Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02022R0058-20220811

    Consolidated text: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/58 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Seapáine, Phoblacht na Cóiré, Chónaidhm na Rúise agus Stát Aontaithe Mheiriceá, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/58/2022-08-11

    02022R0058 — GA — 11.08.2022 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/58 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Eanáir 2022

    lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Seapáine, Phoblacht na Cóiré, Chónaidhm na Rúise agus Stát Aontaithe Mheiriceá, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (IO L 010 17.1.2022, lch. 17)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1387 ÓN gCOIMISIÚN an 9 Lúnasa 2022

      L 208

    5

    10.8.2022




    ▼B

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/58 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Eanáir 2022

    lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Seapáine, Phoblacht na Cóiré, Chónaidhm na Rúise agus Stát Aontaithe Mheiriceá, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle



    Airteagal 1

    1.  
    Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní, nach mó ná 0,16 mm ar tiús, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 7225 11 00 (Cóid TARIC 7225110011 , 7225110015 agus 7225110019 ) agus ex 7226 11 00 (Cóid TARIC 7226110012 , 7226110014 , 7226110016 , 7226110092 , 7226110094 agus 7226110096 ) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Seapáine, Phoblacht na Cóiré, Chónaidhm na Rúise agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.
    2.  
    Is ionann méid na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an táirge a thuairiscítear i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí ainmnithe aonair mar atá leagtha amach i mír 4 agus an difríocht idir na híosphraghsanna allmhairiúcháin a shocraítear i mír 3 agus an glanphraghas saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, má tá an dara ceann níos ísle ná an chéad cheann. Ní bhaileofar aon dleacht i gcás go mbeidh an glanphraghas saor ag teorainn an Aontais cothrom le nó níos airde ná an t-íosphraghas allmhairiúcháin comhfhreagrach a shocraítear i mír 3. Níor chóir méid na dleachta frithdhumpála a bheith níos mó i gcás ar bith ná na rátaí dleachta frithdhumpála ad valorem a leagtar amach i mír 4.
    3.  

    Chun críche mhír 2, beidh feidhm ag an íosphraghas allmhairiúcháin a leagtar amach sa tábla thíos. I gcás go bhfaightear amach, tar éis fíorú iar-allmhairiúcháin, go bhfuil an glanphraghas saor ag teorainn an Aontais a d’íoc an chéad chustaiméir neamhspleách san Aontas (praghas iar-allmhairiúcháin) faoi bhun an ghlanphraghais saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, mar thoradh ar an dearbhú custaim, agus go bhfuil an praghas iar-allmhairiúcháin níos ísle ná an t-íosphraghas allmhairiúcháin, beidh feidhm ag méid dleachta atá coibhéiseach leis an difríocht idir an íosphraghas allmhairiúcháin atá leagtha amach sa tábla thíos agus an praghas iar-allmhairiúcháin, mura rud é, mar thoradh ar chur i bhfeidhm dhleacht ad valorem a leagtar amach i mír 4 móide an praghas iar-allmhairiúcháin, go bhfanann an méid (praghas a íocadh i ndáiríre móide dleacht ad valorem) fós faoi bhun an íosphraghais allmhairiúcháin atá leagtha amach sa tábla thíos.



    Tíortha lena mbaineann

    Raon táirgí

    Íosphraghsanna onnmhairiúcháin

    (EUR/glanmheáchan an táirge i dtonaí)

    Daon-Phoblacht na Síne, an tSeapáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Cónaidhm na Rúise, Poblacht na Cóiré

    Táirgí lena mbaineann príomhchaillteanas uasta nach mó ná 0,90 W/kg é

    EUR 2 043

     

    Táirgí lena mbaineann príomhchaillteanas uasta atá níos mó ná 0,90 W/kg ach nach mó ná 1,05W/kg é

    EUR 1 873

     

    Táirgí lena mbaineann príomhchaillteanas uasta atá níos mó ná 1,05W/kg

    EUR 1 536

    4.  

    Chun críche mhír 2, beidh feidhm ag rátaí dleachta ad valorem atá leagtha amach sa tábla thíos.



    Cuideachta

    Dleacht Ad Valorem

    Cód breise TARIC

    Baoshan Iron & Steel Co., Ltd., Shang-hai; Daon-Phoblacht na Síne

    21,5  %

    C039

    Wuhan Iron & Steel Co., Ltd., Wuhan, Daon-Phoblacht na Síne

    36,6  %

    C056

    JFE Steel Corporation, Tóiceo, an tSeapáin

    39,0  %

    C040

    Nippon Steel & Sumitomo Metal Corporation, Tóiceo, an tSeapáin

    35,9  %

    C041

    POSCO, Súl, Poblacht na Cóiré

    22,5  %

    C042

    OJSC Novolipetsk Steel, Lipetsk;VIZ Steel, Ekaterinburg, Cónaidhm na Rúise

    21,6  %

    C043

    ▼M1

    Cleveland-Cliffs Steel Corporation, Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá

    22,0  %

    C044

    ▼B

    5.  

    Is é ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an táirge a thuairiscítear i mír 1 agus arna tháirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i mír 4 an dleacht ad valorem mar atá leagtha amach sa tábla thíos.



    Cuideachta

    Dleacht Ad Valorem

    Cód breise TARIC

    Gach cuideachta eile de chuid na Síne

    36,6  %

    C999

    Gach cuideachta eile de chuid na Seapáine

    39,0  %

    C999

    Gach cuideachta eile de chuid na Cóiré

    22,5  %

    C999

    Gach cuideachta eile de chuid na Rúise

    21,6  %

    C999

    Gach cuideachta eile de chuid Mheiriceá

    22,0  %

    C999

    6.  
    Beidh cur i bhfeidhm na mbeart do na cuideachtaí a luaitear i mír 4 ag brath ar shonrasc tráchtála bailí agus deimhniú muilinn a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát, a chomhlíonfaidh na ceanglais mar atá leagtha amach in Iarscríbhinní I agus II faoi seach. Mura gcuirtear an deimhniú muilinn ná an sonrasc isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile. Liostálfar ar an deimhniú muilinn sin an príomhchaillteanas uasta iarbhír do gach corna in Watts in aghaidh an chileagraim ag minicíocht 50 Hz agus ionduchtú maighnéadach 1,7 Tesla.
    7.  
    Maidir leis na táirgeoirí a ainmnítear ina n-aonair agus i gcásanna ina ndearnadh damáiste d’earraí roimh theacht i saorchúrsaíocht dóibh agus, dá bhrí sin, go ndéantar an praghas iarbhír a íocadh nó an praghas atá iníoctha a chionroinnt chun an luach custaim a chinneadh de bhun Airteagal 131(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ( 1 ) ón gCoimisiún, laghdófar an t-íosphraghas allmhairiúcháin a leagtar amach thuas de réir céatadáin a fhreagraíonn do chionroinnt an phraghais a íocadh nó atá iníoctha i ndáiríre. Ansin beidh an dleacht is iníoctha cothrom leis an difríocht idir an t-íosphraghas allmhairiúcháin laghdaithe agus an glanphraghas laghdaithe, saor ag teorainn an Aontais, roimh imréiteach custaim.
    8.  
    Maidir le gach cuideachta eile agus i gcásanna ina ndearnadh damáiste d’earraí roimh theacht i saorchúrsaíocht dóibh agus, dá bhrí sin, go ndéantar an praghas iarbhír a íocadh nó an praghas atá iníoctha a chionroinnt chun an luach custaim a chinneadh de bhun Airteagal 131(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, déanfar méid na dleachta frithdhumpála, arna ríomh ar bhonn mhír 2 thuas, a laghdú céatadán ar leith a chomhfhreagraíonn do chionroinnt an phraghais iarbhír a íocadh nó an phraghais atá iníoctha.
    9.  
    Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm a bhaineann le dleachtanna custaim.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    IARSCRÍBHINN I

    Dearbhú arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc tráchtála á eisiúint, ní mór an dearbhú sin, san fhormáid seo a leanas, a bheith ar an sonrasc tráchtála bailí dá dtagraítear in Airteagal 1(6):

    — 
    Ainm agus feidhm oifigeach an eintitis a eisíonn an sonrasc gnó.
    — 
    An dearbhú seo a leanas:

    Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, maidir le (méid) agus (caillteanas croíleacáin) na cruach leictrí dírithe ar ghráinní a díoladh lena honnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) an táirge sin a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.

    Dáta agus síniú




    IARSCRÍBHINN II

    Dearbhú arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an deimhniú muilinn á eisiúint, ní mór an dearbhú sin, san fhormáid seo a leanas, a bheith ar an deimhniú muilinn bailí dá dtagraítear in Airteagal 1(6):

    — 
    Ainm agus feidhm oifigeach an eintitis a eisíonn an deimhniú muilinn.
    — 
    An dearbhú seo a leanas:

    “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, maidir leis an gcruach leictreach dírithe ar ghráinní a díoladh lena honnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an deimhniú muilinn seo, lena léirítear tomhas an uasmhéid caillteanais croíleacáin i Vatanna in aghaidh an chileagraim ar mhinicíocht 50 Hz agus ionduchtú maighnéadach 1,7 Tesla, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) an táirge sin a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa deimhniú muilinn seo iomlán agus ceart.

    Dáta agus síniú



    ( 1 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558.

    Top