Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02021D1073-20220915

Consolidated text: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1073/2022-09-15

02021D1073 — GA — 15.09.2022 — 004.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1073 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2021

lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 230 30.6.2021, lch. 32)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2014 ÓN gCOIMISIÚN an 17 Samhain 2021

  L 410

180

18.11.2021

►M2

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2301 ÓN gCOIMISIÚN an 21 Nollaig 2021

  L 458

536

22.12.2021

►M3

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/483 ÓN gCOIMISIÚN an 21 Márta 2022

  L 98

84

25.3.2022

►M4

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1516 ÓN gCOIMISIÚN an 8 Meán Fómhair 2022

  L 235

61

12.9.2022




▼B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1073 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2021

lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Leagtar amach in Iarscríbhinn I na sonraíochtaí teicniúla i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE lena leagtar síos an struchtúr cineálach sonraí, na sásraí ionchódaithe agus an sásra ionchódaithe iompair i bhformáid optúil atá inléite ag meaisín.

Airteagal 2

Leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo na rialacha maidir le sonraí a chur sna deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Leagtar amach in Iarscríbhinn III na ceanglais lena leagtar síos struchtúr comhchoiteann aitheantóir uathúil an deimhnithe.

▼M1

Airteagal 4

Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na rialacha rialachais is infheidhme maidir le deimhnithe eochrach poiblí i ndáil le tairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE a thacaíonn le gnéithe idir-inoibritheachta an chreata iontaoibhe.

▼M1

Airteagal 5

Leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh seo struchtúr comhchoiteann sonraí comhordaithe le haghaidh na sonraí atá le háireamh sna deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/953, agus scéimre Nodaireacht Oibiachtaí JavaScript (JSON) á úsáid.

▼M3

Airteagal 5a

Malartú na liostaí cúlghairme deimhnithe

1.  
Leis an gcreat iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE, beifear in ann liostaí cúlghairme deimhnithe a mhalartú trí thairseach lárnach Dheimhniú Digiteach COVID AE (“an tairseach”) i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla in Iarscríbhinn I.
2.  
I gcás ina gcúlghairfidh na Ballstáit Deimhnithe Digiteacha COVID AE, féadfaidh siad liostaí cúlghairme deimhnithe a chur isteach sa tairseach.
3.  
I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit liostaí cúlghairme isteach, coimeádfaidh na húdaráis eisiúna liosta de na deimhnithe a cúlghaireadh.
4.  
I gcás ina malartófar sonraí pearsanta tríd an tairseach, beidh an phróiseáil teoranta don chuspóir tacú le faisnéis chúlghairme a mhalartú. Ní úsáidfear sonraí pearsanta den sórt sin ach amháin chun stádas cúlghairme Dheimhnithe Digiteacha COVID AE arna n-eisiúint faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2021/953 a fhíorú.
5.  

Beidh na sonraí seo a leanas san fhaisnéis a chuirfear isteach sa tairseach i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla in Iarscríbhinn I:

(a) 

aitheantóirí uathúla deimhnithe na ndeimhnithe cúlghairthe faoi ainm bréige,

(b) 

dáta éaga maidir leis an liosta cúlghairme deimhnithe a cuireadh isteach;

6.  
I gcás ina ndéanann údarás eisiúna Deimhnithe Digiteacha COVID AE a d’eisigh sé de bhun Rialachán (AE) 2021/953 nó Rialachán (AE) 2021/954 a chúlghairm agus i gcás ina bhfuil sé beartaithe aige faisnéis ábhartha a mhalartú tríd an tairseach, déanfaidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 i bhfoirm liostaí cúlghairme deimhnithe a tharchur chuig an tairseach i bhformáid shlán i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla in Iarscríbhinn I.
7.  
Cuirfidh na húdaráis eisiúna, a mhéid is féidir, réiteach ar fáil chun sealbhóirí deimhnithe cúlghairthe a chur ar an eolas faoi stádas cúlghairme a ndeimhnithe agus faoin gcúis atá leis an gcúlghairm tráth na cúlghairme.
8.  
Baileofar na liostaí cúlghairme deimhnithe a fhaightear leis an tairseach. Cuirfear uirlisí ar fáil chun na liostaí a dháileadh ar na Ballstáit. Scriosfaidh sé liostaí go huathoibríoch i gcomhréir leis na dátaí éaga a chuirtear in iúl maidir le gach liosta a chuir an t-údarás is aighnitheoir isteach.
9.  
Na húdaráis náisiúnta ainmnithe nó comhlachtaí oifigiúla ainmnithe na mBallstát a phróiseálann sonraí pearsanta sa tairseach, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha ar na sonraí a phróiseáiltear. Déanfar freagrachtaí na rialaitheoirí comhpháirteacha a leithdháileadh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI.
10.  
Is é an Coimisiún a bheidh ina phróiseálaí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear laistigh den tairseach. Ina cháil mar phróiseálaí thar ceann na mBallstát, áiritheoidh an Coimisiún slándáil an tarchurtha agus na hóstála sonraí pearsanta laistigh den tairseach agus comhlíonfaidh sé oibleagáidí an phróiseálaí a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.
11.  
Déanfaidh an Coimisiún agus na rialaitheoirí comhpháirteacha tástáil, measúnú agus meastóireacht rialta ar éifeachtacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil maidir le slándáil na sonraí pearsanta a áirithiú laistigh den tairseach.

Airteagal 5b

Liostaí cúlghairme deimhnithe arna gcur isteach ag tríú tíortha

Tríú tíortha a eisíonn deimhnithe COVID-19 ar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leith de bhun Airteagal 3(10) nó Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953, féadfaidh siad liostaí de dheimhnithe cúlghairthe COVID-19 a chumhdaítear le gníomh cur chun feidhme den sórt sin a phróiseálfaidh an Coimisiún thar ceann na rialaitheoirí comhpháirteacha sa tairseach dá dtagraítear in Airteagal 5a a chur isteach, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 5c

Rialachas na próiseála sonraí pearsanta i dtairseach lárnach Dheimhniú Digiteach COVID AE

1.  
Déanfaidh meitheal arna bunú faoin gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953 próiseas cinnteoireachta na rialaitheoirí comhpháirteacha a rialú.
2.  
Na húdaráis náisiúnta ainmnithe nó comhlachtaí oifigiúla na mBallstát a phróiseálann sonraí pearsanta sa tairseach mar rialaitheoirí chomhpháirteacha, ainmneoidh siad ionadaithe don ghrúpa sin.

▼M1

Airteagal 6

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼B

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.




IARSCRÍBHINN I

FORMÁID AGUS BAINISTÍOCHT IONTAOIBHE

Struchtúr cineálach sonraí, sásraí ionchódaithe agus sásra ionchódaithe iompair i bhformáid optúil atá inléite ag meaisín (dá ngairtear ‘QR’ anseo feasta)

1.    Réamhrá

Tá struchtúr cineálach sonraí agus sásraí ionchódaithe do Dheimhniú Digiteach COVID AE (‘DDC’) le fáil sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Sonraítear iontu sásra ionchódaithe iompair i bhformáid optúil atá inléite ag meaisín (‘QR’) freisin, a bheidh le feiceáil ar scáileán gairis mhóibíligh nó é priontáilte amach. Tá formáidí coimeádáin deimhnithe sláinte na sonraíochtaí sin cineálach, ach úsáidtear iad sa chomhthéacs seo chun DDC a iompar.

2.    Téarmaíocht

Chun críoch na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘eisitheoirí’ eagraíochtaí a úsáideann na sonraíochtaí sin chun deimhnithe sláinte a eisiúint agus ciallaíonn ‘fíoraitheoirí’ eagraíochtaí a ghlacann deimhnithe sláinte mar chruthúnas ar stádas sláinte. Ciallaíonn ‘rannpháirtithe’ eisitheoirí agus fíoraitheoirí. Ní mór roinnt gnéithe a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a chomhordú idir na rannpháirtithe, amhail bainistíocht ainmspáis agus leithdháileadh eochracha cripteagrafacha. Glactar leis go dtugann páirtí, dá dtagraítear mar ‘Ardrúnaíocht’ anseo feasta, faoi na cúraimí sin.

3.    Formáid Coimeádáin Deimhnithe Sláinte Leictreonaigh

Dearadh an Fhormáid Coimeádáin Deimhnithe Sláinte Leictreonaigh (‘HCERT’) chun bealach aonfhoirmeach agus caighdeánach a sholáthar le haghaidh deimhnithe sláinte óna n-eisitheoirí éagsúla (‘eisitheoirí’). Is é is cuspóir do na sonraíochtaí sin an chaoi a ndéantar na deimhnithe sláinte sin a léiriú, a ionchódú agus a shíniú a chomhchuibhiú leis an gcuspóir idir-inoibritheacht a éascú.

Éilítear struchtúr sonraí comhchoiteann agus comhaontú ar thábhacht gach réimse sonraí an phálasta chun a bheith in ann DCC a eisíonn aon eisitheoir a léamh agus a léirmhíniú. D’fhonn idir-inoibritheacht den sórt sin a éascú, déantar struchtúr sonraí comhchoiteann comhordaithe a shainiú trí úsáid scéimre ‘JSON’ atá mar fhrámú DCC.

3.1.    Struchtúr an phálasta

Tá an pálasta struchtúrtha agus ionchódaithe mar CBOR agus síniú digiteach COSE leis. Tugtar ‘Ceadchomhartha Gréasáin CBOR’ (CWT) air de ghnáth, agus tugtar sainmhíniú air in RFC 8392 ( 1 ). Déantar an pálasta, mar a thugtar sainmhíniú air sna ranna seo a leanas, a iompar in éileamh hcert.

Ní mór do shláine agus barántúlacht bhunús sonraí an phálasta a bheith infhíoraithe ag an bhFíoraitheoir. D’fhonn an sásra sin a sholáthar, ní mór don eisitheoir CWT a shíniú ag úsáid scéim sínithe leictreonaigh neamhshiméadraigh mar a shainítear i sonraíocht COSE (RFC 8152 ( 2 )).

3.2.    Éilimh CWT

3.2.1.    Forbhreathnú ar Struchtúr CWT

Ceanntásc Cosanta

— 
Algartam Sínithe (alg, lipéad 1)
— 
Aitheantóir Eochrach (kid, lipéad 4)

Pálasta

— 
Eisitheoir (iss, eochair éilimh 1, roghnach, ISO 3166-1 alfa-2 d’eisitheoir)
— 
Eisithe Ag (iat, eochair éilimh 6)
— 
Am Éaga (exp, eochair éilimh 4)
— 
Deimhniú Sláinte (hcert, eochair éilimh-260)
— 
Deimhniú Digiteach COVID AE leagan1 (eu_DCC_v1, eochair éilimh 1)

Síniú

3.2.2.    Algartam Sínithe

Sonraítear i bparaiméadar an Algartaim Sínithe (alg) an t-algartam a úsáidtear chun an síniú a chruthú. Ní mór dó na treoracha SOG-IT reatha, mar a achoimrítear sna míreanna seo a leanas, a chomhlíonadh nó a shárú.

Sainítear algartam príomhúil amháin agus algartam tánaisteach amháin. Níor cheart an t-algartam tánaisteach a úsáid ach amháin mura bhfuil an t-algartam príomhúil inghlactha laistigh de na rialacha agus na rialacháin a fhorchuirtear ar an eisitheoir.

D’fhonn slándáil an chórais a áirithiú, ní mór do gach cur i bhfeidhm an t-algartam tánaisteach a ionchorprú. Ar an gcúis sin, ní mór an t-algartam príomhúil agus tánaisteach a chur chun feidhme.

Is iad seo a leanas na leibhéil SOG-IT atá socraithe le haghaidh an algartaim phríomhúil agus an algartaim thánaistigh:

— 
An tAlgartam Príomhúil: Is Algartam Sínithe Dhigitigh Cuair Éilipsigh (ECDSA) mar a shainítear in (ISO/IEC 14888–3:2006) roinn 2.3, ag úsáid na bparaiméadar P–256 mar a shainítear in aguisín D (D.1.2.3) de (FIPS PUB 186–4) in éineacht le haisalgartam SHA–256 mar a shainítear in (ISO/IEC 10118–3:2004) feidhm 4, é an t-algartam príomhúil.

Comhfhreagraíonn sé do pharaiméadar algartaim COSE ES256.

— 
An tAlgartam Tánaisteach: Is RSASSA-PSS mar a shainítear in (RFC 8230 ( 3 )) le modal de 2048 ngiotán in éineacht le haisalgartam SHA–256 mar a shainítear in (ISO/IEC 10118–3:2004) feidhm 4, é an t-algartam tánaisteach.

Comhfhreagraíonn sé do pharaiméadar algartaim COSE: PS256.

3.2.3.    Aitheantóir Eochrach

Léiríonn an t-éileamh Aitheantóra Eochrach (kid) an Deimhniú Sínitheora Doiciméad (DSC) ina bhfuil an eochair phoiblí a úsáidfidh an fíoraitheoir chun cruinneas an tsínithe dhigitigh a sheiceáil. Rialú deimhnithe eochrach poiblí, lena n-áirítear ceanglais maidir le DSCanna, mar a shainítear in Iarscríbhinn IV.

Úsáideann fíoraitheoirí an t-éileamh Aitheantóra Eochrach (kid) chun an eochair phoiblí cheart a roghnú ó liosta d’eochracha a bhaineann leis an eisitheoir atá luaite in Éileamh an Eisitheora (iss). Féadfaidh eisitheoir roinnt eochracha a úsáid ag an am céanna chun críocha riaracháin agus nuair atá tar-rolladh eochrach á dhéanamh aige. Ní réimse slándáilchriticiúil é an tAitheantóir Eochrach. Ar an gcúis sin, féadfar é a chur ar cheanntásc neamhchosanta más gá. Ní mór d’fhíoraitheoirí an dá rogha a ghlacadh. Má tá an dá rogha ann, ní mór an tAitheantóir Eochrach sa cheanntásc cosanta a úsáid.

Mar gheall ar ghiorrú an aitheantóra (chun an méid a shrianadh) is beag seans, ach tá seans neamhnialasach ann, go mbeadh macasamhlacha kidanna de DSCanna sa liosta foriomlán de DSCanna a nglacann fíoraitheoir leo. Ar an gcúis sin, ní mór don fhíoraitheoir gach DSC a sheiceáil leis an kid sin.

3.2.4.    Eisitheoir

Is éard atá san éileamh Eisitheora (iss) luach sreanga a d’fhéadfadh Cód Tíre alfa-2 ISO 3166-1 de chuid an eintitis a eisíonn an deimhniú sláinte a bheith ann. Féadfaidh fíoraitheoir an t-éileamh sin a úsáid chun an tsraith DSC atá le húsáid le haghaidh fíorú a aithint. Úsáidtear Eochair Éilimh 1 chun an t-éileamh sin a aithint.

3.2.5.    Am Éaga

Beidh stampa ama san fhormáid Dáta Uimhriúil (mar a shonraítear in RFC 8392 ( 4 ), roinn 2) ag sonrú na tréimhse a bheidh an síniú áirithe sin thar an bPálasta bailí, agus i ndiaidh an dáta sin ní mór d’fhíoraitheoir diúltú don Phálasta mar a bheith in éag. Is é is cuspóir leis an bparaiméadar éaga teorainn le tréimhse bhailíochta an deimhnithe sláinte a fhórsáil. Úsáidtear Eochair Éilimh 4 chun an t-éileamh sin a aithint.

Níor cheart d’Am Éaga tréimhse bhailíochta DSC a shárú.

3.2.6.    Eisithe Ag

Beidh stampa ama san fhormáid Dáta Uimhriúil (mar a shonraítear in RFC 8392 ( 5 ), roinn 2) ag sonrú an ama ar cruthaíodh an deimhniú sláinte san éileamh Eisithe Ag (iat).

Níor cheart do réimse Eisithe Ag a bheith roimh thréimhse bhailíochta DSC.

Féadfaidh fíoraitheoirí beartais bhreise a chur i bhfeidhm chun bailíocht an deimhnithe sláinte a theorannú bunaithe ar am an eisiúna. Úsáidtear Eochair Éilimh 6 chun an t-éileamh sin a aithint.

3.2.7.    Éileamh Deimhnithe Sláinte

Is oibiacht JSON (RFC 7159 ( 6 )) a bhfuil faisnéis maidir le stádas sláinte atá sa Deimhniú Sláinte (hcert). Féadfaidh cineálacha éagsúla deimhnithe sláinte a bheith ann faoin éileamh céanna, agus DCC ar cheann amháin díobh.

Is chun críche scéimre amháin atá JSON. Is é CBOR, mar a shainítear in (RFC 7049 ( 7 )), an fhormáid léiriúcháin. Ní fhéadfaidh forbróirí feidhmchlár díchódú ná ionchódú ón bhformáid JSON ná chuici riamh, ach an struchtúr inchuimhne a úsáid.

Is é -260 an Eochair Éilimh atá le húsáid chun an t-éileamh sin a aithint.

Ba cheart na sreanga san oibiacht JSON a bheith NFC normalaithe de réir Comhdhéanamh Canónta Foirme Normalaithe a shainítear sa chaighdeán Unicode. Ba cheart feidhmchláir díchódaithe a bheith ceadaitheach agus láidir sna gnéithe sin, áfach, agus moltar go mór aon chineál iompaithe atá réasúnta a ghlacadh. Má thagtar ar shonraí neamhnormalaithe le linn an díchódaithe, nó i bhfeidhmeanna comparáide ina dhiaidh sin, ba cheart don fheidhm feidhmiú mar a mbeadh an t-inneachar normalaithe do NFC.

4.    Srathú agus cruthú an phálasta DCC

Mar phatrún srathaithe, úsáidtear an scéim seo a leanas:

image

Tosaíonn an próiseas le baint sonraí, mar shampla, ó Stóras Sonraí Sláinte (nó ó fhoinse sheachtrach sonraí éigin), ag struchtúrú na sonraí a baineadh de réir na Scéimrí sainithe DCC. Féadfaidh iompú chuig an bhformáid sonraí sainithe agus aistriú le haghaidh inléiteacht dhaonna a tharlú sa phróiseas sin sula dtosaíonn an srathú go CBOR. Déanfar acrainmneacha na n-éileamh a mhapáil i ngach cás chun na hainmneacha roimh shrathú agus i ndiaidh díshrathú a léiriú.

Ní cheadaítear inneachar sonraí náisiúnta roghnach i ndeimhnithe a eisítear i ndiaidh Rialachán (AE) 2021/953 ( 8 ). Tá an t-inneachar sonraí teoranta do na gnéithe sonraí atá sainithe san íostacar sonraí a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán 2021/953.

5.    Ionchódú Iompair

5.1.    Amh

Maidir le comhéadain sonraí treallacha, féadfar an coimeádán HCERT agus a phálastaí a aistriú mar atá, ag úsáid aon iompar sonraí bunaidh 8 ngiotán atá sábháilte agus iontaofa. Féadfaidh cumarsáid neasréimse NFC, Bluetooth nó aistriú thar phrótacal sraithe feidhmchláir, mar shampla aistriú HCERT ón Eisitheoir go gaireas móibíleach an tsealbhóra, a bheith san áireamh leis na comhéadain sin.

Má tá an t-aistriú HCERT ón Eisitheoir chuig an sealbhóir bunaithe ar an gcomhéadan léirithe-amháin (mar shampla, SMS, ríomhphost), ar ndóigh ní bheidh feidhm leis an ionchódú Amh iompair.

5.2.    Barrachód

5.2.1.    Comhbhrú Pálasta (CWT)

D’fhonn an méid a laghdú agus luas agus iontaofacht a fheabhsú i bpróiseas léitheoireachta HCERT, comhbhrúfar CWT ag úsáid ZLIB (RFC 1950 ( 9 )) agus an tsásra comhbhrúite Díbhoilscithe a shainítear in RFC 1951 ( 10 ).

5.2.2.    Cód QR 2T

D’fhonn láimhseáil níos fearr a bheith ar threalamh oidhreachta a dearadh le feidhmiú ar phálastaí ASCII, déantar CWT a ionchódú mar ASCII ag úsáid Base45 sula ndéanfar é a ionchódú go barrachód 2T.

Beidh an fhormáid QR mar a shainítear in (ISO/IEC 18004:2015) in úsáid le haghaidh giniúint barrachód 2T. Moltar ráta ceartaithe earráide ‘Q’ (thart ar 25 %). Ós rud é go n-úsáidtear Base45, ní mór do chód QR ionchódú alfa-uimhriúla a úsáid (Mód 2, arna léiriú leis na siombailí 0010).

D’fhonn fíoraitheoirí a chumasú le bheith in ann an cineál sonraí ionchódaithe a bhrath agus an scéim díchódaithe agus próiseála cheart a roghnú, beidh an tsreang Aitheantóra Comhthéacs ‘HC1:’ roimh na sonraí ionchódaithe Base45 (de réir na sonraíochta seo). Déanfaidh leaganacha den tsonraíocht seo amach anseo a bhfuil tionchar acu ar shiarchomhoiriúnacht Aitheantóra Comhthéacs nua a shainiú, cé go dtógfar an carachtar a thagann i ndiaidh ‘HC’ ón tacar carachtar [1-9A-Z]. Sainítear an t-ord incrimintí le bheith san ord sin, i.e. [1-9] i dtosach agus [A-Z] ansin.

Moltar an cód optúil a léiriú ar na meáin láithrithe agus méid trasnánach idir 35 mm agus 60 mm air chun freastal ar léitheoirí ag a bhfuil optaic sheasta i gcás ina gcaithfear na meáin léirithe a chur ar dhromchla an léitheora.

Má tá an cód optúil priontáilte ar pháipéar ag úsáid printéirí ísealtaifigh (< 300 dpi), ní mór aire a thabhairt le gach siombail (spota) den Chód QR a léiriú i gcearnóg iomlán. Beadh siombailí dronuilleogacha i roinnt rónna nó colún in QR mar thoradh ar scálú neamhchomhréireach, agus chuirfeadh sé sin srian ar inléiteacht i neart cásanna.

6.    Formáid Liosta Iontaoibhe (liosta CSCA agus DSC)

Ceanglaítear ar gach Ballstát liosta d’Údarás Deimhniúcháin na Tíre Sínithe (CSCA) amháin nó níos mó agus liosta de gach Deimhniú Sínitheora Doiciméad (DSC) bailí a sholáthar agus na liostaí sin a choinneáil cothrom le dáta.

6.1.    CSCA/DSC Simplithe

De réir an leagain seo de na sonraíochtaí, ní ghlacfaidh Ballstáit leis go n-úsáidtear aon fhaisnéis ó Liosta Deimhnithe Aisghairme (CRL); ná go bhfuil an Tréimhse Úsáide Eochrach Príobháidí fíoraithe ag na daoine a chuireann é chun feidhme.

Ina áit sin, is é an príomhshásra bailíochta an deimhniú a bheith ar an leagan is déanaí den liosta deimhnithe sin.

6.2.    ICAO eMRTD PKI agus Lárionaid Iontaoibhe

Féadfaidh na Ballstáit CSCA ar leithligh a úsáid – ach féadfaidh siad a ndeimhnithe eMRTD CSCA agus/nó DSC reatha a chur isteach freisin; agus féadfaidh siad a roghnú fiú iad sin a fháil ó lárionaid iontaoibhe (trádála) – agus iad sin a chur isteach. Mar sin féin, ní mór aon DSC a bheith sínithe i gcónaí ag CSCA a chuir an Ballstát sin isteach.

7.    Breithnithe Slándála

Le linn scéim a dhearadh ag úsáid na sonraíochta seo, déanfaidh na Ballstáit gnéithe slándála áirithe a aithint, a anailísiú agus déanfaidh siad faireachán orthu.

Ba cheart na gnéithe seo a leanas a bhreithniú ar a laghad:

7.1.    Am bailíochta sínithe HCERT

Éilítear ar eisitheoir HCERTanna tréimhse bhailíochta an tsínithe a theorannú ag sonrú am éaga sínithe. Éilítear leis sin ar shealbhóir an deimhnithe sláinte é a athnuachan ag eatraimh thréimhsiúla.

D’fhéadfaí an tréimhse bhailíochta inghlactha a shocrú le srianta praiticiúla. Mar shampla, d’fhéadfadh nach mbeadh féidearthacht ag taistealaí an deimhniú sláinte a athnuachan le linn turas ar an gcoigríche. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh eisitheoir ag breithniú na féidearthachta a bhaineann le comhréiteach slándála de shórt éigin, rud a éilíonn ar an eisitheoir DSC a aistarraingt (ag neamhbhailiú gach deimhnithe sláinte a eisíodh leis an eochair sin agus atá fós laistigh dá thréimhse bhailíochta). Féadfar na hiarmhairtí a bhaineann le cás mar sin a shrianadh trí eochracha Eisitheora a rolladh go tráthrialta agus athnuachan gach deimhnithe sláinte a éileamh, laistigh d’eatramh réasúnta.

7.2.    Bainistíocht eochracha

Tá an tsonraíocht seo ag brath go mór ar shásraí cripteagrafacha láidre chun sláinte sonraí agus fíorú bunúis sonraí a shocrú. Is riachtanach, dá bhrí sin, go gcoinnítear rúndacht na n-eochracha príobháideacha.

D’fhéadfaí rúndacht eochracha cripteagrafacha a chur i mbaol ar roinnt bealaí éagsúla, cuir i gcás:

— 
D’fhéadfadh an próiseas giniúna eochrach a bheith lochtach agus bheadh eochracha laga ann dá bharr.
— 
D’fhéadfadh na heochracha a bheith nochta mar gheall ar earráid daonna.
— 
D’fhéadfadh déantóirí cionta seachtracha nó inmheánacha na heochracha a ghoid.
— 
D’fhéadfaí na heochracha a ríomh ag úsáid crioptanailíse.

D’fhonn na rioscaí a bhaineann le halgartam sínithe a fhaightear a bheith lag a mhaolú, rud a cheadaíonn do na heochracha príobháideacha a bheith i mbaol trí chrioptanailís, moltar sa tsonraíocht seo do gach rannpháirtí algartam sínithe tánaiste tacachumais a chur chun feidhme bunaithe ar pharaiméadair éagsúla nó ar fhadhb mhatamaiticiúil atá éagsúil ón bhfadhb phríomhúil.

Maidir leis na rioscaí a luaitear a bhaineann le timpeallachtaí oibriúcháin na n-eisitheoirí, ba cheart bearta maolaithe a chur chun feidhme chun rialú éifeachtach a áirithiú, amhail na heochracha príobháideacha a ghiniúint, a stóráil agus a úsáid i Modúil Slándála Chrua-earraí (HSManna). Moltar go mór HSManna a úsáid chun deimhnithe sláinte a shíniú.

Gan beann ar cibé a chinneann eisitheoir HSManna a úsáid nó gan iad a úsáid, ba cheart sceideal tar-rollta eochracha a bhunú i gcás ina bhfuil an mhinicíocht tarr-rollta eochracha comhréireach le neamhchosaint na n-eochracha ar líonraí seachtracha, córais eile agus pearsanra. Le sceideal tarr-rollta a roghnaíodh go maith, cuirtear srian leis na rioscaí a bhaineann le deimhnithe sláinte a eisíodh trí bhotún freisin, ag cur ar chumas eisitheora deimhnithe sláinte den sórt sin a aisghairm ina mbaisceanna, trí eochair a aistarraingt, más gá.

7.3.    Bailíochtú sonraí ionchuir

Féadfar na sonraíochtaí seo a úsáid ar bhealach a thugann le fios nuair a fhaightear sonraí ó fhoinsí neamhiontaofa i gcórais a d’fhéadfadh go mbainfeadh cineál misin-chriticiúil leo. D’fhonn na rioscaí a bhaineann leis an veicteoir ionsaithe seo a íoslaghdú, ní mór gach réimse ionchuir a bhailíochtú i gceart de réir cineálacha, faid agus ionchuir sonraí. Déanfar an síniú eisitheora a fhíorú freisin sula ndéanfar aon phróiseáil ar ábhar HCERT. Mar sin féin, tugtar le fios le bailíochtú Shíniú an eisitheora go ndearnadh an Ceanntásc Cosanta Eisitheora a pharsáil i dtosach, ina bhféadfadh ionsaitheoir féideartha iarracht a dhéanamh faisnéis a chur isteach a rinneadh agus a dearadh go cúramach chun slándáil an chórais a chur i mbaol.

8.    Bainistíocht Iontaoibhe

Éilítear eochair phoiblí chun síniú HCERT a fhíorú. Cuirfidh na Ballstáit na heochracha poiblí sin ar fáil. Ar deireadh, ní mór go mbeidh liosta de na heochracha poiblí uile ag gach fíoraitheoir, agus ní mór go mbeidh sé toilteanach iontaoibh a bheith aige as an liosta sin (mar níl an eochair phoiblí mar chuid de HCERT).

(Níl ach) dhá shraith sa chóras; maidir le gach Ballstát, deimhniú amháin nó níos mó ar an leibhéal tíre a síníonn gach ceann díobh Deimhniú Sínitheora Doiciméad amháin nó níos mó a úsáidtear in oibriúcháin laethúla.

Tugtar Údarás Deimhniúcháin na Tíre Sínithe (CSCAnna) ar na deimhnithe Ballstát agus is deimhnithe féin-shínithe iad (go hiondúil). Féadfaidh Ballstáit níos mó ná ceann amháin a bheith acu (mar shampla, i gcás díláraithe réigiúnaigh). Síníonn na deimhnithe CSCA sin na Deimhnithe Sínitheora Doiciméad (DSCanna) a úsáidtear chun HCERTanna a shíniú go tráthrialta.

Is ról feidhmiúil í an ‘Ardrúnaíocht’. Déanfaidh sí DSC na mBallstát a chomhiomlánú agus a fhoilsiú go thráthrialta, tar éis iad a fhíorú in aghaidh an liosta deimhnithe CSCA (a cuireadh in iúl agus a fíoraíodh ar mhodh eile).

Soláthróidh an liosta DSCanna a fhaightear dá bharr sin an tacar comhiomlán d’eochracha poiblí inghlactha (agus na kidanna comhfhreagracha) ansin ar féidir leis na fíoraitheoirí a úsáid chun na sínithe thar HCERTanna a bhailíochtú. Ní mór d’fhíoraitheoirí an liosta sin a fháil agus a nuashonrú go tráthrialta.

Féadfar liostaí Ballstát-sonracha den sórt sin a oiriúnú i ndáil le formáid le haghaidh a suímh náisiúnta féin. Dá réir sin, d’fhéadfadh go mbeadh éagsúlacht i bhformáid comhaid an liosta iontaoibhe sin, mar shampla d’fhéadfadh sé a bheith i bhformáid JWKS (formáid shocraithe de réir RFC 7517 ( 11 ), roinn 5) sínithe nó mar aon fhormáid eile atá sonrach don teicneolaíocht a úsáidtear sa Bhallstát sin.

D’fhonn simplíocht a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit a ndeimhnithe reatha CSCA óna gcórais ICAO eMRTD a chur isteach, nó mar a mhol EDS, córas a chruthú go sonrach don réimse sláinte seo.

8.1.    An tAitheantóir Eochrach (kidanna)

Déantar an t-aitheantóir eochrach (kid) a ríomh nuair atá liosta de na heochracha poiblí iontaofa ó DSCanna á chur le chéile agus is éard atá ann méarlorg giorraithe (na chéad 8 mbeart) SHA-256 de DSC ionchódaithe i bhformáid (amh) DER.

Ní gá d’fhíoraitheoirí kid a ríomh bunaithe ar an DSC agus is féidir leo an t-aitheantóir eochrach sa deimhniú sláinte eisithe a mheaitseáil go díreach leis an kid ar an liosta iontaoibhe.

8.2.    Éagsúlachtaí sa tsamhail iontaoibhe ICAO eMRTD PKI

Cé go ndearnadh aithris ar dhea-cleachtas shamhail iontaoibhe ICAO eMRTD PKI, déanfar roinnt rudaí a shimpliú ar mhaithe le luas:

— 
Féadfaidh Ballstát deimhnithe iomadúla CSCA a chur isteach.
— 
Féadfar tréimhse bhailíochta DSC (úsáid eochrach) a shocrú ag fad ar bith gan CSCA a shárú agus d’fhéadfadh sé a bheith in easnamh.
— 
Féadfaidh aitheantóirí beartais (Úsáid Eochrach Shínte) atá sonrach de réir deimhnithe sláinte a bheith sa DSC.
— 
Féadfaidh na Ballstáit a roghnú gan aon fhíorú a dhéanamh ar aisghairmeacha foilsithe riamh; ach brath go hiomlán ar na liostaí DSC a fhaigheann siad ar bhonn laethúil ón Ardrúnaíocht nó a chuireann siad i dtoll a chéile iad féin.

▼M3

9.    An réiteach cúlghairme

9.1.    Liosta cúlghairme DCC (Deimhniú Digiteach COVID) a sholáthar

Soláthrófar sa tairseach críochphointí agus an fheidhmiúlacht chun na liostaí cúlghairme a choinneáil agus a bhainistiú:

image

9.2.    An tSamhail Iontaoibhe

Bunaítear gach nasc leis an tsamhail iontaoibhe DCCG chaighdeánach (Tairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE) trí na deimhnithe NBTLS agus NBUP (féach rialú deimhnithe). Déantar faisnéis a phacáil agus a uaslódáil trí theachtaireachtaí CMS chun a sláine a áirithiú.

9.3.    Cruthú Baisceanna

9.3.1.    Baisc

I ngach liosta cúlghairme beidh iontráil amháin nó níos mó agus pacálfar é i mbaisceanna ina mbeidh sraith haiseanna (hashes) agus na meiteashonraí a gabhann leo. Tá baisceanna do-athraithe (immutable) agus sainíonn siad dáta éaga lena léirítear cén uair is féidir an bhaisc a scriosadh. Ní mór an dáta éaga céanna a bheith ag na n-ítimí ar fad sa bhaisc – rud a chiallaíonn nach mór baisceanna a ghrúpáil faoi dháta éaga agus trí DSC (Deimhniú Sínitheora Doiciméad) a shíniú. Beidh 1 000 iontráil ar a mhéad i ngach baisc. Má bhíonn níos mó ná 1 000 iontráil sa liosta cúlghairme, déanfar roinnt baisceanna a chruthú. Is féidir aon iontráil tarlú uair amháin in aon bhaisc amháin ar a mhéad. Déanfar an bhaisc a phacáil i struchtúr CMS agus déanfar í a shíniú trí dheimhniú NBup ón tír is uaslódálaí.

9.3.2.    Innéacs baisceanna (Batch Index)

Nuair a chruthaítear baisc sannfar ID uathúil di leis an tairseach agus cuirfear leis an innéacs go huathoibríoch í. Cuirtear an t-innéacs baisceanna (index of batches) in ord an dáta mhodhnaithe, in ord ardaitheach croineolaíoch.

9.3.3.    Iompraíocht na tairsí

Déanann an tairseach baisceanna cúlghairme a phróiseáil gan aon athrú a dhéanamh orthu: ní féidir leis aon fhaisnéis sna baisceanna a uasdátú, a bhaint díbh, nó a chur leo. Cuirtear na baisceanna ar aghaidh chuig gach tír údaraithe (féach caibidil 9.6).

Breathnaíonn an tairseach go gníomhach dátaí éagtha baisceanna agus baineann sé baisceanna atá imithe in éag. Tar éis baisc a scriosadh, aischuireann an tairseach freagairt “HTTP 410 Gone” i ndáil leis an URL a scriosadh. Dá bhrí sin, tá an bhaisc le fáil san innéacs baisceanna mar “deleted”.

9.4.    Cineálacha haiseanna (Hash Types)

Sa liosta cúlghairme tá haiseanna lenar féidir cineálacha/aitreabúidí éagsúla cúlghairme a léiriú. Léireofar na cineálacha sin nó na haitreabúidí sin i soláthar na liostaí cúlghairme. Is iad seo a leanas na cineálacha atá ann faoi láthair:



Cineál

Aitreabúid

An Ríomh Haise

SÍNIÚ

DCC Signature

SHA256 of DCC Signature

UCI

UCI (Unique Certificate Identifier)

SHA256 of UCI

COUNTRYCODEUCI

Issuing Country Code + UCI

SHA256 of Issuing CountryCode + UCI

Ní ionchódaítear ach na chéad 128 bits de na haiseanna mar go gcuirtear teaghráin (strings) base64 isteach sna baisceanna agus úsáidtear iad chun an DCC cúlghairthe a shainaithint. ( 12 )

9.4.1.    An cineál haise: SHA256(DCC Signature)

Sa chás sin déantar an hais a ríomh le bites shíniú COSE_SIGN1 ón CWT, i gcás sínithe RSA, úsáidfear an síniú iomlán mar ionchur. Is é an fhoirmle le haghaidh deimhnithe sínithe EC-DSA an luach r a úsáid mar ionchur:

SHA256(r)

[ceangailteach le haghaidh gach cur chun feidhme]

9.4.2.    An cineál haise: SHA256(UCI)

Sa chás sin déantar an hais a ríomh leis an teaghrán UCI ionchódaithe in UTF-8 agus déantar í a thiontú ina heagar birt (byte array).

[dímholta ( 13 ), ach tacaítear é le haghaidh comhoiriúnacht shiarghabhálach]

9.4.3.    An cineál haise: SHA256(Issuing CountryCode+UCI)

Sa chás sin CountryCode arna ionchódú mar theaghrán UTF-8 comhchaitéinithe leis an UCI arna ionchódú le teaghrán UTF-8. Ansin, déantar é sin a thiontú ina eagar birt agus úsáidtear é mar ionchur san fheidhm haise.

[dímholta2, ach tacaítear é le haghaidh comhoiriúnacht shiarghabhálach]

9.5.    Struchtúr API

9.5.1.    Soláthar Iontrála Cúlghairme API

9.5.1.1.    Cuspóir

Seachadann an API iontrálacha an liosta cúlghairme i mbaisceanna, lena n-áirítear innéacs baisceanna.

9.5.1.2.    Críochphointí (Endpoints)

9.5.1.2.1.   Críochphointe Íoslódála an Liosta Baisceanna

Tá dearadh simplí ar na críochphointí lena n-aischuirtear liosta baisceanna ag a mbíonn rapar lena soláthraítear meiteashonraí. Déantar na baisceanna a shórtáil de réir dáta agus in ord ardaitheach (croineolaíoch):

/revocation-list

Verb: GET

Content-Type: application/json

Response: JSON Array

{
“more”:true|false,
“batches”:
[{
“batchId”: “{uuid}”,
“country”: “XY”,
“date”: “2021-11-01T00:00:00Z”
“deleted”: true | false
}, ..
]
}

Nóta: Tá an toradh teoranta de réir réamhshocraithe do 1 000 . Má bhíonn an bhratach “more” socraithe go true, tugtar le fios leis an bhfreagairt go bhfuil tuilleadh baisceanna ar fáil lena n-íoslódáil. Chun tuilleadh ítimí a íoslódáil ní mór don chliant an ceanntásc If-Modified-Since a shocrú go dáta nach luaithe ná an iontráil dheireanach a fuarthas.

Tá eagar JSON sa fhreagairt ina bhfuil an struchtúr seo a leanas:



Réimse

Sainmhíniú

more

Bratach Boolean a thugann le fios gurb ann do thuilleadh baisceanna.

batches

Eagar leis na baisceanna atá ann cheana féin.

batchId

https://en.wikipedia.org/wiki/Universally_unique_identifier

country

Cód Tíre ISO 3166

date

Dáta AUL ISO 8601. An dáta a cuireadh an bhaisc isteach nó a scriosadh í.

deleted

boolean. True [Fíor] má scriostar í. Nuair a bheidh an bhratach scriosta socraithe, is féidir an iontráil a bhaint go críochnaitheach de thorthaí an chuardaigh tar éis 7 lá.

9.5.1.2.1.1.    Cóid Freagartha



Cód

Tuairisc

200

Gach rud ceart go leor.

204

Níl aon inneachar ann, mura bhfuil aon mheaitseáil le hinneachar Cheanntásc “If-Modified-Since”.

Ceanntásc Iarrata



Ceanntásc

Éigeantach

Tuairisc

If-Modified-Since

Sa cheanntásc sin tá an dáta deireanach is féidir na torthaí is nua amháin a íoslódáil. Sa ghlao bunaidh ba cheart an ceanntásc a shocrú go“2021-06-01T00:00:00Z”

9.5.1.2.2.   Críochphointe Íoslódála na mBaisceanna

Tá liosta aitheantóirí deimhnithe sna baisceanna:

/revocation-list/{batchId}

Verb: GET

Accepts: application/cms

Response:CMS with Content

{
“country”: “XY”,
“expires”: “2022-11-01T00:00:00Z”,
“kid”:“23S+33f=”,
“hashType”:“SIGNATURE”,
“entries”:[{
“hash”:“e2e2e2e2e2e2e2e2”
}, ..]
}

Tá CMS sa fhreagairt lena n-áirítear síniú agus is gá é a bheith ag teacht le deimhniú NBUP na tíre. Tá an struchtúr seo a leanas i ngach ítim san eagar JSON:



Réimse

Éigeantach

Cineál

Sainmhíniú

expires

String

An dáta is féidir an ítim a bhaint.

ISO8601 Dáta/Am AUL

country

String

Cód Tíre ISO 3166

hashType

String

Cineál Haise na n-iontrálacha arna soláthar (féach Cineálacha haiseanna)

entries

JSON Object Array

Féach an Tábla Iontrálacha

kid

String

KID an DSC, é ionchódaithe go base64, a úsáidtear chun an DCC a shíniú.

Murab eol an KID is féidir an teaghrán “UNKNOWN_KID” a úsáid (cé is moite den').

Nótaí:

— 
Déanfar baisceanna a ghrúpáil de réir dáta éaga agus DSC – rachaidh na hítimí ar fad in éag an tráth céanna agus beidh siad sínithe leis an eochair chéanna.
— 
Is dáta/am de réir AUL gach am éaga ós rud é gur córas domhanda é EU-DCC agus ní mór dúinn am gan débhrí a úsáid.
— 
Socrófar dáta éaga DCC chúlghairthe go buan ag dáta éaga an DSC comhfhreagraigh a úsáidtear chun an DCC a shíniú nó Am Éaga an DCC chúlghairthe (sa chás sin, caithfear leis an DátaUimhriúil/am sealaid (NumericDate/epoch time) mar dháta agus am de réir amchrios AUL).
— 
Leis an gCúl Náisiúnta (NB) bainfear ítimí óna liosta cúlghairme nuair a shroichfear an dáta éaga.
— 
Féadfaidh NB ítimí a bhaint dá liosta cúlghairme sa chás go bhfuil an kid a úsáideadh chun an DCC a shíniú cúlghairthe.

9.5.1.2.2.1.   Iontrálacha



Réimse

Éigeantach

Cineál

Sainmhíniú

hash

String

Na chéad 128 bits den hais SHA256 ionchódaithe mar theaghrán base64.

Nóta: In oibiacht na n-iontrálacha faoi láthair níl ann ach hais, ach ionas go mbeidh sí comhoiriúnach le hathruithe a bheidh ann amach anseo roghnaíodh oibiacht, in ionad eagar json.

9.5.1.2.2.2.   Cóid Freagartha



Cód

Tuairisc

200

Gach rud ceart go leor.

410

Tá an bhaisc imithe. Is féidir an bhaisc a scriosadh sa chúl náisiúnta.

9.5.1.2.2.3.   Ceanntáisc Freagartha



Ceanntásc

Tuairisc

ETag

ID Baisce.

9.5.1.2.3.   Críochphointe Uaslódála Baisce

Déantar an uaslódáil thar an gcríochphointe chéanna leis an Verb POST:

/revocation-list

Verb: POST

Accepts: application/cms

Request: CMS with Content

ContentType: application/cms

Content:

{
“country”: “XY”,
“expires”: “2022-11-01T00:00:00Z”,
“kid”:“23S+33f=”,
“hashType”:“SIGNATURE”,
“entries”:[{
“hash”:“e2e2e2e2e2e2e2e2”
}, ..]
}

Déanfar an bhaisc a shíniú trí dheimhniú NBUP a úsáid. Fíoróidh an Tairseach gur socraíodh an síniú leis an NBUP le haghaidh na (tíre) atá i gceist. Má theipeann ar sheiceáil an tsínithe, teipfidh ar an uaslódáil.

NÓTA: Tá gach baisc do-athraithe agus ní féidir iad a athrú tar éis a n-uaslódála. Is féidir iad a scriosadh, áfach. Stóráiltear ID gach baisc a scriosadh, agus diúltaítear d’uaslódáil baisce nua ag a bhfuil an ID céanna.

9.5.1.2.4.   Críochphointe Scriosta Baisce

Is féidir baisc a scriosadh thar an gcríochphointe chéanna leis an Verb DELETE:

/revocation-list

Verb: DELETE

Accepts: application/cms

ContentType: application/cms

Request: CMS with Content

Content:

{
“batchId”: “...”
}

nó, ar chúiseanna comhoiriúnachta, chuig an gcríochphointe seo a leanas leis an Verb POST:

/revocation-list/delete

Verb: POST

Accepts: application/cms

ContentType: application/cms

Request: CMS with Content

Content:

{
“batchId”: “...”
}

9.6.    Cosaint API/RGCS

Sonraítear sa roinn seo bearta chun go mbeidh an cur chun feidhme i gcomhréir le forálacha Rialachán 2021/953 a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil.

9.6.1.    Fíordheimhniú atá ann cheana

Úsáideann an Tairseach an deimhniú NBTLS faoi láthair chun tíortha atá ag nascadh leis an Tairseach a fhíordheimhniú. Is féidir an fíordheimhniúchán sin a úsáid chun céannacht na tíre atá nasctha leis an Tairseach a chinneadh. Is féidir an chéannacht sin a úsáid ansin chun rialú rochtana a chur chun feidhme.

9.6.2.    Rialú Rochtana

Ionas gur féidir sonraí pearsanta a phróiseáil go dlíthiúil cuirfidh an Tairseach sásra rialaithe rochtana chun feidhme.

Cuireann an tairseach Liosta Rialaithe Rochtana chun feidhme i dteannta le Slándáil Rólbhunaithe. Sa scéim sin, déanfar dhá thábla a choimeád ar bun – tábla amháin ina dtugtar tuairisc ar cé na Róil lenar féidir Oibríocht ar leith a shannadh d’Acmhainn ar leith, tugtar tuairisc sa tábla eile ar cé na Róil a shanntar d’Úsáideoir ar leith.

Chun na rialuithe á éilítear leis an doiciméad seo a chur chun feidhme, tá gá leis na trí Ról seo a leanas:

RevocationListReader
RevocationUploader
RevocationDeleter

Leis na críochphointí seo a leanas déanfar a sheiceáil an bhfuil an Ról RevocationListReader ag an Úsáideoir; má tá an ról sin aige deonófar rochtain, mura bhfuil an ról sin aige aischuirfear HTTP 403 Forbidden:

GET/revocation-list/

GET/revocation-list/{batchId}

Leis na críochphointí déanfar a sheiceáil an bhfuil an Ról RevocationUploader ag an Úsáideoir; má tá an ról sin aige deonófar rochtain, mura bhfuil an ról sin aige aischuirfear HTTP 403 Forbidden:

POST/revocation-list

Leis na críochphointí seo a leanas déanfar a sheiceáil an bhfuil an Ról RevocationDeleter ag an Úsáideoir; má tá an ról sin aige deonófar rochtain, mura bhfuil an ról sin aige aischuirfear HTTP 403 Forbidden:

DELETE/revocation-list

POST/revocation-list/delete

Cuirfidh an Tairseach modh iontaofa ar fáil freisin lenar féidir leis na riarthóirí na Róil atá nasctha leis na hÚsáideoirí a bhainistiú ar bhealach ina laghdófar an seans go mbeidh earráidí daonna ann agus, ag an am céanna, nach gcuirfidh siad ualach ar na riarthóirí feidhmiúla.

▼M1




IARSCRÍBHINN II

RIALACHA CHUN DEIMHNIÚ DIGITEACH COVID AE A LÍONADH

Tá sé d’aidhm ag na rialacha ginearálta a bhaineann leis na tacair luacha a bunaíodh san Iarscríbhinn seo idir-inoibritheacht ar leibhéal séimeantach a áirithiú agus ceadóidh siad cur chun feidhme teicniúil aonfhoirmeach do Dheimhniú Digiteach COVID AE. Féadfar gnéithe atá san Iarscríbhinn seo a úsáid le haghaidh trí shuíomh éagsúla (vacsaíniú/tástáil/téarnamh), mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2021/953. Ní liostaítear ach gnéithe lena mbaineann riachtanas caighdeánaithe shéimeantaigh trí thacair luacha códaithe san Iarscríbhinn seo.

Tá na Ballstáit freagrach as aistriúchán na ngnéithe códaithe chuig an teanga náisiúnta.

Maidir le gach réimse sonraí nach luaitear sna tuairiscí tacair luacha seo a leanas, tugtar tuairisc ar ionchódú in Iarscríbhinn V.

Má tharlaíonn sé, ar chúis ar bith, nach féidir na córais cód roghnaithe a liostaítear thíos a úsáid, féadfar córais cód idirnáisiúnta eile a úsáid agus cuirfear comhairle maidir le cóid a mhapáil ón gcóras cód eile chuig an gcóras cód roghnaithe i bhfeidhm. Féadfar téacs (ainmneacha taispeána) a úsáid i gcásanna eisceachtúla mar shásra cúltaca nuair nach bhfuil cód oiriúnach ar fáil sna tacair luacha shainithe.

Déanfaidh na Ballstáit a úsáideann códú eile ina gcórais cóid den sórt sin a mhapáil chuig na tacair luacha a dtugtar tuairisc orthu. Tá na Ballstáit freagrach as aon mhapáil den sórt sin.

►M4  Ós rud é go bhfuil síorathrú ag teacht go minic ar roinnt tacar luacha atá bunaithe ar na córais chódúcháin dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, amhail na córais le haghaidh códú vacsaíní agus códú mearthástála antaiginí, foilseoidh an Coimisiún iad agus déanfaidh sé iad a thabhairt cothrom le dáta go rialta le tacaíocht ón Líonra r-Shláinte agus ón gCoiste Slándála Sláinte. ◄ Déanfar na tacair luacha nuashonraithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ábhartha an Choimisiúin, chomh maith le leathanach gréasáin an Líonra r-Shláinte. Soláthrófar stair athruithe.

1.    An galar nó an t-oibreán ar ar díríodh/An galar nó an t-oibreán ónar théarnaigh an sealbhóir: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach)

Le húsáid i ndeimhnithe 1, 2 agus 3.

Úsáidfear an cód seo a leanas:



Cód

An Taispeáint

Ainm an Chórais Cód

URL an Chórais Cód

OID an Chórais Cód

Leagan an Chórais Cód

840539006

COVID-19

SNOMED CT

http://snomed.info/sct

2.16.840.1.113883.6.96

2021-01-31

2.    Vacsaín in aghaidh COVID-19 nó próifiolacsas in aghaidh COVID-19

Córas Cód Roghnaithe: SNOMED CT nó Rangú ATC.

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Is sampla iad seo a leanas de chóid a úsáidfear ó na córais cód roghnaithe: cód SNOMED CT 1119305005 (vacsaín antaigine SARS-CoV-2), 1119349007 (vacsaín teachtaire RNA SARS-CoV-2) nó J07BX03 (vacsaíní COVID-19).

Déanfaidh an Coimisiún tacar luach ina leagfar amach na cóid a bheidh le húsáid de bhun na gcóras cód a bhunaítear sa roinn seo a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta le tacaíocht ón Líonra r-Shláinte. Déanfar an tacar luacha a leathnú nuair a fhorbraítear cineálacha nua vacsaíní agus nuair a úsáidtear iad.

3.    Táirge íocshláinte vacsaíne in aghaidh COVID-19

Córas Cód Roghnaithe (san ord roghnaithe):

— 
Clár an Aontais de tháirgí íocshláinte le haghaidh vacsaíní ag a bhfuil údarú uile-AE (uimhreacha údaraithe);
— 
Clár vacsaíní domhanda amhail ceann a d’fhéadfadh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a bhunú;
— 
Ainm an táirge íocshláinte vacsaíne i gcásanna eile. Má tá spásanna bána san ainm, cuirfear fleiscín (-) ina n-áit.

Ainm an Tacair Luacha: Vacsaín.

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Is sampla é AE/1/20/1528 (Comirnaty) de chód a úsáidfear ó na córais cód roghnaithe. Is sampla é seo ar ainm vacsaíne ar cheart a úsáid mar chód: Sputnik-V (ag seasamh le haghaidh Sputnik V).

Déanfaidh an Coimisiún tacar luach ina leagfar amach na cóid a bheidh le húsáid de bhun na gcóras cód a bhunaítear sa roinn seo a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta le tacaíocht ón Líonra r-Shláinte.

Déanfar vacsaíní a chódú trí úsáid a bhaint as cód atá ann cheana sa tacar luacha foilsithe, fiú má tá a n-ainmneacha éagsúil i dtíortha éagsúla. Is é is cúis leis sin nach bhfuil aon chlárlann dhomhanda vacsaíní ann go fóill a chlúdaíonn na vacsaíní ar fad atá in úsáid faoi láthair. Mar shampla:

— 
I gcás vacsaín “Instealladh Ionmhatánach Vacsaín Moderna in aghaidh COVID-19 ”, arb é ainm na vacsaíne Spikevax sa tSeapáin é, úsáidtear cód EU/1/20/1507, toisc gurb é ainm don vacsaín sin san Aontas Eorpach.

Mura bhfuil sé sin indéanta ná inmholta i gcás ar leith, cuirfear cód ar leith ar fáil sa tacar luacha foilsithe.

▼M4

Má chinneann tír a úsáideann Deimhniú Digiteach COVID AE (“EU DCC”) deimhnithe vacsaínithe a eisiúint do rannpháirtithe i dtrialacha cliniciúla le linn trialacha cliniciúla atá ar siúl, déanfar an táirge íocshláinte vacsaíne a chódú de réir an phatrúin

CT_clinical-trial-identifier

I gcás ina bhfuil an triail chliniciúil cláraithe i gClárlann Trialacha Cliniciúla an Aontais (EU-CTR), úsáidfear an t-aitheantóir trialach cliniciúla ón gclár seo. I gcásanna eile, féadfar aitheantóirí ó chláir eile (amhail clinicaltrials.gov nó Clárlann Trialacha Cliniciúla na hAstráile na Nua-Shéalainne) a úsáid.

Áireofar leis an aitheantóir trialach cliniciúil réimír lenar féidir clár na dtrialacha cliniciúla a shainaithint (amhail EUCTR le haghaidh Chlárlann Trialacha Cliniciúla an Aontais, NCT le haghaidh clinicaltrials.gov, ACTRN le haghaidh Chlárlann Trialacha Cliniciúla na hAstráile na Nua-Shéalainne).

I gcás ina mbeidh treoir faighte ag an gCoimisiún ón gCoiste Slándála Sláinte, ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) nó ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) maidir le glacadh le deimhnithe arna n-eisiúint le haghaidh vacsaín in aghaidh COVID-19 atá ag dul faoi thrialacha cliniciúla, foilseofar an treoir mar chuid de dhoiciméad na dtacar luacha nó foilseofar ar leithligh í.

▼M1

4.    Sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne in aghaidh COVID-19 nó monaróir na vacsaíne in aghaidh COVID-19

Córas Cód Roghnaithe:

— 
Cód eagraíochta ó EMA (córas SPOR le haghaidh ISO IDMP);
— 
Clár domhanda sealbhóirí an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne nó clár monaróirí, amhail ceann a d’fhéadfadh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a bhunú;
— 
Ainm na heagraíochta i gcásanna eile. Má tá spásanna bána san ainm, cuirfear fleiscín (-) ina n-áit.

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Is sampla de chód ón gcóras cód roghnaithe a úsáidfear é ORG-100001699 (AstraZeneca AB). Is sampla é seo ar ainm eagraíochta ar cheart a úsáid mar chód: Sinovac-Biotech (ag seasamh le haghaidh Sinovac Biotech).

Déanfaidh an Coimisiún tacar luach ina leagfar amach na cóid a bheidh le húsáid de bhun na gcóras cód a bhunaítear sa roinn seo a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta le tacaíocht ón Líonra r-Shláinte.

Bainfidh brainsí éagsúla de Sealbhóir an Údaraithe le haghaidh Margaithe céanna nó den mhonaróir céanna úsáid as cód atá ann cheana sa tacar luacha foilsithe.

Mar riail ghinearálta i gcás an táirge vacsaíne chéanna, bainfear úsáid as an gcód a thagraíonn do shealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe san Aontas toisc nach bhfuil aon chlárlann ann go fóill do mhonaróirí vacsaíne ná do shealbhóirí an údaraithe le haghaidh margú a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. Samplaí:

— 
I gcás na heagraíochta “Pfizer AG” ar sealbhóir an údaruithe le haghaidh margaithe é le haghaidh na vacsaíne “Comirnaty” a úsáidtear san Eilvéis, úsáid cód ORG-100030215 a thagraíonn do BioNTech Manufacturing GmbH mar is é sealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe Comirnaty san Aontas é.
— 
I gcás na heagraíochta “Zuellig Pharma” ar sealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe é le haghaidh na Vacsaíne Covid-19 Moderna (Spikevax) a úsáidtear sna hOileáin Fhilipíneacha, úsáid cód ORG-100031184 a thagraíonn do Moderna Biotech Spain S.L., mar is é sealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe Spikevax san Aontas é.

Mura bhfuil sé sin indéanta ná inmholta i gcás ar leith, cuirfear cód ar leith ar fáil sa tacar luacha foilsithe.

▼M4

Má chinneann tír a úsáideann EU DCC deimhnithe vacsaínithe a eisiúint do rannpháirtithe i dtrialacha cliniciúla le linn trialacha cliniciúla leanúnacha a bheith ar siúl, déanfar sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne nó an monaróir vacsaíne a chódú agus úsáid á baint as an luach atá ainmnithe don vacsaín sa tacar luacha, má tá sé ar fáil. I gcásanna eile, déanfar sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne nó an monaróir vacsaíne a chódú agus úsáid á baint as an riail a thuairiscítear thíos faoi Roinn 3 Táirge íocshláinte vacsaíne (CT_clinical-trial-identifier).

▼M1

5.    Uimhir i sraith dáileog chomh maith le líon foriomlán na ndáileog sa tsraith

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Dhá réimse:

(1) 

Uimhir i sraith dáileoga vacsaíne de vacsaín in aghaidh COVID-19 (N);

(2) 

Uimhir foriomlán na ndáileog sa tsraith vacsaínithe (C).

5.1.    Sraith vacsaínithe phríomhúil

I gcás ina bhfuil dáileoga den tsraith vacsaínithe phríomhúil á bhfáil ag an duine, is é sin, an tsraith vacsaínithe atá ceaptha cosaint leordhóthanach a chur ar fáil ag an gcéim thosaigh, léireoidh (C) líon iomlán na ndáileog den tsraith chaighdeánach vacsaínithe phríomhúil (e.g. 1 nó 2 ag brath ar an gcineál vacsaíne a thugtar). Áirítear leis sin an rogha sraith níos giorra a úsáid (C=1) ina gcuireann Ballstát an prótacal vacsaínithe i bhfeidhm chun foráil a dhéanamh maidir le dáileog aonair de vacsaín 2-dháileog a thabhairt do dhaoine a bhí ionfhabhtaithe le SARS-CoV-2 roimhe sin. Dá bhrí sin, sonrófar sraith vacsaínithe phríomhúil chríochnaithe le N/C = 1. Mar shampla:

— 
Sonrófaí le 1/1 gur críochnaíodh cúrsa vacsaínithe aon dáileoige phríomhúil, nó gur críochnaíodh cúrsa príomhúil ina bhfuil dáileog amháin de vacsaín 2-dáileog a thugtar do dhuine téarnaithe i gcomhréir leis an bprótacal vacsaínithe a chuir Ballstát i bhfeidhm;
— 
Sonrófaí le 2/2 gur críochnaíodh sraith vacsaínithe phríomhúil 2-dáileoige.

I gcás ina leathnaítear an tsraith vacsaínithe phríomhúil, mar shampla i gcás daoine a bhfuil córais imdhíonachta an-lagaithe acu nó i gcás nár urramaíodh an tréimhse idir na príomhdháileoga, déanfar aon dáileog den sórt sin a ionchódú mar dháileoga breise a thagann faoi Roinn 5.2.

▼M2

5.2.    Teanndáileoga

I gcás ina dtugtar dáileoga do dhuine tar éis na sraithe vacsaínithe príomhúla, is mar a leanas a chuirfear na teanndáileoga sin in iúl sna deimhnithe comhfhreagracha:

— 
Sonraítear le 2/1 gur tugadh teanndáileog tar éis cúrsa vacsaínithe aon dáileoige príomhúil, nó gur tugadh teanndáileog tar éis cúrsa príomhúil a chríochnú ina bhfuil dáileog amháin de vacsaín 2-dháileog a thugtar do dhuine téarnaithe i gcomhréir leis an bprótacal vacsaínithe a chuir Ballstát i bhfeidhm. Tar éis sin, sonrófar na dáileoga (X) a thugtar tar éis na chéad teanndáileoige le (2+X)/(1) > 1 (3/1, mar shampla);
— 
Sonraítear le 3/3 gur tugadh teanndáileog tar éis sraith vacsaínithe phríomhúil 2-dháileog a fháil. Tar éis sin, sonrófar na dáileoga (X) a thugtar tar éis na chéad teanndáileoige le (3+X)/(3+X) = 1 (4/4, mar shampla).

Cuirfidh na Ballstáit na rialacha ionchódaithe a leagtar amach sa Roinn seo chun feidhme faoin 1 Feabhra 2022.

Atheiseoidh na Ballstáit, go huathoibríoch nó arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, deimhnithe vacsaínithe ina n-ionchódaítear tabhairt teanndáileoige tar éis cúrsa vacsaínithe aon dáileoige príomhúil ar bhealach nach bhféadfar é sin a idirdhealú ón tsraith vacsaínithe phríomhúil a bheith críochnaithe.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear freisin, le tagairtí do “theanndáileoga”, dáileoga breise a thugtar chun cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine nach léiríonn freagairt imdhíonachta leordhóthanach tar éis dóibh an tsraith vacsaínithe phríomhúil a chríochnú. Féadfaidh na Ballstáit, laistigh den chreat dlíthiúil arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar staid grúpaí leochaileacha a d’fhéadfadh dáileoga breise a fháil mar ábhar tosaíochta. Mar shampla, má chinneann Ballstát dáileoga breise a thabhairt d’fhoghrúpaí sonracha den daonra agus do na foghrúpaí sin amháin, féadfaidh sé a roghnú, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/953, gan deimhnithe vacsaínithe a eisiúint lena léirítear gur tugadh na dáileoga breise sin ach amháin arna iarraidh sin seachas ar bhonn uathoibríoch. I gcás ina nglacfar bearta den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit na daoine lena mbaineann ar an eolas dá réir sin, agus cuirfidh siad in iúl dóibh freisin go bhféadfaidh siad leanúint d’úsáid a bhaint as an deimhniú a fuarthas tar éis dóibh an tsraith chaighdeánach vacsaínithe phríomhúil a chríochnú.

▼M1

6.    An Ballstát nó an tríú tír inar tugadh an vacsaín/ina ndearnadh an tástáil

Córas Cód Roghnaithe: Cóid Tíre ISO 3166.

Le húsáid i ndeimhnithe 1, 2 agus 3.

Inneachar an tacair luacha: an liosta iomlán de chóid a bhfuil 2 litir iontu, atá ar fáil mar thacar luacha a shainítear in FHIR (http://hl7.org/fhir/ValueSet/iso3166-1-2). I gcás gur eagraíocht idirnáisiúnta (amhail UNHCR nó EDS) a thug an vacsaín nó a rinne an tástáil agus nach bhfuil aon fhaisnéis faoin tír ar fáil, bainfear úsáid as cód don eagraíocht. Déanfaidh an Coimisiún cóid bhreise den sórt sin a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta le tacaíocht ón Líonra r-Shláinte.

7.    An cineál tástála

Le húsáid i ndeimhniú 2, agus i ndeimhniú 3 má thugtar tacaíocht le haghaidh eisiúint deimhnithe téarnaimh bunaithe ar chineálacha eile tástála seachas NAAT isteach trí ghníomh tarmligthe.

Bainfear úsáid as na cóid a leanas:



Cód

An Taispeáint

Ainm an Chórais Cód

URL an Chórais Cód

OID an Chórais Cód

Leagan an Chórais Cód

LP6464-4

Aimpliúchán aigéid núicléasaigh le brath tóireadóra

LOINC

http://loinc.org

2.16.840.1.113883.6.1

2.69

LP217198-3

Imdhíonmheasúnacht thapa

LOINC

http://loinc.org

2.16.840.1.113883.6.1

2.69

▼M4

Úsáidfear an cód LP217198-3 (Imdhíonmheasúnacht thapa) chun mearthástálacha antaiginí agus measúnachtaí antaiginí i saotharlanna araon a shonrú.

▼M1

8.    Monaróir agus ainm trádála na tástála a úsáideadh (roghnach i gcás thástáil NAAT)

Le húsáid i ndeimhniú 2.

▼M4

Beidh san áireamh in inneachar an tacair luacha an rogha tástála antaiginí mar a liostaítear sa liosta coiteann agus nuashonraithe de thástálacha antaiginí COVID-19, arna mbunú ar bhonn Mholadh 2021/C 24/01 ón gComhairle agus a chomhaontaigh an Coiste Slándála Sláinte. Déanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde an liosta a choimeád sa Bhunachar Sonraí maidir le Modhanna Tástála agus Feistí Diagnóiseacha In Vitro COVID-19 ag: https://covid-19-diagnostics.jrc.ec.europa.eu/devices/hsc-common-recognition-rat.

▼M1

Maidir leis an gcóras cód sin, úsáidfear gach réimse ábhartha amhail aitheantóir na feiste, ainm agus monaróir na tástála, de réir fhormáid struchtúrtha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde atá ar fáil ag: https://covid-19-diagnostics.jrc.ec.europa.eu/devices

9.    Toradh na tástála

Le húsáid i ndeimhniú 2.

Úsáidfear na cóid a leanas:



Cód

An Taispeáint

Ainm an Chórais Cód

URL an Chórais Cód

OID an Chórais Cód

Leagan an Chórais Cód

260415000

Níor braitheadh é

SNOMED CT

http://snomed.info/sct

2.16.840.1.113883.6.96

2021-01-31

260373001

Braitheadh é

SNOMED CT

http://snomed.info/sct

2.16.840.1.113883.6.96

2021-01-31

▼B




IARSCRÍBHINN III

STRUCHTÚR COMHCHOITEANN AITHEANTÓIR UATHÚIL AN DEIMHNITHE

1.    Réamhrá

Beidh aitheantóir uathúil deimhnithe (UCI) san áireamh le gach Deimhniú Digiteach COVID AE (DCC), agus tacóidh sé sin le hidir-inoibritheacht DCCanna. Féadfar UCI a úsáid chun an deimhniú a fhíorú. Beidh na Ballstáit freagrach as UCI a chur chun feidhme. Is modh le fírinneacht an deimhnithe a fhíorú agus, i gcás inarb infheidhme, lena nascadh le córas cláraithe (mar shampla, IIS) atá in UCI. Cumasóidh na haitheantóirí (agus iad ar páipéar agus digiteach) dearbhuithe ó na Ballstáit go bhfuair daoine aonair vacsaín nó gur tástáladh iad.

2.    Comhdhéanamh an aitheantóra deimhnithe uathúil

Leanfaidh UCI struchtúr agus formáid chomhchoiteann a éascaíonn léirmhínitheacht dhaonna agus/nó meaisíní na faisnéise agus d’fhéadfadh go mbainfeadh sé le gnéithe amhail an Ballstát vacsaínithe, an vacsaín féin agus aitheantóir sonrach Ballstáit. Áirithíonn sé solúbthacht ionas go mbeidh na Ballstáit in ann é a fhormáidiú, agus meas iomlán ar reachtaíocht maidir le cosaint sonraí. Leanann ord na ngnéithe ar leith ordlathas sainithe is féidir leasuithe ar na bloic sa todhchaí a éascú a fhad agus a choinnítear a shláine struchtúrach.

Déanfaidh na réitigh fhéideartha le haghaidh comhdhéanamh UCI speictream ina bhfuil an mhódúlacht agus an léirmhínitheacht dhaonna ar an dá phríomhpharaiméadar éagsúlaithe agus an t-aon saintréith bhunúsach.

— 
Modúlacht: a mhéid atá an cód comhdhéanta de bhloic thógála ar leith ina bhfuil faisnéis atá difriúil ó thaobh na séimeantaice de
— 
Léirmhínitheacht dhaonna: a mhéid atá brí le cód nó ar féidir le léitheoir daonna ciall a bhaint as
— 
Uathúil go domhanda; déantar bainistíocht mhaith ar an aitheantóir Tíre nó Údaráis; agus táthar ag súil go déanfaidh gach tír (údarás) bainistíocht mhaith ar a deighleog den ainmspás gan aitheantóirí a athchúrsáil ná a atheisiúint riamh. Áirithíonn an meascán sin go bhfuil gach aitheantóir uathúil go domhanda.

▼M1

3.    Ceanglais ghinearálta

Ní mór na ceanglais uileghabhálacha seo a leanas a chomhlíonadh maidir le UCI:

(1) 

Tacar carachtar: ní cheadaítear ach carachtair alfa-uimhriúla US-ASCII (“A” go “Z”, “0” go ’9’) le carachtair speisialta le haghaidh dealú ó RFC3986 ( 14 ), eadhon {'/','#',':'};

(2) 

Fad uasta: déanfaidh dearthóirí iarracht fad de 27-30 carachtar a bhaint amach ( 15 );

(3) 

Réimír leagain: tagraíonn sé sin do leagan an scéimre UCI. Is é “01” an réimír leagain don leagan seo den doiciméad; tá dhá dhigit sa réimír leagain;

(4) 

Réimír tíre: sonraítear an réimír tíre le ISO 3166-1. Coimeádtar cóid níos faide (e.g. 3 charachtar agus níos mó, mar shampla “UNHCR”) le húsáid sa todhchaí;

(5) 

Iarmhír cóid / Suim sheiceála:

5.1 

Féadfaidh na Ballstáit suim sheiceála a úsáid nuair is dócha go dtarlódh tarchur, tras-scríbhinn (daonna) nó truailliú eile (is é sin nuair a úsáidtear an fhormáid phriontáilte).

5.2 

Ní bheifear ag brath ar an tsuim sheiceála amháin chun an deimhniú a bhailíochtú agus níl sí mar chuid den aitheantóir go teicniúil ach úsáidtear í chun sláine an chóid a fhíorú. Ní mór an achoimre ISO-7812-1 (LUHN-10) ( 16 ) ar UCI iomlán i bhformáid iompair dhigiteach/sreinge a bheith mar an tsuim sheiceála. Tá an tsuim sheiceála scartha ón gcuid eile de UCI le carachtar “#”.

Áiritheofar comhoiriúnacht droim ar ais: áiritheoidh na Ballstáit a athraíonn struchtúr a n-aitheantóirí thar am (laistigh den phríomhleagan, atá socruithe ag v1 faoi láthair) go léiríonn aon dá aitheantóir atá díreach mar an gcéanna an deimhniú/dearbhú vacsaínithe céanna. Nó, i bhfocail eile, ní féidir leis na Ballstáit aitheantóirí a athchúrsáil..

▼B

4.    Roghanna le haghaidh aitheantóirí deimhnithe uathúla i gcomhair deimhnithe vacsaínithe

Déantar foráil maidir le roghanna éagsúla atá ar fáil do na Ballstáit agus do pháirtithe eile a d’fhéadfadh a bheith ann i measc Ballstát éagsúla i ( 17 ) dtreoirlínte an Líonra ríomhShláinte maidir le deimhnithe vacsaínithe infhíoraithe agus bunghnéithe idir-inoibritheachta. Féadfaidh na Ballstáit roghanna éagsúla den sórt sin a úsáid i leaganacha difriúla de scéimre UCI.




IARSCRÍBHINN IV

RIALÚ DEIMHNITHE EOCHRACH POIBLÍ

1.    Réamhrá

Is trí Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE (DCCG), a ghníomhaíonn mar stór lárnach do na heochracha poiblí, a dhéantar eochracha sínithe le haghaidh Deimhnithe Digiteacha COVID AE (DCCanna) a mhalartú go slán agus go hiontaofa idir na Ballstáit. Le DCCG, cumhachtaítear na Ballstáit leis na heochracha poiblí a chomhfhreagraíonn do na heochracha príobháideacha a úsáideann siad chun deimhnithe COVID a shíniú a fhoilsiú. Féadfaidh na Ballstáit atá ag brath DCCG a úsáid le hábhar cothrom le dáta a fháil ar eochracha poiblí ar bhonn tráthúil. Ina dhiaidh sin, féadfar DCCG a leathnú chun faisnéis bhreise iontaofa a sholáthraíonn na Ballstáit, amhail rialacha bailíochtúcháin le haghaidh DCCanna, a mhalartú. Is é Bonneagar Eochrach Poiblí (PKI) an tsamhail iontaoibhe de chreat DCC. Coinníonn gach Ballstáit Údarás Deimhniúcháin na Tíre Sínithe (CSCA) amháin, nó níos mó, ar bun agus baineann tréimhse sách fada le bailíocht na ndeimhnithe a eisíonn an t-údarás (na húdaráis) sin. I ndiaidh cinneadh ón mBallstát, féadfaidh CSCA a bheith mar CSCA mar a úsáideadh le haghaidh doiciméid iompair inléite ag meaisín, nó a bheith éagsúil ó CSCA mar sin. Eisíonn CSCA deimhnithe eochrach poiblí le haghaidh Sínitheoirí Doiciméad náisiúnta gearrshaolacha (i.e. sínitheoirí le haghaidh DCCanna), a dtugtar Deimhnithe Sínitheora Doiciméad (DSCanna) orthu. Gníomhaíonn CSCA mar chúltaca iontaofa ar bhealach is féidir leis na Ballstáit atá ag brath an deimhniú CSCA a úsáid chun barántúlacht agus sláine na DSCanna a athraíonn go tráthrialta a bhailíochtú. Nuair a bhailíochtaítear iad, féadfaidh na Ballstáit na deimhnithe sin (nó na heochracha poiblí atá le fáil iontu amháin) a sholáthar dá bhfeidhmeanna bailíochtaithe DCC. Seachas CSCAnna agus DSCanna, bíonn DCCG ag brath freisin ar PKI le hidirbhearta a fhíordheimhniú agus sonraí a shíniú mar an bonn fíordheimhniúcháin agus mar mhodh le sláine na gcainéal cumarsáide idir na Ballstáit agus DCCG a áirithiú.

Is féidir sínithe digiteacha a úsáid chun sláine agus barántúlacht sonraí a bhaint amach. Bunaítear iontaoibh le Bonneagair Eochrach Poiblí trí eochracha poiblí a cheangal le céannachtaí (nó eisitheoirí) fíoraithe. Tá gá leis sin chun go mbeidh rannpháirtithe eile in ann bunús na sonraí agus céannacht an pháirtithe cumarsáide a fhíorú chun cinneadh a dhéanamh faoi iontaofacht. In DCCG, úsáidtear deimhnithe eochrach poiblí iolracha ar mhaithe le barántúlacht. Sainítear cibé deimhnithe eochrach poiblí a úsáidtear agus conas a dhearfar iad san Iarscríbhinn seo d’fhonn idir-inoibritheacht leathan i measc na mBallstát a cheadú. Soláthraíonn sé tuilleadh sonraí ar na deimhnithe eochrach poiblí is gá agus tugann sé treoir ar theimpléid deimhnithe agus tréimhsí bailíochta le haghaidh na mBallstát ar mian leo CSCA dá gcuid féin a fheidhmiú. Ós rud é go mbeidh DCCanna infhíoraithe le haghaidh tréimhse shainithe (ag tosú ón dáta eisiúna, agus a rachaidh in éag tar éis tréimhse áirithe a shonraítear), is gá samhail fíorúcháin a shainiú le haghaidh gach sínithe a chuirtear i bhfeidhm ar na deimhnithe eochrach poiblí agus DCCanna.

2.    Téarmaíocht

Tá giorrúcháin agus téarmaíocht a úsáidtear san Iarscríbhinn seo le fáil sa tábla seo a leanas.



Aibíochta

Sainmhíniú

Deimhniú

Nó deimhniú eochrach poiblí. Deimhniú X.509 v3 a bhfuil eochair phoiblí eintitis ann

CSCA

Údarás Deimhniúcháin na Tíre Sínithe

DCC

Deimhniú Digiteach COVID AE Doiciméad digiteach sínithe a bhfuil faisnéis vacsaínithe, tástála nó téarnaimh ann

DCCG

Tairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE Úsáidtear an córas sin chun DSCanna a mhalartú idir na Ballstáit

DCCGTA

Deimhniú Chúltaca Iontaoibhe DCCG. Úsáidtear an eochair phríobháideach chomhfhreagrach chun an liosta de gach deimhniú CSCA a shíniú as líne

DCCGTLS

Deimhniú freastalaí TLS de chuid DCCG

DSC

Deimhniú Sínitheora Doiciméad Deimhniú Eochrach Poiblí de chuid údaráis sínithe doiciméad Ballstáit (mar shampla, córas a cheadaítear le DCCanna a shíniú). Eisíonn CSCA an Bhallstáit an deimhniú sin

EC-DSA

Algartam Sínithe Dhigitigh Cuair Éilipsigh Algartam sínithe cripteagrafach atá bunaithe ar chuair éilipseacha

Ballstát

Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh

mTLS

TLS frithpháirteach. Prótacal Slándála Shraith an Iompair le fíordheimhniú frithpháirteach

NB

Cúl náisiúnta de chuid Ballstáit

NBCSCA

Deimhniú CSCA de chuid Ballstáit (d’fhéadfadh ní ba mhó dá ceann amháin a bheith ann)

NBTLS

Deimhniú barántúlachta cliaint TLS de chuid cúil náisiúnta

NBUP

Deimhniú a úsáideann cúl náisiúnta chun pacáistí sonraí a uaslódáiltear chuig DCCG a shíniú

PKI

Bonneagar Eochrach Poiblí Samhail iontaoibhe bunaithe ar dheimhnithe eochrach poiblí agus údaráis deimhniúcháin

RSA

Algartam cripteagrafach neamhshiméadrach bunaithe ar fhachtóiriú slánuimhreacha a úsáidtear le haghaidh sínithe digiteacha nó criptiúchán neamhshiméadrach

3.    Sreafaí cumarsáide agus seirbhísí slándála DCCG

Tugtar forbhreathnú sa roinn seo ar shreafaí cumarsáide agus seirbhísí slándála i gcóras DCCG. Sainítear ann freisin cibé na heochracha agus na deimhnithe a úsáidtear chun cumarsáid, an fhaisnéis uaslódáilte, DCCanna agus liosta iontaoibhe sínithe de gach deimhniú CSCA ionduchtaithe a chosaint. Oibríonn DCCG mar mhol sonraí a éascaíonn malartú pacáistí sonraí sínithe le haghaidh na mBallstát.

Soláthraíonn DCCG na pacáistí sonraí uaslódáilte ‘mar atá siad’, rud a chiallaíonn nach gcuireann DCCG DSCanna leis na pacáistí a fhaigheann sé ná nó nach scriosann sé DSCanna ó na pacáistí a fhaigheann sé. Déanfar cúl náisiúnta (NB) na mBallstát a chumasú le sláine agus barántúlacht ó cheann go ceann na sonraí uaslódáilte a fhíorú. Thairis sin, úsáidfidh cúil náisiúnta agus DCCS fíordheimhniú frithpháirteach TLS chun nasc slán a bhunú. Tá sé sin sa bhreis ar na sínithe sna sonraí malartaithe.

3.1.    Fíordheimhniú agus bunú naisc

Úsáideann DCCG Slándáil Shraith an Iompair (TLS) le fíordheimhniú frithpháirteach chun cainéal fíordheimhnithe criptithe a bhunú idir cúl náisiúnta (NB) an Bhallstáit agus timpeallacht na Tairsí. Dá bhrí sin, tá deimhniú freastalaí TLS i seilbh ag DCCG, a ghiorraítear mar DCCGTLS, agus tá deimhniú cliaint TLS i seilbh ag an gcúl náisiúnta – a ghiorraítear mar NBTLS. Soláthraítear teimpléid deimhnithe i Roinn 5 Is féidir le gach cúl náisiúnta a dheimhniú TLS féin a sholáthar. Cuirfear an deimhniú sin ar gheal-liosta go sainráite agus dá réir sin féadfaidh údarás deimhniúcháin a bhfuil iontaoibh ag an bpobal as é a eisiúint (mar shampla, údarás deimhniúcháin a leanann ceanglais bhonnlíne an Fhóraim Brabhsálaí CA), nó féadfaidh údarás náisiúnta deimhniúcháin é a eisiúint nó féadfar é a fhéinsíniú. Tá gach Ballstát freagrach as a chuid sonraí náisiúnta agus as an eochair phríobháideach a úsáidtear chun an nasc a bhunú le DCCG a chosaint. Éilítear próiseas clárúcháin agus aitheantais dea-shainithe leis an gcur chuige ‘tabhair leat do dheimhniú féin’ chomh maith le nósanna imeachta cúlghairme agus athnuachana ar a dtugtar tuairisc i ranna 4.1 , 4.2 agus 4.3. Úsáideann DCCG geal-liosta i gcás ina gcuirtear deimhnithe TLS na gCúl Náisiúnta leo tar éis iad a chlárú go rathúil. Ní féidir ach le Cúil Náisiúnta a dhéanann iad féin a fhíordheimhniú le heochair phríobháideach a chomhfhreagraíonn do dheimhniú ón ngeal-liosta nasc slán a bhunú le DCCG. Bainfidh DCCG úsáid freisin as deimhniú TLS lena ligtear do Chúil Náisiúnta a fhíorú go bhfuil siad go deimhin ag bunú naisc leis an ‘bhfíor’-DCCG agus ní le heintiteas éigin atá ag iarraidh díobháil a dhéanamh a ligeann air féin gur DCCG atá ann. Soláthrófar an deimhniú DCCG do na Cúil Náisiúnta tar éis clárú rathúil. Eiseofar an deimhniú DCCGTLS ó Údarás Deimhniúcháin a bhfuil iontaoibh ag an bpobal as (a chuimsítear i ngach mórbhrabhsálaí). Tá sé mar chúram ar na Ballstáit a fhíorú go bhfuil a nasc le DCCG slán (mar shampla, trí mhéarlorg dheimhniú DCCGTLS an fhreastalaí a bhfuiltear nasctha leis a sheiceáil in aghaidh an ceann a soláthraíodh tar éis clárú).

3.2.    Údaráis Deimhniúcháin na Tíre Sínithe agus Samhail Bhailíochtaithe

Ní mór do na Ballstáit a bheidh páirteach sa chreat DCCG CSCA a úsáid chun DSCanna a eisiúint. Féadfaidh níos mó ná CSCA amháin a bheith ag na Ballstáit, i gcás dílárú réigiúnach, mar shampla. Is féidir le gach Ballstát údaráis deimhniúcháin atá ann cheana a úsáid nó is féidir leo údarás deimhniúcháin thiomnaithe (b’fhéidir féinsínithe) a bhunú le haghaidh an chórais DCC.

Ní mór do Bhallstáit a ndeimhniú/ndeimhnithe CSCA a thíolacadh don oibreoir DCCG i rith an nóis imeachta ionduchtaithe oifigiúil. Tar éis an Ballstát a chlárú go rathúil (féach roinn 4.1 chun tuilleadh sonraí a fháil), tabharfaidh an t-oibreoir DCCG liosta iontaoibhe sínithe cothrom le dáta, liosta ina mbeidh gach deimhniú CSCA atá gníomhach sa chreat DCC. Úsáidfidh an t-oibreoir DCCG eochairphéire neamhshiméadrach tiomnaithe chun an liosta iontaoibhe agus na deimhnithe a shíniú i dtimpeallacht as líne. Ní stórálfar an eochair phríobháideach ar chóras ar líne DCCG, sa chaoi is má chuirtear an córas ar líne i mbaol nach gcuireann sé sin ar a chumas d’ionsaitheoir an liosta iontaoibhe a chur i mbaol. Soláthrófar an deimhniú cúltaca iontaofa DCCG TA comhfhreagrach do na cúil náisiúnta i rith an phróisis ionduchtaithe.

Is féidir leis na Ballstáit an liosta iontaoibhe a aisghabháil ó DCCG le haghaidh a nósanna imeachta fíorúcháin. Sainítear CSCA mar an t-údarás deimhniúcháin a eisíonn DSCanna, mar sin ní mór do na Ballstáit a úsáideann ordlathas CA ilsraithe (mar shampla, Fréamh CA -> CSCA -> DSCanna) an t-údarás deimhniúcháin sóisearach a eisíonn DSCanna a sholáthar. Sa chás sin, má úsáideann Ballstát údarás deimhniúcháin atá ann cheana, ansin déanfaidh an córas DCC neamhaird d’aon rud os cionn CSCA agus ní chuirfidh siad ach CSCA ar an ngeal-liosta mar an cúltaca iontaoibhe (cé gur údarás deimhniúcháin sóisearach é). Tá sé sin cosúil leis an tsamhail ICAO, nach gceadaíonn ach díreach dhá leibhéal – ‘fréamh’-CSCA agus DSC le ‘duille’ a shíníonn an CSCA sin amháin.

I gcás ina n-oibríonn Ballstát a CSCA féin, tá an Ballstát freagrach as oibríocht shlán agus as príomhbhainistíocht an údaráis deimhniúcháin sin. Bíonn CSCA mar chúltaca iontaofa do DSCanna, agus dá bhrí sin tá sé fíor-riachtanach go dtabharfaí cosaint d’eochair phríobháideach CSCA ar mhaithe le sláine na timpeallachta DCC. Is í an tsamhail fíorúcháin in PKI de chuid DCC an tsamhail bhlaoisce, ina luaitear nach mór do gach deimhniú i mbailíochtú an chosáin deimhnithe a bheith bailí ag tráth ar leith (i.e. tráth bhailíochtú an tsínithe). Dá bhrí sin, beidh feidhm ag na srianta seo a leanas:

— 
Ní eiseoidh CSCA deimhnithe a bheidh bailí níos faide ná an deimhniú CA féin;
— 
Ní shíneoidh an sínitheoir doiciméad doiciméid a bheidh bailí níos faide ná DSC féin;
— 
Ní mór do na Ballstáit a oibríonn a CSCA féin tréimhsí bailíochta a shainiú dá CSCA agus gach deimhniú a eiseofar agus ní mór dóibh cúram a ghlacadh as athnuachan na ndeimhnithe.

Tá moltaí i roinn 4.2 maidir le tréimhsí bailíochta.

3.3.    Sláine agus barántúlacht na sonraí a uaslódálfar

Is féidir leis na cúil náisiúnta DCCG a úsáid chun pacáistí sonraí atá sínithe go leictreonach a uaslódáil agus a íoslódáil tar éis fíordheimhniú rathúil frithpháirteach. Bíonn DSCanna na mBallstát sna pacáistí sonraí sin ar dtús báire. An t-eochairphéire a úsáideann an cúl náisiúnta le haghaidh shíniú leictreonach na bpacáistí sonraí a uaslódáiltear sa chóras DCCG, tugtar eochairphéire sínithe i gcomhair uaslódála chuig an gcúl náisiúnta ar an eochairphéire sin agus giorraítear an deimhniú eochrach poiblí comhfhreagrach le deimhniú NBUP. Tugann gach Ballstát a dheimhniú NBUP féin leis, ar féidir leis féin é a shíniú, nó is féidir le húdarás deimhniúcháin atá i bhfeidhm cheana é a eisiúint, amhail údarás deimhniúcháin poiblí (i.e. údarás deimhniúcháin a eisíonn deimhniú i gcomhréir le ceanglais bhonnlíne Fhóram CAB). Beidh an deimhniú NBUP difriúil le haon deimhniú eile a bhíonn á úsáid ag an mBallstát (i.e. CSCA, cliant TLS nó DSCanna).

Ní mór do na Ballstáit an deimhniú uaslódála a sholáthar don oibreoir DCCG i rith an nóis imeachta clárúcháin tosaigh (féach Roinn 4.1 chun tuilleadh sonraí a fháil). Tá gach Ballstát freagrach as a shonraí náisiúnta agus ní mór dó cosaint a thabhairt don eochair phoiblí a úsáidtear chun na huaslódálacha a shíniú.

Is féidir leis na Ballstáit eile na pacáistí sonraí sínithe a fhíorú ag úsáid na ndeimhnithe uaslódála a sholáthraíonn DCCG. Fíoraíonn DCCG barántúlacht agus sláine na sonraí uaslódáilte leis an deimhniú uaslódála NB sula soláthraítear iad do na Ballstáit eile.

3.4.    Ceanglais maidir le hailtireacht theicniúil DCCG

Is mar a leanas atá na ceanglais maidir le hailtireacht theicniúil DCCG:

— 
Úsáideann DCCG fíorúchán TLS frithpháirteach chun nasc criptithe fíordheimhnithe a bhunú leis na Cúil Náisiúnta. Dá bhrí sin, coinníonn DCCG geal-liosta de dheimhnithe cliant NBTLS cláraithe;
— 
Úsáideann DCCG dhá dheimhniú dhigiteacha (DCCGTLS agus DCCGTA) a bhfuil dhá eochairphéire ar leith ag gabháil leo. Coinnítear eochair phríobháideach eochairphéire DCCGTA as líne (ní ar na comhpháirteanna ar líne de DCCG);
— 
Coinníonn DCCG liosta iontaoibhe de dheimhnithe NBCSCA atá sínithe le heochair phríobháideach DCCGTA;
— 
Ní mór do na sifir a úsáidtear na ceanglais ó Roinn 5.1 a chomhlíonadh.

4.    Bainistíocht Shaolré an Deimhnithe

4.1.    Clárú na gCúl Náisiúnta

Ní mór do na Ballstáit clárú leis an oibreoir DCCG chun a bheith páirteach sa chóras DCCG. Tugtar tuairisc sa roinn seo ar an nós imeachta teicniúil agus oibríochta nach mór a chomhlíonadh chun cúl náisiúnta a chlárú.

Ní mór don oibreoir DCCG agus don Bhallstát faisnéis a mhalartú faoi theagmhálaithe teicniúla don phróiseas ionduchtaithe. Glactar leis go bhfuil na teagmhálaithe teicniúla dlisteanaithe ag a mBallstáit agus go ndéantar aitheantas/fíordheimhniú ar chainéil eile. Mar shampla, is féidir fíordheimhniú a bhaint amach nuair a sholáthraíonn teagmhálaí teicniúil Ballstáit na deimhnithe mar chomhaid atá criptithe le pasfhocal trí ríomhphost agus nuair a chomhroinneann sé an pasfhocal comhfhreagrach leis an oibreoir DCCG ar an teileafón. Féadfar cainéil shlána eile a bheidh sainithe ag an oibreoir DCCG a úsáid freisin.

Ní mór don Bhallstát trí dheimhniú dhigiteacha a sholáthar i rith an phróisis clárúcháin agus aitheantais:

— 
Deimhniú TLS NBTLS an Bhallstáit
— 
Deimhniú uaslódála NBUP an Bhallstáit
— 
Deimhniú/deimhnithe CSCA NBCSCA an Bhallstáit

Ní mór do gach deimhniú a sholáthraítear cloí leis na ceanglais a shainítear i Roinn 5. Fíoróidh an t-oibreoir DCCG go gcloíonn an deimhniú a sholáthraítear le ceanglais Roinn 5. Tar éis an aitheantais agus an chlárúcháin, déanfaidh an t-oibreoir DCCG na nithe a leanas:

— 
cuirfidh sé an deimhniú/na deimhnithe NBCSCA leis an liosta iontaoibhe arna shíniú leis an eochair phríobháideach a chomhfhreagraíonn don eochair phoiblí DCCGTA;
— 
cuirfidh sé an deimhniú NBTLS leis an ngeal-liosta de chríochphointe DCCG TLS;
— 
cuirfidh sé an deimhniú NBUP leis an gcóras DCCG;
— 
soláthróidh sé an deimhniú eochrach poiblí DCCGTA agus DCCGTLS don Bhallstát.

4.2.    Údaráis deimhniúcháin, tréimhsí bailíochta agus athnuachan

I gcás inar mian le Ballstát CSCA dá chuid féin a oibriú, is féidir leis na deimhnithe CSCA a bheith ina ndeimhnithe féinsínithe. Feidhmíonn siad mar chúltaca iontaofa de chuid an Bhallstáit agus dá bhrí sin ní mór don Bhallstát an eochair phríobháideach a chomhfhreagraíonn d’eochair phoiblí an deimhnithe CSCA a chosaint go láidir. Moltar go n-úsáidfeadh na Ballstáit córas as líne dá CSCA, i.e. córas ríomhairí nach bhfuil nasctha le haon líonra. Úsáidfear rialúchán ildaoine chun an córas a rochtain (mar shampla, ag leanúint phrionsabal na gceithre shúil). Tar éis DSCanna a shíniú, cuirfear rialúcháin oibríochtúla i bhfeidhm agus déanfar an córas ina gcoinnítear an eochair phríobháideach CSCA a stóráil go sábháilte le rialúcháin rochtana láidre. Is féidir Modúil Shlándála Chrua-earraí nó Cártaí Cliste a úsáid chun cosaint bhreise a thabhairt don eochair phríobháideach CSCA. Tá tréimhse bhailíochta ag gabháil leis na deimhnithe digiteacha a fhorfheidhmíonn athnuachan an deimhnithe. Is gá athnuachan a dhéanamh chun eochracha cripteagrafacha as an nua a úsáid agus chun méideanna eochrach a oiriúnú nuair a chuireann feabhsúcháin nua sa ríomhaireacht nó ionsaithe nua slándáil an algartaim chripteagrafaigh a úsáidtear i mbaol. Beidh feidhm leis an tsamhail bhlaoisce (féach Roinn 3.2).

Moltar na tréimhsí bailíochta seo a leanas, ag glacadh le bailíocht bliana le haghaidh na ndeimhnithe digiteacha COVID:

— 
CSCA: 4 bliana
— 
DSC: 2 bhliain
— 
Uaslódáil: 1–2 bhliain
— 
Fíordheimhniú Cliaint TLS: 1–2 bhliain

Ar mhaithe le hathnuachan thráthúil, moltar na tréimhsí úsáide seo a leanas le haghaidh na n-eochracha príobháideacha:

— 
CSCA: 1 bhliain
— 
DSC: 6 mhí

Ní mór do na Ballstáit deimhnithe nua uaslódála agus deimhnithe TLS a chruthú go tráthúil, mar shampla, mí amháin, roimh dóibh dul in éag d’fhonn oibríocht chomhréidh a cheadú. Ba cheart deimhnithe CSCA agus DSCanna a athnuachan mí amháin ar a laghad sula dtagann deireadh le húsáid na heochrach príobháidí (ag cur na nósanna imeachta oibríochta is gá san áireamh). Ní mór do na Ballstáit deimhnithe CSCA, uaslódála agus TLS cothrom le dáta a sholáthar don oibreoir DCCG. Bainfear deimhnithe éagtha ón ngeal-liosta agus ón liosta iontaoibhe.

Ní mór do na Ballstáit agus don oibreoir DCCG súil a choimeád ar bhailíocht a ndeimhnithe féin. Níl aon eintiteas lárnach a choimeádann taifead ar bhailíocht na ndeimhnithe agus a chuireann na rannpháirtithe ar an eolas.

4.3.    Deimhnithe a chúlghairm

Go ginearálta, is féidir lena CA eisiúna na deimhnithe digiteacha a chúlghairm trí úsáid a bhaint as liostaí cúlghairme deimhnithe nó Freagróir Prótacail Stádais Deimhniúcháin Ar Líne (OCSP). Ba cheart do CSCAnna le haghaidh an chórais DCC liostaí cúlghairme deimhnithe (CRLanna) a sholáthar. Fiú mura n-úsáideann Ballstáit eile na CRLanna sin, ba cheart iad a chomhtháthú lena gcur i bhfeidhm sa todhchaí. I gcás ina gcinneann CSCA gan CRLanna a sholáthar, ní mór na DSCanna de chuid CSCA mar sin a athnuachan nuair a éireoidh CRLanna éigeantach. Níor cheart d’fhíoraitheoirí OCSP a úsáid chun DSCanna a fhíorú agus ba cheart dóibh CRLanna a úsáid. Moltar go ndéanfadh an cúl náisiúnta an bailíochtú is gá ar DSCanna a uaslódáiltear ón Tairseach DCC agus nach gcuirfí ach tacar DSC iontaofa agus bailíochtaithe ar aghaidh chuig bailíochtóirí náisiúnta DCC. Níor cheart do bhailíochtóirí DCC aon seiceáil aisghairme a dhéanamh ar DSC ina bpróiseas bailíochtaithe. Cúis amháin atá leis sin is ea chun príobháideachas sealbhóirí DCC a chosaint trí aon seans gur féidir le freagróir OCSP comhlachaithe faireachán a dhéanamh ar úsáid aon DSC ar leith a sheachaint.

Is féidir leis na Ballstáit a DSCanna a bhaint óna DCCG as a stuaim féin ag úsáid deimhnithe uaslódála agus TLS bailí. Nuair a bhaintear DSC ciallaíonn sé sin go n-éireoidh gach DCC a eisíodh leis an DSC sin neamhbhailí nuair a gheobhaidh na Ballstáit na liostaí DSC atá tugtha cothrom le dáta. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí cosaint don ábhar atá sna heochracha príobháideacha a chomhfhreagraíonn do DSCanna. Ní mór do na Ballstáit an t-oibreoir DCCG a chur ar an eolas nuair a chaithfidh siad deimhnithe uaslódála nó TLS a chúlghairm, i ngeall ar an gcúl náisiúnta a chur i mbaol, mar shampla. Is féidir leis an oibreoir DCCG an iontaoibh don deimhniú dá ndéantar difear a bhaint ansin, trína bhaint ón ngeal-liosta TLS, mar shampla. Is féidir leis an oibreoir DCCG na deimhnithe uaslódála a bhaint as an mbunachar sonraí DCCG. Beidh pacáistí arna síniú leis an eochair phríobháideach a chomhfhreagraíonn don deimhniú uaslódála sin neamhbhailí nuair a bhainfidh cúil náisiúnta iontaoibh an deimhnithe uaslódála aisghairme. I gcás nach mór deimhniú CSCA a chúlghairm, cuirfidh na Ballstáit an t-oibreoir DCCG ar an eolas chomh maith leis na Ballstáit eile a bhfuil caidrimh iontaoibhe acu leo. Eiseoidh an t-oibreoir DCCG liosta nua iontaoibhe i gcás nach bhfuil an deimhniú dá ndearnadh difear ann níos mó. Éireoidh gach DSC arna n-eisiúint ag CSCA mar sin neamhbhailí nuair a thabharfaidh Ballstáit stór iontaofa a gcúil náisiúnta cothrom le dáta. I gcás nach mór an deimhniú DCCGTLS nó an deimhniú DCCGTA a chúlghairm, ní mór don oibreoir DCCG agus do na Ballstáit oibriú le chéile chun nasc nua iontaofa TLS agus liosta iontaoibhe nua a bhunú.

5.    Teimpléid Deimhnithe

Leagtar amach ceanglais chripteagrafacha agus treoraíocht sa roinn seo chomh maith le ceanglais maidir le teimpléid deimhnithe. Le haghaidh na ndeimhnithe DCCG, sainmhínítear na teimpléid deimhnithe sa roinn seo.

5.1.    Ceanglais chripteagrafacha

Déanfar algartaim chripteagrafacha agus svuíteanna sifir TLS a roghnú bunaithe ar an moladh reatha ó Oifig Fheidearálach na Gearmáine um Shlándáil Faisnéise (BSI) nó SOG-IS. Tá na moltaí sin agus moltaí institiúidí eile agus eagraíochta caighdeánaithe cosúil lena chéile. Is féidir na moltaí a fháil sna treoirlínte teicniúla TR 02102-1 agus TR 02102-2 ( 18 ) nó Sásraí Cripteagrafacha Comhaontaithe SOG-IS ( 19 ).

5.1.1.    Ceanglais maidir le DSC

Beidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I, Roinn 3.2.2. Dá bhrí sin, moltar go láidir go n-úsáidfidh Sínitheoirí Doiciméad Algartam Sínithe Dhigitigh Cuair Éilipsigh (ECDSA) le NIST-p-256 (mar a shainmhínítear in Aguisín D de FIPS PUB 186-4). Ní thacaítear le cuair éilipseacha eile. Mar gheall ar shrianta spáis DCC, níor cheart do Bhallstáit RSA-PSS a úsáid, fiú má cheadaítear é mar algartam cúltaca. I gcás ina n-úsáideann Ballstáit RSA-PSS, ba cheart dóibh modal de mhéid 2048 nó uasmhéid de 3072 ghiotán a úsáid. Úsáidfear SHA-2 a bhfuil fad aschuir ≥ 256 ghiotán aige mar haisfheidhm chripteagrafach (féach ISO/IEC 10118-3:2004) don síniú DSC.

5.1.2.    Ceanglais maidir le deimhnithe TLS, Uaslódáil agus CSCA

Maidir le deimhnithe digiteacha agus sínithe cripteagrafacha i gcomhthéacs DCCG, tugtar achoimre ar na príomhriachtanais maidir le halgartaim chripteagrafacha agus fad eochrach sa tábla seo a leanas (amhail ó 2021):



Algartam Sínithe

Méid eochrach

Haisfheidhm

EC-DSA

Íosmhéid de 250 Giotán

SHA-2 le fad aschuir ≥ 256 Ghiotán

RSA-PSS (stuáil mholta) RSA-PKCS#1 v1.5 (stuáil oidhreachta)

Modal RSA 3000 Giotán ar a laghad (N) le heaspónant poiblí e > 2^16

SHA-2 le fad aschuir ≥ 256 Ghiotán

DSA

P príomha 3000 Giotán ar a laghad, eochair q 250 Giotán

SHA-2 le fad aschuir ≥ 256 Ghiotán

Is é NIST-p-256 an cuar éilipseach a mholtar le haghaidh EC-DSA toisc go gcuirtear i bhfeidhm é go forleathan.

5.2.    Deimhniú CSCA (NBCSCA)

Tugtar treoraíocht sa tábla seo a leanas maidir le teimpléad an deimhnithe NBCSCA má chinneann Ballstát CSCA dá chuid féin a fheidhmiú don chóras DCC.

Éilítear iontrálacha i gcló trom (ní mór iad a chur san áireamh sa deimhniú), moltar iontrálacha i gcló iodálach (ba cheart iad a chur san áireamh). Ní shainítear aon mholtaí maidir le réimsí atá in easnamh.



Réimse

Luach

Ábhar

cn=<ainm coitianta uathúil agus neamhfholamh>, o=<Soláthraí>, c=<An Ballstát a oibríonn CSCA>

Úsáid eochrach

síniú deimhnithe, síniú CRL (ar a laghad)

Srianta Bunúsacha

CA = fíorshrianta ar fhad cosáin = 0

Ní féidir le hainm an ábhair a bheith folamh agus ní mór é a bheith uathúil laistigh den Bhallstát a shonraítear. Ní mór don chód tíre (c) a bheith ar aon dul leis an mBallstát a úsáidfidh an deimhniú CSCA sin. Ní mór aitheantóir eochrach ábhair (SKI) uathúil a bheith sa deimhniú, de réir RFC 5280 ( 20 ).

5.3.    Deimhniú Sínitheora Doiciméad (DSC)

Soláthraítear treoraíocht sa tábla seo a leanas maidir leis an DSC. Éilítear iontrálacha i gcló trom (ní mór iad a chur san áireamh sa deimhniú), moltar iontrálacha i gcló iodálach (ba cheart iad a chur san áireamh). Ní shainítear aon mholtaí maidir le réimsí atá in easnamh.



Réimse

Luach

Sraithuimhir

sraithuimhir uathúil

Ábhar

cn=<ainm coitianta uathúil agus neamhfholamh>, o=<Soláthraí>, c=<An Ballstát a úsáideann DSC mar seo>

Úsáid Eochrach

síniú digiteach (ar a laghad)

Ní mór DSC a shíniú leis an eochair phearsanta a chomhfhreagraíonn do dheimhniú CSCA a úsáideann an Ballstát.

Ní mór na breisithe seo a leanas a úsáid:

— 
Ní mór Aitheantóir Eochrach Údaráis (AKI) a bheith sa deimhniú, a mheaitseálann Aitheantóir Eochrach Ábhair (SKI) an deimhnithe CSCA eisiúna
— 
Ba cheart Aitheantóir Eochrach Ábhair uathúil a bheith sa deimhniú (i gcomhréir le RFC 5280 ( 21 ))

Sa bhreis air sin, ba cheart breisiú an phointe dáilte CRL a bheith san áireamh sa deimhniú, lena léirítear an liosta cúlghairme deimhnithe (CRL) a sholáthraíonn CSCA a d’eisigh DSC.

Féadfaidh breisiú úsáide eochrach sínte a bheith in DSC le haitheantóirí beartais úsáide eochrach nialasacha, nó níos mó ná sin, a chuireann srianadh ar na cineálacha HCERTanna a cheadaítear don deimhniú sin a fhíorú. Má tá ceann amháin nó níos mó ann, déanfaidh na fíoraitheoirí úsáid eochrach a fhíorú in aghaidh HCERT stóráilte. Sainmhínítear na luachanna ÚsáidEochrachshínte seo a leanas ina leith sin:



Réimse

Luach

ÚsáidEochrachshínte

1.3.6.1.4.1.1847.2021.1.1 le haghaidh Eisitheoirí Tástála

ÚsáidEochrachshínte

1.3.6.1.4.1.1847.2021.1.2 le haghaidh Eisitheoirí Vacsaínithe

ÚsáidEochrachshínte

1.3.6.1.4.1.1847.2021.1.3 le haghaidh Eisitheoirí Téarnaimh

In éagmais aon bhreisithe úsáide eochrach (i.e. gan aon bhreisithe nó le breisithe nialasacha), féadfar an deimhniú sin a úsáid chun aon chineál HCERT a bhailíochtú. Féadfar sainmhíniú a sholáthar i ndoiciméid eile ar aitheantóirí beartais úsáide eochrach sínte breise ábhartha a úsáidtear maidir le HCERTanna a bhailíochtú.

5.4.    Deimhnithe Uaslódála (NBUP)

Soláthraítear treoraíocht sa tábla seo a leanas maidir leis an deimhniú uaslódála cúil náisiúnta. Éilítear iontrálacha i gcló trom (ní mór iad a chur san áireamh sa deimhniú), moltar iontrálacha i gcló iodálach (ba cheart iad a chur san áireamh). Ní shainítear aon mholtaí maidir le réimsí atá in easnamh.



Réimse

Luach

Ábhar

cn=<ainm coitianta uathúil agus neamhfholamh>, o=<Soláthraí>, c=<An Ballstát a úsáideann an deimhniú uaslódála seo>

Úsáid Eochrach

síniú digiteach (ar a laghad)

5.5.    Fíordheimhniú Cliaint TLS Cúil Náisiúnta (NBTLS)

Soláthraítear treoraíocht sa tábla seo a leanas maidir leis an deimhniú um fhíordheimhniú cliaint TLS cúil náisiúnta. Éilítear iontrálacha i gcló trom (ní mór iad a chur san áireamh sa deimhniú), moltar iontrálacha i gcló iodálach (ba cheart iad a chur san áireamh). Ní shainítear aon mholtaí maidir le réimsí atá in easnamh.



Réimse

Luach

Ábhar

cn=<ainm coitianta uathúil agus neamhfholamh>, o=<Soláthraí>, c=<An Ballstát ar an gcúl náisiúnta>

Úsáid Eochrach

síniú digiteach (ar a laghad)

Úsáid eochrach shínte

fíordheimhniú cliaint ( 1.3.6.1.5.5.7.3.2)

Féadfaidh an fíordheimhniú freastalaí um úsáid eochrach shínte ( 1.3.6.1.5.5.7.3.1) a bheith sa deimhniú freisin, ach ní éilítear é.

5.6.    Deimhniú sínithe an liosta iontaoibhe (DCCGTA)

Sainmhínítear deimhniú an Chúltaca Iontaoibhe DCCG sa tábla seo a leanas.



Réimse

Luach

Ábhar

cn = Tairseach na nDeimhnithe Glasa Digiteacha (1) , o=<Soláthraí>, c=<tír>

Úsáid Eochrach

síniú digiteach (ar a laghad)

(1)   

Coinníodh an téarmeolaíocht ‘Deimhniú Glas Digiteach’ seachas ‘Deimhniú Digiteach COVID AE’ ar bun sa chomhthéacs seo ós rud é gurb é sin an téarmeolaíocht ar a ndearnadh cruachódú agus a cuireadh i bhfeidhm sa deimhniú sular chinn na comhreachtóirí téarmeolaíocht nua a úsáid.

5.7.    Deimhnithe Freastalaí DCCG TLS (DCCGTLS)

Sainmhínítear an deimhniú DCCG TLS sa tábla seo a leanas.



Réimse

Luach

Ábhar

cn=<FQDN nó seoladh IP DCCG>, o=<Soláthraí>, c=<tír>

AinmMalartachÁbhair

dNSAinm: <Ainm DNS DCCG> nó SeoladhIP: <Seoladh IP DCCG>

Úsáid Eochrach

síniú digiteach (ar a laghad)

Úsáid Eochrach shínte

fíordheimhniú freastalaí ( 1.3.6.1.5.5.7.3.1)

Féadfaidh an fíordheimhniú cliaint um úsáid eochrach shínte ( 1.3.6.1.5.5.7.3.2) a bheith sa deimhniú freisin, ach ní éilítear é.

Eiseoidh údarás deimhniúcháin a bhfuil iontaoibh ag an bpobal as deimhniú DCCG TLS (a chuimsítear i ngach mórbhrabhsálaí agus córas oibriúcháin, de réir cheanglais bhunaidh Fhóram CAB).

▼M1




IARSCRÍBHINN V

SCÉIMRE NODAIREACHT OIBIACHTAÍ JAVASCRIPT (JSON)

1.    Réamhrá

Bunaítear leis an Iarscríbhinn seo struchtúr na sonraí teicniúla le haghaidh Deimhnithe Digiteacha COVID AE, arna léiriú mar scéimre JSON. Cuirtear treoracha sonracha ar fáil sa doiciméad a bhaineann leis na réimsí sonraí ar leith.

2.    Suíomh Scéimre JSON agus leaganacha

Cuirtear an t-aon scéimre oifigiúil iontaofa JSON le haghaidh Deimhnithe Digiteacha COVID AE ar fáil ag https://github.com/ehn-dcc-development/ehn-dcc-schema. Níl suíomhanna eile iontaofa, ach d’fhéadfaí iad a úsáid chun athbhreithnithe atá le teacht a ullmhú.

Mar réamhshocrú, an leagan atá ann faoi láthair agus a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus a bhfuil tacaíocht aige ó na tíortha uile atá á tháirgeadh faoi láthair le feiceáil faoin URL a shonraítear.

Tá an chéad leagan eile atá le teacht, a bhfuil tacaíocht aige le dáta sonraithe ó gach tír, le feiceáil faoin URL, rud atá léirithe trí clibeáil leaganacha, a bhfuil cur síos níos sainiúla air sa chomhad Readme.

▼M3

3.    Struchtúir chomhchoiteanna agus ceanglais ghinearálta

Ní eiseofar Deimhniú Digiteach COVID AE más rud é nach féidir na réimsí sonraí go léir a líonadh i gceart i gcomhréir leis an tsonraíocht sin mar gheall ar fhaisnéis atá in easnamh. Ní thuigfear as sin go ndéanann sé sin difear d’oibleagáid na mBallstát Deimhnithe Digiteacha COVID AE a eisiúint.

Féadfar faisnéis i ngach réimse a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as an tacar iomlán carachtar UNICODE 13.0 atá ionchódaithe trí UTF-8 a úsáid, ach amháin má tá sé teoranta go sonrach do thacair luacha nó do thacair charachtair níos cúinge.

Is mar seo a leanas a bheidh an struchtúr comhchoiteanna:

‘JSON’:{

‘ver’:<faisnéis faoin leagan>,

‘nam’:{

<faisnéis ainm duine>

},

‘dob’:<dáta breithe>,

‘v’ nó ‘t’ nó ‘r’:[

{<vaccination dose or test or recovery information, one entry>}

]

}

Cuirfear faisnéis mhionsonraithe maidir le grúpaí agus réimsí aonair ar fáil sna chéad ranna eile.

I gcás ina dtugtar le fios leis na rialacha an réimse a scipeáil, ciallaíonn sé sin nach mór a inneachar a bheith folamh agus nach gceadaítear ainm ná luach an réimse a bheith ann san inneachar.

3.1    Leagan

Cuirfear faisnéis faoi na leaganacha ar fáil. De réir Próiseas Déanta Leaganacha Séimeantach a chuirtear Próiseas Déanta Leaganacha i gcrích (semver: https://semver.org). Sa táirgeadh, beidh sé ar cheann de na leaganacha a eisíodh go hoifigiúil (an leagan atá ann faoi láthair nó ceann de na leaganacha níos sine a eisíodh go hoifigiúil). Féach an Roinn JSON Schema location [Suíomh Scéimre JSON]chun tuilleadh sonraí a fháil.



Aitheantas an réimse

Ainm an réimse

Treoracha

ver

Leagan scéimre

Beidh sé ag teacht le haitheantóir an leagain scéimre a úsáidtear chun EUDCC a tháirgeadh.

Sampla:

‘ver’:‘1.3.0’

3.2.    Ainm agus dáta breithe an duine

Is é ainm an duine ainm iomlán oifigiúil an duine, arb ionann é agus an t-ainm atá luaite ar dhoiciméid taistil. Is é nam aitheantóir an struchtúir. Go beacht cuirfear 1 (aon) ainm duine amháin ar fáil.



Aitheantas an réimse

Ainm an réimse

Treoracha

nam/fn

Sloinne (Sloinnte)

Sloinne (Sloinnte) an tsealbhóra,

Mura bhfuil sloinne ag an sealbhóir agus tá céadainm aige, déanfar an réimse a scipeáil.

I ngach cás eile, cuirfear 1 (aon) spás neamhfholamh amháin ar fáil go beacht, agus gach sloinne san áireamh ann. I gcás ilsloinnte, beidh spás eatarthu. I gcás ainmneacha teaglaim lena n-áirítear fleiscíní nó carachtair chomhchosúla, ní mór dóibh a bheith mar an gcéanna.

Samplaí:

‘fn’:‘Musterfrau-Gößinger’

‘fn’:‘Musterfrau-Gößinger Müller’

nam/fnt

Sloinnte caighdeánaithe

Traslitriú a dhéanamh ar shloinnte an tsealbhóra ag úsáid an choinbhinsiúin chéanna a úsáidtear i ndoiciméid taistil mheaisín-inléite an tsealbhóra (amhail na rialacha a shainítear in ICAO Doc 9303 Cuid 3).

Mura bhfuil sloinne ag an sealbhóir agus tá túsainm aige, déanfar an réimse a scipeáil.

I ngach cás eile, cuirfear 1 (aon) spás neamhfholamh amháin ar fáil go beacht, lena n-áirítear carachtair A-Z agus < agus na carachtair sin amháin. Fad uasta: 80 carachtar (de réir shonraíocht ICAO 9303).

Samplaí:

‘fnt’:‘MUSTERFRAU<GOESSINGER’

‘fnt’:‘MUSTERFRAU<GOESSINGER<MUELLER’

nam/gn

Túsainmneacha

Túsainmneacha, amhail céadainmneacha an tsealbhóra.

Mura bhfuil túsainm ag an sealbhóir agus tá sloinne aige, déanfar an réimse a scipeáil.

I ngach cás eile, cuirfear 1 (aon) spás neamhfholamh amháin ar fáil go beacht, agus gach túsainm san áireamh ann. I gcás il-túsainmneacha, beidh spás eatarthu.

Sampla:

‘gn’:‘Isolde Erika’

nam/gnt

Túsainmneacha caighdeánaithe

Traslitriú a dhéanamh ar thúsainmneacha an tsealbhóra ag úsáid an coinbhinsiún céanna a úsáidtear i ndoiciméid taistil mheaisín-inléite an tsealbhóra (amhail na rialacha a shainítear in ICAO Doc 9303 Cuid 3).

Mura bhfuil túsainm ag an sealbhóir agus tá sloinne aige, déanfar an réimse a scipeáil.

I ngach cás eile, cuirfear 1 (aon) spás neamhfholamh amháin ar fáil go beacht, lena n-áirítear carachtair A-Z agus < agus na carachtair sin amháin. Fad uasta: 80 charachtar.

Sampla:

‘gnt’:‘ISOLDE<ERIKA’

dob

Dáta breithe

Dáta breithe shealbhóir DCC.

Dáta iomlán nó dáta i bpáirt gan teorainn leis an am idir 1900-01-01 agus 2099-12-31.

Go beacht cuirfear 1 (aon) spás neamhfholamh amháin ar fáil más eol an dáta breithe ina iomlán nó i bpáirt. Murab eol an dáta breithe fiú i bpáirt, socrófar an réimse go teaghrán folamh ‘’. Beidh sé seo ag teacht leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil ar na doiciméid taistil.

Úsáidfear ceann de na formáidí ISO 8601 seo a leanas má tá faisnéis faoin dáta breithe ar fáil. Ní thacaítear le roghanna eile.

YYYY-MM-DD

YYYY-MM

YYYY

(Féadfaidh an aip fíoraitheora codanna den dáta breithe in easnamh a thaispeáint agus an coinbhinsiún XX á úsáid, mar a úsáidtear i ndoiciméid taistil mheaisín-inléite, e.g. 1990-XX-XX.)

Samplaí:

‘dob’:‘1979-04-14’

‘dob’:‘1901-08’

‘dob’:‘1939’

‘dob’:‘’

3.3.    Grúpaí maidir le faisnéis a bhaineann go sonrach leis an gcineál deimhnithe

Tacaíonn Scéimre JSON le trí ghrúpa iontrálacha a chuimsíonn faisnéis a bhaineann go sonrach leis an gcineál deimhnithe. Beidh 1 (aon) ghrúpa amháin i ngach EUDCC go beacht. Ní cheadaítear grúpaí folmha.



Aitheantóir an Ghrúpa

Ainm an ghrúpa

Iontrálacha

v

Grúpa vacsaínithe

Más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil amháin ann go beacht ina mbeidh tuairisc chruinn ar 1 (aon) dáileog vacsaínithe amháin (aon dáileog amháin) go beacht.

t

Grúpa tástála

Más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil ann go beacht amháin ina mbeidh tuairisc ar 1 (aon) toradh tástála amháin go beacht.

r

Grúpa téarnaimh

Más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil amháin ann go beacht ina mbeidh tuairisc ar 1 (aon) ráiteas téarnaimh amháin go beacht.

▼M1

4.    Faisnéis shonrach a bhaineann leis an gcineál deimhnithe

4.1.    Deimhniú vacsaínithe

Grúpa vacsaínithe, más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil amháin ann go beacht ina mbeidh tuairisc ar aon imeacht vacsaínithe amháin (aon dáileog amháin) go beacht. Tá gach gné den ghrúpa vacsaínithe éigeantach, ní thacaítear le luachanna folmha.



Aitheantas an réimse

Ainm an réimse

Treoracha

v/tg

An galar nó oibreán ar ar díríodh: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach)

Luach códaithe ón tacar luacha

disease-agent-targeted.json.

Tá iontráil aonair 840539006 ag an tacar luacha seo, is é sin an cód le haghaidh COVID-19 ó SNOMED CT (GPS).

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"tg":"840539006"

v/vp

Vacsaín in aghaidh COVID-19 nó próifiolacsas in aghaidh COVID-19

Cineál vacsaíne nó próifiolacsais a úsáidtear.

Luach códaithe ón tacar luacha

vaccine-prophylaxis.json.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Deimhnithe Digiteacha COVID AE.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"vp":"1119349007" (vacsaín teachtaire NRA SARS-CoV-2)

v/mp

Táirge vacsaíne in aghaidh COVID-19

Táirge íocshláinte a úsáidtear don dáileog vacsaínithe áirithe seo. ►M4  
Luach códaithe ón tacar luacha
vaccine-medicinal-product.json.
Nó luach códaithe a thagraíonn do thriail chliniciúil agus de réir na rialach a shainmhínítear i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II.  ◄
Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Deimhnithe Digiteacha COVID AE.
Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil. Mar shampla:
"mp":"EU/1/20/1528" (Comirnaty)

v/ma

Sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne in aghaidh COVID-19 nó monaróir na vacsaíne in aghaidh COVID-19

Sealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe nó monaróir, mura bhfuil sealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe i láthair. ►M4  
Luach códaithe ón tacar luacha
vaccine-mah-manf.json.
Nó luach códaithe a thagraíonn do thriail chliniciúil agus de réir na rialach a shainmhínítear i Roinn 4 d’Iarscríbhinn II.  ◄
Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Dheimhnithe Digiteacha COVID AE.
Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil. Mar shampla:
"ma":"ORG-100030215" (Biontech Manufacturing GmbH)

v/dn

Uimhir i sraith dáileog

Sraithuimhir (slánuimhir dhearfach) na dáileoige a tugadh le linn an imeachta vacsaínithe seo. 1 don chéad dáileog, 2 don dara dáileog etc. Tá rialacha níos sainiúla ar fáil i Roinn 5 d’Iarscríbhinn II.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"dn":"1" (an chéad dáileog)

"dn":"2" (an dara dáileog)

"dn":"3" (an tríú dáileog)

v/sd

An líon foriomlán de dháileoga na sraithe

An líon foriomlán de dháileoga na sraithe vacsaínithe (slánuimhir dheimhneach). Tá rialacha níos sainiúla ar fáil i Roinn 5 d’Iarscríbhinn II.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"sd":"1" (i gcás cúrsa vacsaínithe phríomhúil 1-dáileoige)

"sd":"2" (i gcás sraith vacsaínithe phríomhúil 2-dháileog nó le haghaidh dáileog bhreise tar éis cúrsa vacsaínithe príomhúil 1-dáileoige)

"sd":"3"(e.g. i gcás dáileog bhreise tar éis sraith vacsaínithe phríomhúil 2-dáileog)

v/dt

Dáta vacsaínithe:

An dáta a fuarthas an dáileog ar tugadh tuairisc uirthi, i bhformáid BBBB-MM-LL (dáta iomlán gan am). Ní thacaítear le formáidí eile.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil. Mar shampla:

"dt":"2021-03-28"

v/co

an Ballstát nó an tríú tír inar tugadh an vacsaín

Tír arna sloinneadh mar chód 2-litir ISO3166 (INMHOLTA) nó mar thagairt d’eagraíocht idirnáisiúnta atá freagrach as an imeacht vacsaínithe (amhail UNHCR nó EDS). Luach códaithe ón tacar luacha country-2-codes.json.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Dheimhnithe Digiteacha COVID AE.

Go beacht cuirfear 1 (aon) spás amháin ar fáil.

Mar shampla:

"co":"CZ"

"co":"UNHCR"

v/is

Eisitheoir an deimhnithe

Ainm na heagraíochta a d’eisigh an deimhniú. Ceadaítear aitheantóirí mar chuid den ainm ach ní mholtar iad a úsáid go leithleach gan an t-ainm mar théacs. 80 carachtar UTF-8 ar a mhéad

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil. Mar shampla:

"is":"Ministry of Health of the Czech Republic"

"is":"Vaccination Centre South District 3"

v/ci

Aitheantóir uathúil an deimhnithe

Aitheantóir uathúil an deimhnithe mar a shonraítear ar https://ec.europa.eu/health/sites/default/files/ehealth/docs/vaccination-proof_interoperability-guidelines_en.pdf

Tá sé roghnach an tsuim sheiceála a áireamh. Féadfar an réimír "URN:UVCI:" a chur isteach.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"ci":"URN:UVCI:01:NL:187/37512422923"

"ci":"URN:UVCI:01:AT:10807843F94AEE0EE5093FBC254BD813#B"

4.2.    Deimhniú tástála

Grúpa tástála, más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil amháin ann go beacht ina mbeidh tuairisc ar aon toradh tástála amháin go beacht.



Aitheantas an réimse

Ainm an réimse

Treoracha

t/tg

An galar nó oibreán ar ar díríodh: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach)

Luach códaithe ón tacar luacha disease-agent-targeted.json.

Tá iontráil aonair 840539006 ag an tacar luacha seo, is é sin an cód le haghaidh COVID-19 ó SNOMED CT (GPS).

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"tg":"840539006"

t/tt

An cineál tástála

An cineál tástála a úsáideadh, bunaithe ar an ábhar ar ar díríodh sa tástáil. Luach códaithe ón tacar luacha test-type.json (bunaithe ar LOINC). Ní cheadaítear luachanna lasmuigh den tacar luacha.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"tt":"LP6464-4" (Aimpliúchán aigéid núicléasaigh le brath tóireadóra)

"tt":"LP217198-3" (Imdhíonmheasúnacht thapa)

t/nm

Ainm na tástála (tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh amháin)

Ainm na tástála aimpliúcháin aigéid núicléasaigh (NAAT) a úsáidtear. Ba cheart ainm an mhonaróra tástála agus ainm tráchtála na tástála, agus camóg eatarthu, a bheith san ainm.
I gcás NAAT: tá an réimse roghnach. ►M4  
Le haghaidh tástáil antaiginí: ní úsáidfear an réimse, ós rud é go soláthraítear ainm na tástála go hindíreach trí aitheantóir feiste na tástála (t/ma).  ◄
Nuair a sholáthraítear an réimse, ní bheidh sé folamh.
Mar shampla:
"nm":"ELITechGroup, SARS-CoV-2 ELITe MGB® Kit"

▼M4

t/ma

Aitheantóir feiste tástála (tástálacha antaiginí amháin)

Aitheantóir feiste tástálacha antaiginí ó bhunachar sonraí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde. Tacar luacha (liosta coiteann an Choiste Slándála Sláinte):

— Na tástálacha antaiginí ar fad i liosta coiteann an Choiste Slándála Sláinte (inléite ag duine).

— https://covid-19-diagnostics.jrc.ec.europa.eu/devices/hsc-common-recognition-rat (meaisín-inléite, luachanna an réimse id_device arna gcur san áireamh ar an liosta ón tacar luacha).

I dtíortha AE/LEE, ní eiseoidh eisitheoirí ach deimhnithe le haghaidh tástálacha a bhaineann leis an tacar luacha atá bailí faoi láthair. Nuashonrófar an tacar luacha gach 24 uair an chloig.

Féadfar luachanna lasmuigh den tacar luacha a úsáid i ndeimhnithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha, ach is ó bhunachair sonraí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde a thiocfaidh na haitheantóirí fós. Ní cheadaítear aitheantóirí eile a úsáid amhail iad sin a sholáthraíonn monaróirí tástálacha go díreach.

Braithfidh fíoraitheoirí luachanna nach mbaineann leis an tacar luacha nuashonraithe agus léireofar deimhnithe a mbeidh na luachanna sin acu mar dheimhnithe neamhbhailí. Má bhaintear aitheantóir ón tacar luacha, féadfar glacadh le deimhnithe ar a bhfuil sé suas go dtí 72 uair an chloig ar a mhéid tar éis an dáta a baineadh é.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais.

Le haghaidh tástáil antaiginí: go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

I gcás NAAT: ní úsáidfear an réimse, fiú má tá an t-aitheantóir tástála NAA ar fáil i mbunachar sonraí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.

Sampla:

“ma”: “344” (SD BIOSENSOR Inc, STANDARD F COVID-19 Ag FIA)

▼M1

t/sc

Dáta agus am bhailiú an tsampla tástála;

An dáta agus an t-am a bailíodh an tsampla tástála. Beidh faisnéis maidir leis an gcrios ama san áireamh san am sin. Ní chuirfidh an luach an t-am a táirgeadh an toradh tástála in iúl.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Úsáidfear ceann de na formáidí ISO 8601 seo a leanas: Ní thacaítear le roghanna eile.

BBBB-MM-LLAuu:nn:ssZ

BBBB-MM-LLAuu:nn:ss[+-]uu

BBBB-MM-LLAuu:nn:ss[+-]uunn

BBBB-MM-LLAuu:nn:ss[+-]uu:mm

Samplaí:

"sc":"2021-08-20T10:03:12Z" (Am AUL)

"sc":"2021-08-20T12:03:12+02" (Am CEST)

"sc":"2021-08-20T12:03:12+0200" (Am CEST)

"sc":"2021-08-20T12:03:12+02:00" (Am CEST)

t/tr

Toradh na tástála

Toradh na tástála. Luach códaithe ón tacar luacha test-result.json (bunaithe ar SNOMED CT, GPS).

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"tr":"260415000" (Níor braitheadh é)

t/tc

Ionad nó saoráid tástála

Ainm an ghníomhaí a rinne an tástáil. Ceadaítear aitheantóirí mar chuid den ainm ach ní mholtar iad a úsáid go leithleach gan an t-ainm mar théacs. 80 carachtar UTF-8 ar a mhéad Ba cheart aon charachtar breise a ghiorrú. Níl an t-ainm ceaptha le haghaidh fíorú uathoibrithe.
I gcás tástálacha NAAT: go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil. ►M4  
Le haghaidh tástáil antaiginí: tá an réimse roghnach. Má chuirtear ar fáil é, ní bheidh sé folamh.  ◄
Mar shampla:
"tc":"Ionad tástála ceantar iarthar 245"

t/co

an Ballstát nó an tríú tír ina ndearnadh an tástáil

Tír arna sloinneadh mar chód 2-litir ISO3166 (INMHOLTA) nó mar thagairt d’eagraíocht idirnáisiúnta atá freagrach as an tástáil a dhéanamh (amhail UNHCR nó EDS). Is éard a bheidh i gceist leis sin luach códaithe ón tacar luacha country-2-codes.json.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Deimhnithe Digiteacha COVID AE.

Cuirfear 1 (aon) réimse spás amháin ar fáil.

Samplaí:

"co":"CZ"

"co":"UNHCR"

t/is

Eisitheoir an deimhnithe

Ainm na heagraíochta a d’eisigh an deimhniú. Ceadaítear aitheantóirí mar chuid den ainm ach ní mholtar iad a úsáid go leithleach gan an t-ainm mar théacs. 80 carachtar UTF-8 ar a mhéad

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"is":"Ministry of Health of the Czech Republic"

"is":"North-West region health authority"

t/ci

Aitheantóir uathúil an deimhnithe

Aitheantóir uathúil an deimhnithe mar a shonraítear ar vaccination-proof_interoperability-guidelines_en.pdf (europa.eu)

Tá sé roghnach an tsuim sheiceála a áireamh. Féadfar an réimír "URN:UVCI:" a chur isteach.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"ci":"URN:UVCI:01:NL:187/37512422923"

"ci":"URN:UVCI:01:AT:10807843F94AEE0EE5093FBC254BD813#B"

4.3.    Deimhniú téarnaimh

Grúpa téarnaimh, más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil amháin ann go beacht ina mbeidh tuairisc ar aon ráiteas téarnaimh amháin go beacht. Tá gach gné den ghrúpa téarnaimh éigeantach, ní thacaítear le luachanna folmha.



Aitheantas an réimse

Ainm an réimse

Treoracha

r/tg

An galar nó an t-oibreán ónar théarnaigh an sealbhóir: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach)

Luach códaithe ón tacar luacha

disease-agent-targeted.json.

Tá iontráil aonair 840539006 ag an tacar luacha seo, is é sin an cód le haghaidh COVID-19 ó SNOMED CT (GPS).

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"tg":"840539006"

r/fr

Dáta an chéad toraidh dhearfaigh ar thástáil ►M4  — ◄ a fuair an sealbhóir

An dáta a bailíodh sampla le haghaidh na tástála ►M4  — ◄ a thug toradh dearfach aige, i bhformáid BBBB-MM-LL (dáta iomlán gan am). Ní thacaítear le formáidí eile.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"fr":"2021-05-18"

r/co

an Ballstát nó an tríú tír ina ndearnadh an tástáil

Tír arna sloinneadh mar chód 2-litir ISO3166 (INMHOLTA) nó mar thagairt d’eagraíocht idirnáisiúnta atá freagrach as an tástáil a dhéanamh (amhail UNHCR nó EDS). Is éard a bheidh i gceist leis seo luach códaithe ón tacar luacha

country-2-codes.json.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais.

Ní chuirfear ach spás nach bhfuil folamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"co":"CZ"

"co":"UNHCR"

r/is

Eisitheoir an deimhnithe

Ainm na heagraíochta a d’eisigh an deimhniú. Ceadaítear aitheantóirí mar chuid den ainm ach ní mholtar iad a úsáid go leithleach gan an t-ainm mar théacs. 80 carachtar UTF-8 ar a mhéad

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil. Mar shampla:

"is":“Ministry of Health of the Czech Republic”

"is":"Central University Hospital"

r/df

Deimhniú bailí ó:

An chéad dáta a mheasfar an deimhniú a bheith bailí Ní bheidh an dáta níos luaithe ná an dáta a mheasfar mar r/fr + 11 lá.

Cuirfear an dáta ar fáil i bhformáid BBBB-MM-LL (dáta iomlán gan am). Ní thacaítear le formáidí eile.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"df":"2021-05-29"

r/du

Deimhniú bailí go dtí:

An dáta deireanach a mheasfar an deimhniú a bheith bailí, arna shannadh ag eisitheoir an deimhnithe. Ní bheidh an dáta i ndiaidh an dáta a ríomhfar mar r/fr + 180 lá.

Cuirfear an dáta ar fáil i bhformáid BBBB-MM-LL (dáta iomlán gan am). Ní thacaítear le formáidí eile.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"du":"2021-11-14"

r/ci

Aitheantóir uathúil an deimhnithe

Aitheantóir uathúil an deimhnithe mar a shonraítear ar vaccination-proof_interoperability-guidelines_en.pdf (europa.eu)

Tá sé roghnach an tsuim sheiceála a áireamh. Féadfar an réimír "URN:UVCI:" a chur isteach.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"ci":"URN:UVCI:01:NL:187/37512422923"

"ci":"URN:UVCI:01:AT:10807843F94AEE0EE5093FBC254BD813#B"

▼M3




IARSCRÍBHINN VI

FREAGRACHTAÍ NA MBALLSTÁT MAR RIALAITHEOIRÍ COMHPHÁIRTEACHA MAIDIR LE TAIRSEACH DHEIMHNIÚ DIGITEACH COVID AE LE hAGHAIDH IDIRMHALARTÚ LIOSTAÍ CÚLGHAIRME DCC AE

ROINN 1

Foroinn 1

Roinnt na bhfreagrachtaí

(1) Déanfaidh na rialaitheoirí comhpháirteacha sonraí pearsanta a phróiseáil trí thairseach an chreata iontaoibhe i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla in Iarscríbhinn I.

(2) Is iad údaráis eisiúna na mBallstát i gcónaí an t-aon rialaitheoir le haghaidh bailiú, úsáid, nochtadh agus aon phróiseáil eile ar fhaisnéis cúlghairme lasmuigh den tairseach, lena n-áirítear le haghaidh an nós imeachta as a n-eascraíonn cúlghairm deimhnithe.

(3) Beidh gach rialaitheoir freagrach as sonraí pearsanta a phróiseáil i dtairseach an chreata iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagail 5, 24 agus 26 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

(4) Bunóidh rialaitheoir pointe teagmhála ag a bhfuil bosca ríomhphoist feidhmiúil a fheidhmeoidh mar dheis chumarsáide idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus an próiseálaí.

(5) Tabharfar sainordú do mheitheal arna bunú ag an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953 chun cinneadh a dhéanamh maidir le haon saincheist a eascraíonn as malartú liostaí cúlghairme agus as rialú chomhpháirteach na próiseála sonraí pearsanta lena mbaineann agus chun treoracha comhordaithe a éascú don Choimisiún mar phróiseálaí. Is í an mheitheal sin a rialaíonn próiseas cinnteoireachta na rialaitheoirí comhpháirteacha agus na rialacha nós imeachta atá le glacadh aici. Mar riail bhonnlíne, is é a toradh a bheidh ar neamh-rannpháirteachas aon cheann de na rialaitheoirí comhpháirteacha i gcruinniú den mheitheal, cruinniú a fógraíodh i scríbhinn seacht (7) lá sular tionóladh é, go mbeidh comhaontú intuigthe le torthaí an chruinnithe sin den mheitheal. Is féidir le haon rialaitheoir comhpháirteach cruinniú den mheitheal sin a thionól.

(6) Is ó phointe teagmhála aon cheann de na rialaitheoirí comhpháirteacha a chuirfear treoracha chuig an bpróiseálaí, i gcomhaontú leis na rialaitheoirí comhpháirteacha eile, de réir nós imeachta cinnteoireachta na meithle a leagtar amach in (5) thuas. Ba cheart don rialaitheoir comhpháirteach a chuireann an treoir ar fáil iad a chur ar fáil don phróiseálaí i scríbhinn, agus gach rialaitheoir comhpháirteach eile a chur ar an eolas faoi sin. Má bhíonn an t-ábhar i dtrácht práinneach go leor ó thaobh ama de nach féidir cruinniú den mheitheal dá dtagraítear in (5) thuas a thionól, is féidir treoir a thabhairt mar sin féin, ach is féidir leis an meithle an treoir sin a chealú. Ba cheart an treoir sin a thabhairt i scríbhinn, agus ba cheart gach rialaitheoir comhpháirteach eile a chur ar an eolas faoi sin tráth a thugtar an treoir.

(7) Leis an meitheal arna cur ar bun de réir (5) thuas, ní chuirtear bac ar an inniúlacht aonair ag aon rialaitheoir comhpháirteach a údarás maoirseachta inniúil a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 24 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Ní éilítear toiliú na rialaitheoirí comhpháirteacha eile chun an fógra sin a thabhairt.

(8) Faoi raon feidhme na tairsí creata iontaoibhe, ní fhéadfaidh ach daoine atá údaraithe ag na húdaráis náisiúnta ainmnithe nó ag comhlachtaí oifigiúla rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta a mhalartófar.

(9) Coimeádfaidh gach údarás eisiúna taifead de na gníomhaíochtaí próiseála a thagann faoi scáth a chuid freagrachta. Féadfar an rialú comhpháirteach a léiriú ar an taifead.

Foroinn 2

Freagrachtaí agus róil maidir le hiarrataí na ndaoine is ábhar do na sonraí a láimhseáil agus iad a chur ar an eolas

(1) Déanfaidh gach rialaitheoir, ina ról mar údarás eisiúna, faisnéis a sholáthar do dhaoine nádúrtha a ndearna sé a ndeimhnithe a chúlghairm (“na daoine is ábhar do na sonraí”) maidir leis an gcúlghairm sin agus maidir leis an bpróiseáil a rinneadh ar a gcuid sonraí pearsanta i dTairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE chun tacú le malartú liostaí cúlghairme, i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, ach amháin má tá sé dodhéanta é sin a dhéanamh nó má tá iarracht dhíréireach ag baint leis sin.

(2) Gníomhóidh gach rialaitheoir mar phointe teagmhála do dhaoine nádúrtha a bhfuil an deimhniú acu cúlghairthe agus láimhseálfaidh sé na hiarrataí arna gcur isteach ag daoine is ábhar do na sonraí nó ag a n-ionadaithe i bhfeidhmiú a gceart i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Má fhaigheann rialaitheoir comhpháirteach iarraidh ó dhuine is ábhar sonraí, a bhaineann le deimhniú arna eisiúint ag rialaitheoir comhpháirteach eile, cuirfidh sé an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoi chéannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora chomhpháirtigh sin atá freagrach. Má iarrann rialaitheoir comhpháirteach eile amhlaidh, tabharfaidh na rialaitheoirí comhpháirteacha cúnamh dá chéile chun iarrataí na ndaoine is ábhar do na sonraí a láimhseáil agus tabharfaidh siad freagra ar a chéile gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de mhí amháin ón iarraidh ar chúnamh a fháil. Má bhaineann iarraidh le sonraí arna gcur isteach ag tríú tír, láimhseálfaidh an rialaitheoir a fuair an iarraidh í agus cuirfidh sé an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoi chéannacht agus sonraí teagmhála an údaráis eisiúna sa tríú tír.

(3) Cuirfidh gach rialaitheoir inneachar na hIarscríbhinne seo ar fáil do na daoine is ábhar do na sonraí, lena n-áirítear na socruithe a leagtar síos i bpointí 1 agus 2.

ROINN 2

Bainistiú teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta

(1) Tabharfaidh na rialaitheoirí comhpháirteacha cúnamh dá chéile chun aon teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta, a shainaithint agus a láimhseáil, ar teagmhais iad atá nasctha leis an bpróiseáil i dTairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE.

(2) Go sonrach, cuirfidh na rialaitheoirí comhpháirteacha an méid seo a leanas in iúl dá chéile:

(a) 

aon riosca féideartha nó iarbhír d’infhaighteacht, rúndacht agus/nó sláine na sonraí pearsanta a bhfuil próiseáil á déanamh orthu i dtairseach an chreata iontaoibhe;

(b) 

aon sárú ar shonraí pearsanta, na hiarmhairtí is dócha a bheidh ag an sárú ar shonraí pearsanta agus an measúnú ar an riosca atá ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, agus aon bheart a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar shonraí pearsanta agus chun an riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a mhaolú;

(c) 

aon sárú ar choimircí teicniúla agus/nó eagraíochtúla na hoibríochta próiseála i dtairseach an chreata iontaoibhe.

(3) Cuirfidh na rialaitheoirí comhpháirteacha aon sárú ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an oibríocht próiseála i dtairseach an chreata iontaoibhe in iúl don Choimisiún, do na húdaráis mhaoirseachta inniúla agus, i gcás inar gá, do na daoine is ábhar do na sonraí, i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí nó tar éis don Choimisiún fógra a thabhairt ina leith.

4) Cuirfidh gach údarás eisiúna bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme, ar bearta iad a cheapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

a) 

infhaighteacht, sláine agus rúndacht na sonraí pearsanta a phróiseálann siad i gcomhpháirt a áirithiú agus a chosaint;

b) 

aon sonraí pearsanta atá ina sheilbh a chosaint ar aon phróiseáil, caillteanas, úsáid, nochtadh nó fáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach;

c) 

a áirithiú nach ndéanfar rochtain ar na sonraí pearsanta a nochtadh ná a cheadú d’aon duine seachas na faighteoirí nó na próiseálaithe.

ROINN 3

Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí

(1) Má tá faisnéis ó rialaitheoir eile ag teastáil ó rialaitheoir d’fhonn a oibleagáidí a shonraítear in Airteagail 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh, seolfaidh sé iarraidh shonrach chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil dá dtagraítear i bhForoinn 1(4) de Roinn 1. Déanfaidh an rialaitheoir eile sin a dhícheall an fhaisnéis sin a chur ar fáil.




IARSCRÍBHINN VII

FREAGRACHTAÍ AN CHOIMISIÚIN MAR PHRÓISEÁLAÍ SONRAÍ MAIDIR LE TAIRSEACH DHEIMHNIÚ DIGITEACH COVID AE CHUN TACÚ LE hIDIRMHALARTÚ LIOSTAÍ CÚLGHAIRME DCC AE

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(1) 

Bonneagar cumarsáide slán agus iontaofa a bhunú agus a áirithiú thar ceann na mBallstát a thacaíonn leis an malartú liostaí cúlghairme arna gcur isteach chuig Tairseach Dheimhniú Digiteach COVID.

(2) 

Chun a chuid oibleagáidí mar phróiseálaí sonraí thairseach an chreata iontaoibhe le haghaidh na mBallstát a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún tríú páirtithe a fhostú mar fhophróiseálaithe; cuirfidh an Coimisiún na rialaitheoirí comhpháirteacha ar an eolas faoi aon athrú a bheadh beartaithe a bhaineann le fophróiseálaithe eile a thabhairt isteach nó a chur in ionad fophróiseálaithe eile, agus ar an gcaoi sin bheadh deis ag na rialaitheoirí agóid i gcoinne athruithe den chineál sin. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna a leagtar amach sa Chinneadh seo maidir leis na fophróiseálaithe sin.

(3) 

Na sonraí pearsanta a phróiseáil de réir treoracha doiciméadaithe ó na rialaitheoir amháin, mura n-éilítear déanamh amhlaidh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit. i gcás den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún na rialaitheoirí comhpháirteacha ar an eolas faoin gceanglas dlíthiúil sin sula ndéanfaidh sé an ghníomhaíocht próiseála, ach amháin má thoirmisctear, leis an dlí sin, an fhaisnéis sin a chur isteach ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail.

Tá an méid seo a leanas i gceist leis an bpróiseáil a dhéanann an Coimisiún.

(a) 

Fíordheimhniú na bhfreastalaithe cúil náisiúnta, de réir deimhnithe freastalaithe cúil náisiúnta;

(b) 

Na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5a(3) den Chinneadh arna n-uaslódáil ag freastalaithe cuí náisiúnta a fháil trí chomhéadan ríomhchláraithe feidhmchláir a chur ar fáil lenar féidir le freastalaithe cúil náisiúnta na sonraí ábhartha a uaslódáil;

(c) 

Na sonraí a stóráil i dtairseach dheimhniú Digiteach COVID AE;

(d) 

Na sonraí a chur ar fáil lena n-íoslódáil ag freastalaithe cúil náisiúnta;

(e) 

Na sonraí a scriosadh ar a ndáta éaga nó ar threoir a fháil don rialaitheoir a chuir isteach iad;

(f) 

Nuair a bheidh deireadh leis an tseirbhís a sholáthar, scriosfaidh sé aon sonraí atá fágtha mura rud é go n-éilíonn dlí an Aontais nó dlí Ballstáit go ndéanfar na sonraí pearsanta a stóráil.

(4) 

Bearta eagraíochtúla, fisiceacha agus loighciúla slándála úrscothacha a dhéanamh chun Tairseach Deimhnithe Dhigiteach COVID AE a choinneáil ar bun. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) 

eintiteas freagrach as bainistiú slándála a ainmniú ar leibhéal Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE, a chuid faisnéise teagmhála a chur in iúl do na rialaitheoirí comhpháirteacha agus a áirithiú go bhfuil sé ar fáil chun freagairt do bhagairtí slándála;

(b) 

freagracht a ghlacadh as slándáil Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE; lena n-áirítear tástálacha, meastóireachtaí agus measúnuithe a dhéanamh go tráthrialta ar na bearta slándála.

(c) 

a áirithiú go mbeidh gach duine a dtugtar rochtain dó ar Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE faoi réir oibleagáid chonarthach, ghairmiúil nó reachtúil maidir le rúndacht.

(5) 

gach beart slándála is gá a dhéanamh ionas nach gcuirfear feidhmiú mín oibríochtúil na bhfreastalaithe cúil náisiúnta i mbaol. Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún nósanna imeachta sonracha i bhfeidhm a bhaineann leis an nasc ó na freastalaithe cúil le Tairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE. Áirítear leis sin:

(a) 

nós imeachta maidir le measúnú riosca chun bagairtí féideartha don chóras a aithint agus a mheas;

(b) 

nós imeachta iniúchta agus athbhreithnithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

i. 

an comhfhreagras idir na bearta slándála a chuirtear chun feidhme agus an beartas slándála is infheidhme a sheiceáil;

ii. 

sláine chomhaid an chórais, paraiméadair slándála agus údaruithe deonaithe a rialú go rialta;

iii. 

faireachán a dhéanamh chun sáruithe slándála agus ionraí a bhrath;

iv. 

athruithe a chur chun feidhme chun laigí slándála atá ann cheana a mhaolú;

v. 

na coinníollacha a shainiú faoina n-údarófar feidhmiú iniúchtaí neamhspleácha, lena n-áirítear arna iarraidh sin do na rialaitheoirí, agus faoina rannchuideofar leis na hiniúchtaí sin, lena n-áirítear na cigireachtaí agus athbhreithnithe ar bhearta slándála faoi réir coinníollacha lena n-urramaítear Prótacal (Uimh. 7) a ghabhann le CFAE ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

(c) 

an nós imeachta rialaithe a athrú chun doiciméadú a dhéanamh ar an tionchar atá ag athrú sula gcuirtear i bhfeidhm é agus é a thomhas, agus na rialaitheoirí comhpháirteacha a choimeád ar an eolas maidir le haon athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chumarsáid lena mbonneagar agus/nó do shlándáil a mbonneagair;

(d) 

nós imeachta cothabhála agus deisiúcháin a leagan síos lena sonrófar na rialacha agus na coinníollacha atá le hurramú nuair is ceart trealamh a chothabháil agus/nó a dheisiú;

(e) 

nós imeachta um theagmhais slándála a leagan síos chun an scéim tuairiscithe agus géaraithe a shainiú, na rialaitheoirí a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas, na rialaitheoirí a chur ar an eolas gan mhoill ionas go dtabharfaidh siad fógra do na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta um chosaint sonraí faoi aon sárú ar shonraí pearsanta, agus próiseas araíonachta a shainiú chun déileáil le sáruithe slándála;

(6) 

Bearta úrscothacha slándála fisiceacha agus/nó loighciúla a dhéanamh maidir leis na saoráidí ina bhfuil trealamh Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE agus maidir le rialuithe sonraí loighciúla leis an rochtain slándála. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) 

slándáil fhisiceach a fhorfheidhmiú chun imlíne slándála soiléire a shuí agus chun sáruithe a bhrath;

(b) 

an rochtain ar na saoráidí a rialú agus clár cuairteoirí a choinneáil ar bun chun críocha an rianaithe;

(c) 

a áirithiú go ndéanfaidh foireann chuí-údaraithe daoine seachtracha a thionlacan dá dtugtar rochtain ar an áitreabh;

(d) 

a áirithiú nach féidir trealamh a thabhairt chun an áitribh, trealamh a ionadú nó trealamh a chur den láthair gan údarú a fháil roimh ré ó na comhlachtaí freagracha ainmnithe;

(e) 

rochtain ar na freastalaithe cúil náisiúnta, agus uathu, agus ar thairseach an chreata iontaoibhe;

(f) 

a áirithiú go sainaithnítear agus go bhfíordheimhnítear daoine aonair a bhfuil rochtain acu ar Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE;

(g) 

athbhreithniú a dhéanamh ar na cearta údaraithe a bhaineann le rochtain ar Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais i gcás sárú slándála a bheith ann lena ndéantar difear don bhonneagar sin;

(h) 

sláine na faisnéise arna tarchur trí Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE a choinneáil ar bun;

(i) 

bearta teicniúla agus eagraíochtúla slándála a chur chun feidhme chun rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta a chosc;

(j) 

bearta a chur chun feidhme, nuair is gá, chun bac a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE ó réimse na n-údarás eisiúna (i.e.: bac a chur ar shuíomh/sheoladh IP).

(7) 

Bearta a dhéanamh chun a fhearann a chosaint, lena n-áirítear gearradh na gceangal, i gcás ina mbeidh diall substaintiúil ó na prionsabail agus ó na coincheapa maidir le cáilíocht nó slándáil;

(8) 

Plean bainistithe riosca a choinneáil ar bun a bhaineann lena réimse freagrachta.

(9) 

Faireachán a dhéanamh – i bhfíor-am – ar fheidhmíocht chomhpháirteanna uile na seirbhísí a bhaineann leis an gcreat iontaoibhe, staidreamh a chur ar fáil go rialta agus taifid a choimeád.

(10) 

Tacaíocht a chur ar fáil do gach seirbhís de chuid thairseach an chreata iontaoibhe i mBéarla, 24/7 ar an bhfón, trí ríomhphost nó ar an Tairseach Gréasáin agus glacadh le glaonna ó ghlaoiteoirí údaraithe: comhordaitheoirí Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE agus a ndeasc cabhrach, a nOifigigh Tionscadail agus a ndaoine ainmnithe ón gCoimisiún faoi seach.

(11) 

Cúnamh a thabhairt do na rialaitheoirí comhpháirteacha trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla, a mhéid is féidir i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/1725, maidir le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an duine is ábhar do sonraí a leagtar síos i gCaibidil III den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

(12) 

Tacú leis na rialaitheoirí comhpháirteacha trí fhaisnéis a sholáthar maidir le Tairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE, chun na hoibleagáidí de bhun Airteagail 32, 33, 34, 35 agus 36 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a chur chun feidhme.

(13) 

A áirithiú nach féidir le haon duine nach bhfuil údaraithe rochtain a fháil ar na sonraí a phróiseáiltear laistigh de Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE.

(14) 

Gach beart ábhartha a dhéanamh chun cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar shonraí tarchurtha ag oibreoirí Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE.

(15) 

Bearta a dhéanamh chun an idir-inoibritheacht agus an chumarsáid idir rialaitheoirí atá ainmnithe ag an Tairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE a éascú.

(16) 

Taifead a choimeád de na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar thar ceann na rialaitheoirí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2018/1725.



( 1 ) rfc8392 (ietf.org)

( 2 ) rfc8152 (ietf.org)

( 3 ) rfc8230 (ietf.org)

( 4 ) rfc8392 (ietf.org)

( 5 ) rfc8392 (ietf.org)

( 6 ) rfc7159 (ietf.org)

( 7 ) rfc7049 (ietf.org)

( 8 ) Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19, IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

( 9 ) rfc1950 (ietf.org)

( 10 ) rfc1951 (ietf.org)

( 11 ) rfc7517 (ietf.org)

( 12 ) Féach 9.5.1.2 chomh maith le haghaidh tuairisc mhionsonraithe ar na APInna

( 13 ) Ciallaíonn dímholta nach ndéanfar an ghné sin a mheas i gcás cur chun feidhme nua ach go dtacófar léi i gcás cur chun feidhme atá ann cheana ar feadh tréimhse dea-shainithe ama.

( 14 ) rfc3986 (ietf.org)

( 15 ) Maidir le cóid QR a chur chun feidhme, d’fhéadfadh na Ballstáit sraith bhreise carachtar, suas le fad iomlán 72 charachtar (lena n-áirítear an t-aitheantóir 27-30 carachtar féin), a bhreithniú le cur leis d’fhonn faisnéis eile a chur in iúl. Is iad na Ballstáit atá freagrach as sainiú na faisnéise sin.

( 16 ) Is síneadh é an t-algartam “Luhn mod N” d’algartam Luhn (a dtugtar algartam “mod 10” air freisin) a oibríonn le haghaidh cóid uimhriúla agus úsáidtear é chun suim sheiceála cártaí creidmheasa a ríomh, mar shampla. Ceadaíonn an síneadh sin don algartam oibriú le seichimh luachanna in aon bhonn (carachtair alfa-uimhriúla sa chás seo).

( 17 ) https://ec.europa.eu/health/sites/default/files/ehealth/docs/vaccination-proof_interoperability-guidelines_en.pdf

( 18 ) BSI – Treoirlínte Teicniúla TR-02102 (bund.de)

( 19 ) SOG-IS - Doiciméid tacaíochta (sogis.eu)

( 20 ) rfc5280 (ietf.org)

( 21 ) rfc5280 (ietf.org)

Top