Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02021R2283-20230701

    Consolidated text: Rialachán (AE) 2021/2283 ón gComhairle an 20 Nollaig 2021 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2283/2023-07-01

    02021R2283 — GA — 01.07.2023 — 003.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) 2021/2283 ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Nollaig 2021

    lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013

    (IO L 458 22.12.2021, lch. 33)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

     M1

    RIALACHÁN (AE) 2022/972 ÓN gCOMHAIRLE  an 17 Meitheamh 2022

      L 167

    10

    24.6.2022

    ►M2

    RIALACHÁN (AE) 2022/2563 ÓN gCOMHAIRLE  an 19 Nollaig 2022

      L 330

    109

    23.12.2022

    ►M3

    RIALACHÁN (AE) 2023/1191 ÓN gCOMHAIRLE  an 16 Meitheamh 2023

      L 158

    15

    21.6.2023




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) 2021/2283 ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Nollaig 2021

    lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013



    Airteagal 1

    1.  
    Déanfar taraif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais (“cuótaí”) a oscailt le haghaidh na dtáirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha a liostaítear san Iarscríbhinn.
    2.  
    Laistigh de na cuótaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) a chur ar fionraí le linn na dtréimhsí cuóta, ag rátaí dleachta gcuótaí, agus suas go dtí méideanna na gcuótaí a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
    3.  
    Níl feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le haon mheascáin, ullmhóidí nó táirgí atá comhdhéanta de chomhpháirteanna éagsúla ina bhfuil na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn.

    ▼M2

    4.  
    Níl feidhm ag an bhfionraí a leagtar síos i mír 2 maidir le táirgí de thionscnamh na Rúise, cé is moite de na huimhreacha ordaithe cuóta 09.2600, 09.2742, 09.2698 agus 09.2835, nó de thionscnamh na Bealarúise.

    ▼B

    Airteagal 2

    Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na cuótaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

    Airteagal 3

    I gcás ina dtaisctear dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht le haghaidh na dtáirgí ar ina leith a thugtar na haonaid fhorlíontacha san Iarscríbhinn, úsáidfear an t-aonad forlíontach a leagtar amach san Iarscríbhinn chun cainníochtaí beachta na dtáirgí a allmhairítear a chur sa dearbhú sin.

    Airteagal 4

    Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    ▼M3




    IARSCRÍBHINN



    Sraithuimhir

    Cód AC

    TARIC

    Tuairisc

    Tréimhse an chuóta

    Méid an chuóta

    Ráta dleachta an chuóta

    09.2849

    ex 0710 80 69

    10

    Beacáin den speiceas Auricularia polytricha (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalbhruith nó trína mbruith), iad reoite, le haghaidh monarú béilí réamhullmhaithe (1) (2)

    1.1.-31.12.

    700 tona

    0  %

    09.2664

    ex 2008 60 39

    30

    Silíní milse a bhfuil biotáille bhreise curtha leo, ina bhfuil cion siúcra is mó ná 9 % de réir meáchain, nach bhfuil níos mó ná 19,9 mm ar trastomhas, ina bhfuil an chloch, agus a bhfuiltear lena n-úsáid i dtáirgí seacláide (1)

    1.1.-31.12.

    1 000 tona

    10  %

    09.2925

    ex 2309 90 31

    ex 2309 90 31

    ex 2309 90 96

    ex 2309 90 96

    41

    49

    41

    49

    Breiseán beathaithe, arb é atá ann ar bhonn meáchan tirim:

    — cion 68 % nó níos mó, ach nach mó ná 80 %, de shulfáit L-lísín, agus

    — cion nach mó ná 32 % de chomhpháirteanna eile amhail carbaihiodráití agus aimínaigéid eile

    1.1.-31.12.

    100 000 tona

    0  %

    09.2913

    ex 2401 10 35

    ex 2401 10 70

    ex 2401 10 95

    ex 2401 10 95

    ex 2401 10 95

    ex 2401 20 35

    ex 2401 20 70

    ex 2401 20 95

    ex 2401 20 95

    ex 2401 20 95

    91

    10

    11

    21

    91

    91

    10

    11

    21

    91

    Tobac nádúrtha neamh-mhonaraithe, bíodh sé gearrtha de réir gnáthmhéide nó ná bíodh, ag a bhfuil luach custaim nach lú ná EUR 450 in aghaidh an 100 kg de ghlanmheáchan, a bhfuiltear lena úsáid mar cheanglóir nó mar chumhdach i monarú táirgí atá faoi fho-cheannteideal 2402 10 00  (1)

    1.1.-31.12

    3 000 tona

    0  %

    09.2828

    2712 20 90

     

    Céir phairifín ina bhfuil cion is lú ná 0,75 % d’ola de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    140 000 tona

    0  %

    09.2600

    ex 2712 90 39

    10

    Céir ola (CAS RN 64742-61-6)

    1.1.-31.12.

    100 000 tona

    0  %

    09.2578

    ex 2811 19 80

    50

    Aigéad sulfaimídeach (CAS RN 5329-14-6) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó, de réir meáchain, bíodh méid nach mó ná 5 % den oibreán frithstolptha dé-ocsaíd sileacain (CAS RN 112926-00-8) curtha leis nó ná bíodh

    1.1.-31.12.

    27 000 tona

    0  %

    09.2928

    ex 2811 22 00

    40

    Líonach silice i bhfoirm gráinníní ag a bhfuil íonacht dé-ocsaíde sileacain 97 % nó níos mó, de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    1 700 tona

    0  %

    09.2806

    ex 2825 90 40

    30

    Trí-ocsaíd tungstain, lena n-áirítear ocsaíd ghorm tungstain (CAS RN 1314-35-8 nó CAS RN 39318-18-8)

    1.1.-31.12.

    12 000 tona

    0  %

    09.2819

    ex 2833 25 00

    30

    Sulfáit hiodrocsaíde chopair (Cu4(OH)6(SO4)), hiodráit (CAS RN 12527-76-3) ag a bhfuil íonacht 98 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    240 000 kg

    0  %

    09.2872

    ex 2833 29 80

    40

    Sulfáit chaeisiam (CAS RN 10294-54-9) i bhfoirm sholadach nó ina tuaslagán uiscí ina bhfuil cion 48 % nó níos mó ach nach mó ná 52 % de shulfáit chaeisiam

    1.1.-31.12.

    400 tona

    0  %

    09.2567

    ex 2903 22 00

    10

    Tríchlóireitiléin (CAS RN 79-01-6) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    11 885 000 kg

    0  %

    09.2837

    ex 2903 79 30

    20

    Brómaclóraimeatán (CAS RN 74-97-5)

    1.1.-31.12.

    600 tona

    0  %

    09.2933

    ex 2903 99 80

    30

    1,3-Déchlóraibeinséin (CAS RN 541-73-1)

    1.1.-31.12.

    2 600 tona

    0  %

    09.2700

    ex 2905 12 00

    10

    Própán-1-ól (alcól próipile) (CAS RN 71-23-8)

    1.1.-31.12.

    15 000 tona

    0  %

    09.2830

    ex 2906 19 00

    40

    Cioglapróipilmeatanól (CAS RN 2516-33-8)

    1.1.-31.12.

    20 tona

    0  %

    09.2851

    ex 2907 12 00

    10

    O-créasól (CAS RN 95-48-7) ag a bhfuil íonacht nach lú ná 98,5 % de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    20 000 tona

    0  %

    09.2704

    ex 2909 49 80

    20

    2,2,2’,2’-Teitricis(hiodrocsaimeitiol)-3,3’-ocsaidhéphrópán-1-ól (CAS RN 126-58-9)

    1.1.-31.12.

    500 tona

    0  %

    09.2565

    ex 2914 19 90

    70

    Aicéitiolaicéatónáit chailciam (CAS RN 19372-44-2) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    400 tona

    0  %

    09.2852

    ex 2914 29 00

    60

    Céatón meitile cioglapróipile (CAS RN 765-43-5)

    1.1.-31.12.

    300 tona

    0  %

    09.2638

    ex 2915 21 00

    10

    Aigéad aicéiteach (CAS RN 64-19-7) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó, de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    1 000 000 tona

    0  %

    09.2679

    2915 32 00

     

    Aicéatáit vinile (CAS RN 108-05-4)

    1.1.-31.12.

    450 000 tona

    0  %

    09.2728

    ex 2915 90 70

    85

    Trífhluaraicéatáit eitile (CAS RN 383-63-1)

    1.1.-31.12.

    400 tona

    0  %

    09.2665

    ex 2916 19 95

    30

    (E,E)-heicsi-2,4-dé-eanóáit photaisiam (CAS RN 24634-61-5)

    1.1.-31.12.

    8 250 tona

    0  %

    09.2684

    ex 2916 39 90

    28

    Clóiríd 2,5-démheitilfeiniolaicéitile (CAS RN 55312-97-5)

    1.1.-31.12.

    700 tona

    0  %

    09.2599

    ex 2917 11 00

    40

    Ocsaláit dé-eitile (CAS RN 95-92-1)

    1.1.-31.12.

    500 tona

    0  %

    09.2769

    ex 2917 13 90

    10

    Seabacáit dé-mheitile (CAS RN 106-79-6)

    1.1.-31.12.

    1 000 tona

    0  %

    09.2634

    ex 2917 19 80

    40

    Aigéad dóideacáindé-óch (CAS RN 693-23-2) ar mó ná 98,5 % a íonacht de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    8 000 tona

    0  %

    09.2808

    ex 2918 22 00

    10

    Aigéad O-aicéitiolsalaicileach (CAS RN 50-78-2)

    1.1.-31.12.

    120 tona

    0  %

    09.2646

    ex 2918 29 00

    75

    3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit ochtaideicile (CAS RN 2082-79-3):

    — ar mó ná 99 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 500 μm leithead an mhogaill ann, agus

    — a bhfuil a leáphointe 49 °C nó níos mó, ach nach mó ná 54 °C,

    a bhfuiltear lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC (1)

    1.1.-31.12.

    380 tona

    0  %

    09.2647

    ex 2918 29 00

    80

    Teitricis(3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit) peinteiritríotóil (CAS RN 6683-19-8):

    — ar mó ná 75 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 250 μm leithead an mhogaill ann, agus ar mó ná 99 % de réir meáchain an ráta ar dá réir a théann sí trí chriathar arb é 500 μm leithead an mhogaill ann, agus

    — ag a bhfuil a leáphointe 110 °C nó níos mó, ach nach mó ná 125 °C,

    a bhfuiltear lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC (1)

    1.1.-31.12.

    140 tona

    0  %

    09.2975

    ex 2918 30 00

    10

    Dé-ainhidríd bheinseafeanóin-3,3’,4,4’-teitreacarbocsaileach (CAS RN 2421-28-5)

    1.1.-31.12.

    1 000 tona

    0  %

    09.2598

    ex 2921 19 99

    75

    Ochtaideiciolaimín (CAS RN 124-30-1)

    1.1.-31.12.

    400 tona

    0  %

    09.2649

    ex 2921 29 00

    60

    Bios(2-démheitiolaimíneitil)(meitiol)aimín (CAS RN 3030-47-5)

    1.1.-31.12.

    1 700 tona

    0  %

    09.2682

    ex 2921 41 00

    10

    Anailín (CAS RN 62-53-3) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó, de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    220 000 tona

    0  %

    09.2617

    ex 2921 42 00

    89

    4-Fluara-N-(1-meitileitil)beinséanaimín (CAS RN 70441-63-3)

    1.1.-31.12.

    500 tona

    0  %

    09.2602

    ex 2921 51 19

    10

    O-feiniléindé-aimín (CAS RN 95-54-5)

    1.1.-31.12.

    1 800 tona

    0  %

    09.2921

    ex 2922 19 00

    22

    Aicrioláit 2-(démheitiolaimínea)eitile (CAS RN 2439-35-2) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    14 000 tona

    0  %

    09.2563

    ex 2922 41 00

    20

    Hidreaclóiríd L-lisín (CAS RN 657-27-2) nó tuaslagán uiscí L-lisín (CAS RN 56-87-1), ina bhfuil cion L-lisín 50 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    300 000 tona

    0  %

    09.2575

    ex 2923 90 00

    87

    Clóiríd 3-clóra-2-hiodrocsapróipil)trímheitiolamóiniam (CAS RN 3327-22-8), i bhfoirm tuaslagáin uiscí ina bhfuil cion 65 % nó níos mó ach nach mó ná 71 % de chlóiríd 3-clóra-2-hiodrocsapróipil)trímheitiolamóiniam de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    12 000 tona

    0  %

    09.2922

    ex 2923 90 00

    88

    Tuaslagán uiscí ina bhfuil, de réir meáchain, cion 78 % nó níos mó ach nach mó ná 82 % de chlóiríd [2-(aicriolóilocsa)eitile]trímheitiolamóiniam (CAS RN 44992-01-0)

    1.1.-31.12.

    10 000 tona

    0  %

    09.2854

    ex 2924 19 00

    85

    Búitiolcarbamáit 3-iadapróp-2-in-1-ile (CAS RN 55406-53-6)

    1.1.-31.12.

    450 tona

    0  %

    09.2874

    ex 2924 29 70

    87

    Paraicéiteamól (ANI) (CAS RN 103-90-2)

    1.1.-31.12.

    20 000 tona

    0  %

    09.2742

    ex 2926 10 00

    10

    Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), a bhfuiltear lena húsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 55 agus faoi cheannteideal 6815  (1)

    1.1.-31.12.

    60 000 tona

    0  %

    09.2583

    ex 2926 10 00

    30

    Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), a bhfuiltear lena húsáid i monarú earraí atá faoi cheannteidil 2921 , 2924 , 3903 , 3906 , 3908 , 3911 agus 4002  (1)

    1.1.-31.12.

    40 000 tona

    0  %

    09.2856

    ex 2926 90 70

    84

    2-Nítri-4-(trífhluaraimeitil)beinsinítríl (CAS RN 778-94-9)

    1.1.-31.12.

    900 tona

    0  %

    09.2685

    ex 2929 90 00

    30

    Nítreaguainidín (CAS RN 556-88-7)

    1.1.-31.12.

    6 500 tona

    0  %

    09.2597

    ex 2930 90 98

    94

    Bis[3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]déshuilfíd (CAS RN 56706-10-6)

    1.1.-31.12.

    6 000 tona

    0  %

    09.2596

    ex 2930 90 98

    96

    Aigéad beansóch 2-clóra-4-(meitiolsulfóinil)-3-((2,2,2-trífhluarafluaireatocsa)meitile) (CAS RN 120100-77-8)

    1.1.-31.12.

    300 tona

    0  %

    09.2580

    ex 2931 90 00

    75

    Heicsideiciltrímheatocsaisiolán (CAS RN 16415-12-6) ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó de réir meáchain a bhfuiltear lena úsáid i monarú poileitiléine (1)

    1.1.-31.12.

    165 tona

    0  %

    09.2842

    2932 12 00

     

    2-Fúraildéad (fúrfúraildéad)

    1.1.-31.12.

    10 000 tona

    0  %

    09.2696

    ex 2932 20 90

    25

    Deacán-5-óilíd (CAS RN 705-86-2)

    1.1.-31.12.

    6 000 kg

    0  %

    09.2697

    ex 2932 20 90

    30

    Dóideacán-5-óilíd (CAS RN 713-95-1)

    1.1.-31.12.

    6 000 kg

    0  %

    09.2812

    ex 2932 20 90

    77

    Heacsán-6-óilíd (CAS RN 502-44-3)

    1.1.-31.12.

    4 000 tona

    0  %

    09.2858

    2932 93 00

     

    Pipearóinil (CAS RN 120-57-0)

    1.1.-31.12.

    220 tona

    0  %

    09.2839

    ex 2933 39 99

    09

    2-(2-piridil)eatánól (CAS RN 103-74-2) ag a bhfuil íonacht 99 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    700 tona

    0  %

    09.2860

    ex 2933 69 80

    30

    1,3,5-Tris[3-(démheitiolaimínea)próipil]heicsihidrea-1,3,5-trí-aisín (CAS RN 15875-13-5)

    1.1.-31.12.

    600 tona

    0  %

    09.2566

    ex 2933 99 80

    05

    1,4,7,10-Teatrasaiciogladóideacán (CAS RN 294-90-6) ag a bhfuil íonacht 96 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    60 tona

    0  %

    09.2658

    ex 2933 99 80

    73

    5-(Aicéataicéitiolaimínea)beinsimíodasólón (CAS RN 26576-46-5)

    1.1.-31.12.

    400 tona

    0  %

    09.2593

    ex 2934 99 90

    67

    Aigéad 5-clóraitiaiféin-2-carbocsaileach (CAS RN 24065-33-6)

    1.1.-31.12.

    45 000 kg

    0  %

    09.2675

    ex 2935 90 90

    79

    Clóiríd 4-[[(2-meatocsaibeansóil)aimínea]sulfóinil]beansóile (CAS RN 816431-72-8)

    1.1.-31.12.

    1 000 tona

    0  %

    09.2945

    ex 2940 00 00

    20

    D-Xiolós (CAS RN 58-86-6)

    1.1.-31.12.

    400 tona

    0  %

    09.2686

    ex 3204 11 00

    75

    Dathán C.I. Disperse Yellow 54 (CAS RN 7576-65-0) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ina bhfuil cion 99 % nó níos mó den dathán C.I. Disperse Yellow 54 de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    250 tona

    0  %

    09.2676

    ex 3204 17 00

    14

    Ullmhóidí atá bunaithe ar an Dathán C.I. Pigment Red 48:2 (CAS RN 7023-61-2) ina bhfuil cion 60 % nó níos mó ach nach mó ná 85 % den dathán sin de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    50 tona

    0  %

    09.2698

    ex 3204 17 00

    30

    Dathán C.I. Pigment Red 4 (CAS RN 2814-77-9) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ag a bhfuil cion 60 % nó níos mó den dathán C.I. Pigment Red 4 de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    150 tona

    0  %

    09.2659

    ex 3802 90 00

    19

    Cré ionfúsórach arna cailcíniú le flosc sóide

    1.1.-31.12.

    35 000 tona

    0  %

    09.2908

    ex 3804 00 00

    10

    Ligneasulfáit sóidiam (CAS RN 8061-51-6)

    1.1.-31.12.

    40 000 tona

    0  %

    09.2889

    3805 10 90

     

    Tuirpintín sulfáite

    1.1.-31.12.

    25 000 tona

    0  %

    09.2935

    ex 3806 10 00

    10

    Roisín agus aigéid róisín ó olaroisíní úra

    1.1.-31.12.

    280 000 tona

    0  %

    09.2832

    ex 3808 92 90

    40

    Ullmhóid ina bhfuil cion since piritióin (ANI) (CAS RN 13463-41-7) 38 % nó níos mó ach nach mó ná 50 %, de réir meáchain, ina heasrán uiscí

    1.1.-31.12.

    500 tona

    0  %

    09.2923

    ex 3808 94 20

    40

    Tuaslagán uiscí ina bhfuil, de réir meáchain:

    — cion 10,0 % nó níos mó ach nach mó ná 11,3 % de 5-clóra-2-meitil-2H-isitiasóilín-3-ón,

    — cion 3,0 % nó níos mó ach nach mó ná 4,1 % de 2-meitil-2H-isitiasóilín-3-ón,

    — tiúchán comhcheangailte isitiasólón (CAS RN 55965-84-9) 13,0 % nó níos mó ach nach mó ná 15,4 %,

    — cion 18 % nó níos mó, ach nach mó ná 22 %, de níotráití, arna ríomh mar níotráit sóidiam, agus

    — cion 5 % nó níos mó, ach nach mó ná 8 %, de chlóirídí, arna ríomh mar chlóiríd sóidiam

    1.1.-31.12.

    3 000 tona

    0  %

    09.2926

    ex 3811 21 00

    31

    Breiseán arb é atá ann go bunúsach:

    — Aigéad déthiafosfaraidétióáite, eistir mheasctha O,O-bis (iseabúitil agus peintil), salainn since (CAS RN 68457-79-4),

    — cion 8 % nó níos mó ach nach mó ná 15 % d’ola mhianrach, de réir meáchain,

    a bhfuiltear lena úsáid i monarú cumasc de bhreiseáin le haghaidh olaí bealaithe (1)

    1.1.-31.12.

    700 tona

    0  %

    09.2876

    ex 3811 29 00

    57

    Breiseáin arb é atá iontu táirgí imoibriúcháin défheiniolaimín agus nóinéiní brainseacha ina bhfuil, de réir meáchain:

    — cion is mó ná 20 % ach nach mó ná 50 % de 4-monanaoinildéfheiniolaimín, agus

    — cion is mó ná 50 % ach nach mó ná 80 % de 4,4’-dénaoinildéfheiniolaimín,

    — céatadán iomlán 2,4-dénaoinildéfheiniolaimín agus 2,4’-dénaoinildéfheiniolaimín nach mó ná 15 % de réir meáchain,

    a bhfuiltear lena úsáid i monarú olaí bealaithe (1)

    1.1.-31.12.

    900 tona

    0  %

    09.2927

    ex 3811 29 00

    80

    Breiseáin ina bhfuil:

    — cion is mó ná 70 % de 2,5-bis(treas-naoinildéthia)-[1,3,4]-tiadhé-asól (CAS RN 89347-09-1), de réir meáchain, agus

    — cion is mó ná 15 % de 5-(treas-naoinildéthia)- 1,3,4-tiadhé-asól-2(3H)-tión (CAS RN 97503-12-3), de réir meáchain,

    a bhfuiltear lena n-úsáid chun olaí bealaithe a mhonarú (1)

    1.1.-31.12.

    500 tona

    0  %

    09.2814

    ex 3815 90 90

    76

    Catalaíoch arb é atá ann dé-ocsaíd tíotáiniam agus trí-ocsaíd tungstain

    1.1.-31.12.

    3 000 tona

    0  %

    09.2644

    ex 3824 99 92

    77

    Ullmhóid ina bhfuil, de réir meáchain:

    — cion 55 % nó níos mó ach nach mó ná 78 % de ghlútaráit démheitile (CAS RN 1119-40-0),

    — cion 10 % nó níos mó ach nach mó ná 30 % d’adapáit démheitile (CAS RN 627-93-0), agus

    — cion nach mó ná 35 % de shucsanáit démheitile (CAS RN 106-65-0)

    1.1.-31.12.

    10 000 tona

    0  %

    09.2681

    ex 3824 99 92

    85

    Meascán de bhios[3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]suilfídí (CAS RN 211519-85-6)

    1.1.-31.12.

    9 000 tona

    0  %

    09.2907

    ex 3824 99 93

    67

    Meascán d’fhítistéaróil, i bhfoirm púdair, ina bhfuil, de réir meáchain:

    — cion 75 % nó níos mó de stéaróil,

    — cion nach mó ná 25 % de stanóil,

    a bhfuiltear lena úsáid chun stanóil/stéaróil nó eistir stanóil/stéaróil a mhonarú (1)

    1.1.-31.12.

    2 500 tona

    0  %

    09.2568

    ex 3824 99 96

    91

    Meascán, i bhfoirm millíní, ina bhfuil, de réir meáchain:

    — cion 49 % nó níos mó ach nach mó ná 50 % de pholasuilfídí bios[3-(trí-eatocsaisilil)próipil] (CAS RN 211519-85-6), agus

    — cion 50 % nó níos mó ach nach mó ná 51 % de dhubh carbóin (CAS RN 1333-86-4),

    a rachaidh cion 75 % nó níos mó de, de réir meáchain, trí chriathar ina bhfuil cróite 0,60 mm, ach nach mó ná 10 % an cion de a rachaidh trí chriathar ina bhfuil cróite 0,25 mm (arna chinneadh de réir mhodh ASTM D1511)

    1.1.-31.12.

    1 500 tona

    0  %

    09.2820

    ex 3827 90 00

    10

    Meascáin ina bhfuil, de réir meáchain:

    — cion 60 % nó níos mó ach nach mó ná 90 % de 2-clórapróipéin (CAS RN 557-98-2),

    — cion 8 % nó níos mó ach nach mó ná 14 % de (Z)-1-clórapróipéin (CAS RN 16136-84-8),

    — cion 5 % nó níos mó ach nach mó ná 23 % de 2-clóraprópán (CAS RN 75-29-6),

    — cion nach mó ná 6 % de 3-clórapróipéin (CAS RN 107-05-1), agus

    — cion nach mó ná 1 % de chlóiríd eitile (CAS RN 75-00-3)

    1.1.-31.12.

    6 000 tona

    0  %

    09.2671

    ex 3905 99 90

    81

    Pola(bútaral vinile) (CAS RN 63148-65-2):

    — ina bhfuil cion 17,5 % nó níos mó ach nach mó ná 20 % de ghrúpaí hiodrocsaile, de réir meáchain, agus

    — ar mó ná 0,6 mm méid airmheánach na gcáithníní (D50) ann

    1.1.-31.12.

    12 500 tona

    0  %

    09.2846

    ex 3907 40 00

    25

    Cumasc polaiméireach de pholacarbónáit agus polai(meataicrioláit mheitile) ina bhfuil cion polacarbónáite nach lú ná 98,5 % de réir meáchain, i bhfoirm millíní nó gráinníní, agus tarchuras solais nach lú ná 88,5 % arna thomhas le sampla tástála dar tiús 4 mm ag tonnfhad λ = 400 nm (de réir ISO 13468-2)

    1.1.-31.12.

    2 000 tona

    0  %

    09.2585

    ex 3907 99 80

    70

    Comhpholaiméir de phola(teireataláit eitiléine) agus démheatánól cigliheacsáin, ina bhfuil cion is mó ná 10 % de dhémheatánól cigliheacsáin de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    60 000 tona

    2  %

    09.2855

    ex 3910 00 00

    10

    Pola(meitilhidrisiolocsán) leachtach ag a bhfuil grúpaí trímheitilsilile teirminéalacha (CAS RN 63148-57-2) ag a bhfuil íonacht 99,9 % nó níos mó de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    500 tona

    0  %

    09.2931

    ex 3911 90 11

    10

    Pola(ocsa-1,4-feiniléinsulfóinil-1,4-feiniléinocsa-1,4-feiniléiniseapróipiléin-1,4-feiniléin) (CAS RN 25135-51-7 agus CAS RN 25154-01-2), i gceann de na foirmeacha a luaitear i nóta 6(b) a ghabhann leis an gcaibidil seo ina bhfuil cion nach mó ná 20 % de bhreiseáin, de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    6 300 tona

    0  %

    09.2723

    ex 3911 90 19

    35

    Pola(ocsa-1,4-feiniléansulfóinil-1,4-feiniléanocsa-4,4’-défheiniléin) (CAS RN 25608-64-4 agus 25839-81-0) ina bhfuil cion nach mó ná 20 % de bhreiseáin, de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    5 000 tona

    0  %

    09.2816

    ex 3912 11 00

    20

    Calóga aicéatáite ceallalóis

    1.1.-31.12.

    75 000 tona

    0  %

    09.2561

    ex 3912 39 85

    60

    Hiprimeallós (ANI) (CAS RN 9004-65-3), a bhfuiltear lena úsáid chun forbhianna agus earraí cógaisíochta a mhonarú (1)

    1.7.-31.12.

    1 500 tona

    0  %

    09.2573

    ex 3913 10 00

    20

    Ailgionáit sóidiam a úscadh as feamainn rua (CAS RN 9005-38-3), ag a bhfuil

    — caillteanas ar thriomú di nach mó ná 15 % de réir meáchain (4 uair an chloig ag 105 °C),

    — codán dothuaslagtha in uisce nach mó ná 2 % de réir meáchain, agus é sin arna thomhas de réir an mheáchain thirim

    1.1.-31.12.

    2 000 tona

    0  %

    09.2641

    ex 3913 90 00

    87

    Hialúrónáit sóidiam neamhsteiriúil:

    — nach mó ná 900 000 meánmheáchan a meáchain mhóilínigh (Mw),

    — nach mó ná 0,008 aonad Iontocsaine (EU)/mg an leibhéal iontocsainí atá inti,

    — nach mó ná 1 % an cion eatánóil atá inti, de réir meáchain,

    — nach mó ná 0,5 % an cion iseaprópánóil atá inti, de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    300 kg

    0  %

    09.2661

    ex 3920 51 00

    50

    Leatháin de pholaimeitilmeataicrioláit atá i gcomhréir leis na caighdeáin:

    — EN 4364 (MIL-P-5425E) agus DTD5592A, nó

    — EN 4365 (MIL-P-8184) agus DTD5592A

    1.1.-31.12.

    100 tona

    0  %

    09.2645

    ex 3921 14 00

    20

    Bloc ceallach de cheallalós athghinte atá tuilithe le huisce ina bhfuil clóiríd mhaignéisiam agus comhdhúile amóiniam cheathartha dar toise 100 cm (± 10 cm) x 100 cm (± 10 cm) x 40 cm (± 5 cm)

    1.1.-31.12.

    1 700 tona

    0  %

    09.2572

    ex 5205 26 00

    ex 5205 27 00

    10

    10

    Abhras singil de chádas geal neamhchóirithe

    — de shnáithíní cíortha,

    — arb é 36,5 mm nó níos mó meánfhad na snáithíní ann,

    — a táirgeadh trí phróiseas an tsníomhacháin fáinne le fuineadh, agus le comhbhrú neomatach,

    — ag a bhfuil láidreacht stróicthe 26,5 cN/tex nó níos mó (de réir ISO 2062:2009, ag luas 5 000 mm/nóiméad)

    1.1.-31.12.

    50 000 tona

    0  %

    09.2848

    ex 5505 10 10

    10

    Dramhaíl as snáithíní sintéiseacha (lena n-áirítear scothanna, dramhaíl as snáth, agus stoc gairnéadaithe) de níolón nó polaimídí eile (PA6 agus PA66)

    1.1.-31.12.

    10 000 tona

    0  %

    09.2721

    ex 5906 99 90

    20

    Fabraic theicstíle rubaraithe atá fite lannaithe agus na saintréithe seo a leanas ag baint léi:

    — trí shraith inti,

    — fabraic aicrileach atá i sraith sheachtrach amháin,

    — fabraic phoileistir atá sa tsraith sheachtrach eile,

    — rubar clórabúitile atá sa tsraith láir,

    — meáchan 452 g/m2 nó níos mó ach nach mó ná 569 g/m2 sa tsraith láir,

    — meáchan iomlán 952 g/m2 nó níos mó ach nach mó ná 1 159 g/m2 inti, agus

    — tiús iomlán 0,8 mm nó níos mó ach nach mó ná 4 mm inti,

    a bhfuiltear lena húsáid le haghaidh díonta inardaithe mótarfheithiclí a mhonarú (1)

    1.1.-31.12.

    375 000 m2

    0  %

    09.2628

    ex 7019 66 00

    10

    Mogall gloine, fite as snáithín gloine, atá cumhdaithe le plaisteach, arb é 120 g/m2(± 10 g/m2) an meáchan atá ann, de chineál a úsáidtear i sciatha feithidí inchorntha le frámaí seasta

    1.1.-31.12.

    3 000 000 m2

    0  %

    09.2652

    ex 7409 11 00

    ex 7410 11 00

    30

    40

    Scragall agus bandaí copair mhínghlanta arna monarú go leictrealaíoch, dar tiús 0,015 mm nó níos mó

    1.1.-31.12.

    1 020 tona

    0  %

    09.2662

    ex 7410 21 00

    55

    Plátaí:

    — arb é atá iontu sraith amháin ar a laghad d’fhabraic snáithín gloine atá tuilithe le roisín eapocsaíde,

    — atá cumhdaithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh le scragall copair nach bhfuil níos mó ná 0,15 mm ar tiús,

    — ag a bhfuil tairiseach tréleictreach (DK) is lú ná 5,4 ag 1 MHz arna thomhas de réir IPC-TM-650 2.5.5.2,

    — ag a bhfuil tadhlaí caillteanais is lú ná 0,035 ag 1 MHz, arna thomhas de réir IPC-TM-650 2.5.5.2,

    — ag a bhfuil innéacs rianaithe comparáideach 600 nó níos mó

    1.1.-31.12.

    80 000 m2

    0  %

    09.2835

    ex 7604 29 10

    30

    Slata cóimhiotail alúmanaim atá 300,1 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 533,4 mm, ar trastomhas

    1.1.-31.12.

    1 000 tona

    0  %

    09.2736

    ex 7607 11 90

    ex 7607 11 90

    ex 7607 11 90

    ex 7607 11 90

    75

    77

    78

    79

    Stiall nó scragall de chóimhiotal alúmanaim agus maignéisiam:

    — de chóimhiotal atá i gcomhréir leis na caighdeáin 5182-H19 nó 5052-H19,

    — ina rollaí ina bhfuil trastomhas seachtrach 1 250 mm ar a laghad agus 1 350 mm ar a mhéad,

    — atá 0,15 mm, 0,16 mm, 0,18 mm nó 0,20 mm ar tiús (lamháltas - 0,006 mm),

    — atá 12,5 mm, 15,0 mm, 16,0 mm, 25,0 mm, 35,0 mm, 50,0 mm nó 356 mm ar leithead (lamháltas ± 0,3 mm),

    — nach mó ná 0,4 mm/750 mm a lamháltas droinne,

    — ag a bhfuil tomhas plánachta: aonad I: ± 4,

    — ar mó ná (5182-H19) 365 MPa nó (5052-H19) 320 MPa an neart teanntachta atá iontu, agus

    — ar mó nó (5182-H19) 3 % nó (5052-H19) 2,5 % a bhfadú A50,

    a bhfuiltear lena úsáid i monarú lataí le haghaidh dallóg (1)

    1.1.-31.12.

    600 tona

    0  %

    09.2722

    8104 11 00

     

    Maignéisiam neamhshaoirsithe ina bhfuil cion 99,8 % ar a laghad de mhaignéisiam de réir meáchain

    1.1.-31.12.

    120 000 tona

    0  %

    09.2840

    ex 8104 30 00

    20

    Púdar maignéisiam:

    — nach lú ná 98 %, ach nach mó ná 99,5 %, a íonacht de réir meáchain, agus

    — a bhfuil a cháithníní 0,2 mm nó níos mó, ach gan bheith níos mó ná 0,8 mm

    1.1.-31.12.

    2 000 tona

    0  %

    09.2629

    ex 8302 49 00

    91

    Hanla teileascópach alúmanaim a bhfuiltear lena úsáid chun iompráin bagáiste a mhonarú (1)

    1.1.-31.12.

    1 500 000 píosa

    0  %

    09.2720

    ex 8413 91 00

    50

    Ceann caidéil le haghaidh caidéal ardbhrú dhá shorcóir atá déanta as cruach ghaibhnithe ina bhfuil:

    — feistithe snáithithe foirbthe atá 10 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 36,8 mm, ar trastomhas, agus

    — cainéil dhruileáilte bhreosla atá 3,5 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 10 mm, ar trastomhas,

    de chineál a úsáidtear i gcórais insteallta díosail

    1.1.-31.12.

    65 000 píosa

    0  %

    09.2569

    ex 8414 90 00

    80

    Feireadh rotha turbaluchtaire as cóimhiotal alúmanaim theilgthe nó as iarann teilgthe:

    — ag a bhfuil teasfhriotaíocht suas go 400 °C,

    — ina bhfuil poll nach lú ná 30 mm ach nach mó ná 300 mm chun an roth comhbhrúite a chur isteach,

    a bhfuiltear lena úsáid sa tionscal mótarfheithiclí (1)

    1.1.-31.12.

    4 000 000 píosa

    0  %

    09.2570

    ex 8482 91 90

    10

    Rollóirí, faoi phróifíl logartamach, atá 25 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 70 mm, ar trastomhas nó meallta atá 30 mm nó níos mó, ach nach bhfuil níos mó ná 100 mm, ar trastomhas,

    — déanta as cruach 100Cr6 nó cruach 100CrMnSi6-4 (ISO 3290),

    — ag a bhfuil diallas 0,5 mm nó níos lú arna chinneadh de réir mhodh FBH

    a bhfuiltear lena n-úsáid sa tionscal tuirbíní gaoithe (1)

    1.1.-31.12.

    600 000 píosa

    0  %

    09.2562

    ex 8482 99 00

    30

    Cásanna práis:

    — ar a bhfuil múnlú leanúnach nó lártheifeach déanta,

    — ar a bhfuil deileadh déanta,

    — ina bhfuil cion since 35 % nó níos mó ach nach mó ná 38 %, de réir meáchain,

    — ina bhfuil cion luaidhe 0,75 % nó níos mó ach nach mó ná 1,25 %, de réir meáchain,

    — ina bhfuil cion alúmanaim 1,0 % nó níos mó ach nach mó ná 1,4 %, de réir meáchain, agus

    — ina bhfuil neart teanntachta 415 Pa nó níos mó,

    de chineál a úsáidtear chun grán iompair a mhonarú

    1.7.-31.12.

    275 000 píosa

    0  %

    09.2857

    ex 8482 99 00

    60

    Fáinní istigh agus fáinní amuigh, iad déanta as cruach, iad gan chruachan agus gan líomhadh, an fáinne amuigh agus rásbhealach inmheánach ann, an fáinne istigh agus rásbhealach taobh amuigh ann, a bhfuil a dtrastomhas seachtrach:

    — 14 mm nó níos mó, ach gan é níos mó ná 77 mm, i gcás an fháinne istigh,

    — 26 mm nó níos mó, ach gan é níos mó ná 101 mm, i gcás an fháinne amuigh,

    a bhfuiltear lena n-úsáid chun imthacaí a mhonarú (1)

    1.7.-31.12.

    9 700 000 kg

    0  %

    09.2924

    ex 8501 31 00

    80

    Gníomhróir leictreonach arb é atá ann:

    — mótar SD ag a bhfuil cumhacht is lú ná 600 W,

    — lena úsáid le voltas soláthair 12 V go 48 V,

    — ina bhfuil nasc mótair (ceangal a phlugáiltear isteach),

    — ina bhfuil braiteoir suímh gan tadhall,

    — atá ionsuite i bhfeireadh dronuilleogach atá níos lú ná 100 mm ar leithead agus níos lú ná 150 mm ar fad, agus ina bhfuil giar laghdaithe agus luamhán ceangailte de sheafta tiomána an mhótair nó

    — atá ionsuite i bhfeireadh sorcóireach atá níos lú ná 150 mm ar fad agus ar lú ná 100 mm a thrastomhas, agus a bhfuil ann snáitheanna atá comhtháite i rótar an mhótair le haghaidh gluaiseacht líneach na slaite rialaithe comhtháite

    1.1.-31.12.

    650 000 píosa

    0  %

    09.2763

    ex 8501 40 20

    ex 8501 40 80

    65

    60

    Mótar leictreach SA, aon phas amháin, bíodh cómhalartán ann nó ná bíodh

    — ag a bhfuil cumhacht aschuir 180 W nó níos mó,

    — ag a bhfuil cumhacht ionchuir 150 W nó níos mó ach nach mó ná 2 700 W,

    — arb é 120 mm (± 0,2 mm), ach nach mó ná 135 mm (± 0,2 mm), a thrastomhas seachtrach,

    — ag a bhfuil luas rátaithe 10 000 isn nó níos mó ach nach mó ná 50 000 isn,

    — bíodh aerthóir aer-ionduchtúcháin feistithe ann nó ná bíodh,

    — bíodh gaireas meicniúil (pinniún, scriúnna, nasc giair etc.) ar an seafta nó ná bíodh,

    a bhfuiltear lena úsáid chun fearais tí a mhonarú (1)

    1.1.-31.12.

    2 000 000 píosa

    0  %

    09.2574

    ex 8537 10 91

    73

    Gaireas ilfheidhmeach (painéal ionstraimí) ina bhfuil/ar a bhfuil:

    — taispeáint chuar TFT LCD (dar ga 750 mm) faoi dhromchlaí tadhall-íogaire,

    — micreaphróiseálaithe agus sliseanna cuimhne,

    — modúl fuaime agus callaire,

    — nascóirí le haghaidh CAN, bus LIN x 3, LVDS agus Ethernet,

    — chun feidhmeanna éagsúla a oibriú (e.g. fonnadh, solas) agus

    — chun sonraí a thaispeáint a bhaineann le staid na feithicle agus leis an loingseoireacht (e.g. an luas, an t-odaiméadar, leibhéal luchta an bhataire tiomána),

    a bhfuiltear lena úsáid chun gluaisteáin paisinéirí faoi chumhachtú mótair leictrigh, agus faoin gcumhachtú sin amháin, atá faoi fho-cheannteideal CC 8703 80 a mhonarú (1)

    1.1.-31.12.

    66 900 píosa

    0  %

    09.2910

    ex 8708 99 97

    75

    Brac taca cóimhiotail alúmanaim ar a bhfuil poill feistiúcháin, bíodh cnónna teannta air nó ná bídís, chun an giarbhosca a cheangal go hindíreach le cabhail an chairr lena úsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 87 (1)

    1.1.-31.12.

    200 000 píosa

    0  %

    09.2668

    ex 8714 91 10

    ex 8714 91 10

    ex 8714 91 10

    21

    31

    75

    Fráma rothair, déanta de shnáithíní carbóin agus roisín saorga, a bhfuiltear lena úsáid chun rothair a mhonarú (lena n-áirítear rothair leictreacha) (1)

    1.1.-31.12.

    600 000 píosa

    0  %

    09.2564

    ex 8714 91 10

    ex 8714 91 10

    ex 8714 91 10

    25

    35

    77

    Fráma, déanta as alúmanam nó as snáithíní alúmanaim agus carbóin agus roisín saorga, a bhfuiltear lena úsáid i monarú rothar (lena n-áirítear rothair leictreacha) (1)

    1.1.-31.12.

    9 600 000 p/st

    0  %

    09.2579

    ex 9029 20 31

    ex 9029 90 00

    40

    40

    Painéal ionstraimí braislithe ar a bhfuil/ina bhfuil:

    — mótair chéimniúcháin,

    — snáthaidí analóige agus diaileanna,

    — bíodh clár rialúcháin micreaphróiseálaí ann nó ná bíodh,

    — bíodh táscairí LED nó taispeáint LCD ann nó ná bíodh,

    — a thaispeánann an méid seo a leanas, ar a laghad:

    — an luas,

    — ráta imrothlaithe an innill,

    — teocht an innill,

    — leibhéal an bhreosla,

    — a dhéanann cumarsáid trí phrótacail CAN-BUS agus/nó K-LINE,

    a bhfuiltear lena úsáid chun na hearraí atá faoi Chaibidil 87 a mhonarú (1)

    1.1.-31.12.

    160 000 píosa

    0  %

    (1)   

    Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    (2)   

    Maidir le dleachtanna taraife a chur ar fionraí, áfach, níl sin infheidhme i gcás inar gnóthais mhiondíola nó lónadóireachta a dhéanann an phróiseáil.



    ( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

    Top