Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02021R0241-20210218

    Consolidated text: Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/2021-02-18

    02021R0241 — GA — 18.02.2021 — 000.004


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) 2021/241 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Feabhra 2021

    lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

    (IO L 057 18.2.2021, lch. 17)


    Arna cheartú le:

    ►C1

    Ceartúchán, IO L 410, 18.11.2021, lch.  197 (2021/241)




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) 2021/241 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Feabhra 2021

    lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta



    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS MAOINIÚ

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán seo an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘an tSaoráid’).

    Leagtar síos leis cuspóirí na Saoráide, a maoiniú, na foirmeacha cistiúcháin de chuid an Aontais fúithí agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

    (1) 

    ciallaíonn ‘cistí an Aontais’ cistí arna gcumhdach le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir, agus Ciste Muirí agus Iascaigh agus Dobharshaothraithe na hEorpa agus rialacha airgeadais dóibh siúd agus don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, don Chiste Slándála Inmheánaí agus don Ionstraim um Bhainistíocht Teorann agus Víosa ( 'Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027');

    (2) 

    ciallaíonn ‘ranníocaíocht airgeadais’ tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoin tSaoráid atá ar fáil le leithdháileadh nó a leithdháileadh ar Bhallstát;

    (3) 

    ciallaíonn ‘an Seimeastar Eorpach’) an próiseas a leagtar amach in Airteagal 2-a de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle ( 1 );

    (4) 

    ciallaíonn ‘clocha míle agus spriocanna’ slata tomhais maidir le dul chun cinn i dtreo athchóiriú nó infheistíocht a bhaint amach, inar gnóthachain cháilíochtúla iad clocha míle agus inar gnóthachain chainníochtúla iad spriocanna;

    (5) 

    ciallaíonn ‘athléimneacht’ an cumas aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh eacnamaíoch, sochaíoch agus éiceolaíoch agus/nó ar athruithe struchtúracha leanúnacha ar bhealach cóir, inbhuanaithe agus cuimsitheach; agus

    (6) 

    ciallaíonn an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ gan tacú le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ná gan iad a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad lena ndéantar dochar suntasach d’aon chuspóir comhshaoil, faoi mar a thagraítear dó, i gcás inarb ábhartha, de réir bhrí Airteagal 17 Rialachán (AE) 2020/852.

    Airteagal 3

    Raon Feidhme

    Tagróidh raon feidhme na Saoráide do réimsí beartais a bhfuil ábharthacht Eorpach ag baint leo arna struchtúrú i sé cholún:

    (a) 

    an t-aistriú glas;

    (b) 

    an claochlú digiteach;

    (c) 

    fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, poist, táirgiúlacht, iomaíochas, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil le FBManna láidre;

    (d) 

    comhtháthú sóisialta agus críochach;

    (e) 

    sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, a bhfuil mar aidhm leis, inter alia, acmhainneacht um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus acmhainneacht freagartha géarchéime a mhéadú; agus

    (f) 

    beartais don chéad ghlúin eile, do leanaí agus don óige, amhail an t-oideachas agus scileanna.

    Airteagal 4

    Cuspóirí ginearálta agus sonracha

    1.  
    I gcomhréir leis na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, an comhleanúnachas agus na sineirgí a ngintear leo, agus i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, ba cheart gurb é cuspóir ginearálta na Saoráide ná comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar athléimneacht, ar ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, ar acmhainn choigeartaithe agus ar acmhainneacht fáis na mBallstát, trí tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na géarchéime sin, go háirithe ar na mná, a mhaolú, trí rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, trí thacú leis an aistriú glas, agus trí rannchuidiú le spriocanna aeráide 2030 an Aontais a ghnóthú, ar spriocanna iad a leagtar amach i bpointe (11) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus trí comhlíonadh á dhéanamh le cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus le cuspóir an aistrithe dhigitigh, lena rannchuideofar, dá bhrí sin, le cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta aníos, fás inbhuanaithe agus comhtháthú inbhuanaithe gheilleagair an Aontais a athbhunú agus a chur chun cinn, cothú á dhéanamh ar fhostaíocht ardcháilíochta a chruthú, agus lena rannchuideofar le huathriail straitéiseach an Aontais in éineacht le geilleagar oscailte agus lena nginfear breisluach Eorpach.
    2.  
    Chun an cuspóir ginearálta sin a ghnóthú, is é an cuspóir sonrach a bheidh ag an tSaoráid tacaíocht airgeadais a sholáthar do Bhallstáit d'fhonn clocha míle agus spriocanna na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a ghnóthú mar a leagtar amach iad ina gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta. An cuspóir sonrach sin, saothrófar é i ndlúthchomhar trédhearcach leis na Ballstáit lena mbaineann.

    Airteagal 5

    Prionsabail chothrománacha

    1.  
    Ní ghlacfaidh an tacaíocht ón tSaoráid, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ionad an chaiteachais bhuiséadaigh náisiúnta athfhilltigh agus léireofar urraim léi do phrionsabail na breisíochta i gcistiú an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9.
    2.  
    Ní dhéanfar tacaíocht a chur ar fáil ón tSaoráid ach do bhearta a thugann urraim don phrionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’.

    Airteagal 6

    Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

    1.  

    Na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/2094, cuirfear chun feidhme iad faoin tSaoráid:

    (a) 

    trí mhéid suas go dtí EUR 312 500 000 000 mar a thagraítear dó i bpointe (ii) d'Airteagal 3(2)(a) de Rialachán (AE) 2020/2094 i bpraghsanna 2018, méid a bhfuil fáil air le haghaidh tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha faoi réir Airteagal (4) agus (8) de Rialachán (AE) 2020/2094.

    Mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094, ioncam sannta seachtracha a bheidh sna méideanna sin chun críoch Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.

    (b) 

    trí mhéid suas go dtí EUR 360 000 000 000 dá dtagraítear I bpointe (b) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 i bpraghsanna 2018, méid a bhfuil fáil air le haghaidh tacaíocht iasachta do Bhallstáit de bhun Airteagail 14 agus 15 den Rialachán seo, faoi réir Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) 2020/2094.

    2.  
    Féadfaidh na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1(a) speansais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun an tSaoráid a bhainistiú agus a cuspóirí a ghnóthú, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, gníomhaíochtaí cuimsitheacha for-rochtana agus lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, agus gach speansas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an tSaoráid a bhainistiú. Féadfaidh na speansais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach freisin, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun athchóirithe agus infheistíochtaí a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

    Airteagal 7

    Acmhainní ó chláir bainistíochta comhroinnte agus úsáid acmhainní

    1.  
    Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an tSaoráid, ar iarraidh sin ón mBallstát lena mbaineann faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bhforálacha ábhartha Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann, agus chuige sin amháin.
    2.  
    Féadfaidh na Ballstáit a mholadh go n-áireofaí ina bplean téarnaimh agus athléimneachta, mar chostais mheasta, na híocaíochtaí le haghaidh tacaíocht theicniúil bhreise i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/240 agus méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de bhun fhorálacha ábhartha Rialachán InvestEU. Ní rachaidh na costais sin thar 4 % de leithdháileadh iomlán airgeadais an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus urramófar ceanglais an Rialacháin seo leis na bearta ábhartha, mar a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta.

    Airteagal 8

    Cur chun feidhme

    Is é an Coimisiún a chuirfidh an tSaoráid chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a glacadh de bhun Airteagal 322 CFAE, go háirithe an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).

    Airteagal 9

    Breisíocht agus cistiú comhlántach

    Beidh tacaíocht faoin tSaoráid sa bhreis ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh athchóirithe agus tionscadail infheistíochta tacaíocht a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.

    Airteagal 10

    Bearta lena nasctar an tSaoráid leis an rialachas fónta eacnamaíoch

    1.  
    Déanfaidh an Coimisiún togra a chur chuig an gComhairle chun na gealltanais nó na híocaíochtaí uile, nó cuid díobh, a fhionraí i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 126(8) nó (11) CFAE, nach ndearna Ballstát gníomhaíocht éifeachtach chun a easnamh iomarcach a cheartú, mura rud é gur chinn sé gurb ann do mhórshleabhcadh eacnamaíoch don Aontas ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(5) agus Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle ( 3 );
    2.  

    Féadfaidh an Coimisiún togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun na gealltanais nó na híocaíochtaí uile, nó cuid díobh, a fhionraí i ndáil le haon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a) 

    i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle dhá mholadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ar na forais go ndearna Ballstát plean gníomhaíochta ceartaithí nach bhfuil leordhóthanach a thíolacadh;

    (b) 

    i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle dhá chinneadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 lena suítear neamhchomhlíonadh ag Ballstát ar na forais nár ghlac sé an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh;

    (c) 

    i gcás ina dtiocfaidh an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil bearta déanta ag an mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 agus i gcás ina gcinnfidh sé, dá thoradh sin, gan eisíocaíocht an chúnaimh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a údarú;

    (d) 

    i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle nach bhfuil an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, á chomhlíonadh ag Ballstát.

    Ba cheart tosaíocht a thabhairt d’fhionraíocht na ngealltanas; ní dhéanfar íocaíochtaí a fhionraí ach amháin nuair a bheidh gníomhaíocht láithreach á lorg agus i gcás neamhchomhlíonta shuntasaigh.

    An cinneadh chun íocaíochtaí a chur ar fionraí, beidh feidhm aige maidir le hiarrataí ar íocaíochtaí a thíolacfar tar éis dháta an chinnidh fionraíochta.

    3.  
    Maidir le togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh chun gealltanais a chur ar fionraí, measfar é a bheith glactha ag an gComhairle mura gcinnfidh an Chomhairle, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, togra den sórt sin a dhiúltú le tromlach cáilithe laistigh de mhí amháin ón dáta a ndéanfar an togra ón gCoimisiún a thíolacadh.

    Beidh feidhm ag fionraíocht na ngealltanas maidir leis na gealltanais ón 1 Eanáir den bhliain i ndiaidh ghlacadh an chinnidh fionraíochta.

    Déanfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh maidir le togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 i ndáil le híocaíochtaí a chur ar fionraí.

    4.  
    Maidir le raon feidhme agus leibhéal na fionraíochta a fhorchuirfear ar na gealltanais nó ar an íocaíocht, beidh siad comhréireach, urramóidh siad an chóir chomhionann idir na Ballstáit agus cuirfidh siad san áireamh dálaí eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann, go háirithe an leibhéal dífhostaíochta, an leibhéal bochtaineachta nó an leibhéal eisiaimh shóisialta sa Bhallstát lena mbaineann i gcomparáid le meán an Aontais agus tionchar na fionraíochta ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann.
    5.  

    Beidh fionraíocht na ngealltanas faoi réir uasmhéid 25 % de na gealltanais nó 0,25 % de OTI ainmniúil, cibé acu is ísle, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a) 

    sa chéad chás de neamhchomhlíonadh nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear i mír 1;

    (b) 

    sa chéad chás de neamhchomhlíonadh a bhaineann le plean gníomhaíochta ceartaithí faoi nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;

    (c) 

    i gcás neamhchomhlíonadh an phlean gníomhaíochta ceartaithí arna mholadh de bhun nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;

    (d) 

    sa chéad chás de neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 2.

    I gcás neamhchomhlíonadh leanúnach, féadfaidh fionraíocht na ngealltanas a bheith níos mó ná na céatadáin uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír.

    6.  

    Sna cásanna seo a leanas, cuirfidh an Chomhairle deireadh le fionraíocht na ngealltanas ar thogra ón gCoimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo:

    (a) 

    má tá an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 nó go bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a aisghairm;

    (b) 

    má tá tacú tugtha ag an gComhairle don phlean gníomhaíochta ceartaithí a chuir an Ballstát lena mbaineann isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 nó go bhfuil an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha ar stad i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán sin nó go bhfuil deireadh curtha ag an gComhairle leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán sin;

    (c) 

    má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta iomchuí déanta ag an mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002;

    (d) 

    má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta iomchuí déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun an clár coigeartaithe macraeacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, a chur chun feidhme.

    Tar éis don Chomhairle deireadh a chur le fionraíocht na ngealltanas, féadfaidh an Coimisiún dul i mbun na ngealltanas buiséadach arís maidir leis na leithreasaí a cuireadh ar fionraí roimhe sin gan dochar d’Airteagal 3(4), (7) agus (9) de Rialachán (AE) 2020/2094 .

    Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le deireadh a chur le fionraíocht na n-íocaíochtaí ar thogra ón gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa tríú fomhír de mhír 3, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.

    7.  
    Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chur chun feidhme an Airteagail seo. Déanfaidh an Coimisiún go háirithe, nuair a dhéanann an Coimisiún togra de bhun míreanna 1 nó 2, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach agus déanfaidh sé mionsonraí a sholáthar faoi ghealltanais agus íocaíochtaí a d’fhéadfaí a chur faoi réir fionraí.

    Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún plé a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo i gcomhthéacs idirphlé struchtúrtha chun go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann a tuairimí a chur in iúl. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na tuairimí a chuirfidh Parlaimint na hEorpa in iúl.

    Déanfaidh an Coimisiún an togra maidir le fionraí nó an togra chun deireadh a chur le fionraí den sórt sin a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan mhoill tar éis a ghlactha. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún míniú a thabhairt ar na cúiseanna a bhí aige dá thogra.

    8.  
    Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo. Chuige sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil a ndéanfaidh sé í a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus, i gcás inar gá sin, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.
    9.  
    Nuair a tharlóidh athruithe móra sna dálaí sóisialta agus eacnamaíocha san Aontas, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, nó féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 225 nó le hAirteagal 241 CFAE faoi seach, a iarraidh ar an gCoimisiún togra den sórt sin a thíolacadh.



    CAIBIDIL II

    RANNÍOCAÍOCHT AIRGEADAIS, AN PRÓISEAS LEITHDHÁILTE AGUS IASACHTAÍ AGUS ATHBHREITHNIÚ

    Airteagal 11

    An ranníocaíocht uasta airgeadais

    1.  

    Déanfar an ranníocaíocht uasta airgeadais a ríomh do gach Ballstáit aonair mar seo a leanas:

    (a) 

    i gcás 70 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1), arna thiontú ina bpraghsanna reatha ar bhonn an daonra, inbhéartach OTI per capita agus an ráta choibhneasta dífhostaíochta i ngach Ballstát, mar a leagtar amach sa mhodheolaíocht in Iarscríbhinn II;

    (b) 

    i gcás an 30 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1), arna thiontú ina bpraghsanna reatha, ar bhonn an daonra, inbhéartach OTI per capita, agus i gcion comhionann, an t-athrú san fhíor-OTI in 2020 agus an t-athrú comhiomlánaithe san fhíor-OTI don tréimhse 2020-2021 mar a leagtar amach sa mhodheolaíocht in Iarscríbhinn III. Déanfar an t-athrú san fhíor-OTI do 2020 agus an t-athrú comhiomlánaithe san fhíor-OTI don tréimhse 2020 go 2021 a bhunú ar réamhaisnéisí Fhómhar 2020 ón gCoimisiún.

    2.  
    Déanfar ríomh na ranníocaíochta uasta airgeadais faoi phointe (b) de mhír 1 a nuashonrú faoin 30 Meitheamh 2022 do gach Ballstát tríd na holltorthaí iarbhír maidir leis an athrú san fhíor-OTI in 2020 agus an t-athrú comhiomlánaithe san fhíor-OTI don tréimhse 2020 go 2021 a chur in ionad na sonraí ó réamhaisnéisí Fhómhar 2020 ón gCoimisiún.

    Airteagal 12

    Leithdháileadh na ranníocaíochta airgeadais

    1.  
    Féadfaidh gach Ballstát iarratas a chur isteach suas lena ranníocaíocht uasta airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 11, chun a phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme.
    2.  
    Go dtí an 31 Nollaig 2022, cuirfidh an Coimisiún 70 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1), ar fáil lena leithdháileadh, arna thiontú ina bpraghsanna reatha.
    3.  
    Ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023, cuirfidh an Coimisiún 30 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1) ar fáil lena leithdháileadh arna thiontú ina bpraghsanna reatha.
    4.  
    Ní dochar d’Airteagal 6(2) na leithdháiltí faoi mhíreanna 2 agus 3..

    Airteagal 13

    Réamh-mhaoiniú

    1.  
    Faoi réir an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 20(1) a bheith glactha ag an gComhairle, agus arna iarraidh sin ag Ballstát in éineacht le tíolacadh a phlean téarnaimh agus athléimneachta, déanfaidh an Coimisiún íocaíocht réamh-mhaoinithe de mhéid suas le 13 % den ranníocaíocht airgeadais, agus, i gcás inarb infheidhme, suas le 13 % den iasacht mar a leagtar amach in Airteagal 20(2) agus (3). De mhaolú ar Airteagal 116(1) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún, a mhéid is féidir, an íocaíocht chomhfhreagrach laistigh de 2 mhí tar éis dó an gealltanas dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 23 a ghlacadh.
    2.  
    I gcásanna réamh-mhaoinithe faoi mhír 1 den Airteagal seo, déanfar na ranníocaíochtaí airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, an iasacht atá le híoc dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (h) d'Airteagal 20(5), faoi seach, a choigeartú go comhréireach.
    3.  
    Má tá méid réamh-mhaoinithe na ranníocaíochta airgeadais faoi mhír 1 den Airteagal seo níos mó ná 13 % den ranníocaíocht uasta airgeadais, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(2), faoin 30 Meitheamh 2022, laghdófar an chéad íocaíocht eile a údarófar i gcomhréir le hAirteagal 24(5), agus más gá, na híocaíochtaí ina dhiaidh sin, go dtí go ndéanfar méid an bharrachais a fhritháireamh. Mura leor na híocaíochtaí atá fágtha, aisíocfar méid an bharrachais.

    Airteagal 14

    Iasachtaí

    1.  
    Arna iarraidh sin ó Bhallstát, agus go dtí an 31 Nollaig 2023, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht iasachta a dheonú don Bhallstát lena mbaineann chun a phleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme.
    2.  
    An tráth céanna le plean téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 18 a thíolacadh nó ag tráth éigin eile suas go dtí an 31 Lúnasa 2023, féadfaidh Ballstát tacaíocht iasachta a iarraidh. Sa chás deireanach, beidh plean téarnaimh agus athléimneachta athbhreithnithe, clocha míle agus spriocanna breise san áireamh, ag gabháil leis an iarraidh sin.
    3.  

    Leis an iarraidh ar thacaíocht iasachta ó Bhallstát, leagfar amach:

    (a) 

    na fáthanna atá leis an tacaíocht iasachta, arb iad na riachtanais airgeadais bhreise is bonn cirt leo agus a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí breise;

    (b) 

    na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí breise i gcomhréir le hAirteagal 18;

    (c) 

    costas níos airde a bheith leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta lena mbaineann i gcomparáid le méid na ranníocaíochtaí airgeadais a leithdháiltear ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta de bhun phointe (a) nó (b) d'Airteagal 20(4) faoi seach.

    4.  
    An tacaíocht iasachta do phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit lena mbaineann, ní mó ná an difríocht idir méid iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta arna athbhreithniú i gcás inarb ábhartha a bheidh sé agus an ranníocaíocht uasta dá dtagraítear in Airteagal 11.
    5.  
    Ní mó ná 6,8 % d'OIN an Bhallstáit in 2019 i bpraghasanna reatha a bheidh méid uasta na tacaíochta iasachta le haghaidh gach Ballstát.
    6.  
    De mhaolú ar mhír 4, faoi réir na hinfhaighteachta acmhainní agus in imthosca eisceachtúla, féadfar cur le méid na hiasachta.
    7.  
    Eisíocfar an iasacht i dtráthchodanna faoi réir chomhlíonadh na gcloch mhíle agus na spriocanna i gcomhréir le hAirteagal 20(5)(h).
    8.  
    Is i gcomhréir le hAirteagal 19 a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarraidh ar thacaíocht iasachta. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh, ar thogra ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 20(1). I gcás inarb iomchuí, leasófar an plean téarnaimh agus athléimneachta dá réir.

    Airteagal 15

    Comhaontú iasachta

    1.  

    Sula ndéanann sé comhaontú leis an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún measúnú le féachaint:

    (a) 

    an réasúnta agus an inchreidte an réasúnú le hiarraidh ar thacaíocht iasachta agus ar mhéid na hiasachta i ndáil leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí breise; agus

    (b) 

    an gcomhlíonann na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí breise na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3).

    2.  

    I gcás mheasann an Coimisiún go gcomhlíonann an iarraidh ar thacaíocht iasachta critéir mhír 1, agus ar ghlacadh an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1), déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an mBallstát lena mbaineann. Sa chomhaontú iasachta, anuas ar na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 220(5) den Rialachán Airgeadais, beidh na gnéithe seo a leanas:

    (a) 

    méid na hiasachta i euro, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, méid na hiasachta réamh-mhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 13;

    (b) 

    an mheánaibíocht; ní bheidh feidhm ag Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais maidir leis an aibíocht seo;

    (c) 

    an fhoirmle phraghsála, agus tréimhse infhaighteachta na hiasachta;

    (d) 

    an t-uaslíon tráthchodanna agus an sceideal aisíocaíochta;

    (e) 

    na gnéithe eile a bhfuil gá leo chun an iasacht a chur chun feidhme i ndáil leis na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta lena mbaineann i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20(3).

    3.  
    I gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 220(5) den Rialachán Airgeadais, is ar na Ballstáit is tairbhí a bheidh na costais a bhaineann le cistí a fháil ar iasacht le haghaidh na n-iasachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo.
    4.  
    Bunóidh an Coimisiún na socruithe is gá maidir le riar na n-oibríochtaí iasachta a bhaineann le hiasachtaí a dheonú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
    5.  
    Ballstát a thairbhíonn d’iasacht a dheonaítear i gcomhréir leis an Airteagal seo, osclóidh sé cuntas tiomnaithe chun an iasacht a fhaightear a bhainistiú. Aistreoidh sé an caipiteal agus an t-ús atá dlite faoi aon iasacht lena mbaineann chuig cuntas arna shonrú ag an gCoimisiún i gcomhréir leis na socruithe arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 4 roimhe fiche lá gnó roimh an dáta dlite comhfhreagrach.

    Airteagal 16

    Clásal athbhreithnithe

    1.  
    Faoin 31 Iúil 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
    2.  

    Leagfar amach na gnéithe seo a leanas sa tuarascáil athbhreithnithe:

    (a) 

    measúnú ar a mhéid atá cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta ag teacht le raon feidhme chuspóir ginearálta an Rialacháin seo, lena n-áirítear conas a théann na pleananna téarnaimh agus athléimneachta i ngleic leis na neamhionannais idir mná agus fir agus a rannchuidíonn sé leis:

    (b) 

    measúnú cainníochtúil ar rannchuidiú na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta leis an méid seo a leanas:

    (i) 

    an sprioc aeráide de 37 % ar a laghad,

    (ii) 

    an sprioc digiteach de 20 % ar a laghad,

    (iii) 

    gach ceann de na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3;

    (c) 

    staid chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus na mbarúlacha agus treoir do na Ballstáit sula ndéanfar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a thabhairt cothrom le dáta.

    3.  
    Chun críocha na tuarascála athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an scórchlár dá dtagraítear in Airteagal 30, tuarascálacha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 27, agus aon faisnéis ábhartha eile faoi chomhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, de réir mar atá ar fáil ó na nósanna imeachta maidir le híocaíocht, fionraí agus foirceannadh dá dtagraítear in Airteagal 24.
    4.  
    Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún na príomhthátail ón tuarascáil athbhreithnithe a thíolacadh i gcomhthéacs an idirphlé téarnaimh agus athléimneachta a bhunaítear faoin rialachán seo dá dtagraítear in Airteagal 26.



    CAIBIDIL III

    PLEANANNA TÉARNAIMH AGUS ATHLÉIMNEACHTA

    Airteagal 17

    Incháilitheacht

    1.  
    Faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 3 agus de bhun na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4, ullmhóidh na Ballstáit pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Leagfar amach sna pleananna sin clár oibre athchóirithe agus infheistíochta an Bhallstáit lena mbaineann. Na pleananna téarnaimh agus athléimneachta atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin tSaoráid sin, beidh bearta san áireamh iontu chun athchóirithe agus infheistíochtaí poiblí a chur chun feidhme trí phacáiste cuimsitheach agus comhleanúnach, lena bhfhéadfaí scéimeanna poiblí a áireamh freisin arb é is aidhm dóibh infheistíocht phríobháideach a dhreasú.
    2.  
    Beidh bearta ar cuireadh tús leo ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.
    3.  
    Beidh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta comhsheasmhach leis na dúshláin agus na tosaíochtaí tírshonracha ábhartha arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, mar aon leis na cinn a sainaithníodh sa mholadh is déanaí ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro i gcás na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Beidh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta comhsheasmhach freisin leis an bhfaisnéis a chuirfidh na Ballstáit san áireamh ina gCláir Náisiúnta Athchóirithe faoin Seimeastar Eorpach, ina bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus sna huasdátaithe orthu faoi Rialachán (AE) 2018/1999, sna pleananna críochacha um aistriú cóir faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir Rialachán um an Chiste um Aistriú Cóir), sna pleananna maidir leis an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme agus sna comhaontuithe comhpháirteacha agus cláir oibríochtúla faoi chistí an Aontais.
    4.  
    Déanfaidh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta prionsabail chothrománacha a bhunaítear faoi Airteagal 5 a urramú.
    5.  
    I gcás ina bhfuil Ballstát díolmhaithe ó fhaireachán agus ó mheasúnú i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh ar bhonn Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó i gcás ina bhfuil sé faoi réir faireachais faoi Rialachán (CE) Uimh. 332/2002, beidh feidhm ag an Rialachán seo ar an mBallstát lena mbaineann i ndáil leis na dúshláin agus na tosaíochtaí a sainaithníodh trí na bearta sna Rialacháin sin.

    Airteagal 18

    Plean téarnaimh agus athléimneachta

    1.  
    Ballstát ar mian leis ranníocaíocht airgeadais a fháil mar a cuireadh ar fáil lena leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 12, déanfaidh sé plean téarnaimh agus athléimneachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 17(1).
    2.  
    Tar éis don Choimisiún an méid dá dtagraítear in Airteagal 12(3) a chur ar fáil lena leithdháileadh, féadfaidh Ballstát an plean téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a nuashonrú agus a thíolacadh chun an ranníocaíocht uasta airgeadais arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(2) a chur san áireamh.
    3.  
    Féadfar an plean téarnaimh agus athléimneachta a chuirfidh an Ballstát i láthair a chur isteach i ndoiciméad comhtháite aonair in éineacht leis an gClár Náisiúnta Athchóirithe agus tíolacfar é go hoifigiúil, de ghnáth, faoin 30 Aibreán. Féadfaidh Ballstáit dréachtphlean téarnaimh agus athléimneachta ón 15 Deireadh Fómhair den bhliain roimhe.
    4.  

    Beidh réasúnú agus bunús cuí ag dul leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta. Leagfar amach na gnéithe seo a leanas, go háirithe, ann:

    (a) 

    míniú ar an gcaoi a mbeidh an plean téarnaimh agus athléimneachta, agus na bearta a áirítear ann á gcur san áireamh, ina fhreagairt chuimsitheach chothromaithe ar staid eacnamaíoch agus shóisialta an Bhallstáit, lena rannchuideofar go hiomchuí, dá bhrí sin, leis na colúin uile dá dtagraítear in Airteagal 3, agus dúshláin shonracha an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh.

    (b) 

    míniú ar an gcaoi a rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin go léir nó ar fho-thacar suntasach de na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha ábhartha, lena n-áirítear gnéithe fioscacha díobh, agus moltaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i gcás inarb iomchuí, dírithe ar na Ballstáit lena mbaineann, nó ar dhúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh;

    (c) 

    míniú mionsonraithe ar an gcaoi a neartaíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta acmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht eacnamaíoch , shóisialta agus institiúideach an Bhallstáit lena mbaineann, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, agus maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus lena bhfeabhsófar, dá bhrí sin, an comhtháthú agus an cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas;

    (d) 

    míniú ar conas a áirithítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta nach ndéanann aon bheart le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 (‘an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’);

    (e) 

    míniú cáilíochtúil ar an gcaoi a bhfuiltear ag dréim leis go rannchuideoidh bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta leis an aistriú glas lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus an ionann iad agus méid arb ionann é agus 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VI; féadfar na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú suas go dtí suim iomlán de 3 % de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí aeráide go mór a chur san áireamh, de réir mar a mhínítear sa phlean;

    (f) 

    míniú ar an gcaoi a bhfuiltear ag dréim leis go rannchuideoidh na bearta sa phlean leis an aistriú digiteacha nó leis na dúshláin a leanann as sin, agus an ionann iad agus méid arb ionann é agus 20 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta, bunaithe ar an modheolaíocht maidir leis an gclibeáil dhigiteach a leagtar amach in Iarscríbhinn VII; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VII; féadfar na comhéifeachtaí le haghaidh na tacaíochta do na cuspóirí digiteacha a mhéadú i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe lena gcuirtear lena dtionchar ar na cuspóirí digiteacha a chur san áireamh;

    (g) 

    i gcás inarb iomchuí, le haghaidh infheistíochtaí in acmhainní digiteacha agus nascacht dhigiteach, go ndéanfar féinmheasúnú slándála bunaithe ar chritéir choiteanna oibiachtúla lena sainaithneofar aon saincheisteanna slándála, agus ina sonrófar an chaoi a dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin chun dlíthe ábhartha an Aontais agus dlíthe ábhartha náisiúnta a chomhlíonadh;

    (h) 

    eolas táscach faoi cé acu an tionscadail trasteorann nó tionscadail ilnáisiúnta atá sna bearta a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta;

    (i) 

    clocha míle, spriocanna agus amchlár táscach atá beartaithe chun na hathchóirithe a chur chun feidhme, agus infheistíochtaí a bheidh le tabhairt i gcrích faoin 31 Lúnasa 2026;

    (j) 

    na tionscadail infheistíochta atá beartaithe agus an tréimhse infheistíochta a ghabhann leo;

    (k) 

    costas iomlán measta na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí arna gcumhdach faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a tíolacadh (dá ngairtear freisin ‘costas iomlán measta an phlean téarnaimh agus athléimneachta’) lena ngabhann réasúnú cuí mar aon le mínithe ar an gcaoi a bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta;

    (l) 

    i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le cistiú reatha nó beartaithe an Aontais;

    (m) 

    na bearta tionlacain a bhféadfadh gá a bheith leo;

    (n) 

    réasúnú ar chomhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta; agus míniú ar a chomhsheasmhacht le prionsabail pleananna agus cláir dá dtagraítear in Airteagal 17;

    (o) 

    míniú ar an gcaoi a bhfuiltear ag dréim leis go rannchuideoidh na bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta le comhionannas inscne agus comhdheiseanna do chách agus le príomhshruthú na gcuspóirí sin, i gcomhréir le prionsabail 2 agus 3 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus le prionsabal 5 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe NA agus, i gcás inarb ábhartha, leis an straitéis náisiúnta maidir le comhionannas inscne;

    (p) 

    na socruithe inmheánacha chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit lena mbaineann agus chun é a chur chun fheidhme go héifeachtach, lena n-áirítear na clocha míle agus na spriocanna atá molta, agus na táscairí gaolmhara;

    (q) 

    chun an plean téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil air, a chur chun feidhme, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, a rinneadh i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, , agus an chaoi a léirítear ionchur na bpáirtithe leasmhara sa phlean téarnaimh agus athléimneachta;

    (r) 

    míniú ar chóras na mBallstát chun coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí a thagann ón tSaoráid, agus na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile an Aontais a sheachaint;

    (s) 

    i gcás inarb iomchuí, an iarraidh ar thacaíocht iasachta agus na clocha míle breise dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus (3) agus na gnéithe di; agus

    (t) 

    aon fhaisnéis ábhartha eile.

    5.  
    Agus iad ag ullmhú tograí dá bplean téarnaimh agus athléimneachta, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a eagrú chun gur féidir leis na Ballstáit iarrthacha tairbhiú de thaithí Ballstát eile. Ina theannta sin, féadfaidh Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Spreagfar na Ballstáit chun ineirgid a chothú le pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát eile.

    Airteagal 19

    Measúnú ón gCoimisiún

    1.  
    Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta nó, i gcás inarb infheidhme, ar an nuashonrú ar an bplean sinair, faoi mar a thíolaic an Ballstát é i gcomhréir le hAirteagal 18(1) nó 18(2) laistigh de dhá mhí ón dáta ar tíolacadh an plean sin go hoifigiúil, agus déanfaidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 20(1). Nuair a bheidh an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg. Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise a iarrtar, agus féadfaidh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta, más gá, lena n-áirítear tar éis don phlean téarnaimh agus athléimneachta a bheith tíolactha go hoifigiúil. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún teacht ar chomhaontú síneadh a mhairfidh tréimhse réasúnta a chur leis an sprioc-am don mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 17(1) más gá.
    2.  
    Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh faoin méid a bheidh le leithdháileadh ar an mBallstát lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis anailíseach a bhfuil fáil uirthi san áireamh, ar faisnéis í faoin mBallstát lena mbaineann i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, mar aon leis an réasúnú agus na gnéithe a sholáthair an Ballstát sin, dá dtagraítear in Airteagal 18(4), agus aon fhaisnéis ábhartha eile amhail, go háirithe, an fhaisnéis atá i gClár Náisiúnta Athchóirithe an Bhallstáit agus i bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide an Bhallstáit sin agus, sna pleananna críochacha um aistriú cóir faoin Rialachán maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir, i bpleananna cur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg agus, más ábhartha, faisnéis ó thacaíocht theicniúil a fuarthas tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.
    3.  

    Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta agus, chun na críche sin, cuirfidh sé san áireamh na critéir seo a leanas, ar critéir iad a chuirfidh sé i bhfeidhm i gcomhréir le hIarscríbhinn V:

    Ábharthacht:

    (a) 

    cibé arb ionann an plean téarnaimh agus athléimneachta agus freagairt chuimsitheach agus chuí-chothromaithe ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta, lena rannchuideofar go hiomchuí, dá bhrí sin, le gach ceann den sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3, agus dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh;

    (b) 

    cibé acu a mheastar nó nach meastar go rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar gach dúshlán nó ar fhothacar mór acu arna sainaithint sna moltaí tírshonracha ábhartha, lena n-áirítear gnéithe fioscacha díobh agus moltaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i gcás inarb iomchuí, arna ndíriú ar an mBallstát lena mbaineann nó dúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh;

    (c) 

    cibé acu a mheastar nó nach meastar go rannchuideoidh an plean go héifeachtach le hacmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht eacnamaíoch, institiúideach agus shóisialta an Bhallstáit a neartú, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, maidir le maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19, lena bhfeabhsófar, dá bhrí sin, an comhtháthú agus an cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas;

    (d) 

    cibé acu a mheastar nó nach meastar go n-áiritheofar leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta nach ndéanann aon bheart le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus tionscadal infheistíochtaí a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 (an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’); déanfaidh an Coimisiún treoir theicniúil a sholáthar don Bhallstát chuige sin;

    (e) 

    cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta lena rannchuidítear go héifeachtach leis an aistriú glas lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus cibé arb ionann an méid atá i gceist leo agus 37 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VI; féadfar na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú suas go dtí suim iomlán de 3 % de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí aeráide go mór a chur san áireamh, faoi réir chomhaontú an Choimisiúin;

    (f) 

    cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta lena rannchuidítear go héifeachtach leis an aistriú digiteach, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus cibé arb ionann an méid atá i gceist leo agus 20 % ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh clibeáil dhigiteach a leagtar amach in Iarscríbhinn VII; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VII; féadfar na comhéifeachtaí le haghaidh na tacaíochta do na cuspóirí digiteacha a mhéadú i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe lena gcuirtear lena dtionchar ar na cuspóirí digiteacha a chur san áireamh;

    Éifeachtacht:

    (g) 

    cibé acu a mheastar nó nach meastar go mbeidh tionchar buan ag an bplean téarnaimh agus athléimneachta ar an mBallstát lena mbaineann;

    (h) 

    cibé acu a mheastar nó nach meastar go n-áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag na Ballstáit lena mbaineann go ndéanfar faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear an tráthchlár, na clocha míle agus na spriocanna atá beartaithe, agus na táscairí gaolmhara;

    Éifeachtúlacht:

    (i) 

    cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil an réasúnú arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta réasúnta agus inchreidte agus cibé a bhfuil nó nach bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta;

    (j) 

    cibé a bhfuiltear nó nach bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfaidh na socruithe atá molta ag an mBallstát lena mbaineann coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí a thagann ón tSaoráid aige, lena n-áirítear na socruithe sin a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile an Aontais a sheachaint leo;

    Comhleanúnachas:

    (k) 

    cibé an bhfuil nó nach bhfuil bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus tionscadal infheistíochta poiblí ar gníomhaíochtaí comhleanúnacha iad;

    4.  
    I gcás inar iarr an Ballstát lena mbaineann tacaíocht iasachta dá dtagraítear in Airteagal 14, déanfaidh an Coimisiún a mheas cibé a gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an iarraidh ar iasacht na critéir a leagtar amach in Airteagal 15(1), agus go háirithe cibé a gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí breise ar ina leith a rinneadh an iarraidh sin na critéir mheasúnaithe a bhaineann le mír 3.
    5.  
    I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar phlean téarnaimh agus athléimneachta, cuirfidh sé an measúnú sin agus réasúnú cuí leis in iúl laistigh den spriocdháta a leagtar amach i mír 1.
    6.  
    Chun críoch an mheasúnaithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh ag Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe.

    Airteagal 20

    Togra ón gCoimisiún agus cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle

    1.  
    Ar thogra ón gCoimisiún, formheasfaidh an Chomhairle trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta arna thíolacadh ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 18(1) nó, i gcás inarb infheidhme, an nuashonrú ar an bplean a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 18(2).
    2.  
    I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar phlean téarnaimh agus athléimneachta, leagfar amach na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta a bheidh le cur chun feidhme ag an mBallstát leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, lena n-áirítear na clocha míle agus na spriocanna agus na ranníocaíochtaí airgeadais arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11.
    3.  
    I gcás ina n-iarrann an Ballstát lena mbaineann tacaíocht iasachta, leagfar amach freisin sa togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle méid na tacaíochta iasachta dá dtagraítear in Airteagal 14(4) agus (6) agus na hathchóirithe breise agus na tionscadail infheistíochta bhreise atá le cur chun feidhme ag an mBallstát arna gcumhdach leis an tacaíocht iasachta sin, lena n-áirítear na clocha míle agus na spriocanna breise.
    4.  

    Maidir leis an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 2, cinnfear í ar bhonn chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta arna mholadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus é measúnaithe de réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 19(3). Socrófar méid na ranníocaíochta mar seo a leanas:

    (a) 

    i gcás ina gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3) go sásúil, agus ina bhfuil méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta comhionann le, nó níos airde ná, an ranníocaíocht uasta airgeadais arna ríomh le haghaidh an Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 11, beidh an ranníocaíocht uasta airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát lena mbaineann comhionann le méid iomlán na ranníocaíochta uasta airgeadais arna ríomh don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 11;

    (b) 

    i gcás ina gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3) go sásúil, agus ina bhfuil méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta níos ísle ná an ranníocaíocht uasta airgeadais arna ríomh le haghaidh an Bhallstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 11, beidh an ranníocaíocht uasta airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát lena mbaineann comhionann le méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta;

    (c) 

    i gcás nach gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta go sásúil na critéir atá leagtha amach in Airteagal 19(3), ní dhéanfar aon ranníocaíocht airgeadais a leithdháileadh ar an mBallstát lena mbaineann.

    5.  

    Chomh maith leis sin, leagfar síos leis an togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2 na nithe seo a leanas freisin:

    (a) 

    an ranníocaíocht airgeadais atá le híoc i dtráthchodanna nuair a bheidh na clocha míle agus na spriocanna ábhartha arna sainaithint maidir le cur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta comhlíonta go sásúil ag an mBallstát;

    (b) 

    an ranníocaíocht airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, méid na tacaíochta iasachta atá le híoc mar réamh-mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 13 tar éis don phlean téarnaimh agus athléimneachta a bheith formheasta;

    (c) 

    an tuairisc ar na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta agus méid chostas measta iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta;

    (d) 

    an teorann ama, nach cóir dó a bheith níos déanaí ná an 31 Lúnasa 2026, faoinar gá na clocha míle agus na spriocanna deiridh le haghaidh tionscadail infheistíochta agus athchóirithe a bheith curtha i gcrích;

    (e) 

    na socruithe agus an t-amchlár i ndáil le faireachán agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, bearta is gá chun Airteagal 22 a chomhlíonadh;

    (f) 

    na táscairí ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna beartaithe;

    (g) 

    na socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún; agus

    (h) 

    i gcás inarb iomchuí, méid na hiasachta atá le haisíoc i dtráthchodanna agus na clocha míle agus spriocanna breise a bhaineann le híoc na hiasachta.

    6.  
    Maidir leis na socruithe agus an tráthchlár le haghaidh faireacháin dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 5, na táscairí ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna atá beartaithe dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 5, na socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 5, agus, i gcás inarb iomchuí, na clocha míle agus spriocanna breise a bhaineann le híoc na hiasachta dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 5, sonrófar iad tuilleadh i socrúchán oibríochtúil a bheidh le comhaontú ag an mBallstát lena mbaineann agus ag an gCoimisiún tar éis ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear i mír 1.
    7.  
    Glacfaidh an Chomhairle na cinntí cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, mar riail ghinearálta, laistigh de cheithre seachtaine den togra ón gCoimisiún a bheith glactha.
    8.  
    Ar thogra a fháil ón gCoimisiún, déanfaidh an Chomhairle a cinneadh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20(1) a leasú chun an ranníocaíocht uasta airgeadais nuashonraithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(2), a áireamh gan moill mhíchuí.

    Airteagal 21

    Leasú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit

    1.  
    I gcás nach bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann an plean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear na clocha míle agus na spriocanna ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, de bharr imthosca oibiachtúla, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh chuig an gCoimisiún chun togra a dhéanamh chun na cinntí cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus (3) a leasú nó a ionadú. Chuige sin, féadfaidh an Ballstát plean leasaithe nó plean nua téarnaimh agus athléimneachta a mholadh. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh chun go n-ullmhófaí togra den sórt sin faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.
    2.  
    I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar maith le leasú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta ábhartha de bharr na gcúiseanna arna gcur chun cinn ag an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe nó nua a mheas i gcomhréir le hAirteagal 19, agus déanfaidh sé togra le haghaidh cinneadh nua cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 20(1) laistigh de dhá mhí ó thíolacadh oifigiúil na hiarrata. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún teacht ar chomhaontú i dtaca le síneadh a chur leis an sprioc-am sin ar feadh tréimhse réasúnta más gá. Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh nua cur chun feidhme, mar riail ghinearálta, laistigh de cheithre seachtaine den togra ón gCoimisiún a bheith glactha.
    3.  
    I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil údar maith le leasú a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta ábhartha de bharr na gcúiseanna arna gcur chun cinn ag an mBallstát lena mbaineann, diúltóidh an Coimisiún don iarraidh laistigh den tréimhse chéanna dá dtagraítear i mír 2, tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de mhí amháin ó chonclúidí an Choimisiúin a bheith curtha in iúl.



    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA AIRGEADAIS

    Airteagal 22

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    1.  
    Agus an tSaoráid á cur chun feidhme acu, déanfaidh na Ballstáit, mar thairbhithe nó mar iasachtóirí na gcistí faoin tSaoráid, na bearta uile is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme á chomhlíonadh agus na cistí i ndáil le bearta a fhaigheann tacaíocht faoin tSaoráid á n-úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil agus déanfaidh siad méideanna a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil. Féadfaidh na Ballstáit brath ar a gcórais rialta bainistithe buiséid náisiúnta.
    2.  

    Leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 15(2) agus 23(1), forálfar d’oibleagáidí na mBallstát:

    (a) 

    a sheiceáil go rialta go ndearnadh an maoiniú a chuirtear ar fáil a úsáid mar is ceart i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme agus i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, go ndearnadh i gceart é i gcomhréir leis na rialacha uile is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú;

    (b) 

    bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa mar a shainmhínítear in Airteagal 61(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais iad, agus a ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais leo, a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus gníomhaíochtaí dlí a dhéanamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena n-áirítear i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme;

    (c) 

    an méid seo a leanas a chur le haon iarraidh ar íocaíocht:

    (i) 

    dearbhú bainistíochta gur úsáideadh na cistí chun na críche a beartaíodh dóibh, go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach in éineacht leis an iarraidh ar íocaíocht iomlán, cruinn agus iontaofa agus go dtugann na córais rialaithe a cuireadh ar bun na dearbhuithe is gá go ndearnadh na cistí a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha go léir is infheidhme, go háirithe na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile de chuid an Aontais i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; agus

    (ii) 

    achoimre ar na hiniúchtaí a rinneadh, lena n-áirítear aon laigí a sainaithníodh agus aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh;

    (d) 

    chun críocha iniúchta agus rialaithe agus chun faisnéis inchomparáide a sholáthar ar úsáid cistí i ndáil le bearta chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta a chur chun feidhme faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, na catagóirí caighdeánaithe sonraí seo a leanas a bhailiú agus rochtain orthu a áirithiú:

    (i) 

    ainm fhaighteoir deiridh na gcistí;

    (ii) 

    ainm an chonraitheora agus an fhochonraitheora, i gcás inarb údarás conarthach faighteoir deiridh na gcistí i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí náisiúnta maidir le soláthar poiblí;

    (iii) 

    céadainm nó céadainmneacha, sloinne nó sloinnte agus dáta breithe úinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla fhaighteoir na gcistí nó an chonraitheora, mar a shainmhínítear i bpointe 6 d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

    (iv) 

    liosta d’aon bhearta chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta a chur chun feidhme faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, méid iomlán chistiú phoiblí na mbeart sin, trí mhéid na gcistí a íocadh faoin tSaoráid agus faoi chistí eile an Aontais a léiriú:

    (e) 

    údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) den Rialachán Airgeadais agus oibleagáidí a fhorchur ar gach faighteoir deiridh cistí arna níoc le haghaidh na mbeart chun na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, nó ar gach duine nó eintiteas eile atá bainteach lena gcur chun feidhme, údarú a thabhairt go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear le hAirteagal 129(1) den Rialachán Airgeadais agus oibleagáidí comhchosúla a fhorchur ar fhaighteoirí deiridh uile cistí arna n-eisíoc;

    (f) 

    taifid a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 132 den Rialachán Airgeadais.

    3.  
    Ní dhéanfaidh na Ballstáit ná an Coimisiún sonraí pearsanta mar a thagraítear dóibh i bpointe (d) de mhír (2) den Airteagal seo a phróiseáil ach amháin chun críche imeachtaí iniúchta agus rialaithe urscaoilte a bhaineann le húsáid cistí a bhaineann le cur chun feidhme na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 15(2) agus 23(1) agus d’fhad comhfhreagrach na n-imeachtaí sin. Faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE, beidh an tSaoráid faoi réir tuairisciú faoin tuairisciú comhtháite airgeadais agus cuntasachta dá dtagraítear in Airteagal 247 den Rialachán Airgeadais, agus go háirithe, tuairisciú ar leithligh sa Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta.
    4.  
    Déanfaidh an Coimisiún córas comhtháite agus idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin a chur ar fáil do na Ballstáit lena n-áireofar uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca chun rochtain a fháil ar na sonraí ábhartha agus anailís a dhéanamh orthu, chun go ndéanfadh na Ballstáit an córas sin a chur i bhfeidhm ar bhealach ginearálaithe, lena n-áirítear le tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.
    5.  
    Déanfar foráil freisin sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 15(2) agus 23(1) do cheart an Choimisiúin an tacaíocht faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon suim atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an mBallstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as na comhaontuithe sin.

    Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe nó leis an méid a bheidh le haisíoc go luath, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an chalaois, an t-éilliú agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó do shárú ar oibleagáid. Tabharfar an deis don Bhallstát a chuid barúlacha a thíolacadh sula ndéanfar an laghdú nó sula n-iarrfar aisíocaíocht luath.

    Airteagal 23

    Gealladh na ranníocaíochta airgeadais

    1.  
    A luaithe a ghlacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme mar a thagraítear dó in Airteagal 20(1), tabharfaidh an Coimisiún comhaontú i gcrích leis an mBallstát lena mbaineann ina mbeidh gealltanas dlíthiúil aonair de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais. I gcás gach Ballstáit, ní sháróidh an gealltanas dlíthiúil an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 11(1)) do 2021 agus 2022, agus an ranníocaíocht airgeadais nuashonraithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2) do 2023.
    2.  
    D’fhéadfadh gealltanais bhuiséadacha a bheith bunaithe ar cheanglais fhoriomlána agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar iad a bhriseadh síos ina dtráthchodanna bliantúla arna scaipeadh thar roinnt blianta.

    Airteagal 24

    Rialacha maidir le comhaontuithe a íoc, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus le hiasachtaí

    1.  
    Maidir le híocaíochtaí ranníocaíochtaí airgeadaí agus, i gcás inarb infheidhme, na hiasachta faoin Airteagal seo leis an mBallstát, lena mbaineann déanfar iad faoin 31 Nollaig 2026 agus i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir an chistithe a bheidh ar fáil.
    2.  
    Ar chur i gcrích na gcloch míle agus na spriocanna ábhartha comhaontaithe atá sonraithe sa phlean téarnaimh agus athléimneachta arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 20, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe ar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais agus, i gcás inarb ábhartha na hiasachta, faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh Ballstáit iarrataí den sórt sin a thíolacadh don Choimisiún dhá uair sa bhliain.
    3.  
    Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhonn tosaigh agus gan moill mhíchuí, agus ar a dhéanaí laistigh de dhá mhí ón am ar cuireadh isteach an iarraidh, ar cibé ar comhlíonadh go sásúil na clocha míle agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1) nó nár comhlíonadh iad. Tuigfear, ar chomhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna, nár aisiompaigh an Ballstát lena mbaineann bearta a bhaineann le clocha míle agus spriocanna a comhlíonadh go sásúil roimhe sin. Chun críoch an mheasúnaithe, cuirfear na socruithe oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 20(6) san áireamh freisin. Féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún.
    4.  
    I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún réamh-mheasúnú dearfach ar chomhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna ábhartha, cuirfidh sé a thorthaí ar fáil don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus iarrfaidh sé a thuairim maidir le comhlíonadh sásúil na gclocha míle agus na spriocanna ábhartha. Cuirfidh an Coimisiún tuairim an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige.
    5.  
    I gcás ina mbeidh toradh dearfach ar mheasúnú an Choimisiúin, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí lena n-údarófar eisíocaíocht na ranníocaíochta airgeadais agus i gcás inarb infheidhme, na hiasachta, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Déanfar an cinneadh sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
    6.  
    I gcás, mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear i mír 5, go ndeimhníonn an Coimisiún nár comhlíonadh go sásúil na clocha míle agus na spriocanna a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1), cuirfear íocaíocht na ranníocaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, na hiasachta, ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chuid barúlacha a thíolacadh laistigh de mhí amháin ó mheasúnú an Choimisiúin a bheith curtha in iúl.

    Ní chuirfear an fhionraí i leataobh ach amháin i gcás ina bhfuil na bearta is gá glactha ag an mBallstát len mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonfar na clocha míle agus na spriocanna spriocanna a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a leagtar amach in Airteagal 20(1) go sásúil.

    7.  
    De mhaolú ar Airteagal 116(2) den Rialachán Airgeadais, cuirfear tús leis an spriocdháta le haghaidh íocaíochta ón dáta a chuirfear an cinneadh lena n-údarófar an eisíocaíocht in iúl don Bhallstát lena mbaineann de bhun mhír 5 den Airteagal seo, nó ón dáta a chuirfear in iúl go bhfuil fionraí á cur i leataobh de bhun an dara fomhír de mhír 6 den Airteagal seo.
    8.  
    I gcás nach ndearna an Ballstát lena mbaineann na bearta is gá laistigh de thréimhse sé mhí ón gcur ar fionraí, laghdóidh an Coimisiún méid na ranníocaíochta airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, na hiasachta, go comhréireach tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis don Choimisiún a chuid conclúidí a chur in iúl.
    9.  
    I gcás, laistigh 18 mí ó dháta glactha an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1), nach bhfuil aon dul chun cinn inbhraite déanta ag an mBallstát lena mbaineann maidir le ceann ar bith de na clocha míle agus de na spriocanna ábhartha, déanfaidh an Coimisiún na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 15(2) agus in Airteagal 23(1) a fhoirceannadh agus saorfaidh an Coimisiún méid na ranníocaíochta airgeadais gan dochar d’Airteagal 14(3) den Rialachán Airgeadais. Déanfar aon réamh-mhaoiniú, i gcomhréir le hAirteagal 13, a aisghabháil ina iomláine. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le foirceannadh comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagail 15(2) agus 23(1) agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le haisghabháil an réamh-mhaoiniúcháin tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis don Choimisiún a mheasúnú a chur in iúl ar cé acu a rinneadh aon dul chun cinn inbhraite nó nach ndearnadh.
    10.  
    I gcás imthosca eisceachtúla, féadfar glacadh an chinnidh lena n-údaraítear eisíoc na ranníocaíochta airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, na hiasachta, i gcomhréir le mír 5 a chur siar go ceann trí mhí ar a mhéad.



    CAIBIDIL V

    FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA

    Airteagal 25

    Trédhearcacht

    1.  
    Déanfaidh an Coimisiún na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh go hoifigiúil ag na Ballstáit, agus na tograí le haghaidh cinntí cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1), arna bpoibliú ag an gCoimisiún, a tharchur go comhuaineach agus ar théarmaí comhionanna, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan moill mhíchuí.
    2.  
    Déanfar faisnéis arna tarchur ag an gCoimisiún chuig an gComhairle nó chuig aon cheann dá comhlachtaí ullmhúcháin i gcomhthéacs an Rialacháin seo nó a chur chun feidhme a chur ar fáil go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa, faoi réir socruithe rúndachta más gá. Déanfar torthaí ábhartha an phlé arna dhéanamh i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle a chomhroinnt le coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa.
    3.  
    Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis íogair nó rúnda a fholú, dá gcuirfí leas poiblí an Bhallstáit i mbaol dá nochtfaí í. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún idirchaidreamh le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le conas is féidir an fhaisnéis arna folú a chur ar fáil dóibh ar bhealach rúnda, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.
    4.  
    Tabharfaidh an Coimisiún forléargas do choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa ar na réamhthorthaí atá aige a bhaineann le comhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna ábhartha a áirítear i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát.
    5.  
    Féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis a sholáthar maidir le staid an mheasúnaithe ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta i gcomhthéacs an idirphlé téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 26.

    Airteagal 26

    Idirphlé Téarnaimh agus Athléimneachta

    1.  

    Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún gach dhá mhí na hábhair seo a leanas a phlé:

    (a) 

    staid an téarnaimh, na hathléimneachta agus na hacmhainneachta coigeartaithe san Aontas, mar aon leis na bearta arna nglacadh faoin Rialachán seo;

    (b) 

    pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát;

    (c) 

    measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát;

    (d) 

    príomhthorthaí na tuarascála athbhreithniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2);

    (e) 

    stádas an chomhlíonta i ndáil le clocha míle agus spriocanna phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát;

    (f) 

    nósanna imeachta maidir le híocaíocht, fionraí agus foirceannadh, lena n-áirítear aon bhreathnú arna thíolacadh agus bearta feabhais arna ndéanamh ag na Ballstáit chun comhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna a áirithiú;

    (g) 

    aon fhaisnéis agus doiciméadacht ábhartha eile arna soláthar ag an gCoimisiún chuig coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme na Saoráide.

    2.  
    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a bharúlacha a chur in iúl i rúin, i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1.
    3.  
    Déanfaidh an Coimisiún aird a thabhairt ar aon ghnéithe a eascraíonn as na tuairimí a cuireadh in iúl tríd an idirphlé maidir le téarnamh agus athléimneacht, lena n-áirítear na rúin ó Pharlaimint na hEorpa, má sholáthraítear iad.
    4.  
    Fónfaidh an scórchlár um théarnamh agus athléimneacht dá dtagraítear in Airteagal 30 mar bhonn don idirphlé maidir le téarnamh agus athléimneacht.



    CAIBIDIL VI

    TUAIRISCIÚ

    Airteagal 27

    Tuairisciú ag an mBallstát i gcomthéacs an tSeimeastair Eorpaigh

    Tuairisceoidh an Ballstát lena mbaineann dhá uair sa bhliain faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh ar an dul chun cinn a rinneadh chun na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a ghnóthú, lena n-áirítear an socrúchán oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 20(6) agus ar na táscairí comhchoiteanna amhail dá dtagraítear in Airteagal 29(4). Chuige sin, léireofar tuarascálacha na mBallstát go hiomchuí sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú a úsáidfear mar uirlis chun dul chun cinn a thuairisciú i dtreo thabhairt chun críche na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.



    CAIBIDIL VII

    COMHLÁNTACHT, FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

    Airteagal 28

    Comhordú agus comhlántacht

    Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann, i mbealach a bheidh i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgíochtaí a chothú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir an tSaoráid agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, agus go háirithe le bearta arna maoiniú le cistí ón Aontas. Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

    (a) 

    a áirithiú gurb ann do chomhlántacht, sineirgíocht, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe i ndáil le bearta arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

    (b) 

    sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint; agus

    (c) 

    dlúthchomhar a áirithiú idir iad siúd atá freagrach as an gcur chun feidhme agus an rialú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach chun cuspóirí na Saoráide a ghnóthú.

    Airteagal 29

    Faireachán ar chur chun feidhme

    1.  
    Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide agus déanfaidh sé gnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 a thomhas. Beidh an faireachán ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin tSaoráid.
    2.  
    Le córas tuairiscithe feidhmíochta an Choimisiúin áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus na torthaí ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas.
    3.  
    Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ex-post ar an gcaiteachas arna mhaoiniú ag an tSaoráid faoi gach ceann de na colúin dá dtagraítear in Airteagal 3. Beidh an tuairisciú sin bunaithe ar mhiondealú ar an gcaiteachas measta arna sholáthar sna pleananna formheasta téarnaimh agus athléimneachta.
    4.  

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33, faoi dheireadh mhí na Nollag 2021, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a) 

    táscairí comhchoiteanna a leagan amach a bheidh le húsáid chun dul chun cinn a thuairisciú agus chun críche faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an tSaoráid chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a ghnóthú; agus

    (b) 

    modheolaíocht a shainiú chun tuairisciú a dhéanamh ar chaiteachas sóisialta, lena n-áirítear i dtaca le leanaí agus an óige, faoin tSaoráid.

    5.  
    Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún maidir leis na táscairí comhchoiteanna.

    Airteagal 30

    Scórchlár téarnaimh agus athléimneachta

    1.  
    Déanfaidh an Coimisiún scórchlár téarnaimh agus athléimneachta (an ‘Scórchlár’) a chur ar bun, lena léireofar dul chun cinn chur chun feidhme phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát i ngach ceann de na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3. Is é a bheidh sa Scórchlár ná córas tuairiscithe feidhmíochta na Saoráide.
    2.  
    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghnéithe mionsonraithe an Scórchláir a shainiú d’fhonn an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta dá dtagraítear i mír 1 a léiriú.
    3.  
    Ina theannta sin, léireoidh an Scórchlár an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i dtaca leis na táscairí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 29(4).
    4.  
    Beidh an Scórchlár ag feidhmiú faoi mhí na Nollag 2021 agus ba cheart don Choimisiún é a nuashonrú dhá uair sa bhliain. Cuirfear an Scórchlár ar fáil go poiblí é ar shuíomh gréasáin, nó trí thairseach idirlín.

    Airteagal 31

    Tuarascáil bhliantúil

    1.  
    Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na Saoráide.
    2.  
    Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis faoin dul chun cinn a rinneadh le pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát lena mbaineann faoin tSaoráid, lena n-áirítear faisnéis maidir le stádas chur chun feidhme na gcloch mhíle agus na spriocanna, agus stádas na n-eisíocaíochtaí agus fionraí na n-eisíocaíochtaí.
    3.  

    Ina theannta sin, áireofar faisnéis sa tuarascáil bhliantúil faoi na nithe seo a leanas:

    (a) 

    rannchuidiú na Saoráide leis na spriocanna aeráide agus digiteacha;

    (b) 

    feidhmíocht na Saoráide bunaithe ar na táscairí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 29(4);

    (c) 

    an caiteachas arna mhaoiniú ag an tSaoráid faoi na sé colúin dá dtagraítear in Airteagal 3, lena gcuimsítear caiteachas sóisialta, lena n-áirítear ar an óige agus ar na leanaí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 29(4).

    4.  
    Chun críoch an tuairiscithe ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, féadfaidh an Coimisiún inneachar na ndoiciméad ábhartha arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún faoin Seimeastar Eorpach a úsáid, de réir mar is iomchuí.

    Airteagal 32

    Meastóireacht agus meastóireacht ex-post ar an tSaoráid

    1.  
    Faoin 20 Feabhra 2024, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta neamhspleách a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme na Saoráide mar aon le tuarascáil mheastóireachta neamhspleách ex post faoin 31 Nollaig 2028.
    2.  
    Sa tuarascáil mheastóireachta, déanfar measúnú, go háirithe, ar a mhéid a gnóthaíodh na cuspóirí, ar éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus ar an mbreisluach Eorpach. Déanfar breithniú inti freisin ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile.
    3.  
    I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo ag gabháil leis an meastóireacht sin.
    4.  
    Beidh measúnú foriomlán ar an tSaoráid sa tuarascáil mheastóireachta ex post agus beidh faisnéis faoina tionchar san fhadtéarma san áireamh inti freisin.

    Airteagal 33

    Tarmligean a fheidhmiú

    1.  
    Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a dhéanfar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
    2.  
    Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 29(4) agus 30(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 19 Feabhra 2021 .
    3.  
    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 29(4) agus 30(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
    4.  
    Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
    5.  
    A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
    6.  
    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 29(4) agus 300(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de mhí amháin tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú aon mhí amháin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.



    CAIBIDIL VIII

    CUMARSÁID AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 34

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.  
    Féadfaidh an Coimisiún dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun go n-áiritheofar infheictheacht an chistithe ón Aontas don tacaíocht airgeadais i gcomhair an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá beartaithe, lena n-áirítear trí chomhghníomhaíochtaí cumarsáide leis na húdaráis náisiúnta lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, go ndéanfar tacaíocht faoin tSaoráid a chur in iúl agus a aithint trí ráiteas cistiúcháin.
    2.  
    Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí fheathal an Aontais a léiriú agus ráiteas cistithe iomchuí ar a mbeidh na focail ‘le cistiú ón Aontas Eorpach – NextGenerationEU’, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
    3.  
    Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann leis an tSaoráid, agus le gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun na Saoráide agus leis na torthaí a baineadh amach. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún oifigí ionadaíochta Pharlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí agus iad a dhéanamh rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an tSaoráid ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorporáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4.

    Airteagal 35

    Nós imeachta coiste

    1.  
    Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
    2.  
    I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 36

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    IARSCRÍBHINN I

    Modheolaíocht d’áireamh na ranníocaíochta uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit faoin tSaoráid

    Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht d’áireamh na ranníocaíochta uasta airgeadais atá ar fáil do gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11. Cuirtear an meid seo saan áireamh i leith gach Ballstáit sa mhodh:

    — 
    daonra;
    — 
    inbhéarta den OTI per capita;
    — 
    an meánráta dífhostaíochta le cúig bliana anuas i gcomparáid le meán an Aontais (2015-2019);
    — 
    an titim i bhfíor-OTI in 2020 agus an titim i bhfíor-OTI in 2020 agus 2021 le chéile.

    Chun chomhchruinniú iomarcach acmhainní a sheachaint:

    — 
    tá uasteorainn 150 % de mheán an Aontais le hinbhéarta den OTI per capita;
    — 
    tá uasteorainn 150 % de mheán an Aontais le diall ráta dífhostaíochta Bhallstáit aonair ó mheán an Aontais;
    — 
    Chun margaí saothair Ballstát níos saibhre (lena mbaineann OIN per capita atá os cionn mheán an Aontais) atá níos cobhsaí go ginearálta a chur san áireamh, tá uasteorainn 75 % le diall a ráta dífhostaíochta ó mheán an Aontais.

    Sainmhínítear an ranníocaíocht uasta airgeadais a dhéanann Ballstát faoin tSaoráid (MFCi) mar a leanas:

    MFCi = ν i × (FS)

    i gcás:

    inarb é FS (Tacaíocht Airgeadais) maoiniú atá ar fáil faoin tSaoráid amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a); agus

    inarb é νi eochair leithdháilte an Bhallstáit i, arna sainmhíniú mar:

    νi = 0,7 κi + 0,3 αi

    i gcás

    inarb é κi an eochair leithdháilte arna chur i bhfeidhm ar 70 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1)(a) agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II; agus

    αi an eochair leithdháilte arna chur i bhfeidhm ar 30 faoin gcéad den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1) agus a leagtar amach in Iarscríbhinn III.




    IARSCRÍBHINN II

    Sainmhínítear an eochair leithdháilte, κi , arna cur i bhfeidhm ar 70 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1) mar seo a leanas:

    image,

    i gcás image agus image,

    le image,

    υi ≤ 0,75 do Bhallstáit leimageagus

    υi ≤ 1,5 do Bhallstáit leimage.

    Ina sainmhínítear ( 5 ):

    — 
    imagemar OTI ainmniúil 2019 per capita ag Ballstáit i;
    — 
    imagemar mheán ualaithe OTI 2019 per capita Bhallstáit AE-27;
    — 
    popi,2019 mar dhaonra iomlán 2019 i mBallstát i;
    — 
    popEU,2019 mar dhaonra iomlán 2019 i mBallstáit AE-27;
    — 
    Ui,2015-2019 mar mheánráta dífhostaíochta Bhallstáiti idir 2015-2019;
    — 
    UEU,2015-2019 mar mheánráta dífhostaíochta Bhallstáit AE-27 idir 2015-2019 (meán ualaithe Bhallstáit AE-27 do gach bliain);
    — 
    imagemar OIN 2019 per capita Bhallstáit i;
    — 
    imagemar mheán ualaithe OIN 2019 per capita Bhallstáit AE-27.




    IARSCRÍBHINN III

    Sainmhínítear an eochair leithdháilte, αi, arna cur i bhfeidhm ar 30 % den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a) mar a leanas:

    image

    i gcás

    imageagusimage

    i gcás

    image,image agus image

    leimage

    Ina sainmhínítear:

    — 
    GDPi,t mar fhíor-OTI thír i ag an am t = 2019, 2020, 2021;
    — 
    imagemar OTI 2019 per capita Bhallstát i;
    — 
    imagemar mheán ualaithe OTI 2019 per capita Bhallstáit AE-27;
    — 
    popi,2019 mar dhaonra iomlán 2019 i mBallstát i;
    — 
    opEU,2019 mar dhaonra iomlán 2019 Bhallstáit AE-27.

    Is bunaithe ar réamhaisnéisí Fhómhar 2020 (δGDPi,2020–2019) ón gCoimisiún agus a thabharfar cothrom le dáta faoin 30 Meitheamh 2022 do gach Ballstát a bheidh an titim i bhfíor-OTI do 2020 agus an titim charnach i bhfíor-OTI don tréimhse 2020-2021 (δGDPi,2020–2019) agus glacfaidh na réamhaisnéisí sin ionad na sonraí ó réamhaisnéis Fhómhar 2020 ón gCoimisiún leis na holltorthaí iarbhír mar a thuairiscítear sa nuashonrú is déanaí atá ar fáil de chód-shraith Eurostat ‘tec00115 (Fíor-ráta fáis OTI – méid)’.




    IARSCRÍBHINN IV

    Is é a bheidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na modheolaíochtaí in Iarscríbhinní I, II agus III ar an méid dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a), arna gcomhshó chuig praghsanna reatha, ná an sciar agus an méid seo a leanas den ranníocaíocht uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit, gan dochar don ríomh nuashonraithe faoin 30 Meitheamh 2022:



    An ranníocaíocht uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit den AE

     

    le haghaidh 30 % den mhéid atá ar fáil

    le haghaidh 70 % den mhéid atá ar fáil (Méid táscach atá bunaithe ar Réamhaisnéisí Fhómhar 2020 ón gCoimisiún)

     

     

    Sciar mar % den iomlán

    Méid (in EUR 1 000 , praghsanna reatha)

    Sciar mar % den iomlán

    Méid (in EUR 1 000 , praghsanna reatha)

    Iomlán

    BE

    1,56 %

    3 646 437

    2,20 %

    2 278 834

    5 925 271

    BG

    1,98 %

    4 637 074

    1,58 %

    1 631 632

    6 268 706

    CZ

    1,51 %

    3 538 166

    3,41 %

    3 533 509

    7 071 676

    DK

    0,56 %

    1 303 142

    0,24 %

    248 604

    1 551 746

    DE

    6,95 %

    16 294 947

    9,01 %

    9 324 228

    25 619 175

    EE

    0,32 %

    759 715

    0,20 %

    209 800

    969 515

    IE

    0,39 %

    914 572

    0,07 %

    74 615

    989 186

    EL

    5,77 %

    13 518 285

    4,11 %

    4 255 610

    17 773 895

    ES

    19,88 %

    46 603 232

    22,15 %

    22 924 818

    69 528 050

    FR

    10,38 %

    24 328 797

    14,54 %

    15 048 278

    39 377 074

    HR

    1,98 %

    4 632 793

    1,61 %

    1 664 039

    6 296 831

    IT

    20,45 %

    47 935 755

    20,25 %

    20 960 078

    68 895 833

    CY

    0,35 %

    818 396

    0,18 %

    187 774

    1 006 170

    LV

    0,70 %

    1 641 145

    0,31 %

    321 944

    1 963 088

    LT

    0,89 %

    2 092 239

    0,13 %

    132 450

    2 224 690

    LU

    0,03 %

    76 643

    0,02 %

    16 883

    93 526

    HU

    1,98 %

    4 640 462

    2,45 %

    2 535 376

    7 175 838

    MT

    0,07 %

    171 103

    0,14 %

    145 371

    316 474

    NL

    1,68 %

    3 930 283

    1,96 %

    2 032 041

    5 962 324

    AT

    0,95 %

    2 231 230

    1,19 %

    1 230 938

    3 462 169

    PL

    8,65 %

    20 275 293

    3,46 %

    3 581 694

    23 856 987

    PT

    4,16 %

    9 760 675

    4,01 %

    4 149 713

    13 910 387

    RO

    4,36 %

    10 213 809

    3,90 %

    4 034 211

    14 248 020

    SI

    0,55 %

    1 280 399

    0,48 %

    496 924

    1 777 322

    SK

    1,98 %

    4 643 840

    1,63 %

    1 686 154

    6 329 994

    FI

    0,71 %

    1 661 113

    0,41 %

    424 692

    2 085 805

    SE

    1,24 %

    2 911 455

    0,36 %

    377 792

    3 289 248

    EU27

    100,00 %

    234 461 000

    100,00 %

    103 508 000

    337 969 000




    IARSCRÍBHINN V

    Treoirlínte measúnaithe don tSaoráid

    1.   Raon feidhme

    Is é is cuspóir leis na treoirlínte measúnaithe seo fónamh in éineacht leis an Rialachán seo mar bhunús don Choimisiún chun measúnú a dhéanamh - ar bhealach trédhearcach agus cóir - ar na tograí le haghaidh pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna moladh ag Ballstáit, agus chun an ranníocaíocht airgeadais a chinneadh i gcomhréir leis na cuspóirí agus le haon cheanglas ábhartha eile a leagtar síos sa Rialachán seo. Is ionann na treoirlínte seo agus an bunús d’fheidhmiú na gcritéar measúnaithe agus do chinneadh na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 19(3) agus in Airteagal 20(4) faoi seach.

    Tá na treoirlínte measúnaithe ceaptha chun:

    (a) 

    tuilleadh treorach a thabhairt maidir leis an bpróiseas measúnaithe ar na tograí le haghaidh pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh ag na Ballstáit;

    (b) 

    tuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis na critéir mheasúnaithe agus foráil a dhéanamh do chóras rátála, a bhunófar d’fhonn próiseas cothrom trédhearcach a áirithiú; agus

    (c) 

    sainiú a thabhairt ar an nasc idir an measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún faoi na critéir mheasúnaithe agus cinneadh na ranníocaíochta airgeadais atá le leagan amach i dtogra an Choimisiúin le haghaidh cinneadh ón gComhairle i ndáil leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta.

    Is uirlis atá sna treoirlínte chun éascú a dhéanamh ar mheasúnú an Choimisiúin ar na tograí le haghaidh pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh ag na Ballstáit, agus chun a áirithiú go dtacaíonn na pleananna téarnaimh agus athléimneachta le hathchóirithe agus le hinfheistíocht phoiblí atá ábhartha agus a bhfuil breisluach ard ag baint leo maidir le cuspóirí na Saoráide, agus cóir chothrom á háirithiú i measc na mBallstát ag an am céanna.

    2.   Critéir mheasúnaithe

    I gcomhréir le hAirteagal 19(3), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi critéir na hábharthachta, na héifeachtachta, na héifeachtúlachta agus an chomhleanúnachais. Mar thoradh ar an bpróiseas measúnaithe tabharfaidh an Coimisiún rátálacha ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna dtíolacadh ag na Ballstáit, faoi gach critéar measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 19(3), d’fhonn an leithdháileadh airgeadais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 20(4).

    Ar mhaithe leis an tsimplíocht agus leis an éifeachtúlacht, is é raon an chórais rátála A go C, mar a leagtar amach anseo thíos:

    Ábharthacht:

    2.1.

    Is ionann an plean téarnaimh agus athléimneachta agus freagairt chuimsitheach agus chuí-chothromaithe ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta, lena rannchuideofar go hiomchuí, dá bhrí sin, le gach ceann den sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3, agus dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh.

    Tabharfaidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

    Raon feidhme

    — 
    rannchuidítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta ar bhealach cuimsitheach agus cothrom leis na sé cholún dá dtagraítear in Airteagal 3, agus dúshláin shonracha an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh agus ranníocaíocht airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus an tacaíocht iasachta a iarradh á gcur san áireamh.

    Rátáil

    A – 

    meastar go láidir go mbeidh sé sin i gceist.

    B – 

    meastar go measartha go mbeidh sé sin i gceist

    C – 

    is beag a mheastar go mbeidh sé sin i gceist

    2.2

    Meastar go rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar gach dúshlán nó ar fhothacar mór acu a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, lena n-áirítear gnéithe fioscacha díobh agus moltaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 i gcás inarb iomchuí, arna ndíriú ar an mBallstát lena mbaineann nó dúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an Seimeastair Eorpaigh.

    Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

    Raon feidhme

    — 
    Meastar go rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile nó le fothacar suntasach de dhúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha ábhartha, lena n-áirítear gnéithe fioscacha díobh, agus sna moltaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh 1176/2011 i gcás inarb iomchuí a dhírítear chuig an Ballstát lena mbaineann nó na dúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an Seimeastair Eorpaigh, ag cur san áireamh ranníocaíocht airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus an tacaíocht iasachta a iarradh chomh maith le raon feidhme agus scála na ndúshlán a bhaineann go sonrach le tír faoi leith agus an fhaisnéis atá sa Chlár Náisiúnta um Athchóiriú;

    agus

    — 
    is freagairt chuimsitheach agus leormhaith atá sa phlean téarnaimh agus athléimneachta ar chás eacnamaíoch agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann;

    agus

    — 
    mheasfaí go bhfuil na fadhbanna a dtugann an plean téarnaimh agus athléimneachta aghaidh orthu suntasach chun borradh a chur faoi acmhainneacht fáis gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann ar bhealach inbhuanaithe;

    agus

    — 
    tar éis na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe a bheith tugtha chun críche, bheifí ag súil go mbeadh na dúshláin ghaolmhara fuascailte nó sáraithe ar bhealach sásúil lena rannchuideofar go suntasach lena réiteach.

    Rátáil

    A – 

    rannchuidíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile nó le fothacar suntasach de dhúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha, nó na dúshláin i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún faoin Seimeastar Eorpach, agus is freagairt chuimsitheach agus leormhaith atá sa phlean téarnaimh agus athléimneachta ar chás eacnamaíoch agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann.

    B – 

    rannchuidíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh a thabhairt go páirteach ar dhúshláin uile nó le fothacar suntasach de dhúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha, nó na dúshláin i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún faoin Seimeastar Eorpach, agus is freagairt nach leor ach go páirteach atá sa phlean téarnaimh agus athléimneachta ar chás eacnamaíoch agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann.

    C – 

    Ní rannchuidíonn an plean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha, nó i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún faoin Seimeastar Eorpach, agus ní freagairt leormhaith atá sa phlean téarnaimh agus athléimneachta ar chás eacnamaíoch agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann.

    2.3.

    Meastar go rannchuideoidh an plean go héifeachtach le hacmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht eacnamaíoch institiúideach agus shóisialta an Bhallstáit a neartú, lena rannchuideofar le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear trí bheartais a chur chun cinn maidir le leanaí agus an óige, agus le maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na géarchéime, agus feabhas á chur, ar an gcaoi sin, leis an gcomhtháthú agus leis an gcóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach laistigh den Aontas;

    Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar seo:

    Raon feidhme

    — 
    tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta arb é is aidhm dóibh fás eacnamaíoch agus comhtháthú eacnamaíoch a chothú ar bhealach cuimsitheach, go háirithe aghaidh a thabhairt ar laigí i ngeilleagair na mBallstát, borradh a chur faoi acmhainneacht fáis gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann, cruthú post a spreagadh agus drochthionchair na géarchéime a mhaolú;

    agus

    — 
    tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta arb é is aidhm dóibh comhtháthú sóisialta agus córais cosanta sóisialta a neartú, lena n-áirítear beartais do leanaí agus don óige, leochaileachtaí sóisialta a laghdú, rannchuidiú le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus rannchuidiú le feabhas a chur ar leibhéil tháscairí a Scórchláir Shóisialta;

    agus

    — 
    tá an plean téarnaimh agus athléimneachta dírithe ar leochaileachtaí eacnamaíocha an Bhallstáit i leith suaití a laghdú,

    agus

    — 
    tá an plean téarnaimh agus athléimneachta dírithe ar acmhainneacht struchtúir eacnamaíocha agus/nó sóisialta agus institiúidí an Bhallstáit chun dul i ngleic le suaití agus chun seasamh ina gcoinne a mhéadú

    agus

    — 
    meastar go rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta leis an gcomhtháthú agus cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a fheabhsú.

    Rátáil

    A – 

    tionchar ionchasach ard

    B – 

    tionchar ionchasach meánach

    C – 

    tionchar ionchasach íseal

    2.4.

    Meastar go n-áiritheofar leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta nach ndéanfaidh aon bheart le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus tionscadal infheistíochtaí a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 (‘an prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh’);

    Tabharfaidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

    Raon feidhme

    — 
    ní dhéanfaidh aon bheart le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus tionscadal infheistíochta a áirítear sa phlean dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 (an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’).

    Rátáil

    A – 

    ní dhéanann aon bheart dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil (‘an prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh’).

    C – 

    déanann beart amháin nó níos mó dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil (an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’).

    2.5.

    Tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta lena rannchuidítear go héifeachtach leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus cibé arb ionann an méid atá i gceist leo agus 37% ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa; úsáidfear an mhodheolaíocht dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn VI; féadfar na comhéifeachtaí don tacaíocht do na cuspóirí aeráide a mhéadú suas go dtí suim iomlán de 3 % de leithdháileadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí aeráide go mór a chur san áireamh, faoi réir chomhaontú an Choimisiúin.

    Tabharfaidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

    Raon feidhme

    — 
    meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go héifeachtach leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus ar an gcaoi sin go rannchuideodh sé le spriocanna aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus cuspóir neodracht aeráide Aontais á chomhlíonadh ag an am céanna faoi 2050;

    agus

    — 
    cuireann na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm arb éard atá i gceist léi ualú sonrach a shannadh don tacaíocht a tugadh, rud a léiríonn a mhéid a rannchuidíonn an tacaíocht sin le cuspóirí aeráide. Bunófar na hualuithe ar thoisí agus ar chóid na gcineálacha idirghabhála a bhunaítear in Iarscríbhinn VI agus féadfar iad a mhéadú le haghaidh infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain um athchóiriú a chur san áireamh a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí aeráide ar bhealach inchreidte. Úsáidfear an córas ualaithe céanna i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála atá liostaithe in Iarscríbhinn VI.

    agus

    — 
    meastar go mbeidh tionchar buan ag cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe.

    Rátáil

    A – 

    meastar go láidir go mbeidh sé sin i gceist

    B – 

    meastar go measartha go mbeidh sé sin i gceist

    C – 

    is beag a mheastar go mbeidh sé sin i gceist

    2.6.

    Tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta lena rannchuidítear go héifeachtach leis an aistriú digiteach, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as, agus cibé arb ionann an méid atá i gceist leo agus 20% ar a laghad de leithdháileadh iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh clibeáil dhigiteach a leagtar amach in IarscríbhinnVII; úsáidfear an mhodheolaíocht sin dá réir sin i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála a liostaítear in IarscríbhinnVII; féadfar na comhéifeachtaí le haghaidh na tacaíochta do na cuspóirí digiteacha a mhéadú i gcomhair infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain athchóirithe lena gcuirtear lena dtionchar ar na cuspóirí digiteacha a chur san áireamh;

    Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

    Raon feidhme

    — 
    meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go suntasach le haistriú digiteach earnálacha eacnamaíocha nó sóisialta;

    — 
    meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go suntasach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascróidh as an aistriú digiteach

    agus

    — 
    Cuireann na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm arb éard atá i gceist léi ualú sonrach a shannadh don tacaíocht a tugadh, rud a léiríonn a mhéid a rannchuidíonn an tacaíocht sin le cuspóirí digiteacha. Bunófar na hualuithe ar thoisí agus ar chóid na gcineálacha idirghabhála a bhunaítear in Iarscríbhinn VII agus féadfar iad a mhéadú le haghaidh infheistíochtaí aonair chun bearta tionlacain um athchóiriú a chur san áireamh a mhéadaíonn a dtionchar ar na cuspóirí digiteacha. Úsáidfear an córas ualaithe céanna i gcás bearta nach féidir a shannadh go díreach do réimse idirghabhála atá liostaithe in IarscríbhinnVII.

    agus

    — 
    meastar go mbeidh tionchar buan ag cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe.

    Rátáil

    A – 

    meastar go láidir go mbeidh sé sin i gceist

    B – 

    meastar go measartha go mbeidh sé sin i gceist

    C – 

    is beag a mheastar go mbeidh sé sin i gceist

    Éifeachtacht:

    2.7.

    Meastar go mbeidh tionchar buan ag an bplean téarnaimh agus athléimneachta ar an mBallstát lena mbaineann;

    Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

    Raon feidhme

    — 
    meastar go mbeidh athrú struchtúrach ann maidir leis an riarachán nó leis na hinstitiúidí lena mbaineann mar thoradh ar chur chun feidhme na mbeart atá beartaithe;

    — 
    meastar go mbeidh athrú struchtúrach ann maidir le beartais lena mbaineann mar thoradh ar chur chun feidhme na mbeart atá beartaithe;

    agus

    — 
    meastar go mbeidh tionchar buan ag cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe.

    Rátáil

    A – 

    meastar go láidir go mbeidh sé sin i gceist

    B – 

    meastar go measartha go mbeidh sé sin i gceist

    C – 

    is beag a mheastar go mbeidh sé sin i gceist

    2.8.

    Meastar go n-áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag na Ballstáit lena mbaineann faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach an phlean téarnaimh agus athléimneachta, lena n-áirítear an tráthchlár atá beartaithe, na clocha míle agus na spriocanna, agus na táscairí gaolmhara.

    Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

    Raon feidhme

    — 
    sanntar tasc do struchtúr laistigh den Bhallstát chun: (i) an plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme; (ii) faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na gcloch míle agus na spriocanna; agus (iii) tuairisciú a fheidhmiú;

    agus

    — 
    tá na clocha míle agus na spriocanna atá beartaithe soiléir agus réalaíoch; agus tá na táscairí atá beartaithe do na garspriocanna agus do na spriocanna sin ábhartha, inghlactha agus láidir;

    agus

    — 
    na socruithe foriomlána, atá molta ag na Ballstáit ó thaobh eagrúcháin de (lena n-áirítear foráil chun leithdháileadh foirne leordhóthanach a áirithiú) maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí, tá siad inchreidte.

    Rátáil

    A – 

    socruithe leormhaithe do chur chun feidhme éifeachtach

    B – 

    socruithe íosta do chur chun feidhme éifeachtach

    C – 

    socruithe neamhdhóthanacha do chur chun feidhme éifeachtach

    Éifeachtúlacht:

    2.9.

    Tá an réasúnú arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta arna thíolacadh réasúnta agus inchreidte agus tá sé i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta.

    Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

    Raon feidhme

    — 
    sholáthair an Ballstát faisnéis agus fianaise leordhóthanach go bhfuil méid chostais measta iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta iomchuí (réasúnta);

    agus

    — 
    sholáthair an Ballstát faisnéis agus fianaise leordhóthanach go bhfuil méid chostais measta iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir le nádúr agus cineál na n-athchóirithe agus na n-infheistíochta atá beartaithe (inchreidte).

    agus

    — 
    sholáthair an Ballstát faisnéis agus fianaise leordhóthanach nach bhfuil méid chostais measta iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá le maoiniú faoin tSaoráid cuimsithe le maoiniú reatha nó beartaithe an Aontais.

    agus

    — 
    tá méid chostais measta iomlán an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir leis an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a mheastar a bheidh ag na bearta atá beartaithe a áirítear sa phlean.

    Rátáil

    A – 

    tá sé sin i gceist go láidir

    B – 

    tá sé sin i gceist go measartha láidir

    C – 

    is beag atá sé sin i gceist

    2.10.

    Meastar go ndéanfaidh na socruithe atá molta ag an mBallstát lena mbaineann coinbhleachtaí leasa, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid, agus na socruithe sin a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile an Aontais a sheachaint;

    Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar seo:

    Raon feidhme

    — 
    tá an córas rialaithe inmheánaigh a bhfuil tuairisc air sa phlean téarnaimh agus athléimneachta bunaithe ar phróisis agus ar struchtúir láidre, agus sainaithnítear ann gníomhaithe soiléire (comhlachtaí/eintitis) agus a róil agus a bhfreagrachtaí i ndáil le feidhmiú na gcúraimí rialaithe inmheánaigh; áirithíonn sé go háirithe leithscaradh iomchuí na bhfeidhmeanna ábhartha;

    agus

    — 
    is leormhaith é an córas rialuithe agus socruithe ábhartha eile, lena n-áirítear chun sonraí faoi fhaighteoirí deiridh a bhfuil tuairisc orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhailiú agus a chur ar fáil, go háirithe chun éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí arna soláthar faoin tSaoráid;

    agus

    — 
    is leormhaith iad na socruithe a bhfuil tuairisc orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta chun cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint;

    agus

    — 
    tá an chumhacht dhlíthiúil agus an cumas riaracháin ag na gníomhaithe (comhlachtaí/eintitis) atá freagrach as rialuithe chun na róil agus na cúraimí dá bhforáiltear dóibh a fheidhmiú.

    Rátáil

    A – 

    socruithe leormhaithe

    C – 

    Socruithe neamhdhóthanacha

    Comhleanúnachas:

    2.11.

    Tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha agus tionscadal infheistíochta poiblí ar gníomhaíochtaí comhleanúnacha iad.

    Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe faoin gcritéar sin:

    Raon feidhme

    — 
    tá bearta sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a rannchuidíonn le héifeachtaí a chéile a dhaingniú.

    — 
    áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta bearta atá comhlántach lena chéile.

    Rátáil

    A – 

    tá sé sin i gceist go láidir

    B – 

    tá sé sin i gceist go measartha láidir

    C – 

    is beag atá sé sin i gceist

    3.

    An ranníocaíocht airgeadais a chinneadh

    I gcomhréir le hAirteagal 20, is é an togra ón gCoimisiún a chinnfidh an ranníocaíocht airgeadais agus é ag cur san áireamh thábhacht agus chomhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá beartaithe ag an mBallstát lena mbaineann, arna mheasúnú faoi na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3). Is chun na críche sin a chuirfidh sé na critéir seo a leanas i bhfeidhm:

    (a) 

    i gcás ina gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3) go sásúil, agus ina bhfuil méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta comhionann le, nó níos airde ná, an ranníocaíocht uasta airgeadais arna ríomh le haghaidh an Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 11, beidh an ranníocaíocht uasta airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát lena mbaineann comhionann le méid iomlán na ranníocaíochta uasta airgeadais arna ríomh don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 11;

    (b) 

    i gcás ina gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(3) go sásúil, agus ina bhfuil méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta níos ísle ná an ranníocaíocht uasta airgeadais arna ríomh le haghaidh an Bhallstáit sin i gcomhréir le hAirteagal 11, beidh an ranníocaíocht uasta airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát lena mbaineann comhionann le méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta;

    (c) 

    i gcás nach gcomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta go sásúil na critéir atá leagtha amach in Airteagal 19(3), ní dhéanfar aon ranníocaíocht airgeadais a leithdháileadh ar an mBallstát lena mbaineann.

    ▼C1

    Chun críoch chur chun feidhme na míre seo, beidh feidhm ag na foirmlí seo a leanas:

    — 
    le haghaidh (a) thuas: Má tá Ci ≥ MFCi faigheann Ballstát i MFCi
    — 
    le haghaidh (b) thuas: Má tá Ci < MFCi faigheann Ballstát i Ci

    i gcás:

    — 
    ina dtagraíonn i don Bhallstát lena mbaineann
    — 
    inarb é MFC an ranníocaíocht uasta airgeadais don Bhallstát lena mbaineann
    — 
    inarb é C méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta.

    ▼B

    Mar thoradh ar an bpróiseas measúnaithe, agus ag cur san na rátálacha san áireamh:

    Comhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta go sásúil na critéir mheasúnaithe:

    Má áirítear leis an rátáil deiridh le haghaidh na gcritéar faoi phointe 2 scóir agus:

    — 
    grád A le haghaidh chritéir 2.2, 2.3, 2.5 agus 2.6;

    agus le haghaidh na gcritéar eile:

    — 
    gráid A ar fad,

    — 
    gan aon tromlach de ghráid B i gcomórtas le gráid A, agus gan C ar bith,

    Ní chomhlíonann an plean téarnaimh agus athléimneachta go sásúil na critéir mheasúnaithe:

    Má áirítear leis an rátáil deiridh le haghaidh na gcritéar faoi phointe 2 scóir agus:

    — 
    gan grád A i gcritéir 2.2, 2.3, 2.5 agus 2.6;

    agus le haghaidh na gcritéar eile:

    — 
    gráid B den chuid is mó seachas gráid A

    — 
    C amháin ar a laghad




    IARSCRÍBHINN VI

    Modheolaíocht le haghaidh rianú aeráide

    Toisí agus cóid le haghaidh na gcineálacha idirghabhála don Saoráid



     

    RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

    Comhéifeacht chun an tacaíocht do chuspóirí an athraithe aeráide a ríomh

    Comhéifeacht chun an tacaíocht do na cuspóirí comhshaoil a ríomh

    001

    Infheistíocht i sócmhainní seasta, lena n-áirítear bonneagar taighde, i micrifhiontair a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

    0%

    0 %

    002

    Infheistíocht is sócmhainní seasta, lena n-áirítear bonneagar taighde, i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (lárionaid taighde phríobháideacha san áireamh) a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

    0%

    0 %

    002 a1

    Infheistíocht i sócmhainní seasta i bhfiontair (1) mhóra a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear bonneagar taighde

    0%

    0 %

    003

    Infheistíocht i sócmhainní seasta, lena n-áirítear bonneagar taighde, i lárionaid taighde poiblí agus in ardoideachas phoiblí a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

    0%

    0 %

    004

    Infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe i micrifhiontair a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

    0%

    0 %

    005

    Infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe i FBManna (lárionaid taighde phríobháideacha san áireamh) a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

    0%

    0 %

    005a1

    Infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe i bhfiontair mhóra a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

    0%

    0 %

    006

    Infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe i lárionaid taighde phoiblí agus in ardoideachas poiblí a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

    0%

    0 %

    007

    Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i micrifhiontair, líonrú san áireamh (taighde tionsclaíoch, forbairt thurgnamhach, staidéir indéantachta)

    0%

    0 %

    008

    Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i FBManna, líonrú san áireamh

    0%

    0 %

    008a1.

    Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i bhfiontair mhóra, líonrú san áireamh

    0%

    0 %

    009

    Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta in ionaid taighde phoiblí, ardoideachais agus in ionaid inniúlachta, líonrú san áireamh (taighde tionsclaíoch, forbairt thurgnamhach, staidéir indéantachta)

    0%

    0 %

    010

    FBManna digitithe (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, mol nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht)

    0%

    0 %

    010a1

    Fiontair mhóra a dhigitiú (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, moil nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht)

    0%

    0 %

    010b

    FBManna nó fiontair mhóra a dhigitiú (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, moil nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht) i gcomhréir le laghdú astaíochtaí GCT nó critéir éifeachtúlachta fuinnimh (2)

    40 %

    0%

    011

    Réitigh TFC, ríomhsheirbhísí, feidhmchláir rialtais

    0 %

    0 %

    011a

    Réitigh TFC, ríomhsheirbhísí, feidhmchláir rialtais a chomhlíonann laghdú astaíochtaí GCT nó critéir éifeachtúlachta fuinnimh (2)

    40 %

    0%

    012

    Seirbhísí agus feidhmchláir ríomhaireachta le haghaidh scileanna digiteach agus cuimsiú digiteach

    0 %

    0 %

    013

    Ríomhsheirbhísí sláinte agus feidhmchláir sláinte (lena n-áirítear ríomh-Chúram, Idirlíon na Rudaí Nithiúla le haghaidh gníomhaíocht fhisiciúil agus maireachtáil chuidithe chomhthimpeallach)

    0 %

    0 %

    014

    Bonneagar gnó le haghaidh FBManna (lena n-áirítear páirceanna agus láithreáin thionsclaíocha)

    0 %

    0 %

    015

    Forbairt gnó agus idirnáisiúnú FBManna, lena n-áirítear infheistíochtaí táirgiúla

    0 %

    0 %

    015a

    Tacaíocht d’fhiontair mhóra trí ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear infheistíochtaí táirgiúla

    0 %

    0%

    016

    Scileanna a fhorbairt le haghaidh speisialtóireacht chliste, aistriú tionsclaíoch, fiontraíocht agus inoiriúnaitheacht fiontar i leith an athraithe

    0 %

    0 %

    017

    Ardseirbhísí tacaíochta le haghaidh FBManna agus grúpaí FBManna (lena n-áirítear seirbhísí bainistíochta, margaíochta agus dearaidh)

    0 %

    0 %

    018

    Goradh, tacaíocht do sheach-chuideachtaí agus mac-chuideachtaí agus gnólachtaí nua-thionscanta

    0 %

    0 %

    019

    Tacaíocht do bhraislí nuálaíochta lena n-áirítear idir gnólachtaí, eagraíochtaí taighde agus údaráis phoiblí agus líonraí gnó a théann chun tairbhe FBManna den chuid is mó

    0 %

    0 %

    020

    Próisis nuálaíochta i FBManna (nuálaíocht próiseas, eagraíochtúil, margaíochta, chomhchruthaithe, úsáideoirí agus bunaithe ar éileamh)

    0 %

    0 %

    021

    Aistriú teicneolaíochta agus comhar idir fiontair, lárionaid taighde agus an earnáil ardoideachais

    0 %

    0 %

    022

    Próisis taighde agus nuálaíochta, aistriú teicneolaíochta agus comhar idir fiontair a bhíonn ag díriú ar an ngeilleagar ísealcharbóin, buanseasmhacht agus oiriúnú don athrú aeráide

    100 %

    40 %

    023

    Próisis taighde agus nuálaíochta, aistriú teicneolaíochta agus comhar idir fiontair a bhíonn ag díriú ar an ngeilleagar ísealcharbóin

    40 %

    100 %

    024

    Éifeachtúlacht fuinnimh agus tionscadail taispeána in FBManna agus bearta tacaíochta

    40 %

    40 %

    024a

    Éifeachtúlacht fuinnimh agus tionscadail taispeána i bhfiontair mhóra agus bearta tacaíochta

    40 %

    40 %

    024b

    Éifeachtúlacht fuinnimh agus tionscadail taispeána in FBManna nó i bhfiontair mhóra agus bearta tacaíochta i gcomhréir le critéir éifeachtúlachta fuinnimh (3)

    100 %

    40%

    025

    Athchóiriú fuinneamh-éifeachtúil ar an stoc tithíochta atá ann cheana, tionscadail taispeána agus bearta tacaíochta

    40 %

    40 %

    025a

    Athchóiriú fuinneamh-éifeachtúil ar an stoc tithíochta atá ann cheana, tionscadail taispeána agus bearta tacaíochta i gcomhréir le critéir éifeachtálachta fuinnimh (4)

    100 %

    40%

    025b

    Tógáil foirgneamh nua atá tíosach ar fhuinneamh (5)

    40 %

    40%

    026

    Athchóiriú fuinneamh-éifeachtúil nó bearta éifeachtúlachta fuinnimh maidir le bonneagar poiblí, tionscadail taispeána agus bearta tacaíochta

    40 %

    40 %

    026a

    Athchóiriú fuinneamh-éifeachtúil nó bearta éifeachtúlachta fuinnimh maidir le bonneagar poiblí, tionscadail taispeána agus bearta tacaíochta i gcomhréir le critéir éifeachtúlachta fuinnimh (6)

    100 %

    40%

    027

    Tacaíocht d’fhiontair a sholáthraíonn seirbhísí a chuidíonn leis an ngeilleagar ísealcharbóin agus leis an athléimneacht i gcoinne athrú na haeráide, lena n-áirítear bearta múscailte feasachta

    100 %

    40 %

    028

    Fuinneamh in-athnuaite gaoth

    100 %

    40 %

    029

    Fuinneamh in-athnuaite gréine

    100 %

    40 %

    030

    Fuinneamh in-athnuaite bithmhaise (7)

    40 %

    40 %

    030a

    Fuinneamh in-athnuaite bithmhais lena ngabhann ardlaghdú GCT (8)

    100 %

    40%

    031

    Fuinneamh in-athnuaite muirí

    100 %

    40 %

    032

    Fuinneamh in-athnuaite eile (lena n-áirítear fuinneamh geoiteirmeach)

    100 %

    40 %

    033

    Córais Cliste Fuinnimh (eangacha cliste agus córais TFC chliste san áireamh) agus stóráil ghaolmhar

    100 %

    40 %

    034

    Comhghiniúint ardéifeachtúlachta, téamh ceantair agus fuarú ceantair

    40 %

    40 %

    034a0

    Comhghiniúint ardéifeachtúlachta, téamh ceantair agus fuarú ceantair éifeachtúil lena ngabhann astaíochtaí saolré ísle (9)

    100 %

    40%

    034a1

    Córais teasa bunaithe ar ghás a chur in áit córais atá bunaithe ar ghual chun an t-athrú aeráide a mhaolú

    0 %

    0 %

    034a2

    Dáileadh agus iompar gáis nádúrtha a thagann in ionad guail

    0 %

    0 %

    035

    Bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chosc agus a bhainistiú: tuilte (lena n-áirítear ardú feasachta, córais cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí, bonneagair agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais)

    100 %

    100 %

    036

    Bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chosc agus a bhainistiú: dóiteáin (lena n-áirítear ardú feasachta, córais cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí, bonneagair agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais)

    100 %

    100 %

    037

    Bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chosc agus a bhainistiú: eile, e.g. stoirmeacha agus triomach (lena n-áirítear ardú feasachta, córais cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí, bonneagair agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais)

    100 %

    100 %

    038

    Rioscaí a chosc agus a bhainistiú i ndáil le rioscaí nádúrtha nach mbaineann leis an aeráid (is iad sin creathanna talún) agus rioscaí atá nasctha le gníomhaíochtaí an duine (mar shampla tubaistí teicneolaíocha), ardú feasachta, córais agus bonneagair cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí san áireamh, bonneagair agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais

    0 %

    100 %

    039

    Soláthar uisce lena chaitheamh ag an duine (bonneagar eastósctha, cóireála, stórála agus dáilte, bearta éifeachtúlachta, soláthar uisce óil)

    0 %

    100 %

    039a

    Soláthar uisce lena chaitheamh ag an duine (bonneagar eastósctha, cóireála, stórála agus dáilte, bearta éifeachtúlachta, soláthar uisce óil) i gcomhréir le critéir éifeachtúlachta (10)

    40 %

    100 %

    040

    Bainistiú uisce agus caomhnú acmhainní uisce (bainistiú abhantracha, bearta sonracha don oiriúnú don athrú aeráide, athúsáid, laghdú ar sceitheadh san áireamh)

    40 %

    100 %

    041

    Bailiú agus cóireáil fuíolluisce

    0 %

    100 %

    041a

    Bailiú agus cóireáil fuíolluisce a chomhlíonann na critéir éifeachtúlachta fuinnimh (11)

    40 %

    100 %

    042

    Bainistiú dramhaíola tí: bearta don chosc, íoslaghdú, sórtáil, athúsáid, athchúrsáil

    40 %

    100%

    042a

    Bainistiú dramhaíola tí: Bainistiú dramhaíola iarmharaigh:

    0 %

    100%

    044

    Bainistiú dramhaíola tionsclaíche, tráchtála: bearta don chosc, íoslaghdú, sórtáil, athúsáid, athchúrsáil

    40 %

    100 %

    044a

    Bainistiú dramhaíola tionsclaíche, tráchtála: dramhaíl iarmharach agus ghuaiseach

    0 %

    100 %

    045

    Úsáid ábhar athchúrsáilte mar amhábhair a chur chun cinn

    0 %

    100 %

    045a

    Ábhair athchúrsáilte a úsáid mar amhábhair a chomhlíonann na critéir éifeachtúlachta (12)

    100 %

    100 %

    046

    Láithreáin thionsclaíocha agus talamh éillithe a athshlánú

    0 %

    100 %

    046a

    Láithreáin thionsclaíocha agus talamh éillithe a athshlánú i gcomhréir leis na critéir éifeachtúlachta (13)

    40 %

    100 %

    047

    Tacaíocht le haghaidh próisis táirgeachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus éifeachtúlacht acmhainní in FBManna

    40 %

    40 %

    047a

    Tacaíocht le haghaidh próisis táirgeachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus éifeachtúlacht acmhainní i bhfiontair mhóra

    40 %

    40 %

    048

    Bearta cháilíocht an aeir agus laghdaithe torainn

    40 %

    100 %

    049

    Cosaint, athchóiriú agus úsáid inbhuanaithe láithreáin Natura 2000.

    40 %

    100 %

    050

    Cosaint an dúlra agus na bithéagsúlachta, oidhreacht nádúrtha agus acmhainní nádúrtha, bonneagar glas agus gorm

    40 %

    100 %

    051

    TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (an líonra cnámh droma/aisiompair)

    0 %

    0 %

    052

    TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an pointe dáileacháin le haghaidh áitribh ilteaghaisí)

    0 %

    0 %

    053

    TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an pointe dáileacháin le haghaidh tithe agus áitribh ghnó)

    0 %

    0 %

    054

    TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an stáisiún bunáite le haghaidh cumarsáid gan sreang ardleibhéil)

    0 %

    0 %

    055

    TFC: Bonneagar TFC de chineálacha eile (acmhainní/trealamh mórscála ríomhaireachta, áiseanna taighde ríomh-bhonneagair, lárionaid taighde, braiteoirí agus trealamh gan sreang eile san áireamh)

    0 %

    0 %

    055a

    TFC: Bonneagar TFC de chineálacha eile (acmhainní/trealamh mórscála ríomhaireachta, áiseanna taighde ríomh-bhonneagair, lárionaid taighde, braiteoirí agus trealamh gan sreang eile san áireamh) i gcomhréir leis na critéir um laghdú astaíochtaí carbóin agus éifeachtúlacht fuinnimh (2)

    40 %

    0 %

    056

    Mótarbhealaí agus bóithre nuathógtha nó uasghrádaithe - croíghréasán TEN-Tk (14)

    0 %

    0 %

    057

    Mótarbhealaí agus bóithre nuathógtha nó uasghrádaithe - gréasán cuimsitheach TEN-T

    0 %

    0 %

    058

    Bóithre tánaisteacha nuathógtha nó uasghrádaithe a nascann le gréasán bóithre agus nóid TEN-T

    0 %

    0 %

    059

    Bóithre náisiúnta, réigiúnacha agus rochtana áitiúla nuathógtha nó uasghrádaithe eile

    0 %

    0 %

    060

    Mótarbhealaí agus bóithre atógtha nó nuachóirithe - croíghréasán TEN-T

    0 %

    0 %

    061

    Mótarbhealaí agus bóithre atógtha nó nuachóirithe - gréasán cuimsitheach TEN-T

    0 %

    0 %

    062

    Bóithre atógtha nó nuachóirithe eile (mótarbhealaí, bóithre náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla)

    0 %

    0 %

    063

    Iompar a dhigitiú: bóithre

    0 %

    0 %

    063a

    Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: bóithre

    40 %

    0%

    064

    Iarnróid nuathógtha nó uasghrádaithe - croíghréasán TEN-T

    100 %

    40 %

    065

    Iarnróid nuathógtha nó uasghrádaithe - gréasán cuimsitheach TEN-T

    100 %

    40 %

    066

    Iarnróid nuathógtha nó uasghrádaithe eile

    40 %

    40 %

    066a

    Iarnróid nuathógtha nó uasghrádaithe eile – astaíocht leictreach/nialasach (15)

    100 %

    40%

    067

    Iarnróid atógtha nó nuachóirithe - croíghréasán TEN-T

    100 %

    40 %

    068

    Iarnróid atógtha nó nuachóirithe - gréasán cuimsitheach TEN-T

    100 %

    40 %

    069

    Iarnróid atógtha nó nuachóirithe eile

    40 %

    40 %

    069a

    Iarnróid eile atógtha nó nuachóirithe – astaíocht leictreach/nialasach (15)

    100 %

    40%

    070

    Iompar a dhigitiú: iarnród

    40 %

    0 %

    071

    An Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS)

    40 %

    40 %

    072

    Sócmhainní soghluaiste iarnróid

    0 %

    40 %

    072a

    Astaíochtaí nialasacha/sócmhainní iarnróid arna gcumhachtú go leictreach (16)

    100 %

    40%

    073

    Bonneagar don iompar uirbeach glan (17)

    100 %

    40 %

    074

    Rothstoc don iompar uirbeach glan (18)

    100 %

    40 %

    075

    Bonneagar rothaíochta

    100 %

    100 %

    076

    Iompar uirbeach a dhigitiú

    0 %

    0 %

    076a

    Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: iompar uirbeach

    40 %

    0%

    077

    Bonneagar breoslaí ionadúla (19)

    100 %

    40 %

    078

    Iompar ilmhódach (TEN-T)

    40 %

    40 %

    079

    Iompar ilmhódach (neamh-uirbeach)

    40 %

    40 %

    080

    Calafoirt (TEN-T)

    0 %

    0 %

    080a

    Calafoirt (TEN-T) seachas saoráidí atá tiomnaithe d’iompar breoslaí iontaise

    40 %

    0%

    081

    Calafoirt eile

    0 %

    0 %

    081a

    Calafoirt eile seachas saoráidí atá tiomnaithe d’iompar breoslaí iontaise

    40 %

    0%

    082

    Uiscebhealaí intíre agus calafoirt (TEN-T)

    0 %

    0 %

    082a

    Uiscebhealaí intíre agus calafoirt (TEN-T) seachas saoráidí atá tiomnaithe d’iompar breoslaí iontaise

    40 %

    0%

    083

    Uiscebhealaí intíre agus calafoirt (réigiúnacha agus áitiúla)

    0 %

    0 %

    083a0

    Uiscebhealaí intíre agus calafoirt (TEN-T) seachas saoráidí atá tiomnaithe d’iompar breoslaí iontaise

    40 %

    0%

    083a1

    Córais slándála, sábháilteachta agus bainistíochta aerthráchta, le haghaidh aerfoirt atá ann cheana

    0 %

    0 %

    084

    Iompar a dhigitiú: móid eile iompair

    0 %

    0 %

    084a

    Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: móid eile iompair

    40 %

    0%

    085

    Bonneagar d’oideachas agus cúram na luathóige

    0 %

    0 %

    086

    Bonneagar don oideachas bunscoile agus meánscoile

    0 %

    0 %

    087

    Bonneagar don oideachas treasach

    0 %

    0 %

    088

    Bonneagar don ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus don oideachas aosach

    0 %

    0 %

    089

    Bonneagar tithíochta le haghaidh imirceach, dídeanaithe agus daoine atá faoi chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil iarratas uirthi á cur isteach acu

    0 %

    0 %

    090

    Bonneagar tithíochta (seachas le haghaidh imircigh, dídeanaithe agus daoine atá faoi chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil iarratas uirthi á cur isteach acu)

    0 %

    0 %

    091

    Bonneagar sóisialta eile a chuidíonn le cuimsiú sóisialta sa phobal

    0 %

    0 %

    092

    Bonneagar sláinte

    0 %

    0 %

    093

    Trealamh sláinte

    0 %

    0 %

    094

    Sócmhainní soghluaiste sláinte

    0 %

    0 %

    095

    Digitiú sa chúram sláinte

    0 %

    0%

    096

    Bonneagar fáiltithe sealadach le haghaidh imircigh, dídeanaithe agus daoine atá faoi chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil iarratas uirthi á cur isteach acu

    0 %

    0 %

    097

    Bearta chun an rochtain ar fhostaíocht a fheabhsú

    0 %

    0 %

    098

    Bearta chun rochtain ar fhostaíocht daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chur chun cinn

    0 %

    0 %

    099

    Tacaíocht shonrach don fhostaíocht don aos óg agus do lánpháirtiú socheacnamaíoch daoine óga

    0 %

    0 %

    100

    Tacaíocht don fhéinfhostaíocht agus chun gnó a chur ar bun

    0 %

    0 %

    101

    Tacaíocht don gheilleagar sóisialta agus d’fhiontair shóisialta

    0 %

    0 %

    102

    Bearta chun institiúidí agus seirbhísí an mhargaidh saothair a nuachóiriú agus a neartú chun riachtanais scileanna a mheasúnú agus a dhéanamh amach roimh ré agus chun cúnamh tráthúil agus saincheaptha a áirithiú

    0 %

    0 %

    103

    Tacaíocht do chomhoiriúnú i margadh an tsaothair agus d’aistrithe

    0 %

    0 %

    104

    Tacaíocht do shoghluaisteacht an lucht saothair

    0 %

    0 %

    105

    Tacaíocht chun rannpháirtíocht sna mban a mhargadh saothair a chur chun cinn agus idirdheighilt inscnebhunaithe a laghdú sa mhargadh saothair

    0 %

    0 %

    106

    Bearta chun cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn, lena n-áirítear rochtain ar chúram leanaí agus cúraim do chleithiúnaithe

    0 %

    0 %

    107

    Bearta le haghaidh timpeallacht oibre shláintiúil atá dea-oiriúnaithe ina dtugtar aghaidh ar rioscaí sláinte, lena n-áirítear an ghníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn

    0 %

    0 %

    108

    Tacaíocht chun scileanna digiteacha a fhorbairt

    0 %

    0 %

    109

    Tacaíocht d’inoiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d’athrú

    0 %

    0 %

    110

    Bearta chun aosú gníomhach agus aosú folláin a spreagadh

    0 %

    0 %

    111

    Tacaíocht d’oideachas agus cúram na luathóige (gan bonneagar san áireamh)

    0 %

    0 %

    112

    Tacaíocht don oideachas bunscoile go meánscoile (gan bonneagar san áireamh)

    0 %

    0 %

    113

    Tacaíocht don oideachas treasach (gan bonneagar san áireamh)

    0 %

    0 %

    114

    Tacaíocht don oideachas aosach (gan bonneagar san áireamh)

    0 %

    0 %

    115

    Bearta chun comhdheiseanna agus rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí a chur chun cinn

    0 %

    0 %

    116

    Conairí chuig an lánpháirtiú agus athiontráil san fhostaíocht le haghaidh daoine faoi mhíbhuntáiste

    0 %

    0 %

    117

    Bearta chun rochtain daoine imeallaithe amhail na Romaigh ar oideachas agus ar fhostaíocht a fheabhsú agus chun a gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn

    0 %

    0 %

    118

    Tacaíocht don tsochaí shibhialta a bhíonn ag obair le pobal imeallaithe amhail na Romaigh

    0 %

    0 %

    119

    Bearta sonracha chun rannpháirtíocht náisiúnach tríú tír san fhostaíocht a mhéadú

    0 %

    0 %

    120

    Bearta le haghaidh lánpháirtiú sóisialta náisiúnach tríú tíortha

    0 %

    0 %

    121

    Bearta chun feabhas a chur ar rochtain chomhionann thráthúil ar sheirbhísí ardcháilíochta, inbhuanaithe agus inacmhainne

    0 %

    0 %

    122

    Bearta chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí cúraim teaghlaigh agus seirbhísí cúraim pobalbhunaithe

    0 %

    0 %

    123

    Bearta chun feabhas a chur ar inrochtaineacht, ar éifeachtacht agus ar athléimneacht córas sláinte (gan bonneagar san áireamh)

    0 %

    0 %

    124

    Bearta chun feabhas a chur le rochtain ar chúram fadtéarmach (gan bonneagar san áireamh)

    0 %

    0 %

    125

    Bearta chun córais cosanta sóisialta a nuachóiriú, lena n-áirítear rochtain ar chosaint shóisialta a chur chun cinn

    0 %

    0 %

    126

    lánpháirtiú sóisialta daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta a chur chun cinn, na daoine is díothaí agus leanaí san áireamh

    0 %

    0 %

    127

    Dul i ngleic leis an díth ábhartha trí chúnamh bia agus/nó ábhartha do na daoine is díothaí, bearta tionlacain san áireamh

    0 %

    0 %

    128

    Sócmhainní turasóireachta poiblí agus seirbhísí turasóireachta a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn

    0 %

    0 %

    129

    An oidhreacht chultúrtha agus seirbhísí cultúrtha a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn

    0 %

    0 %

    130

    An oidhreacht nádúrtha agus an éiceathurasóireacht, seachas láithreáin Natura 2000 a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn

    0 %

    100 %

    131

    Athghiniúint fhisiceach agus slándáil spásanna poiblí

    0 %

    0 %

    131 a

    Tionscnaimh forbartha críochaí, lena n-áirítear straitéisí críochacha a ullmhú

    0 %

    0 %

    132

    Feabhas a chur ar acmhainneacht údaráis agus comhlachtaí an chláir atá nasctha le cur chun feidhme na gCistí

    0 %

    0 %

    133

    Comhar le comhpháirtithe a fheabhsú laistigh den Bhallstát agus lasmuigh de

    0 %

    0 %

    134

    Trasmhaoiniú faoi CFRE (tacaíocht do gníomhaíochtaí de chineál CSE atá riachtanach chun an chuid CFRE den oibríocht, agus atá nasctha go díreach léi, a chur chun feidhme)

    0 %

    0 %

    135

    Feabhas a chur ar acmhainneacht institiúid údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara tionscadail agus tionscnaimh comhair críochaigh a chur chun feidhme i gcomhthéacs trasteorann, trasnáisiúnta, muirí agus idir-réigiúnach

    0 %

    0 %

    135 a

    Interreg: bainistiú trasnaithe teorann agus bainistiú soghluaisteachta agus imirce

    0 %

    0 %

    136

    Na réigiúin is forimeallaí: cúiteamh ar aon chostais bhreise de bharr easpa inrochtaineachta agus ilroinnt chríochach

    0 %

    0 %

    137

    Na réigiúin is forimeallaí: gníomhaíocht shonrach le cúiteamh a thabhairt ar chostais bhreise i ngeall ar fhachtóirí mhéid an mhargaidh

    0 %

    0 %

    138

    Na réigiúin is forimeallaí: tacaíocht chun costais bhreise i ngeall ar dhálaí aeráide agus deacrachtaí ó thaobh éagsúlachtaí san airde

    40 %

    40 %

    139

    Na réigiúin is forimeallaí: aerfoirt

    0 %

    0 %

    140

    Faisnéis agus cumarsáid

    0 %

    0 %

    141

    Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

    0 %

    0 %

    142

    Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

    0 %

    0 %

    143

    Atreisiú chumas údaráis na mBallstát, na dtairbhithe agus na gcomhpháirtithe ábhartha

    0 %

    0 %

    01

    Rannchuidiú le scileanna agus poist ghlasa agus leis an ngeilleagar glas

    100 %

     

    (1)   

    Is iad na fiontair uile seachas FBManna iad na fiontair mhóra, lena n-áirítear cuideachtaí meánchaipitlithe beaga.

    (2)   

    Más é cuspóir an bhirt go gcaithfear leis an ngníomhaíocht sonraí a phróiseáil nó a bhailiú chun laghduithe GCT a chumasú, ar laghduithe iad arb é is toradh dóibh laghdú suntasach a bheith léirithe acu ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn a saolré. Más é cuspóir an bhirt gur gá do lárionaid sonraí ‘Cód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí’ a chomhlíonadh.

    (3)   

    (a) Más é cuspóir an bhirt athchóiriú meánleibhéil ar a laghad a bhaint amach, ar an meán, mar a shainmhínítear sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le hAthchóiriú Foirgníochta (AE) 2019/786 nó (b) más é cuspóir na mbeart laghdú 30 % ar a laghad ar astaíochtaí GCT díreacha agus indíreacha i gcomparáid leis na hastaíochtaí ex ante a bhaint amach ar an meán.

    (4)   

    Más é cuspóir an bhirt athchóiriú meánleibhéil ar a laghad a bhaint amach, ar an meán, mar a shainmhínítear sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le hAthchóiriú Foirgníochta (AE) 2019/786. Tá sé i gceist freisin go n-áireofaí in athchóiriú foirgneamh bonneagar de réir bhrí réimsí idirghabhála 85 go 92.

    (5)   

    Má bhaineann cuspóir na mbeart le foirgnimh nua a thógáil a bhfuil Éileamh Príomh-Fhuinnimh (PED) acu atá 20 % níos ísle ar a laghad ná riachtanas NZEB (foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh, treoracha náisiúnta). Le foirgnimh nua atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a thógáil, tá sé i gceist freisin go n-áireofaí bonneagar de réir bhrí réimsí idirghabhála 85 go 92.

    (6)   

    Más é cuspóir an bhirt (a) athchóiriú meánleibhéil ar a laghad a bhaint amach, ar an meán, mar a shainmhínítear sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le hAthchóiriú Foirgníochta (AE) 2019/786 nó (b) laghdú 30 % ar a laghad ar astaíochtaí GCT díreacha agus indíreacha i gcomparáid leis na hastaíochtaí ex ante a bhaint amach ar an meán. Tá sé i gceist freisin go n-áireofaí in athchóiriú foirgneamh bonneagar de réir bhrí réimsí idirghabhála 85 go 92.

    (7)   

    Má bhaineann cuspóir an bhirt le táirgeadh leictreachais nó teasa ó bhithmhais, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

    (8)   

    Má bhaineann cuspóir an bhirt le táirgeadh leictreachais nó teasa ó bhithmhais, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001. agus más é is cuspóir don bheart laghdú 80 % ar a laghad ar astaíochtaí GCT a bhaint amach ag an tsaoráid ó úsáid bithmhaise i ndáil leis an modheolaíocht maidir le gás ceaptha teasa a laghdú agus leis an táirge comparáide breoslaí iontaise a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. Má bhaineann cuspóir an bhirt le táirgeadh bithbhreosla ó bhithmhais (barra bia agus beatha á n-eisiamh), i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001; agus más é is cuspóir don bheart laghdú 65 % ar a laghad ar astaíochtaí GCT a bhaint amach ag an tsaoráid ó úsáid bithmhaise chun na críche sin i ndáil leis an modheolaíocht maidir le GCT a laghdú agus leis an táirge comparáide breoslaí iontaise a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

    (9)   

    I gcás comhghiniúint ardéifeachtúlachta, más é cuspóir an bhirt astaíochtaí saolré a bhaint amach atá níos ísle ná 100gCO2e/kWh nó teas/alcól a tháirgtear ó dhramhtheas. I gcás téamh/fuarú ceantair, má leanann an bonneagar gaolmhar Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1), nó má dhéantar athchóiriú ar an mbonneagar atá ann cheana chun sainmhíniú an téimh agus an fhuaraithe ceantair éifeachtúil a chomhlíonadh, nó más ardchóras píolótach é an tionscadal (córais rialaithe agus bainistithe fuinnimh, Idirlíon na Rudaí Nithiúla) nó go mbíonn córas teochta níos ísle sa chóras téimh agus fuaraithe ceantair mar thoradh air.

    (10)   

    Más é cuspóir an bhirt ná go mbeadh meántomhaltas fuinnimh <= 0.5 kWh nó Innéacs Sceite Bonneagair <= 1.5, agus don ghníomhaíocht athchóirithe chun meántomhaltas fuinnimh a laghdú níos mó ná 20 % nó sceitheadh bonneagair a laghdú níos mó ná 20 %.

    (11)   

    Má tá sé mar chuspóir ag an mbeart maidir leis an gcóras fuíolluisce ó cheann go ceann glanúsáid nialasach fuinnimh a bheith aige nó chun an córas fuíolluisce ó cheann go ceann a athnuachan ionas gur lú 10 % ar a laghad an mheánúsáid fuinnimh (trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, agus iad sin amháin, agus ní mar gheall ar athruithe ábhair nó athruithe ar an ualach).

    (12)   

    Más é cuspóir an bhirt 50 % ar a laghad, i dtéarmaí meáchain, den dramhaíl neamhghuaiseach arna bailiú ar leithligh a chomhshó ina n-amhábhair thánaisteacha.

    (13)   

    Más é cuspóir an bhirt láithreáin thionsclaíoch agus talamh éillithe a thiontú ina linn dé-ocsaíde carbóin [tagairt don sainmhíniú dlíthiúil].

    (14)   

    I gcás réimsí idirghabhála 56 go 62, is féidir réimsí idirghabhála 73, 74 agus 77 a úsáid le haghaidh eilimintí de na bearta a bhaineann le hidirghabhálacha i mbreoslaí malartacha, lena n-áirítear luchtú EV, nó iompar poiblí.

    (15)   

    Má bhaineann cuspóir an bhirt le taobh riain leictrithe agus le fochórais ghaolmhara nó má tá plean ann le haghaidh leictriúcháin nó go mbeidh sé oiriúnach lena úsáid ag traenacha astaíochtaí nilasacha sceithphíopa laistigh de 10 mbliana.

    (16)   

    Baineann freisin le traenacha démhodhacha

    (17)   

    Tagraíonn bonneagar don iompar uirbeach glan do bhonneagar lena gcumasaítear oibriú rothstoic astaíochtaí nialasacha.

    (18)   

    Tagraíonn rothstoc don iompar uirbeach glan do rothstoc astaíochtaí nialasacha

    (19)   

    Má tá cuspóir an bhirt i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001.




    IARSCRÍBHINN VII

    Modheolaíocht le haghaidh clibeáil dhigiteach faoin tSaoráid

    Modheolaíocht le haghaidh clibeáil dhigiteach:

    Tábla idirghabhála



    Cód

    Réimse idirghabhála agus cineál idirghabhála (1)

    Comhéifeacht chun an tacaíocht don aistriú digiteach a ríomh

     

    Réimse idirghabhála 1 Nascacht

    Toise DESI 1: Nascacht

     

    051

    An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (an líonra cnámh droma/aisiompair) (2)

    100 %

    052

    An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an pointe dáileacháin le haghaidh áitribh ilteaghaisí)

    100 %

    053

    An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an pointe dáileacháin le haghaidh tithe agus áitribh ghnó)

    100 %

    054

    An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an stáisiún bunáite le haghaidh cumarsáid gan sreang ardleibhéil) (3)

    100 %

    054a

    Clúdach gréasáin 5G, lena n-áirítear nascacht a sholáthar gan bhriseadh feadh bealaí iompair; Nascacht ghigighiotáin (líonraí lena gcuirtear 1 Gbps siméadrach ar a laghad ar fáil) do thiománaithe socheacnamaíocha, amhail scoileanna, moil iompair agus príomhsholáthraithe seirbhísí poiblí

    100 %

    054b

    Nascacht sonraí soghluaiste lena ngabhann cumhdach críochach leathan

    100 %

     

    Réimse idirghabhála 2 Infheistíocht dhigiteach in T&F

    DESI: ‘Earnáil TFC an Aontais Eorpaigh agus Feidhmíocht T&F a bhaineann léi’

     

    009a

    Infheistíocht i ngníomhaíochtaí digiteacha T&N (lena n-áirítear ionaid taighde barr feabhais, taighde tionsclaíoch, forbairt thurgnamhach, staidéir indéantachta, sealbhú sócmhainní seasta nó doláimhsithe le haghaidh gníomhaíochtaí T&N digiteach)

    100 %

     

    Réimse idirghabhála 3 Caipiteal daonna;

    Toise DESI 2: Caipiteal daonna;

     

    012

    Seirbhísí agus feidhmchláir ríomhaireachta le haghaidh scileanna digiteach agus cuimsiú digiteach (4)

    100 %

    016

    Scileanna a fhorbairt le haghaidh speisialtóireacht chliste, aistriú tionsclaíoch, fiontraíocht agus inoiriúnaitheacht fiontar i leith an athraithe

    40 %

    108

    Tacaíocht chun scileanna digiteacha a fhorbairt (5)

    100 %

    099

    Tacaíocht shonrach don fhostaíocht don aos óg agus do lánpháirtiú socheacnamaíoch daoine óga

    40 %

    100

    Tacaíocht don fhéinfhostaíocht agus chun gnó a chur ar bun

    40 %

     

    Réimse idirghabhála 4 ríomhsheirbhísí rialtais, seirbhísí poiblí digiteacha agus éiceachórais dhigiteacha áitiúla

    Toise DESI 5: Seirbhísí Poiblí Digiteacha

     

    011

    Réitigh TFC, ríomhsheirbhísí, feidhmchláir rialtais (6)

    100 %

    011a

    Réitigh TFC, ríomhsheirbhísí, feidhmchláir rialtais a chomhlíonann laghdú astaíochtaí GCT nó critéir éifeachtúlachta fuinnimh (7)

    100 %

    011b

    Leas a bhaint as an scéim Eorpach um fhéiniúlacht dhigiteach le haghaidh úsáid phoiblí agus phríobháideach

    100 %

    013

    Ríomhsheirbhísí sláinte agus feidhmchláir sláinte (lena n-áirítear ríomh-Chúram, Idirlíon na Rudaí Nithiúla le haghaidh gníomhaíocht fhisiciúil agus maireachtáil chuidithe chomhthimpeallach)

    100 %

    095

    Digitiú sa chúram sláinte

    100 %

    063

    Iompar a dhigitiú: bóithre

    100 %

    063a

    Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: bóithre

    100 %

    070

    Iompar a dhigitiú: iarnród

    100 %

    071

    An Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS)

    100 %

    076

    Iompar uirbeach a dhigitiú

    100 %

    076a

    Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: iompar uirbeach

    100 %

    084

    Iompar a dhigitiú: móid eile iompair

    100 %

    084a

    Iompar a dhigitiú agus é tiomnaithe i bpáirt do laghdú astaíochtaí GCT: móid eile iompair

    100 %

    033

    Córais Cliste Fuinnimh (eangacha cliste agus córais TFC chliste san áireamh) agus stóráil ghaolmhar

    40 %

    011c

    Digitiú Chórais Cheartais

    100 %

     

    Réimse idirghabhála 5 Digitiú gnólachta

    Toise DESI 4: Digitiú gnóthaí digiteacha

     

    010

    FBManna digitithe (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, moil nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht)

    100 %

    010a

    Fiontair mhóra a dhigitiú (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, moil nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht)

    100 %

    010b.

    FBM anna nó fiontair mhóra a dhigitiú (lena n-áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, moil nuálaíochta digití, saotharlanna beo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht) i gcomhréir le laghdú astaíochtaí GCT nó critéir éifeachtúlachta fuinnimh (7)

    100 %

    014

    Bonneagar gnó le haghaidh FBManna (lena n-áirítear páirceanna agus láithreáin thionsclaíocha) (8)

    40%

    015

    Forbairt gnó agus idirnáisiúnú FBManna, lena n-áirítear infheistíochtaí táirgiúla (8)

    40%

    017

    Ardseirbhísí tacaíochta le haghaidh FBManna agus grúpaí FBManna (lena n-áirítear seirbhísí bainistíochta, margaíochta agus dearaidh) (8)

    40%

    018

    Goradh, tacaíocht do sheach-chuideachtaí agus mac-chuideachtaí agus gnólachtaí nua-thionscanta (8)

    40 %

    019

    Tacaíocht do bhraislí nuálaíochta lena n-áirítear idir gnólachtaí, eagraíochtaí taighde agus údaráis phoiblí agus líonraí gnó a théann chun tairbhe FBManna den chuid is mó51 (8) (9)

    40 %

    020

    Próisis nuálaíochta i FBManna (nuálaíocht próiseas, eagraíochtúil, margaíochta, chomhchruthaithe, úsáideoirí agus bunaithe ar éileamh) (8)

    40 %

    021

    Aistriú teicneolaíochta agus comhar idir fiontair, lárionaid taighde agus an earnáil ardoideachais (8)

    40 %

    021a.

    Tacaíocht do tháirgeadh agus do dháileadh ábhair dhigitigh

    100 %

     

    Réimse idirghabhála 6 Infheistíocht in acmhainní digiteacha agus imscaradh ardteicneolaíochtaí

    Toise DESI 4 Teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú + bailiúcháin sonraí ad hoc

     

    055

    Bonneagar TFC de chineálacha eile (acmhainní/trealamh mórscála ríomhaireachta, áiseanna taighde ríomh-bhonneagair, lárionaid taighde, braiteoirí agus trealamh eile gan sreang san áireamh

    100 %

    055a

    Bonneagar TFC de chineálacha eile (acmhainní/trealamh mórscála ríomhaireachta, áiseanna taighde ríomh-bhonneagair, lárionaid taighde, braiteoirí agus trealamh eile gan sreang san áireamh) i gcomhréir leis na critéir um laghdú astaíochtaí carbóin agus éifeachtúlacht fuinnimh (7)

    100 %

    021b

    Seirbhísí agus saoráidí tacaíochta atá thar a bheith speisialaithe a fhorbairt le haghaidh riaracháin phoiblí agus gnólachtaí (Ionaid Inniúlachtaí náisiúnta HPC, Cibearionaid, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta IS, blocshlabhra, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, etc.)

    100 %

    021c

    Infheistíocht in ardteicneolaíochtaí amhail: Acmhainní Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta Candamach/Acmhainní cumarsáide candamaí (lena n-áirítear criptiú candamach); dearadh, táirgeadh agus comhtháthú córas i micrileictreonaic; an chéad ghlúin eile de shonraí Eorpacha, néalacmhainneachtaí agus acmhainneachtaí ciumhaise (bonneagair, ardáin agus seirbhísí); réaltacht fhíorúil agus bhreisithe, DeepTech agus ardteicneolaíochtaí digiteacha eile. Infheistíocht i slándáil an tslabhra soláthair dhigitigh.

    100 %

    021d

    Teicneolaíochtaí, bearta agus saoráidí tacaíochta cibearshlándála a fhorbairt agus a chur in úsáid d’úsáideoirí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.

    100 %

     

    Réimse idirghabhála 7 An earnáil dhigiteach a ghlasú

     

    027a

    Infheistíocht i dteicneolaíochtaí, i scileanna, i mbonneagair agus i réitigh lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh agus lena n-áirithítear neodracht aeráide lárionad sonraí agus líonraí.

    100 %

    (1)   

    Tá an tuairisc ar na hidirghabhálacha sa tábla seo gan dochar do chomhlíonadh na rialacha iomaíochta, go háirithe chun a áirithiú nach mbrúfar amach infheistíochtaí príobháideacha le hidirghabhálacha.

    (2)   

    Lena n-áirítear cáblaí fomhuirí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus idir an tAontas agus tríú tíortha.

    (3)   

    Lena n-áirítear líonraí 5G agus 6G.

    (4)   

    Áirítear orthu sin: bearta chun tacú le digitiú institiúidí oideachais agus oiliúna (lena n-áirítear infheistíochtaí i mbonneagar TF &C), lena n-áirítear i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus na foghlama aosaí.

    (5)   

    Tagraíonn sé seo do scileanna digiteacha ar gach leibhéal agus áirítear orthu sin: cláir oideachais an-speisialaithe chun oiliúint a chur ar speisialtóirí digiteacha (is iad sin, cláir atá dírithe ar theicneolaíocht); oiliúint múinteoirí, ábhar digiteach a fhorbairt chun críocha oideachais agus cumais eagrúcháin ábhartha. Áirítear air sin freisin bearta agus cláir lena ndírítear ar scileanna bunúsacha digiteacha a fheabhsú.

    (6)   

    Lena n-áirítear úsáid ardteicneolaíochtaí (amhail an ríomhaireacht ardfheidhmíochta, an chibearshlándáil nó an intleacht shaorga) le haghaidh seirbhísí poiblí agus cinnteoireacht agus idir-inoibritheacht seirbhísí poiblí digiteacha agus bonneagar digiteach (réigiúnach, náisiúnta agus trasteorann).

    (7)   

    Más é cuspóir an bhirt go gcaithfear leis an ngníomhaíocht sonraí a phróiseáil nó a bhailiú chun laghduithe GCT a chumasú, ar laghduithe iad arb é is toradh dóibh laghdú suntasach a bheith léirithe acu ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn a saolré. Más é cuspóir an bhirt gur gá do lárionaid sonraí ‘Cód Iompair Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Lárionad Sonraí’ a chomhlíonadh.

    (8)   

    Níor cheart an comhéifeachtach digiteach 40% a chur i bhfeidhm ach amháin, más rud é go mbeidh an idirghabháil dírithe ar eilimintí atá nasctha go díreach le digitiú gnó, lena n-áirítear, mar shampla, táirgí digiteacha, sócmhainní TFC, etc.

    (9)   

    Lena n-áirítear eintitis an gheilleagair shóisialta.



    ( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).

    ( 2 ) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433I , 22.12.2020, lch. 1).

    ( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).

    ( 4 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

    ( 5 ) Is as Eurostat a tógadh na sonraí go léir atá sa rialachán; scoithdháta Bealtaine 2020 maidir le sonraí stairiúla.

    Top