Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02022D0179-20221125

    Consolidated text: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú úsáid speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 628) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/179/2022-11-25

    02022D0179 — GA — 25.11.2022 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/179 ÓN gCOIMISIÚN

    an 8 Feabhra 2022

    maidir le comhchuibhiú úsáid speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 628)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (IO L 029 10.2.2022, lch. 10)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2307 ÓN gCOIMISIÚN an 23 Samhain 2022

      L 305

    63

    25.11.2022




    ▼B

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/179 ÓN gCOIMISIÚN

    an 8 Feabhra 2022

    maidir le comhchuibhiú úsáid speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 628)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



    Airteagal 1

    Leis an gCinneadh seo, comhchuibhítear na coinníollacha maidir le hinfhaighteacht agus le húsáid éifeachtúil bhandaí minicíochta 5 150 -5 250 MHz, 5 250 -5 350 MHz agus 5 470 -5 725 MHz le haghaidh córais rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna).

    Airteagal 2

    Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) 

    is córais raidió leathanbhanda “córais rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna)” lena gceadaítear rochtain gan sreang le haghaidh feidhmeanna poiblí agus príobháideacha gan beann ar thoipeolaíocht an bhunlíonra;

    (b) 

    sainmhínítear “úsáid laistigh” mar úsáid laistigh de spás iata lena gcuirfear ar fáil an maolúchán is gá chun an chomhroinnt le seirbhísí eile a éascú. Is féidir úsáid laistigh a aicmiú ina ceithre chás úsáide, mar a shainaithnítear i gcoinníollacha teicniúla na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gCinneadh seo lena gcuirtear san áireamh cásanna sonracha: laistigh d’fhoirgnimh, laistigh d’fheithiclí bóthair, laistigh de thraenacha agus laistigh d’aerárthaí;

    (c) 

    ciallaíonn “cumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach (‘e.i.r.p.’)” táirge na cumhachta a sholáthraítear don aeróg agus an neartú aeróige i dtreo ar leith i ndáil le haeróg iseatrópach (dearbhneartúchán nó neartúchán iseatrópach);

    (d) 

    ciallaíonn “meánchumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach (‘e.i.r.p.’)” e.i.r.p. le linn rabharta tarchuir a chomhfhreagraíonn don chumhacht is airde, má chuirtear rialú cumhachta chun feidhme.

    ▼M1

    Airteagal 3

    Faoin 30 Meitheamh 2023, ainmneoidh na Ballstáit bandaí minicíochta 5 150 -5 250 MHz, 5 250 -5 350 MHz agus 5 470 -5 725 MHz agus cuirfidh siad ar fáil iad, ar bhonn neamheisiach, le haghaidh cur chun feidhme WAS/RLANanna i gcomhréir leis na coinníollacha teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn.

    ▼B

    Airteagal 4

    Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar éabhlóid caighdeán agus ar éabhlóid na teicneolaíochta i ndáil le húsáid bhandaí minicíochta 5 150 -5 250 MHz, 5 250 -5 350 MHz agus 5 470 -5 725 MHz le haghaidh WAS/RLANanna agus tuairisceoidh siad a gcuid torthaí don Choimisiún arna iarraidh sin dó nó ar a dtionscnamh féin chun go mbeifear in ann athbhreithniú tráthúil a dhéanamh ar an gCinneadh seo.

    Airteagal 5

    Aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE.

    Airteagal 6

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

    ▼M1




    IARSCRÍBHINN

    Coinníollacha teicniúla comhchuibhithe le haghaidh WAS/RLANanna i mbandaí minicíochta 5 150 -5 250 MHz, 5 250 -5 350 MHz agus 5 470 -5 725 MHz



    Tábla 1

    WAS/RLANanna i mbanda minicíochta 5 150 -5 250 MHz

    Paraiméadar

    Coinníollacha teicniúla

    Banda minicíochta

    5 150 -5 250 MHz

    Oibriú incheadaithe

    Úsáid laistigh, lena n-áirítear suiteálacha laistigh d’fheithiclí bóthair, traenacha agus aerárthaí, agus úsáid lasmuigh theoranta (nóta 1).

    Tá an úsáid i measc córais aerárthaí gan foireann (“UAS”) teoranta do laistigh de bhanda 5 170 -5 250 MHz.

    An mheánchumhacht choibhéiseach radaithe go hiseatrópach (e.i.r.p.) uasta le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda

    200 mW

    Eisceachtaí:

    — Tá feidhm ag an meánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach 40 mW maidir le suiteálacha laistigh de charráistí traenach a bhfuil meánchaillteanas maolúcháin níos lú ná 12 dB ag baint leo,

    — Tá feidhm ag an meánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach 40 mW maidir le suiteálacha laistigh d’fheithiclí bóthair.

    Dlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda

    10 mW/MHz laistigh d’aon bhanda 1 MHz

    Nóta 1:  Má úsáidtear lasmuigh é, ní chuirfear trealamh i gceangal le haeróg dho-aistrithe lasmuigh, le bonneagar do-aistrithe nó le cabhail sheachtrach feithiclí bóthair.

    Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) a chomhlíonadh. I gcás ina dtugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal feidhmíochta a bhaineann leis na teicnící sin.



    Tábla 2

    WAS/RLANanna i mbanda minicíochta 5 250 -5 350 MHz

    Paraiméadar

    Coinníollacha teicniúla

    Banda minicíochta

    5 250 -5 350 MHz

    Oibriú incheadaithe

    Úsáid laistigh: laistigh d’fhoirgnimh amháin.

    Ní cheadaítear suiteálacha i bhfeithiclí bóthair, traenacha agus aerárthaí (nóta 2).

    Ní cheadaítear úsáid lasmuigh.

    An mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda

    200 mW

    Dlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda

    10 mW/MHz laistigh d’aon bhanda 1 MHz

    Teicnící maolúcháin atá le húsáid

    Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC) agus roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS).

    Féadfar teicnící maolúcháin malartacha a úsáid má áirithítear leo leibhéal feidhmíochta agus leibhéal cosanta speictrim atá coibhéiseach ar a laghad chun ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh agus má dhéantar ceanglais theicniúla an Chinnidh seo a urramú leo.

    Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC)

    Le TPC, soláthrófar fachtóir maolúcháin 3 dB ar a laghad, ar an meán, ar uaschumhacht aschurtha na gcóras is incheadaithe, nó, mura bhfuil rialú cumhachta tarchuradóra á úsáid, laghdófar an mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach is incheadaithe agus an teorainn le dlús comhfhreagrach na meánchumhachta coibhéisí radaithe go hiseatrópach 3 dB.

    Roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS)

    Tugtar tuairisc ar DFS i Moladh M. 1652-1 ó ITU-R (2) chun oibriú atá comhoiriúnach le córais rad-aimsithe a áirithiú.

    Le sásra DFS, áiritheofar gurb ionann an dóchúlacht go roghnófaí cainéal ar leith le haghaidh gach cainéal atá ar fáil laistigh de bhandaí 5 250 -5 350 MHz agus 5 470 -5 725 MHz. Áiritheofar freisin le sásra DFS, ar an meán, leathadh ualaigh atá beagnach aonfhoirmeach i ndáil leis an speictream.

    Cuirfear roghnúchán minicíochta dinimiciúil chun feidhme i WAS/RLANanna lena soláthrófar maolú ar thrasnaíocht ar radar atá chomh héifeachtúil ar a laghad le DFS ar a dtugtar tuairisc i gCaighdeán ETSI EN 301 893 V2.1.1. Socruithe (crua-earraí agus/nó bogearraí) WAS/RLANanna a bhaineann le DFS, ní bheidh rochtain ag an úsáideoir orthu sin más rud é nach mbeidh WAS/RLANanna i gcomhréir le ceanglais DFS a thuilleadh de thoradh na socruithe sin a athrú. Áirítear leis sin (a) gan cead a thabhairt don úsáideoir an tír oibriúcháin agus/nó an banda minicíochta oibriúcháin a athrú más rud é nach mbeidh an trealamh i gcomhréir le ceanglais DFS dá thoradh sin agus (b) gan glacadh le bogearraí agus/nó dochtearraí a fhágann nach mbeidh an trealamh i gcomhréir le ceanglais DFS a thuilleadh.

    (1)   

    I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, ciallaíonn aerárthach mór aerárthach a aicmítear mar eitleán ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh níos mó ná 5 700 kg, nó héileacaptar il-inneall. Eisiatar héileacaptair il-inneall, áfach, ó raon feidhme nótaí 2 agus 3.

    (2)   

    Moladh M. 1652-1 ó ITU-R, “Roghnúchán minicíochta dinimiciúil i gcórais rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió chun an tseirbhís rad-aimsithe i mbanda 5 GHz a chosaint”

    Nóta 2:  Suiteálacha WAS/RLANanna a oibriú in aerárthaí móra (1) (seachas héileacaptair il-inneall), ceadaítear é sin go dtí an 31 Nollaig 2028 le meánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach 100 mW le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda.

    Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. I gcás ina dtugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal feidhmíochta a bhaineann leis na teicnící sin.



    Tábla 3

    WAS/RLANanna i mbanda minicíochta 5 470 -5 725 MHz

    Paraiméadar

    Coinníollacha teicniúla

    Banda minicíochta

    5 470 -5 725 MHz

    Oibriú incheadaithe

    Úsáid laistigh agus lasmuigh.

    Ní cheadaítear suiteálacha i bhfeithiclí bóthair ach amháin le haghaidh gairis WAS/RLANanna atá ag oibriú i mód (1) sclábhánta a rialaítear le gaireas seasta WAS/RLAN ag a bhfuil feidhmiúlacht DFS atá ag oibriú sa mháistirmhód. Ní cheadaítear suiteálacha i dtraenacha agus in aerárthaí ná úsáid le haghaidh UAS (nóta 3).

    An mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda

    1 W

    Eisceachtaí:

    — Tá feidhm ag an meánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach 200 mW maidir le suiteálacha i bhfeithiclí bóthair.

    Dlús na meánchumhachta coibhéisí uasta radaithe go hiseatrópach le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda

    50 mW/MHz laistigh d’aon bhanda 1 MHz

    Teicnící maolúcháin atá le húsáid

    Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC) agus roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS).

    Féadfar teicnící maolúcháin malartacha a úsáid má áirithítear leo leibhéal feidhmíochta agus leibhéal cosanta speictrim atá coibhéiseach ar a laghad chun ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh agus má dhéantar ceanglais theicniúla an Chinnidh seo a urramú leo.

    Rialú cumhachta tarchuradóra (TPC)

    Le TPC, soláthrófar fachtóir maolúcháin 3 dB ar a laghad, ar an meán, ar uaschumhacht aschurtha na gcóras is incheadaithe, nó, mura bhfuil rialú cumhachta tarchuradóra á úsáid, laghdófar an mheánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach is incheadaithe agus an teorainn le dlús comhfhreagrach na meánchumhachta coibhéisí radaithe go hiseatrópach 3 dB.

    Roghnúchán minicíochta dinimiciúil (DFS)

    Tugtar tuairisc ar DFS i Moladh M. 1652-1 ó ITU-R chun oibriú atá comhoiriúnach le córais rad-aimsithe a áirithiú.

    Le sásra DFS, áiritheofar gurb ionann an dóchúlacht go roghnófaí cainéal ar leith le haghaidh gach cainéal atá ar fáil laistigh de bhandaí 5 250 -5 350 MHz agus 5 470 -5 725 MHz. Áiritheofar freisin le sásra DFS, ar an meán, leathadh ualaigh atá beagnach aonfhoirmeach i ndáil leis an speictream.

    Cuirfear roghnúchán minicíochta dinimiciúil chun feidhme i WAS/RLANanna lena soláthrófar maolú ar thrasnaíocht ar radar atá chomh héifeachtúil ar a laghad le DFS ar a dtugtar tuairisc i gCaighdeán ETSI EN 301 893 V2.1.1. Socruithe (crua-earraí agus/nó bogearraí) WAS/RLANanna a bhaineann le DFS, ní bheidh rochtain ag an úsáideoir orthu sin más rud é nach mbeidh WAS/RLANanna i gcomhréir le ceanglais DFS a thuilleadh de thoradh na socruithe sin a athrú. Áirítear leis sin (a) gan cead a thabhairt don úsáideoir an tír oibriúcháin agus/nó an banda minicíochta oibriúcháin a athrú más rud é nach mbeidh an trealamh i gcomhréir le ceanglais DFS dá thoradh sin agus (b) gan glacadh le bogearraí agus/nó dochtearraí a fhágann nach mbeidh an trealamh i gcomhréir le ceanglais DFS a thuilleadh.

    (1)   

    Sainmhínítear mód sclábhánta agus máistirmhód in EN 301 893 V2.1.1.

    Nóta 3:  Suiteálacha WAS/RLANanna a oibriú in aerárthaí móra (seachas héileacaptair il-inneall), seachas i mbanda minicíochta 5 600 – 5 650 MHz, ceadaítear é sin go dtí an 31 Nollaig 2028 le meánchumhacht choibhéiseach uasta radaithe go hiseatrópach 100 mW le haghaidh astaíochtaí laistigh den bhanda.

    Bainfear úsáid as teicnící chun rochtain a fháil ar speictream agus trasnaíocht a mhaolú lena soláthraítear leibhéal iomchuí feidhmíochta chun ceanglais riachtanacha Threoir 2014/53/AE a chomhlíonadh. I gcás ina dtugtar tuairisc ar theicnící ábhartha i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó i gcodanna díobh ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE, áiritheofar feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal feidhmíochta a bhaineann leis na teicnící sin.



    ( 1 ) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

    Top