agus an tAontas Eorpach a chosaint in éineacht.

    ( 30 ) Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle, COM/2022/549 final an 18 Deireadh Fómhair 2022 Lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha agus trí thagarmharcanna praghais iontaofa.

    ( 31 ) Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann BCE don limistéar euro, Meán Fómhair 2022.

    ( 32 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2022) 236 final an 18 Bealtaine 2022 – Idirghabhálacha Gearrthéarmacha sa Mhargadh Fuinnimh agus Feabhsuithe Fadtéarmacha ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais – plean gníomhaíochta.

    ( 33 ) COM/2022/230 final, 18 Bealtaine 2022.

    ( 34 ) Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.06.2022, lch. 17).

    ( 35 ) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Plean Eorpach um an Éileamh ar Ghás a Laghdú, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2775/705563.

    ( 36 ) Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

    ( 37 ) Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha, IO L 335, 29.12.2022, lch. 1).

    ( 38 ) Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite (IO L 335, 29.12.2022, lch. 36).

    ( 39 ) Rialachán (AE) 2022/2578 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh an Aontais agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna ró-ard, (IO L 335, 29.12.2022, lch. 45).

    ( 40 ) COM(2023) 62 final, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ghlan-Nialais, 1.2.2023.

    ( 41 ) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

    ( 42 ) Is gá an idirghabháil a bheith teoranta do chásanna inar chun an leasa choitinn é idirghabháil a dhéanamh.

    ( 43 ) I bprionsabal, tá cabhair comhréireach más rud é nach dtéann sí níos faide ná struchtúr caipitil an tairbhí a athbhunú go dtí an ceann a bhí ann roimh an ngéarchéim a tharla de dheasca ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht na cabhrach, cuirfear san áireamh státchabhair a fuarthas nó atá beartaithe i gcomhthéacs na géarchéime reatha, agus go háirithe an chabhair a chuirtear ar fáil faoin Teachtaireacht seo.

    ( 44 ) Communication from the Commission — Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu] (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

    ( 45 ) Iarrtar ar na Ballstáit leas a bhaint as na féidearthachtaí chun cabhair a dheonú, cabhair a formheasadh faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh (CEEAG 2022), go háirithe a mhéid a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh nó bearta eile dícharbónaithe.

    ( 46 ) Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

    ( 47 ) Féach Cinneadh SA.103012 (2022/NN) ón gCoimisiún an 12.7.2022 - Beart dreasachta chun gás nádúrtha a stóráil i saoráid stórála Bergermeer le haghaidh na chéad tréimhse téimh eile.

    ( 48 ) Arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

    ( 49 ) COM(2022) 360 final, 20.7.2022.

    ( 50 ) Sampla i gcomhthéacs na giniúna cumhachta is ea Cinneadh SA.103662 (2022/N) ón gCoimisiún an 30.9.2022 maidir le státchabhair – An Ghearmáin – Cúltaca soláthair cumhachta ligníte sealadach chun gás a spáráil.

    ( 51 )  IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, féach Airteagal 2(1)(28) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc.

    ( 52 )  IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, féach Airteagal 3(1)(29) de Rialachán an tSásra Réitigh Aonair.

    ( 53 ) Teachtaireacht maidir le hinstitiúidí airgeadais a athchaipitliú le linn na géarchéime airgeadais reatha: teorainn a chur le cabhair don íosmhéid is gá agus coimircí in aghaidh saobhadh míchuí ar an iomaíocht (IO C 10, 15.1.2009, lch. 2); Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le láimhseáil sócmhainní lagaithe in earnáil airgeadais an Chomhphobail (IO C 72, 26.3.2009, lch. 1); Teachtaireacht maidir le filleadh ar inmharthanacht agus measúnú ar bhearta athstruchtúraithe san earnáil airgeadais le linn na géarchéime reatha faoi na rialacha maidir le Státchabhair (IO C 195, 19.8.2009, lch. 9); Communication from the Commission on the application, from 1 January 2011, of State aid rules to support measures in favour of financial institutions in the context of the financial crisis [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Eanáir 2011, rialacha státchabhrach chun tacú le bearta i bhfabhar institiúidí airgeadais i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais] (IO C 329, 7.12.2010, lch. 7); Communication from the Commission on the application, from 1 January 2012, of State aid rules to support measures in favour of banks in the context of the financial crisis [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Eanáir 2012, rialacha státchabhrach chun tacú le bearta i bhfabhar banc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais] (IO C 356, 6.12.2011, lch. 7); agus Communication from the Commission on the application, from 1 August 2013, of State aid rules to support measures in favour of banks in the context of the financial crisis[Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Lúnasa 2013, rialacha státchabhrach chun tacú le bearta i bhfabhar na mbanc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais] (“Teachtaireacht Baincéireachta 2013”) (IO C 216, 30.7.2013, lch. 1).

    ( 54 ) Aon bheart chun tacú le hinstitiúidí creidmheasa nó le hinstitiúidí airgeadais eile arb ionann é agus Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE lena n-áirítear iad siúd nach dtagann faoin Teachtaireacht seo, ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith agus measúnófar é faoi na rialacha ábhartha maidir le Státchabhair.

    ( 55 ) Faoi mar a shainmhínítear i bhfonóta 53.

    ( 56 ) Cásanna uamtha t-132/96 agus t-143/96 Freistaat Sachsen agus páirtithe eile v An Coimisiún, EU:T:1999:326, mír 167.

    ( 57 ) Cinneadh 98/490/CE ón gCoimisiún i gCás C 47/96 Crédit Lyonnais (IO L 221, 8.8.1998, lch. 28), pointe 10.1; Cinneadh 2005/345/CE ón gCoimisiún i gCás C 28/02 Bankgesellschaft Berlin (IO L 116, 4.5.2005, lch. 1), pointí 153 et seq.; agus Cinneadh 2008/263/CE ón gCoimisiún i gCás C 50/06 BAWAG (IO L 83, 26.3.2008, lch. 7), pointe 166. Féach Cinneadh ón gCoimisiún i gCás NN 70/07 Northern Rock (IO C 43, 16.2.2008, lch. 1); Cinneadh ón gCoimisiún i gCás NN 25/08 Cúnamh tarrthála do Risikoabschirmung WestLB (IO C 189, 26.7.2008, lch. 3); Cinneadh ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2008 maidir le státchabhair C 9/08 SachsenLB (IO L 104, 24.4.2009, lch. 34); agus Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2017 i gcás SA.32544 (2011/C) Athstruchtúrú TRAINOSE S.A (IO L 186, 24.7.2018, lch. 25).

    ( 58 ) Mar shampla, Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

    ( 59 ) I bhfianaise staid shonrach dhá ghéarchéim a rinne difear do ghnóthais ar bhealaí éagsúla, féadfaidh na Ballstáit a roghnú cabhair a chur ar fáil faoin Teachtaireacht seo do ghnóthais atá i gcruachás freisin.

    ( 60 ) Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lch. 1); Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhairde minimissan earnáil talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9); Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhairde minimissan earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45); agus Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2012 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhairde minimisarna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (IO L 114, 26.4.2012, lch. 8).

    ( 61 ) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine); Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (IO L 193, 1.7.2014, lch. 1); agus Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 369, 24.12.2014, lch. 37).

    ( 62 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún - Creat Sealadach maidir le bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig reatha COVID-19 (IO C 91 I, 20.3.2020, lch. 1), arna leasú le Teachtaireachtaí C(2020) 2215 (IO C 112 I, 4.4.2020, lch. 1), C(2020) 3156 (IO C 164, 13.5.2020, lch. 3), C(2020) 4509 (IO C 218, 2.7.2020, lch. 3), C(2020) 7127 (IO C 340 I, 13.10.2020, lch. 1), C(2021) 564 (IO C 34, 1.2.2021, lch. 6), agus C(2021) 8442 (IO C 473, 24.11.2021, lch. 1) ón gCoimisiún.

    ( 63 ) Cabhair a dheonaítear ar bhonn scéimeanna arna bhformheas faoin roinn seo agus a aisíocadh sula ndeonaíodh cabhair nua faoin roinn seo, ní chuirfear san áireamh í nuair a chinntear ar sáraíodh an uasteorainn lena mbaineann.

    ( 64 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 67(i).

    ( 65 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 70(g).

    ( 66 ) Má dheonaítear an chabhair i bhfoirm buntáiste cánach, ní mór gur tharla an dliteanas cánach ar deonaíodh an buntáiste sin ina leith tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024.

    ( 67 ) Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2(6) agus Airteagal 2(7) de Rialachán (CE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh IO L 193, 1.7.2014, lch. 1.

    ( 68 ) Cabhair a dheonaítear ar bhonn scéimeanna arna bhformheas faoin roinn seo agus a aisíocadh roimh chabhair nua a dheonú faoin roinn seo, ní chuirfear san áireamh í nuair a chinntear ar sáraíodh an uasteorainn lena mbaineann.

    ( 69 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 67(i).

    ( 70 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 70(g).

    ( 71 ) Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe (IO L 90, 28.6.2014, lch. 45).

    ( 72 ) Chun críoch na roinne seo, cumhdaítear leis an téarma “ráthaíochtaí poiblí maidir le hiasachtaí” freisin ráthaíochtaí ar tháirgí fachtóireachta áirithe, eadhon ráthaíochtaí ar iontaoibh agus maoiniú slabhra soláthair faoina bhféadfaidh an fachtóir dul i muinín chustaiméir na cuideachta fachtóireachta. Ní mór táirgí maoinithe slabhra soláthair incháilithe a bheith teoranta do tháirgí nach n-úsáidtear ach i ndiaidh don díoltóir a chuid féin den idirbheart a chur i gcrích, i.e. tar éis dó an táirgí nó an tseirbhís a sholáthar. Cumhdaítear léasú airgeadais leis an téarma “ráthaíochtaí poiblí maidir le hiasachtaí” freisin. I gcás ina ndírítear ráthaíochtaí poiblí ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais leachtachta gnóthas ar gá dóibh comhthaobhachtaí airgeadais a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí trádála ar na margaí fuinnimh, i gcásanna eisceachtúla féadfaidh na ráthaíochtaí poiblí sin ráthaíochtaí bainc a chumhdach freisin nó féadfar iad a sholáthar mar chomhthaobhacht airgeadais do chontrapháirtithe lárnacha nó do chomhaltaí imréitigh.

    ( 73 ) Ní féidir na hiasachtaí aonair a deonadh d’institiúidí creidmheasa ná d’institiúidí airgeadais eile.

    ( 74 ) Nuair is fiontair nuachruthaithe nach bhfuil trí chuntas bhliantúla dúnta acu iad tairbhithe an bhirt, déanfar an t-uasteorainn is infheidhme dá bhforáiltear i bpointe 67(e)(i) a ríomh bunaithe ar an méid ama a bhfuil ann don ghnóthas tráth a dhéanann an gnóthas an t-iarratas ar chabhair.

    ( 75 ) Nuair is fiontair nuachruthaithe nach bhfuil taifid acu le haghaidh iomlán an 12 mhí roimhe sin iad tairbhithe an bhirt, déanfar an t-uasteorainn is infheidhme dá bhforáiltear i bpointe 67(e)(ii) a ríomh bunaithe ar an méid ama a bhfuil ann don ghnóthas tráth a dhéanann an gnóthas an t-iarratas ar chabhair.

    ( 76 ) D’fhéadfadh baint a bheith ag an mbonn cirt ábhartha le tairbhithe atá gníomhach in earnálacha a bhfuil tionchar ag éifeachtaí díreacha nó indíreacha an ionsaithe orthu, lena n-áirítear smachtbhannaí arna bhforchur ag an Aontas, ag a chomhpháirtithe idirnáisiúnta, chomh maith le frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis, mar shampla. Féadfar a áireamh leis na héifeachtaí sin suaitheadh i slabhraí soláthair nó íocaíochtaí atá gan íoc ón Rúis nó ón Úcráin, rioscaí méadaithe cibear-ionsaithe nó ardú ar phraghsanna i gcás ionchuir shonracha nó amhábhair shonracha a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair orthu.

    ( 77 ) Faoi mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine.

    ( 78 ) Féadfar caipiteal oibre agus costais infheistíochta araon a áireamh sa phlean leachtachta. Soiléiríonn an Coimisiún, fad atá an Teachtaireacht seo i bhfeidhm, go bhféadfaidh na Ballstáit ráthaíochtaí poiblí breise a dheonú faoin roinn seo do thairbhithe a bhfuil tacaíocht den sórt sin faighte acu cheana chun riachtanais leachtachta nua nár áiríodh sa mheasúnú ar na riachtanais leachtachta bhunaidh a chur san áireamh. Ní mór d’aon tacaíocht den sórt sin coinníollacha uile na Teachtaireachta seo a chomhlíonadh agus ní mór di a áirithiú nach gcumhdófar na riachtanais leachtachta chéanna ach ant-aon uair amháin.

    ( 79 ) Faoi mar a mhínítear i bhfonóta 72 agus murab ionann agus ráthaíochtaí poiblí ar iasachtaí faoin roinn seo a úsáidtear chun soláthar leachtachta go díreach do ghnóthais a éascú, na ráthaíochtaí poiblí a sholáthraítear mar chomhthaobhacht airgeadais faoin bpointe 67(g) seo, tá siad neamhchistithe agus soláthraítear iad go díreach don chontrapháirtí lárnach nó don chomhalta imréitigh gan aon bhunionstraim.

    ( 80 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2311 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 a mhéid a bhaineann le bearta éigeandála sealadacha maidir le ceanglais chomhthaobhachta (IO L 307, 28.11.2022, lch. 31).

    ( 81 ) Bunrátaí arna ríomh i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an modh chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú (IO C 14, 19.1.2008, lch. 6) agus arna bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta ag https://ec.europa.eu/competition-policy/state-aid/legislation/reference-discount-rates-and-recovery-interest-rates_en.

    ( 82 ) I gás iasachtaí a dheonófar go dtí an 31 Nollaig 2022, féadfar bonnráta an 1 Feabhra 2022 a úsáid.

    ( 83 ) Má chuirtear tréimhse cairde i bhfeidhm le haghaidh íocaíochtaí úis, ní mór na híosrátaí úis a leagtar amach i bpointe 70(b) a chomhlíonadh agus ní mór úis a fhabhrú ó chéad lá na tréimhse cairde agus ní mór é iad a chaipitliú go bliantúil ar a laghad. Beidh fad na gconarthaí iasachta teoranta do shé bliana ón tráth a dheonófar an iasacht ach amháin má dhéantar modhnú air i gcomhréir le pointe 70(c) agus mura sárófar méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí dá dtagraítear i bpointe 70(e).

    ( 84 ) Ba cheart an ráta úis ilghnéitheach íosta (bunráta móide na corrlaigh riosca creidmheasa) a bheith ar a laghad 10 bps in aghaidh na bliana.

    ( 85 ) Féach an achoimre ar an gcásdlí maidir le modhnú faoi phointe 70(c) a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin AS na hIomaíochta ag https://ec.europa.eu/competition-policy/state-aid/ukraine_en.

    ( 86 ) Nuair is fiontair nuachruthaithe nach bhfuil trí chuntas bhliantúla dúnta acu iad tairbhithe an bhirt, déanfar an t-uasteorainn is infheidhme dá bhforáiltear i bpointe 70(e)(i) a ríomh bunaithe ar an méid ama a bhfuil ann don ghnóthas tráth a dhéanann an gnóthas an t-iarratas ar chabhair.

    ( 87 ) Nuair is fiontair nuachruthaithe nach bhfuil taifid acu le haghaidh iomlán an 12 mhí roimhe sin iad tairbhithe an bhirt, déanfar an t-uasteorainn is infheidhme dá bhforáiltear i bpointe 70(e)(ii) a ríomh bunaithe ar an méid ama a bhfuil ann don ghnóthas tráth a dhéanann an gnóthas an t-iarratas ar chabhair.

    ( 88 ) D’fhéadfadh baint a bheith ag an mbonn cirt ábhartha le tairbhithe atá gníomhach in earnálacha a bhfuil tionchar ar leith ag éifeachtaí díreacha nó indíreacha ionsaí na Rúise orthu, lena n-áirítear bearta sriantacha eacnamaíocha arna ndéanamh ag an Aontas agus ag a chomhpháirtithe idirnáisiúnta, chomh maith le frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis. Féadfar a áireamh leis na héifeachtaí sin suaití ar shlabhraí soláthair nó íocaíochtaí atá gan íoc ón Rúis nó ón Úcráin, luaineacht mhéadaithe praghsanna ar mhargaí fuinnimh agus riachtanais chomhthaobhachta ghaolmhara, rioscaí méadaithe cibear-ionsaithe nó ardú ar phraghsanna i gcás ionchuir shonracha nó amhábhair shonracha a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair orthu.

    ( 89 ) Faoi mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine.

    ( 90 ) Féadfar caipiteal oibre agus costais infheistíochta araon a áireamh sa phlean leachtachta. Soiléiríonn an Coimisiún, fad atá an Teachtaireacht seo i bhfeidhm, go bhféadfaidh na Ballstáit iasachtaí fóirdheonaithe breise a dheonú faoin roinn seo do thairbhithe a bhfuil tacaíocht den sórt sin faighte acu cheana chun riachtanais leachtachta nua nár áiríodh sa mheasúnú ar na riachtanais leachtachta bhunaidh a chur san áireamh. Ní mór d’aon tacaíocht den sórt sin coinníollacha uile na Teachtaireachta seo a chomhlíonadh agus ní mór di a áirithiú nach gcumhdófar na riachtanais leachtachta chéanna ach ant-aon uair amháin.

    ( 91 ) De mhaolú air sin, nuair nach ndeonaítear an chabhair ach tar éis fíorú ex post ar dhoiciméadacht tacaíochta an tairbhí agus nuair a chinneann na Ballstáit gan an fhéidearthacht a chur san áireamh réamhíocaíochtaí a dheonú i gcomhréir le pointe 74, féadfar cabhair a dheonú go dtí an 31 Nollaig 2024 ar choinníoll go n-urramófaí an tréimhse incháilithe mar a shainítear i bpointe 72(e).

    ( 92 ) Má dheonaítear an chabhair i bhfoirm buntáiste cánach, ní mór gur tharla an dliteanas cánach ar deonaíodh an buntáiste sin ina leith tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024.

    ( 93 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 67(i).

    ( 94 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 70(g).

    ( 95 ) COM(2022)360 críochnaitheach, 20.7.2022.

    ( 96 ) I gcas líonraí téimh agus fuaraithe ceantair, féadfaidh sé nach mbeidh sé indéanta i gcónaí an breosla a úsáideann an lárfhoinse a chinneadh go beacht. Sna cásanna sin, féadfaidh na Ballstáit brath ar dheimhniúcháin ó na hoibreoirí téimh ceantair nó ar mheastacháin lena dtugtar le fios meascán breosla na líonraí atá i gceist agus féadfaidh siad an fhaisnéis sin a úsáid chun sciar an ídithe téimh/fuaraithe is féidir a bheith incháilithe le haghaidh cúitimh faoin roinn seo a ríomh.

    ( 97 ) Chun críocha roinn 2.4, ciallaíonn “tairbhí” gnóthas nó eintiteas dlítheanach ar cuid de ghnóthas é.

    ( 98 ) Mar a léiríonn an tairbhí e.g. bunaithe ar an mbille faoi seach. Ní áireofar ach ídiú fuinnimh ag úsáideoirí deiridh, ní chuirfear díolacháin agus táirgeadh féin san áireamh. Ní áirítear ídiú fuinnimh na hearnála fuinnimh féin ná caillteanais a tharlaíonn le linn claochlú agus dáileadh fuinnimh.

    ( 99 ) Is éard is “gnó dianfhuinnimh” ann ná eintiteas dlítheanach inar ionann ceannacháin táirgí fuinnimh (lena n-áirítear táirgí fuinnimh seachas gás nádúrtha agus leictreachas) agus 3,0 % ar a laghad den luach táirgthe nó den láimhdeachas, bunaithe ar shonraí ó na tuarascálacha cuntasaíochta airgeadais le haghaidh bhliain féilire 2021. De rogha air sin, féadfar sonraí le haghaidh an chéad seimeastair de 2022 a úsáid, agus sa chás sin d’fhéadfadh an tairbhí a bheith incháilithe mar “ghnó dianfhuinnimh” más ionann ceannacháin táirgí fuinnimh (lena n-áirítear táirgí fuinnimh seachas gás nádúrtha agus leictreachas) agus 6,0 % ar a laghad den luach táirgthe nó den láimhdeachas.

    ( 100 ) Ciallaíonn EBITDA tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh, gan laguithe aon uaire a áireamh.

    ( 101 ) Liostaítear in Iarscríbhinn I na hearnálacha agus na fo-earnálacha a mheastar a bheith neamhchosanta go mór ar chaillteanas iomaíochais mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh, arb ionadaigh oibiachtúla déine na trádála le tríú tíortha agus déine na n-astaíochtaí ina leith. Measfar tairbhí a bheith gníomhach in earnáil nó fo-earnáil a liostaítear in Iarscríbhinn I de réir aicmiú an tairbhí sna cuntais earnálacha náisiúnta nó má ghin ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a dhéanann sé agus a áirítear in Iarscríbhinn I breis agus 50 % dá láimhdeachas nó dá luach táirgthe in 2021.

    ( 102 ) COM/2022/230 final, 18 Bealtaine 2022.

    ( 103 ) Féach an Fógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1). Ós rud é gur coincheap oibiachtúil agus dlíthiúil é coincheap na Státchabhrach a shainítear go díreach leis an gConradh (breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Nollaig 2008, British Aggregates v Commission, C-487/06 P, ECLI:EU: C:2008:757, mír 111), tá na tuairimí a leagtar amach i bpointí 373 go 375 gan dochar do léirmhíniú an choincheapa maidir le Státchabhair ag Cúirteanna an Aontais (breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Iúil 2011, Alcoa Trasformazioni v an Coimisiún, C-194/09 P, ECLI:EU:C:2011:497, mír 125); is é cásdlí Chúirteanna an Aontais an phríomhthagairt chun an Conradh a léirmhíniú.

    ( 104 ) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

    ( 105 ) Ciallaíonn “stóráil leictreachais” úsáid deiridh leictreachais a chur siar go dtí tráth níos déanaí ná an uair a gineadh é, nó fuinneamh leictreach a thiontú go cineál fuinnimh is féidir a stóráil, stóráil fuinnimh den sórt sin, agus fuinneamh den sórt sin a thiontú ar ais ina dhiaidh sin go fuinneamh leictreach.

    ( 106 ) Ciallaíonn “teirmeastóráil” úsáid deiridh fuinnimh theirmigh a chur siar go dtí tráth níos déanaí ná an uair a gineadh é, nó fuinneamh leictreach nó teirmeach a thiontú go cineál fuinnimh is féidir a stóráil, stóráil fuinnimh den sórt sin, agus, i gcás inarb iomchuí, fuinneamh den sórt sin a thiontú nó a thiontú ar ais ina dhiaidh sin go fuinneamh teirmeach lena úsáid chríochnaitheach (i.e. téamh nó fuarú).

    ( 107 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 70(g).

    ( 108 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 67(i).

    ( 109 ) Ní mór méideanna na hacmhainneachta a lorgaítear tairiscintí ina leith a shocrú chun a áirithiú go mbeidh an próiseas tairisceana iomaíoch go héifeachtach. Ní mór don Bhallstát cruthúnas a thabhairt faoin inchreidteacht go dtiocfaidh an méid a lorgaítear tairiscintí ina leith le tairiscint féideartha na dtionscadal. Féadfaidh sin a dhéanamh le tagairt do cheantanna roimhe seo, do spriocanna teicneolaíochta sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, nó trí shásra coimirce a thabhairt isteach i gcás an riosca de phróiseas tairisceana gann-suibscríofa. I gcás próisis tairisceana iomaíocha a bhíonn gann-suibscríofa arís agus arís eile, ní mór don Bhallstát leigheasanna a thabhairt isteach le haghaidh aon scéim amach anseo a chuireann sé in iúl don Choimisiún maidir leis an teicneolaíocht chéanna.

    ( 110 ) Breoslaí leachtacha agus gásacha a thagann ó hidrigin inathnuaite, a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite seachas bithmhais.

    ( 111 ) Ciallaíonn “athchumhachtú” gléasraí cumhachta a tháirgeann fuinneamh inathnuaite a athnuachan, lena n-áirítear athsholáthar páirteach nó iomlán a dhéanamh ar shuiteálacha nó ar chórais agus ar threalamh oibríochta ar mhaithe leis an acmhainneacht a athsholáthar nó éifeachtúlacht nó acmhainneacht na suiteála a mhéadú.

    ( 112 ) Má cheadaíonn an Ballstát carnadh den sórt sin, ní mór dó a shonrú, i gcás gach birt, an modh a úsáidtear chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa phointe seo.

    ( 113 ) Faoi mar a shainmhínítear i bhfonóta 107.

    ( 114 ) Faoi mar a shainmhínítear i bhfonóta 108.

    ( 115 ) Ciallaíonn conradh difríochta dhá threo’ conradh arna shíniú idir oibreoir saoráide giniúna cumhachta agus contrapháirt, eintiteas poiblí de ghnáth, a sholáthraíonn cosaint íosluacha saothair agus teorainn ar luach saothair breise araon. Ceapadh an conradh chun dreasachtaí a chaomhnú sa chaoi go n-oibreoidh an tsaoráid ghiniúna agus go nglacfaidh sí páirt éifeachtúil sna margaí fuinnimh.

    ( 116 ) Ní mór teorainn 20 bliain a chur leis na híocaíochtaí tacaíochta faoin gconradh ach tá sé de shaoirse ag na Ballstáit a cheangal ar shuiteálacha leanúint d’íocaíochtaí a dhéanamh faoi na conarthaí fad a leanfaidh an tsaoráid dá dtugtar tacaíocht de bheith ag feidhmiú.

    ( 117 ) Ní mór méideanna na hacmhainneachta nó na táirgeachta a lorgaítear tairiscintí ina leith a shocrú chun a áirithiú go mbeidh an próiseas tairisceana iomaíoch go héifeachtach. Ní mór don Bhallstát cruthúnas a thabhairt faoin inchreidteacht go dtiocfaidh an méid a lorgaítear tairiscintí ina leith le tairiscint féideartha na dtionscadal. Féadfaidh sin a dhéanamh le tagairt do cheantanna roimhe seo, do spriocanna teicneolaíochta sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, nó trí shásra coimirce a thabhairt isteach i gcás an riosca de phróiseas tairisceana gann-suibscríofa. I gcás próisis tairisceana iomaíocha a bhíonn gann-suibscríofa arís agus arís eile, ní mór don Bhallstát leigheasanna a thabhairt isteach le haghaidh aon scéim amach anseo a chuireann sé in iúl don Choimisiún maidir leis an teicneolaíocht chéanna.

    ( 118 ) ciallaíonn “údarás rialála” údarás rialála arna ainmniú ag gach Ballstát de bhun Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/944 (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

    ( 119 ) D’fhéadfaí go dtairbheodh suiteálacha leictreachais in-athnuaite ar scála beag de thacaíocht praghais dhíreach lena gcumhdaítear costais iomlána na hoibríochta agus nach gceanglaítear orthu a gcuid leictreachais a dhíol ar an margadh i gcomhréir leis an díolúine in Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2018/2001. I gcás suiteálacha, measfar iad a bheith ar mhionscála má tá a n-acmhainneacht faoi bhun na tairsí is infheidhme in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (athmhúnlú), ( IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

    ( 120 ) Breoslaí leachtacha agus gásacha a thagann ó hidrigin inathnuaite, a ndíorthaítear a luach fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite seachas bithmhais.

    ( 121 ) Faoi mar a shainmhínítear i bhfonóta 113.

    ( 122 ) Má cheadaíonn an Ballstát carnadh den sórt sin, ní mór dó a shonrú, i gcás gach birt, an modh a úsáidtear chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa phointe seo.

    ( 123 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 70(g).

    ( 124 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 67(i).

    ( 125 ) Cabhair le haghaidh infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha nó ídiú fuinnimh a laghdú, lena n-áirítear faoi bhun na n-uasteorainneacha i bpointe 81(d) den Teachtaireacht seo, féadfar í a dhíolmhú ó fhógra ar choinníoll go n-urramófar na rialacha i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine.

    ( 126 ) Ní mór an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha a thomhas faoi threoir meánastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha a tharla sna 5 bliana roimh an iarratas ar chabhair (meánastaíochtaí ar bhonn bliantúil).

    ( 127 ) Ní mór an laghdú ar thomhaltas fuinnimh a thomhas faoi threoir tomhaltas fuinnimh a tharla sna 5 bliana roimh an iarratas ar chabhair (meántomhaltas ar bhonn bliantúil).

    ( 128 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 87, 15.3.2021, lch. 29.

    ( 129 ) ciallaíonn “caighdeán an Aontais”: (a) caighdeán Aontais éigeantach lena socraítear na leibhéil atá le baint amach ag gnóthais aonair i dtéarmaí comhshaoil, seachas caighdeáin nó spriocanna a shocraítear ar leibhéal an Aontais atá ceangailteach ar na Ballstáit ach nach bhfuil ceangailteach ar ghnóthais aonair; (b) an oibleagáid na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) a úsáid, mar a shainmhínítear i dTreoir 2010/75/AE, agus a áirithiú nach mó na leibhéil astaíochtaí ná na cinn a bhainfí amach agus BAT á chur i bhfeidhm; i gcás inar sainíodh leibhéil astaíochtaí atá bainteach le BAT i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2010/75/AE nó faoi threoracha eile is infheidhme, beidh na leibhéil sin infheidhme chun críche na Teachtaireachta seo; i gcás ina sloinntear na leibhéil sin mar raon, an teorainn dá mbaintear BAT amach den chéad uair le haghaidh an ghnóthais lena mbaineann, is í an teorainn sin a bheidh infheidhme.

    ( 130 ) Ní mór an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha nó ar thomhaltas fuinnimh a thomhas faoi threoir meánastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha nó tomhaltas fuinnimh a tharla sna 5 bliana roimh an iarratas ar chabhair (meánastaíochtaí/meántomhaltas ar bhonn bliantúil).

    ( 131 ) Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261 I, 7.10.2022, lch. 1).

    ( 132 ) Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

    ( 133 ) Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261 I, 7.10.2022, lch. 1).

    ( 134 ) Go ginearálta, measfar gá a bheith leis an gcabhair sin má rannchuidíonn sí leis an laghdú ar ídiú gáis a bhaint amach.

    ( 135 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 70(g).

    ( 136 ) Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 67(i).

    ( 137 ) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú) (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

    ( 138 I.e. méadrú lena dtomhaistear ídiú ar leithligh nuair is gá laghdú breise a dhéanamh ar an éileamh agus nuair nach gá sin.

    ( 139 ) ní mór “uaireanta seachbhuaice” a shainmhíniú chun ídiú leictreachais a sheachaint go ginearálta nuair a úsáidtear gás chun cumhacht a ghiniúint.

    ( 140 ) Mar shampla, i gcás ina roghnaítear na tairbhithe bunaithe ar phraghas an toillte (EUR/MW), le haghaidh laghdú ar ídiú le linn líon seasta uaireanta. Sa chás sin, ní mór líon na n-uaireanta a shainiú ex ante.

    ( 141 ) Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261 I, 7.10.2022, lch. 1).

    ( 142 ) Is féidir le scéim den sórt sin tionscadail arna gcur isteach agus arna roghnú faoin gCiste don Nuálaíocht a chumhdach, a mhéid a chomhlíontar na coinníollacha is infheidhme faoi phointe 85.

    ( 143 ) ciallaíonn “tús oibre” tús na hoibre tógála a bhaineann leis an infheistíocht nó an chéad ghealltanas ceangailteach ó thaobh dlí de chun trealamh a ordú nó aon ghealltanas eile a bhfuil sé mar thoradh air go mbeidh an infheistíocht dochúlaithe, cibé acu sin is luaithe. Ní mheastar gur tús oibreacha é talamh a cheannach ná obair réamhullmhúcháin amhail ceadúnais a fháil agus réamhstaidéir indéantachta a dhéanamh.

    ( 144 ) Féadfaidh na hiarratais sin ar chabhair a bheith bunaithe ar aon bhunús fad is nach mó méid na cabhrach atá le deonú faoi roinn 2.8 den Teachtaireacht seo ná an méid a iarradh i dtosach.

    ( 145 ) Ciallaíonn “athshuíomh” an ghníomhaíocht chéanna nó gníomhaíocht chomhchosúil, nó cuid de ghníomhaíocht den sórt sin, a aistriú ó bhunaíocht i bpáirtí conarthach amháin sa Chomhaontú LEE (bunú tosaigh) go dtí an bhunaíocht ina ndéantar an infheistíocht i gcabhair i bpáirtí conarthach eile sa Chomhaontú LEE (bunú cabhrach). Déantar aistriú má fhreastalaíonn an táirge ar na críocha céanna ar a laghad go páirteach agus sna bunaíochtaí cabhrach agus má chomhlíonann sé éilimh nó riachtanais an chineáil chéanna custaiméirí agus má chailltear poist sa ghníomhaíocht chéanna nó sa ghníomhaíocht chomhchosúil i gceann de bhunaíochtaí tosaigh thairbhí na cabhrach sa LEE.

    ( 146 ) Mar a shainmhínítear faoin Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí neamhairgeadais atá i gcuachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

    ( 147 ) Déanfar an chabhair ar tugadh fógra fúithi agus an fóirdheontas a d’fhéadfadh an tairbhí a fháil go follasach i ndlínse tríú tír lasmuigh den LEE a chur i gcomparáid i dtéarmaí lascainithe.

    ( 148 ) Ní mór fíordheis a thabhairt do ghnóthais ó gach Ballstát atá gníomhach sa slabhra luacha ábhartha páirt a ghlacadh i dtionscadal atá ag teacht chun cinn. Ní mór do Bhallstáit a thugann fógra a léiriú gur cuireadh na gnóthais sin ar an eolas faoi theacht chun cinn féideartha tionscadail, agus faoi na deiseanna tráchtála a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla trí bhíthin teagmhálaithe, comhghuaillíochtaí, cruinnithe nó imeachtaí meaitseála a bhfuil FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta rannpháirteach iontu freisin, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht tráchtála.

    ( 149 ) Faoi mar a shainmhínítear i bhfonóta 145.

    ( 150 ) Féadfaidh na hiarratais sin ar chabhair a bheith bunaithe ar aon bhunús fad is nach mó méid na cabhrach atá le deonú faoi roinn 2.8 den Teachtaireacht seo ná an méid a iarradh i dtosach.

    ( 151 ) An fhianaise dhoiciméadach ábhartha a thacaíonn leis an bhfrithfhíorasach a thuairiscítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Teachtaireacht seo, ní mór dó a bheith inchreidte, i.e. fíorthábhachtach agus ábhartha maidir leis na tosca cinnteoireachta atá forleathan tráth a dhéanann an tairbhí cabhrach cinneadh maidir leis an infheistíocht. Iarrtar ar na Ballstáit fíordhoiciméid oifigiúla bhoird, measúnuithe riosca, lena n-áirítear an measúnú ar rioscaí a bhaineann le suíomh sonrach, tuarascálacha airgeadais, pleananna gnó inmheánacha, tuairimí saineolacha agus staidéir eile a bhaineann leis an tionscadal atá á mheasúnú a cheadú. Ní mór baint chomhaimseartha a bheith ag na doiciméid sin leis an bpróiseas cinnteoireachta a bhaineann leis an infheistíocht nó le suíomh na hinfheistíochta. D’fhéadfadh doiciméid ina bhfuil faisnéis faoi réamhaisnéisí éilimh, réamhaisnéisí costais, réamhaisnéisí airgeadais, doiciméid arna gcur faoi bhráid coiste infheistíochta agus ina ndéantar mionsaothrú ar chásanna infheistíochta, nó ar dhoiciméid arna soláthar do na hinstitiúidí airgeadais, cabhrú le Ballstáit an éifeacht dreasachta a léiriú.

    ( 152 ) I bprionsabal, is cosúil nach dócha go mbeidh méideanna cabhrach a sháraíonn costais infheistíochta caipitil inchosanta, ós rud é, i gcásanna den sórt sin, gur dócha go ndéanfar na hinfheistíochtaí in LEE freisin le méideanna cabhrach níos ísle.

    ( 153 ) I gcás ina bhfuil roinnt suíomhanna in LEE á mbreithniú i leith na hinfheistíochta, ní fhéadfar státchabhair faoin bpointe seo a dheonú chun an infheistíocht a mhealladh chuig limistéar ina bhfuil déine cabhrach réigiúnaí mar a shonraítear sa léarscáil cabhrach réigiúnaí is infheidhme atá níos ísle ná mar a shonraítear i limistéir eile de chuid LEE atá faoi bhreithniú, ós rud é go mbeadh tionchar diúltach aige ar iomaíocht agus ar chomhtháthú nach dócha go gcúiteofaí aon tionchar dearfach. Ní bheadh feidhm aige sin dá mba rud é gur féidir leis an tairbhí a léiriú nach ndéanfaí an infheistíocht i limistéir mhalartacha LEE den sórt sin seachas sin agus go ndéanfaí í a atreorú chuig tríú tír. I gcásanna ina bhfuil an déine cabhrach réigiúnaí chéanna ag suíomhanna malartacha LEE, féadfar státchabhair a dheonú faoin bpointe seo má léiríonn an tairbhí gur roghnaíodh an suíomh bunaithe ar chritéir oibiachtúla beag beann ar státchabhair.

    ( 154 ) Cinntear an bhearna chistithe sin tríd an difríocht idir glanluach láithreach an sreafa airgid a bhfuiltear ag súil leis (lena n-áirítear an infheistíocht agus an oibríocht) ó na hinfheistíochta a fuair cabhair agus glanluach láithreach an tsreafa airgid a bhfuiltear ag súil leis ón infheistíocht fhrithfhíorasach i ndlínse neamh-LEE, infheistíocht a dhéanfadh tairbhí na cabhrach go hinchreidte in éagmais cabhrach in LEE (lena n-áirítear go háirithe an chabhair a gheobhadh an tairbhí go hinchreidte i ndlínse neamh-LEE sa fhrithfhíorasach). An dá chás, ní mór dóibh a bheith cruthaithe go leordhóthanach, i.e. toimhdí réalaíocha a úsáid mar chuid de phlean gnó inchreidte. I bprionsabal, is beag an baol go measfaidh an Coimisiún go bhfuil siad comhoiriúnach le hAirteagal 107(3)(c) CFAE, méideanna cabhrach a sháraíonn na costais infheistíochta caipitil is gá chun na tionscadail a lonnú sa réimse lena mbaineann ós rud é nach dócha go mbeidh éifeacht dreasachta ag an gcabhair sin.

    ( 155 ) Faoi mar a shainmhínítear i bhfonóta 147.

    ( 156 ) Mar a shainmhínítear faoin Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí neamhairgeadais atá i gcuachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

    ( 157 ) Ag tagairt don fhaisnéis a cheanglaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 agus d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún. I gcás airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí, iasachtaí, iasachtaí fo-ordaithe agus foirmeacha eile, cuirfear isteach luach ainmniúil na hionstraime foluití in aghaidh an tairbhí. I gcás buntáistí cánach agus íocaíochta, is féidir méid cabhrach na cabhrach aonair a léiriú sna raonta.

    ( 158 ) Ag tagairt don fhaisnéis a cheanglaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2014. I gcás airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí, iasachtaí, iasachtaí fo-ordaithe agus foirmeacha eile, cuirfear isteach luach ainmniúil na hionstraime foluití in aghaidh an tairbhí. I gcás buntáistí cánach agus íocaíochta, is féidir méid cabhrach na cabhrach aonair a léiriú sna raonta.

    ( 159 ) Tugann an cuardach poiblí maidir le trédhearcacht na Státchabhrach rochtain ar shonraí maidir le dámhachtain aonair Státchabhrach arna soláthar ag Ballstáit i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta Eorpacha maidir le Státchabhair agus is féidir teacht orthu ag https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency/public?lang=en.

    ( 160 )  IO L 140, 30.4.2004, lch. 1.

    ( 161 )  IO C 426, 9.11.2022, lch. 1.

    ( 162 )  IO C 131 I, 24.3.2022 lch 1.

    ( 163 )  IO C 280, 21.7.2022, lch. 1.

    ( 164 )  IO C 119, 22.5.2002, lch. 22.

    ( 165 ) Na hearnálacha agus na fo-earnálacha a liostaítear faoi threoir a ndéine astaíochtaí agus a ndéine trádála, comhfhreagraíonn siad dóibh siúd a liostaítear i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2019/708 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh na n-earnálacha agus na bhfo-earnálacha a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo le haghaidh na tréimhse 2021 go 2030 (IO L 120, 8.5.2019, lch. 20).

    Top