This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02021R0954-20220630
Regulation (EU) 2021/954 of the European Parliament and of the Council of 14 June 2021 on a framework for the issuance, verification and acceptance of interoperable COVID-19 vaccination, test and recovery certificates (EU Digital COVID Certificate) with regard to third-country nationals legally staying or residing in the territories of Member States during the COVID-19 pandemic (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02021R0954 — GA — 30.06.2022 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2021/954 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 211 15.6.2021, lch. 24) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2022/1035 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Meitheamh 2022 |
L 173 |
46 |
30.6.2022 |
RIALACHÁN (AE) 2021/954 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Meitheamh 2021
maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Cuirfidh na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais.
Airteagal 2
Ar choinníoll go gcuirfidh Éire in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún go nglacfaidh sí leis na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/953 arna n-eisiúint ag na Ballstáit do dhaoine a chumhdaítear leis an Rialachán seo, glacfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha Rialachán (AE) 2021/953, le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Éirinn san fhormáid a chomhlíonann ceanglais chreat iontaoibhe Dheimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán 2021/953 chuig náisiúnaigh tríú tír a fhéadfaidh taisteal faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021 fad is atá Rialachán (AE) 2021/953 infheidhme.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.