EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02020R2093-20240101

Consolidated text: Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/2024-01-01

02020R2093 — GA — 01.01.2024 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE, Euratom) 2020/2093 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2020

lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027

(IO L 433I 22.12.2020, lch. 11)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE, Euratom) 2022/2496 ÓN gCOMHAIRLE  an 15 Nollaig 2022

  L 325

11

20.12.2022

►M2

RIALACHÁN (AE, Euratom) 2024/765 ÓN gCOMHAIRLE  an 29 Feabhra 2024

  L 765

1

29.2.2024




▼B

RIALACHÁN (AE, Euratom) 2020/2093 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2020

lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027



CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Creat airgeadais ilbhliantúil

Leis an Rialachán seo, leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (CAI).

Airteagal 2

Uasteorainneacha CAI a chomhlíonadh

1.  
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún (na “hInstitiúidí”), le linn gach nós imeachta bhuiséadaigh agus tráth a bheidh an buiséad don bhliain lena mbaineann á chur chun feidhme acu, na huasteorainneacha bliantúla caiteachais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh (na “huasteorainneacha CAI”).

Bunaítear an fho-uasteorainn do cheannteideal 3 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I í gan dochar don tsolúbthacht idir dhá cholún an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT). Déanfar an uasteorainn choigeartaithe a chuirfear i bhfeidhm ar cholún I CBT tar éis na n-aistrithe idir an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus íocaíochtaí díreacha a leagan síos sa ghníomh ábhartha dlíthiúil agus déanfar CAI a choigeartú dá réir sin faoin gcoigeartú teicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Rialachán seo.

▼M2

2.  
I gcás inar gá úsáid a bhaint as na hacmhainní ó na hionstraimí speisialta dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9, 10, 10a, 10b agus 12, iontrálfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha ábhartha CAI.

▼B

I gcás inar gá úsáid a bhaint as na hacmhainní ón Ionstraim Corrlaigh Aonair mar a leagtar síos in Airteagal 11, iontrálfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha ábhartha CAI do bhliain ar leith.

3.  
I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI.

▼M1

I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais atá údaraithe don Úcráin atá ar fáil do na blianta 2023 agus 2024 i gcomhréir le hAirteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar an méid riachtanach a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI.

▼M2

I gcás inar gá ráthaíocht a shlógadh le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin atá ar fáil do na blianta 2024 go 2027 do mhéid foriomlán na n-iasachtaí suas le EUR 33 000 milliún i bpraghsanna reatha mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar an méid is gá a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha CAI.

▼B

Airteagal 3

Urraim d’uasteorainn na n-acmhainní dílse

1.  
I ndáil le gach ceann de na blianta a chumhdaítear le CAI, ní eascróidh ráta glaoite isteach d’acmhainní dílse lena rachfar thar uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagtar amach sa chinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm a glacadh i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 311 CFAE (an “Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse”) as na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí a éilítear, tar éis an choigeartaithe bhliantúil agus tar éis aon choigeartuithe agus athbhreithnithe eile, chomh maith le cur i bhfeidhm Airteagal 2(2) agus (3), a chur san áireamh.
2.  
I gcás inar gá, déanfar uasteorainneacha CAI a ísliú chun a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

CAIBIDIL 2

COIGEARTUITHE AR CAI

Airteagal 4

Coigeartuithe teicniúla

1.  

Déanfaidh an Coimisiún na coigeartuithe teicniúla seo a leanas ar CAI gach bliain, ag gníomhú dó sula gcuirfear an nós imeachta buiséadach do bhliain n+1 i bhfeidhm:

(a) 

athluacháil, ag praghsanna bhliain n+1, ar na huasteorainneacha agus ar na figiúirí foriomlána do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;

(b) 

ríomh an chorrlaigh atá ar fáil faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse;

(c) 

ríomh mhéid na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá ar fáil faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(1), chomh maith leis an uasmhéid iomlán dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2);

(d) 

ríomh an choigeartaithe ar an uasteorainn le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(1), chomh maith leis an uasmhéid dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2);

(e) 

ríomh na leithdháiltí breise le haghaidh cláir shonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus toradh an choigeartaithe bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 5(2);

▼M2

(f) 

ríomh den mhéid atá ar fáil d’Ionstraim EURI i gcomhréir le hAirteagal 10a(3), pointe (a);

(g) 

ríomh de na méideanna atá le cur ar fáil don Ionstraim Sholúbthachta faoi Airteagal 12(1), an dara fomhír.

▼B

2.  
Déanfaidh an Coimisiún na coigeartuithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn díbhoilsceora shocraithe 2 % in aghaidh na bliana.
3.  
Cuirfidh an Coimisiún torthaí na gcoigeartuithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1, chomh maith leis na réamhaisnéisí eacnamaíocha foluiteacha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
4.  
Gan dochar d’Airteagail 6 agus 7, ní dhéanfar aon choigeartuithe teicniúla eile i ndáil leis an mbliain lena mbaineann, le linn na bliana nó mar cheartúcháin ex post sna blianta ina dhiaidh sin.

Airteagal 5

Coigeartú clárshonrach

1.  

Beidh méid is ionann agus an t-ioncam ó fhíneálacha arna bhforchur faoi Rialacháin (EC) Uimh. 1/2003 ( 2 ) agus (EC) Uimh. 139/2004 ( 3 ) ag institiúidí an Aontais, a iontrálfar i mbuiséad na bliana n-1 i gcomhréir le hAirteagal 107 den Rialachán Airgeadais, tar éis an méid don bhliain n-1 dá dtagraítear in Airteagal 141(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ( 4 ) a bhaint, ar fáil do leithdháileadh breise den mhéid seo a leanas:

(a) 

leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do bhliain n+1, ag tosú don bhliain 2022 agus ag críochnú in 2027, do na cláir atá liostaithe in Iarscríbhinn II, i gcomhréir le céatadáin arna leagan amach do na cláir sin sa cholún “Eochair leithdháilte” den tábla in Iarscríbhinn II; agus

(b) 

leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do bhliain n+1, ag tosú don bhliain 2022 agus ag críochnú in 2027.

▼M2

Is é EUR 10 155 milliún (i bpraghsanna 2018) méid iomlán na leithdháiltí breise don tréimhse 2022 go 2027 le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi seach. I gcás gach ceann de na blianta ó 2022 go 2026, EUR 1 500 milliún ar a laghad (i bpraghsanna 2018) a bheidh i méid bliantúil na leithdháiltí breise le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta faoi seach agus ní rachaidh sé thar EUR 2 000 milliún (i bpraghsanna 2018).

▼B

Leagtar amach méid iomlán na leithdháiltí breise le haghaidh leithreasaí faoi chomhair gealltanas do na cláir sa tréimhse 2022 go 2027 sa cholún “Leithdháileadh breise iomlán na leithreasaí faoi chomhair gealltanas faoi Airteagal 5” den tábla in Iarscríbhinn II.

2.  
Déanfar na huasteorainneacha do leithreasaí faoi chomhair gealltanas faoina ceannteidil ábhartha do bhliain n+ 1, ag tosú don bhliain 2022 agus ag críochnú in 2027, a choigeartú suas leis na méideanna a chomhfhreagraíonn do na leithdháiltí breise atá leagtha amach i mír 1, i gcomhréir leis na céatadáin atá leagtha amach do na ceannteidil sin sa cholún “Eochair leithdháilte” den tábla in Iarscríbhinn II. Déanfar an uasteorainn le haghaidh leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí do bhliain n+ 1, ag tosú don bhliain 2022 agus ag críochnú in 2027, a choigeartú suas go huathoibríoch leis na méideanna a chomhfhreagraíonn do na leithdháiltí breise a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 6

Coigeartuithe a bhaineann le bearta atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta nó le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint

1.  
I gcás ina gcuirfear deireadh le gealltanais bhuiséadacha a chur ar fionraí a bhaineann le cistí an Aontais, i gcomhréir leis na bunghníomhartha ábhartha, i gcomhthéacs beart atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta nó le bearta a ghlacfar faoin Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, aistreofar na méideanna a chomhfhreagraíonn do na gealltanais a cuireadh ar fionraí chuig na blianta ina dhiaidh sin agus déanfar uasteorainneacha comhfhreagracha CAI a choigeartú dá réir.
2.  
Cuirfidh an Coimisiún toradh aon choigeartuithe faoi mhír 1 in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
3.  
Ní fhéadfar gealltanais bhliain n a cuireadh ar fionraí a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais tar éis bhliain n+2.

Airteagal 7

Coigeartú i ndiaidh rialacha nó cláir nua faoi bhainistíocht roinnte

1.  
I gcás ina nglacfaí rialacha nó cláir nua faoi bhainistíocht roinnte tar éis an 1 Eanáir 2021 i ndáil leis na Cistí Struchtúracha, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí faoin gCiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, aistreofar na méideanna a fhreagraíonn do na leithdháiltí nár úsáideadh in 2021 chuig gach ceann de na blianta 2022 go 2025 i gcionmhaireachtaí comhionanna, agus déanfar uasteorainneacha comhfhreagracha CAI a choigeartú dá réir sin.
2.  
Cuirfidh an Coimisiún toradh aon choigeartuithe faoi mhír 1 in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

CAIBIDIL 3

IONSTRAIMÍ SPEISIALTA

ROINN 1

Ionstraimí speisialta téamacha

▼M2

Airteagal 8

An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú

1.  
Ní rachaidh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, a leagtar amach na cuspóirí agus an raon feidhme atá leis i Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), thar uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018).
2.  
Déanfar na leithreasuithe don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a chur isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais mar sholáthar.

Airteagal 9

Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála

1.  

Beidh an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála comhdhéanta de dhá ionstraim a fhéadfar a úsáid chun an méid seo a leanas, faoi seach, a mhaoiniú:

(a) 

cúnamh chun freagairt ar chásanna éigeandála a eascraíonn as tubaistí móra a chumhdaítear le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, a leagtar amach na cuspóirí agus an raon feidhme atá leis i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle ( 6 ) (‘Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh’); agus

(b) 

mearfhreagairtí a thabhairt ar riachtanais shonracha éigeandála laistigh den Aontas nó i dtríú tíortha ag eascairt as imeachtaí nach bhféadfaí a thuar nuair a bunaíodh an buiséad, go háirithe le haghaidh práinnfhreagairtí agus oibríochtaí tacaíochta tar éis tubaistí nádúrtha nach gcumhdaítear le pointe (a), tubaistí de dhéanamh an duine, géarchéimeanna daonnúla i gcásanna ina bhfuil bagairtí mórscála ar an tsláinte phoiblí, bagairtí mórscála tréidliachta nó fíteashláintíochta, chomh maith le cásanna ina mbeidh brú faoi leith ag teorainneacha seachtracha an Aontais de bharr sreafaí imirce, i gcás ina n-éilíonn na himthosca amhlaidh (‘Cúlchiste um Chabhair Éigeandála’).

2.  
Ní rachaidh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh thar uasmhéid bliantúil EUR 1 016  mhilliún (i bpraghsanna 2018). Féadfar aon chuid den mhéid bliantúil nach n-úsáidfear i mbliain n a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1, rachaidh sí in éag.

An 1 Deireadh Fómhair gach bliain, beidh ar a laghad an ceathrú cuid de mhéid iomlán Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh fós ar fáil chun na riachtanais a thiocfaidh chun cinn i míonna deiridh na bliana sin a chumhdach.

I gcásanna eisceachtúla agus mura leor na hacmhainní airgeadais a bheidh fágtha chun na méideanna a mheastar gur gá leo a chumhdach sa bhliain ina dtarlóidh tubaiste dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar an difríocht a mhaoiniú tríd an méid bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a bheidh ar fáil an bhliain ina dhiaidh sin, suas le huasmhéid de EUR 400 milliún (i bpraghsanna 2018).

3.  
Ní rachaidh an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála thar uasmhéid bliantúil EUR 508 milliún (i bpraghsanna 2018). Féadfar aon chuid den mhéid bliantúil nach n-úsáidfear i mbliain n a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1, rachaidh sí in éag.
4.  
Déanfar na leithreasuithe don Chúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta agus don Chúlchiste um Chabhair Éigeandála a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais mar sholáthar.

▼B

Airteagal 10

Cúlchiste Coigeartaithe Brexit

1.  
Le Cúlchiste Coigeartaithe Brexit, tabharfar cúnamh dul i ngleic le hiarmhairtí díobhálacha gan choinne sna Ballstáit agus sna hearnálacha is mó atá thíos le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, faoi réir agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san ionstraim ábhartha.

▼M2

2.  
Ní rachaidh Cúlchiste Coigeartaithe Brexit thar EUR 4 491 mhilliún (i bpraghsanna 2018).

▼B

3.  
Déanfar na leithreasuithe don Chúlchiste Coigeartaithe Brexit a chur isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais mar fhoráil.

▼M2

Airteagal 10a

An Ionstraim EURI

1.  

Ó 2025, féadfar Ionstraim EURI a úsáid, le haghaidh bliain ar leith, chun cuid de chostais an úis agus na n-íocaíochtaí cúpóin a mhaoiniú atá dlite i leith na gcistí a fuarthas ar iasacht ar na margaí caipitil i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle ( 7 ). Ní fhéadfar an Ionstraim EURI a shlógadh ach i mbliain ar leith, a mhéid a shonraítear sna míreanna seo a leanas, chun méid na gcostas sin a chumhdach ar mó iad ná na méideanna seo a leanas (i bpraghsanna 2018):

— 
2025 – EUR 2 332 mhilliún,
— 
2026 – EUR 3 196 mhilliún,
— 
2027 – EUR 4 168 milliún.
2.  
Ní fhéadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Ionstraim EURI a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE, ach amháin tar éis modhanna maoiniúcháin eile a lorg, d’fhonn cuid shubstaintiúil de na méideanna ar mó iad ná na méideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chumhdach, i gcomhréir leis na rialacha earnálacha is infheidhme agus oibleagáidí dlíthiúla eile, agus na tosaíochtaí, an stuamacht buiséadaithe agus an bhainistíocht fhónta airgeadais á gcur san áireamh an tráth céanna.

Cuirfear leithreasuithe le haghaidh na hIonstraime EURI ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI.

3.  

Beidh an Ionstraim EURI comhdhéanta den mhéid seo a leanas:

(a) 

méid atá coibhéiseach leis na leithreasuithe nach ioncam sannta seachtrach iad a rinneadh a shaoradh go carnach ó 2021 i leith, nár slógadh faoin ionstraim seo sna blianta roimhe sin, cé is moite de mhéideanna a saoradh a cuireadh ar fáil arís i gcomhréir le forálacha Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais agus le rialacha sonracha maidir le leithreasuithe a chur ar fáil arís dá dtagraítear sna bunghníomhartha ábhartha. Ní tharraingeofar ar an méid sin ar dtús ach amháin;

(b) 

mura leor an méid faoi phointe (a) den mhír seo, an méid breise is gá chun na costais dá dtagraítear i mír 1 a lánmhaoiniú sa bhliain lena mbaineann.

Gach bliain, mar chuid de na coigeartuithe teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 4, ríomhfaidh an Coimisiún an méid atá ar fáil ar bhonn na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo agus na méideanna a úsáideadh chun na críche sin sna blianta roimhe sin á gcur san áireamh.

Airteagal 10b

Cúlchiste don Úcráin

1.  
Féadfar an Cúlchiste don Úcráin a shlógadh chun caiteachas a mhaoiniú faoi Rialachán (AE) 2024/792 agus chun na críche sin amháin.
2.  
Ní rachaidh an Cúlchiste don Úcráin thar EUR 17 000 milliún i bpraghsanna reatha le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027.
3.  
Ní rachaidh an méid bliantúil a shlógfar faoin gCúlchiste don Úcráin in aon bhliain ar leith thar EUR 5 000 milliún i bpraghsanna reatha. Gan dochar don mhéid foriomlán a leagtar amach i mír 2, féadfar an chuid den mhéid bliantúil nár úsáideadh i mbliain ar leith a úsáid sna blianta ina dhiaidh sin, go dtí 2027.
4.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Cúlchiste don Úcráin a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE.

▼B

ROINN 2

Ionstraimí speisialta neamhthéamacha

Airteagal 11

Ionstraim Corrlaigh Aonair

1.  

Is éard a bheidh san Ionstraim Corrlaigh Aonair:

(a) 

amhail ó 2022, méideanna a fhreagraíonn do chorrlaigh a bheidh fós ar fáil faoi uasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de bhliain n-1 a chuirfear ar fáil de bhreis ar na huasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do na blianta ó 2022 go 2027;

(b) 

amhail ó 2022, méideanna atá coibhéiseach leis an difríocht idir na híocaíochtaí a fhorghníomhaítear agus uasteorainn íocaíochta CAI de bhliain n-1 chun an uasteorainn íocaíochta do na blianta ó 2022 go 2027 a choigeartú suas; agus

(c) 

méideanna breise a fhéadfar a chur ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI in aon bhliain ar leith do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas nó do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, nó don dá rud, de réir mar a bheidh, ar choinníoll go ndéanfar iad a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh na gcorrlach i gceann amháin nó níos mó de cheannteidil CAI don bhliain airgeadais reatha nó do na blianta airgeadais amach anseo a mhéid a bhaineann le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus go ndéanfar iad a fhritháireamh go hiomlán in aghaidh na gcorrlach faoin uasteorainn íocaíochta do na blianta airgeadais amach anseo a mhéid a bhaineann le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

Ní fhéadfar méideanna a shlógadh faoi phointe (c) den chéad fhomhír ach amháin mura leor na méideanna atá ar fáil de bhun phointí (a) agus (b) den fhomhír sin, de réir mar is infheidhme, agus in aon chás mar rogha dheireanach chun freagairt ar chúinsí gan choinne.

I gcás ina rachfar ar iontaoibh phointe (c) den chéad fhomhír ní bheidh mar thoradh air sin go rachfar thar méideanna iomlána uasteorainneacha CAI do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don bhliain airgeadais reatha agus do na blianta airgeadais amach anseo. Dá bhrí sin aon mhéideanna a dhéanfar a fhritháireamh i gcomhréir leis an bpointe sin, ní shlógfar iad a thuilleadh i gcomhthéacs CAI.

2.  

I gcás ina rachfar ar iontaoibh na hIonstraime Corrlaigh Aonair faoi phointí (a) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 ní rachfar, in aon bhliain ar leith, thar na hiomláin seo a leanas:

(a) 

0,04 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, arna ríomh sa choigeartú teicniúil bliantúil ar CAI dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b) 

0,03 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arna ríomh sa choigeartú teicniúil bliantúil ar CAI dá dtagraítear in Airteagal 4.

An méid a rachfar ar iontaoibh na hIonstraime Corrlaigh Aonair in aon bhliain ar leith beidh sé comhsheasmhach leis na huasteorainneacha a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

3.  

Ní rachaidh na coigeartuithe bliantúla dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 thar na huasmhéideanna seo a leanas (i bpraghsanna 2018) do na blianta ó 2025 go 2027 i gcomparáid leis an mbun-uasteorainn íocaíochta do na blianta ábhartha:

— 
2025 – EUR 8 000 milliún;
— 
2026 – EUR 13 000 milliún;
— 
2027 – EUR 15 000 milliún.

Beidh na méideanna dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5(2) sa bhreis ar na huasmhéideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Déanfar aon choigeartú suas a fhritháireamh trí laghdú comhfhreagrach a dhéanfar ar an uasteorainn íocaíochta do bhliain n-1.

▼M2

3a.  
Déanfar an t-uasmhéid don choigeartú bliantúil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo don bhliain 2026, arna mhéadú leis an méid dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5(2), a choigeartú de réir an mhéid atá cobhéiseach leis an gcuid den uasmhéid nár úsáideadh don bhliain 2025.

▼B

4.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle méideanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE ionas go bhféadfar caiteachas a mhaoiniú nach bhféadfaí a mhaoiniú laistigh de theorainneacha uasteorainneacha ábhartha CAI atá ar fáil in aon bhliain ar leith.

Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an coigeartú suas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ag tosú in 2022, mar chuid den choigeartú teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 4.

▼M2

Airteagal 12

An Ionstraim Sholúbthachta

1.  
Féadfar an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun maoiniú a dhéanamh, d’aon bhliain airgeadais ar leith, ar chaiteachas sonrach gan choinne i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí nach féidir a mhaoiniú laistigh de theorainneacha na n-uasteorainneacha atá ar fáil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile. Sna blianta 2021 go 2023, beidh uasteorainn EUR 915 mhilliún (i bpraghsanna 2018) ar an tsuim bhliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta. Sna blianta 2024 go 2027, beidh uasteorainn EUR 1 346 mhilliún (i bpraghsanna 2018) ar an méid bliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta.

Gach bliain, déanfar an méid bliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta a mhéadú le méid atá coibhéiseach leis na codanna de na méideanna bliantúla don Chúlchiste Dlúthpháirtíochta Eorpach agus don Chúlchiste um Chabhair Éigeandála a chuaigh i léig an bhliain roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 9.

2.  
Féadfar an chuid nach mbainfear úsáid as den mhéid bliantúil den Ionstraim Sholúbthachta a úsáid suas go bliain n+2. Déanfar aon chuid den mhéid bliantúil a eascraíonn ó na blianta roimhe sin a úsáid ar dtús, de réir aoise. Aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as faoi bhliain n+2, rachaidh sí in éag.

▼B

CAIBIDIL 4

ATHBHREITHNIÚ AR CAI

Airteagal 13

Athbhreithniú ar CAI

1.  
Gan dochar d’Airteagal 3(2) ná d’Airteagail 14 go 17, i gcás imthosca gan choinne, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar CAI i gcomhréir le huasteorainn na n-acmhainní dílse a leagtar amach sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.
2.  
Mar riail ghinearálta, déanfar aon togra le haghaidh athbhreithniú ar CAI i gcomhréir le mír 1 a thíolacadh agus a ghlacadh sula gcuirfear tús leis an nós imeachta buiséadach don bhliain nó don chéad cheann de na blianta lena mbaineann.
3.  
In aon togra le haghaidh athbhreithniú ar CAI i gcomhréir le mír 1, scrúdófar an raon feidhme atá ann chun caiteachas a ath-leithdháileadh idir na cláir a chumhdaítear leis an gceannteideal lena mbaineann an t-athbhreithniú, agus tagairt faoi leith á déanamh d’aon tearcúsáid a mheastar a bhainfear as leithreasuithe.
4.  
Cuirfear san áireamh in aon athbhreithniú a dhéanfar ar CAI i gcomhréir le mír 1, an raon feidhme atá ann chun aon ardú a dhéanfar ar an uasteorainn do cheannteideal amháin a fhritháireamh trí ísliú a dhéanamh ar an uasteorainn do cheannteideal eile.
5.  
Coimeádfar gaol iomchuí idir leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí in aon athbhreithniú a dhéanfar ar CAI i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 14

Athbhreithniú a bhaineann le cur chun feidhme

Nuair a bheidh fógra maidir le torthaí na gcoigeartuithe teicniúla ar CAI á thabhairt ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tíolacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, aon togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí a mheasfaidh sé a bheith riachtanach, i bhfianaise an chur chun feidhme, lena áirithiú go ndéanfar bainistiú fónta ar na huasteorainneacha íocaíochta bliantúla agus, go háirithe, go ndéanfar forchéimniú ar bhealach ordúil i ndáil leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas.

Airteagal 15

Athbhreithniú i gcás ina ndéanfaí athbhreithniú ar na Conarthaí

I gcás ina ndéanfaí athbhreithniú ar na Conarthaí lena ngabhfaidh impleachtaí buiséadacha, déanfar CAI a athbhreithniú dá réir.

Airteagal 16

Athbhreithniú i gcás ina méadófaí an tAontas

I gcás aontachais amháin nó níos mó leis an Aontas, déanfar CAI a athbhreithniú chun na ceanglais chaiteachais a bheidh mar thoradh air sin a chur san áireamh.

Airteagal 17

Athbhreithniú i gcás athaontú na Cipire

I gcás ina ndéanfar an Chipir a athaontú, déanfar CAI a athbhreithniú chun go gcuirfear san áireamh an réiteach cuimsitheach ar fhadhb na Cipire agus na riachtanais bhreise airgeadais a bheidh mar thoradh ar an athaontú.

CAIBIDIL 5

RANNÍOCAÍOCHT LE MAOINIÚ TIONSCADAL AR MHÓRSCÁLA

Airteagal 18

Ranníocaíocht le maoiniú tionscadal ar mhórscála

1.  
Beidh uasmhéid EUR 13 202 milliún (i bpraghsanna 2018) ar fáil ó bhuiséad ginearálta an Aontais don tréimhse ó 2021 go 2027 do thionscadail ar mhórscála faoin Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.
2.  
Beidh uasmhéid EUR 5 000 milliún (i bpraghsanna 2018) ar fáil ó bhuiséad ginearálta an Aontais don tréimhse ó 2021 go 2027 don tionscadal d’Imoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta (ITER).

CAIBIDIL 6

COMHAR IDIRINSTITIÚIDEACH SA NÓS IMEACHTA BUISÉADACH

Airteagal 19

Comhar idirinstitiúideach sa nós imeachta buiséadach

1.  
Déanfaidh na hInstitiúidí bearta chun an nós imeachta buiséadach bliantúil a éascú.
2.  
Comhoibreoidh na hInstitiúidí de mheon macánta le linn an nós imeachta d’fhonn a seasaimh a thabhairt le chéile. Comhoibreoidh na hInstitiúidí, ag gach céim den nós imeachta, trí na teagmhálacha idirinstitiúideacha iomchuí chun go ndéanfar faireachán ar dhul chun cinn na hoibre agus go ndéanfar anailís ar mhéid an chóineasaithe.
3.  
Áiritheoidh na hInstitiúidí go ndéanfar a bhféilirí oibre faoi seach a chomhordú a mhéid is féidir, chun go bhféadfar imeachtaí a sheoladh ar bhealach comhleanúnach agus cóineasaithe, agus go mbeidh glacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais mar thoradh air.
4.  
Féadfar cruinnithe tríthaobhacha a thionól ag gach céim den nós imeachta agus ag leibhéil éagsúla ionadaíochta, ag brath ar chineál an phlé a mbeifear ag súil leis. Déanfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta féin, a rannpháirtithe i ngach cruinniú a ainmniú, a sainordú le haghaidh na gcaibidlíochtaí a leagan amach agus na hinstitiúidí eile a chur ar an eolas in am trátha, maidir leis na socruithe le haghaidh na gcruinnithe.

Airteagal 20

Aontacht an bhuiséid

Áireofar caiteachas agus ioncam uile an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach i mbuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear caiteachas a bheidh mar thoradh ar aon chinneadh ábhartha a dhéanfaidh an Chomhairle d’aontoil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, faoi chuimsiú Airteagal 332 CFAE.

CAIBIDIL 7

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Aistriú i dtreo an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

Roimh an 1 Iúil 2025, tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil nua.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

▼M2




IARSCRÍBHINN I

AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (AE-27)



 

 

 

 

 

 

(EUR milliún – praghsanna 2018)

LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN 2021-2027

1.  An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

19 712

20 211

19 678

19 178

18 173

18 120

17 565

132 637

2.  Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna

5 996

62 642

63 525

65 079

65 184

56 675

58 680

377 781

2a.  An comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

1 666

56 673

57 005

57 436

57 772

48 302

48 937

327 791

2a.  Athléimneacht agus Luachanna

4 330

5 969

6 520

7 643

7 412

8 373

9 743

49 990

3.  Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

53 562

52 626

51 893

51 013

49 914

48 734

47 960

355 702

Lena n-áirítear: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha

38 040

37 544

36 857

36 054

35 283

34 602

33 886

252 266

4.  Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

1 687

3 104

3 454

3 569

4 083

4 145

4 701

24 743

5.  Slándáil agus Cosaint

1 598

1 750

1 762

2 112

2 277

2 398

2 576

14 473

6.  An Chomharsanacht agus an Domhan

15 309

15 522

14 789

14 500

14 192

13 326

13 447

101 085

7.  An Riarachán Poiblí Eorpach

10 021

10 215

10 342

10 454

10 554

10 673

10 843

73 102

Lena n-áirítear: caiteachas riaracháin na n-institiúidí

7 742

7 878

7 945

7 997

8 025

8 077

8 188

55 852

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS

107 885

166 070

165 443

165 905

164 377

154 071

155 772

1 079 523

 

 

 

 

 

 

 

 

 

IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTA

154 065

153 850

152 682

151 436

151 175

151 175

151 175

1 065 558




IARSCRÍBHINN II

COIGEARTÚ CLÁRSHONRACH – LIOSTA NA gCLÁR, EOCHAIR LEITHDHÁILTE AGUS LEITHDHÁILEADH BREISE IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS



 

 

 

(i EUR milliún, praghsanna 2018)

 

Eochair leithdháilte

Leithdháileadh breise iomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi Airteagal 5

 

2022-2024

2025-2027

 

1.  An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

36,36 %

41,79 %

4 000

Fís Eorpach

27,27 %

31,34 %

3 000

Ciste InvestEU

9,09 %

10,45 %

1 000

2b.  Athléimneacht agus Luachanna

54,55 %

47,76 %

5 155

EU4Health

26,37 %

15,37 %

2 055

Erasmus+

15,46 %

17,77 %

1 700

Eoraip na Cruthaitheachta

5,45 %

6,26 %

600

Cearta agus Luachanna

7,27 %

8,36 %

800

4.  Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

9,09 %

10,45 %

1 000

An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha

9,09 %

10,45 %

1 000

IOMLÁN

100,00 %

100,00 %

10 155



( 1 ) Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj)

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1)

( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1)

( 4 )  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

( 5 ) Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48).

( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3).

( 7 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

Top