EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02020R1784-20201202

Consolidated text: Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (athmhúnlú)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1784/2020-12-02

02020R1784 — GA — 02.12.2020 — 000.005


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2020/1784 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2020

maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil)

(athmhúnlú)

(IO L 405 2.12.2020, lch. 40)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 188, 27.7.2023, lch.  61 ((AE) 2020/1784)

►C2

Ceartúchán, IO L 90049, 26.10.2023, lch.  1 ((AE) 2020/1784)

►C3

Ceartúchán, IO L 90073, 2.2.2024, lch.  1 ((AE) 2020/1784)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2020/1784 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2020

maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil)

(athmhúnlú)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an tseirbheáil trasteorann doiciméad breithiúnach agus seachbhreithiúnach in ábhair shibhialta nó thráchtála. Go háirithe, níl feidhm aige maidir le hábhair ioncaim, le hábhair chustaim ná le hábhair riaracháin ná le dliteanas an Bhallstáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an stáit (acta iure imperii).
2.  
Cé is moite d’Airteagal 7, níl feidhm ag an Rialachán seo i gcás nach eol seoladh an duine a bhfuil doiciméad le seirbheáil air.
3.  
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le doiciméad a sheirbheáil i mBallstát an fhóraim ar ionadaí údaraithe ag an duine atá le seirbheáil, gan beann ar áit chónaithe an duine sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(1) 

ciallaíonn “Ballstát an fhóraim” an Ballstát ina bhfuil na himeachtaí breithiúnacha ar bun;

(2) 

ciallaíonn “córas TF díláraithe” líonra de chórais náisiúnta TF agus de phointí rochtana idir-inoibritheacha, a oibríonn faoi fhreagracht agus faoi bhainistiú aonair gach Ballstáit, agus lena gcumasaítear malartú trasteorann faisnéise slán iontaofa idir na córais náisiúnta TF.

Airteagal 3

Gníomhaireachtaí tarchuir agus gníomhaireachtaí fála

1.  
Ainmneoidh gach Ballstát na hoifigigh phoiblí, na húdaráis nó na daoine eile a bheidh inniúil chun doiciméid bhreithiúnacha nó doiciméid sheachbhreithiúnacha atá le seirbheáil i mBallstát eile a tharchur (“gníomhaireachtaí tarchuir”).
2.  
Ainmneoidh gach Ballstát na hoifigigh phoiblí, na húdaráis nó na daoine eile a bheidh inniúil chun doiciméid bhreithiúnacha nó doiciméid sheachbhreithiúnacha a fháil ó Bhallstát eile (“gníomhaireachtaí fála”).
3.  
Féadfaidh Ballstáit gníomhaireachtaí tarchuir agus gníomhaireachtaí fála ar leithligh a ainmniú nó féadfaidh siad gníomhaireacht amháin nó níos mó a ainmniú chun feidhmeanna na gníomhaireachta tarchuir agus na gníomhaireachta fála a chur i gcrích. Féadfaidh Ballstáit Chónaidhme, Ballstáit ina bhfuil feidhm ag dlíchórais éagsúla agus Ballstáit a bhfuil aonaid chríche fhéinrialaithe iontu breis agus gníomhaireacht amháin den sórt sin a ainmniú. Beidh éifeacht leis an ainmniú sin go ceann tréimhse 5 bliana agus féadfar é a athnuachan go ceann tréimhse 5 bliana eile.
4.  

Cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Choimisiún:

(a) 

ainmneacha agus seoltaí na ngníomhaireachtaí fála dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3;

(b) 

na limistéir gheografacha ina bhfuil dlínse ag na gníomhaireachtaí fála sin;

(c) 

na modhanna trína féidir leis na gníomhaireachtaí fála sin doiciméid a fháil i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 5(4); agus

(d) 

na teangacha is féidir a úsáid chun na foirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlánú.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon mhodhnú a dhéanfar ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina dhiaidh sin.

Airteagal 4

Comhlacht lárnach

Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht lárnach a bheidh freagrach as an méid seo a leanas:

(a) 

faisnéis a sholáthar do na gníomhaireachtaí tarchuir;

(b) 

réitigh a lorg ar aon deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus doiciméid atá le seirbheáil á dtarchur;

(c) 

iarraidh ar sheirbheáil a chur ar aghaidh, i gcásanna eisceachtúla, chuig an ngníomhaireacht fála inniúil arna iarraidh sin do ghníomhaireacht tarchuir.

Féadfaidh Ballstáit Chónaidhme, Ballstáit ina bhfuil dlíchórais éagsúla i bhfeidhm agus Ballstáit a bhfuil aonaid chríche fhéinrialaithe iontu níos mó ná comhlacht lárnach amháin a ainmniú.

Airteagal 5

Modhanna cumarsáide atá le húsáid ag gníomhaireachtaí tarchuir, gníomhaireachtaí fála agus ag comhlachtaí lárnacha

1.  
Doiciméid atá le seirbheáil, iarrataí, dearbhuithe, admhálacha, deimhnithe agus cumarsáide eile a dhéantar ar bhonn na bhfoirmeacha in Iarscríbhinn I idir gníomhaireachtaí tarchuir agus gníomhaireachtaí fála, idir na gníomhaireachtaí sin agus na comhlachtaí lárnacha, nó idir comhlachtaí lárnacha na mBallstát éagsúil, tarchuirfear iad trí chóras TF díláraithe slán iontaofa. Beidh an córas TF díláraithe sin bunaithe ar réiteach idir-inoibritheach, amhail e‐CODEX.
2.  
Beidh feidhm ag an gcreat dlíthiúil ginearálta le haghaidh úsáid seirbhísí iontaoibhe cáilithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir leis na doiciméid atá le seirbheáil, iarrataí, dearbhuithe, admhálacha, deimhnithe agus cumarsáid arna dtarchur tríd an gcóras TF díláraithe.
3.  
I gcás inar gá séala nó síniú lámhscríofa le haghaidh doiciméad atá le seirbheáil, iarrataí, dearbhuithe, admhálacha, deimhnithe agus cumarsáid eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó i gcás ina bhfuil séala nó síniú lámhscríofa ina chuid díobh, féadfar ríomhshéalaí cáilithe nó ríomhshínithe cáilithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a úsáid ina n-ionad.
4.  
I gcás nach féidir tarchur a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 mar gheall ar chur isteach ar an gcóras TF díláraithe nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla, déanfar an tarchur ar na modhanna malartacha is tapúla agus is iomchuí, agus an gá atá le hiontaofacht agus slándáil a áirithiú á chur san áireamh.

Airteagal 6

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad

Maidir le doiciméid a tharchuirfear tríd an gcóras TF díláraithe, ní dhéanfar éifeacht dhlíthiúil a shéanadh orthu ná ní mheasfar iad a bheith neamh-inghlactha mar fhianaise sna himeachtaí ar an bhforas, agus ar an bhforas sin amháin, gur i bhfoirm leictreonach atá siad.

Airteagal 7

Cúnamh agus an seoladh á fhiosrú

1.  

I gcás nach fios cén seoladh atá ag an duine a bhfuil an doiciméad breithiúnach nó seachbhreithiúnach le seirbheáil air nó uirthi i mBallstát eile, tabharfaidh an Ballstát sin cúnamh chun an seoladh a chinneadh trí cheann amháin de na bealaí seo a leanas ar a laghad:

(a) 

cúnamh chun seoladh a chinneadh do dhuine a bheidh le seirbheáil ag údaráis ainmnithe arna iarraidh sin ag an ngníomhaireacht tarchuir;

(b) 

cead a thabhairt do dhaoine ó Bhallstáit eile iarrataí lena n-áirítear iarrataí leictreonacha, ar fhaisnéis faoi sheoltaí na ndaoine atá le seirbheáil a chur isteach go díreach chuig cláir shainchónaithe nó chuig bunachair sonraí eile atá inrochtana don phobal trí bhíthin foirm chaighdeánach atá ar fáil ar an Tairseach Eorpach don r‐Cheartas; nó

(c) 

faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil, tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, maidir le conas seoladh na ndaoine atá le seirbheáil a aimsiú.

2.  

Cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis a leanas ar fáil don Choimisiún d’fhonn í a chur ar fáil don phobal tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas:

(a) 

na modhanna cúnaimh a sholáthróidh an Ballstát ina chríoch de bhun mhír 1;

(b) 

i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála na n-údarás dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1;

(c) 

an ndéanfaidh údaráis an Bhallstáit, ar a dtionscnamh féin, iarrataí chuig cláir shainchónaithe nó chuig bunachair sonraí eile a bhfuiltear ag díriú air iarrataí ar fhaisnéis maidir le seoltaí i gcásanna nach bhfuil an seoladh a léirítear san iarraidh ar sheirbheáil ceart.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le haon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

CAIBIDIL II

DOICIMÉID BHREITHIÚNACHA

ROINN 1

Doiciméid bhreithiúnacha a tharchur agus a sheirbheáil

Airteagal 8

Doiciméid a tharchur

1.  
Déanfar doiciméid bhreithiúnacha a tharchur go díreach agus a luaithe is féidir idir na gníomhaireachtaí tarchuir agus na gníomhaireachtaí fála.
2.  
Beidh iarraidh arna dréachtú ag baint úsáid as foirm A in Iarscríbhinn I ag gabháil leis an doiciméad a bheidh le tarchur. Déanfar an fhoirm a chomhlánú i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air nó, má tá teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéanfar an tseirbheáil, nó i dteanga eile ar chuir an Ballstát sin in iúl go nglacfaidh sé léi.

Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais, seachas a theanga féin, lena bhfuil glacadh aige inar féidir an fhoirm a chomhlánú.

3.  
Beidh na doiciméid a tharchuirfear faoin Rialachán seo díolmhaithe ó cheanglais sa reachtaíocht nó ó aon fhoirmiúlacht choibhéiseach.
4.  
I gcás ina n-iarann an ghníomhaireacht tarchuir go gcuirfí cóip ar ais chuici den doiciméad arna sheoladh i bhformáid pháipéir i gcomhréir le hAirteagal 5(4), maille leis an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 14, seolfaidh sí an doiciméad sin i ndúblach.

Airteagal 9

Doiciméid a aistriú

1.  
An ghníomhaireacht tarchuir a gcuireann an páirtí iarrthach an doiciméad chuici lena tarchur, tabharfaidh sí comhairle don iarratasóir go bhféadfadh an seolaí diúltú glacadh leis an doiciméad mura bhfuil sé i gceann de na teangacha dá bhforáiltear in Airteagal 12(1).
2.  
Is ar an iarratasóir a thitfidh aon chostais ar aistriúchán roimh tharchur an doiciméid, gan dochar d’aon chinntí a d’fhéadfadh cúirt nó údarás inniúil a dhéanamh ina dhiaidh sin maidir le dliteanas i leith na gcostas sin.

Airteagal 10

Doiciméid a fháil ag gníomhaireacht fála

1.  
Ar dhoiciméad a fháil, déanfaidh an ghníomhaireacht fála admháil fála a sheoladh go huathoibríoch chuig an ngníomhaireacht tarchuir a luaithe is féidir tríd an gcóras TF díláraithe,nó i gcás ina gcuirtear an admháil trí aon mhodh eile, a luaithe is féidir agus i ngach cás laistigh de sheacht lá ón admháil a fháil, trí úsáid a bhaint as foirm D in Iarscríbhinn I.
2.  
I gcás nach bhféadfar an iarraidh ar sheirbheáil a chomhlíonadh ar bhonn na faisnéise nó na ndoiciméad a tarchuireadh, rachaidh an ghníomhaireacht fála i dteagmháil leis an ngníomhaireacht tarchuir gan moill mhíchuí chun an fhaisnéis nó na doiciméid atá in easnamh a fháil ag baint úsáid as foirm E in Iarscríbhinn I.
3.  
I gcás ina bhfuil an iarraidh ar sheirbheáil lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó i gcás inar féidir an tseirbheáil a dhéanamh de bharr neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha foirmiúla riachtanacha, déanfar an iarraidh agus na doiciméid a tarchuireadh a chur ar ais chuig an ngníomhaireacht tarchuir ar na doiciméid a fháil, gan moill mhíchuí, maille leis an bhfógra aischuir, ag baint úsáid as foirm F in Iarscríbhinn I.
4.  
I gcás ina bhfaigheann gníomhaireacht fála doiciméad le seirbheáil ach nach bhfuil dlínse chríche aici chun é a sheirbheáil, cuirfidh sí an doiciméad sin ar aghaidh gan moill mhíchuí, maille leis an iarraidh chuig an ngníomhaireacht fála a bhfuil dlínse chríche aici sa Bhallstát a bhfuiltear ag díriú air, má comhlíontar, leis an iarraidh, na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(2). Cuirfidh an ghníomhaireacht fála an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas dá réir ag an am céanna, ag baint úsáid as foirm G in Iarscríbhinn I. Ar an doiciméad agus an iarraidh a fháil ag an ngníomhaireacht fála a bhfuil dlínse chríche aici sa Bhallstát a bhfuiltear ag díriú air, cuirfidh an ghníomhaireacht fála admháil fála chuig an ngníomhaireacht tarchuir ag baint úsáid as foirm H in Iarscríbhinn I, a luaithe is féidir agus i ngach cás laistigh de sheacht lá ó na doiciméid a bheith faighte.

Airteagal 11

Doiciméid a sheirbheáil

1.  
Déanfaidh an ghníomhaireacht fála an doiciméad a sheirbheáil í féin, nó déanfaidh sí go seirbheálfar é, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air nó ar mhodh leithleach arna iarraidh ag an ngníomhaireacht tarchuir, ach amháin mura mbeidh an modh sin ag luí le dlí an Bhallstáit sin.
2.  

Déanfaidh an ghníomhaireacht fála na bearta ar fad is gá le seirbheáil an doiciméid a dhéanamh a luaithe is féidir, agus i ngach cás laistigh de mhí ón uair a bhfuarthas é. Mura mbeidh sé indéanta an tseirbheáil a dhéanamh laistigh de mhí ón uair a bhfaightear an doiciméad, déanfaidh an ghníomhaireacht fála an méid seo a leanas:

(a) 

cuirfidh sí an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas láithreach trí bhíthin foirm K in Iarscríbhinn I nó, má iarrann an ghníomhaireacht tarchuir faisnéis trí bhíthin foirm I in Iarscríbhinn I, trí bhíthin foirm J in Iarscríbhinn I; agus

(b) 

leanfaidh sí de na bearta ar fad is gá a dhéanamh chun seirbheáil doicméid a dhéanamh, i gcás inar cosúil go bhfuil sé indéanta an tseirbheáil a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta, seachas má sonróidh an ghníomhaireacht tarchuir nach bhfuil gá leis an seirbheáil sin a thuilleadh.

Airteagal 12

Diúltú glacadh le doiciméad

1.  

Féadfaidh an seolaí an doiciméad atá le seirbheáil a dhiúltú mura bhfuil an doiciméad scríofa, nó mura bhfuil aistriúchán ag gabháil leis, i gceann de na teangacha a leanas:

(a) 

teanga a thuigeann an seolaí; nó

(b) 

teanga oifigiúil an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air nó, má tá teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla na háite ina bhfuil an tseirbheáil le déanamh.

2.  

Cuirfidh an ghníomhaireacht fála an seolaí ar an eolas faoin gceart dá bhforáiltear i mír 1 mura bhfuil an doiciméad scríofa, nó mura bhfuil aistriúchán ag gabháil leis, i dteanga dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír sin, tríd an fhoirm L in Iarscríbhinn I a chur i gceangal leis an doiciméad a bheidh le seirbheáil, ar doiciméad é a bheidh le cur ar fáil sna teangacha a leanas:

(a) 

teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit tionscnaimh; agus

(b) 

teanga dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

Má shonraítear go dtuigeann an seolaí teanga oifigiúil Ballstáit eile, déanfar foirm L in Iarscríbhinn I sa teanga sin a chur ar fáil freisin.

I gcás ina n-aistríonn Ballstát foirm L in Iarscríbhinn I go teanga de chuid na triú tíre, cuirfidh sé an t-aistriúchán sin in iúl don Choimisiún d’fhonn é a chur ar fáil aran Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

3.  
Féadfaidh an seolaí an doiciméad a dhiúltú tráth na seirbheála nó laistigh de choicís ó thráth na seirbheála trí dhearbhú scríofa maidir le diúltú an ghlactha a dhéanamh. Chun na críche sin, féadfaidh an seolaí a chur ar ais chuig an ngníomhaireacht fála foirm L in Iarscríbhinn I nó aon dearbhú i scríbhinn á rá go ndiúltaíonn an seolaí an doiciméad a ghlacadh i ngeall ar an teanga ina seirbheáladh an doiciméad.
4.  
I gcás ina gcuirfear an ghníomhaireacht fála ar an eolas go ndiúltaíonn an seolaí glacadh leis an doiciméad de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3, cuirfidh sí an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas láithreach trí bhíthin an deimhnithe seirbheála nó neamhsheirbheála ag baint úsáid as foirm K in Iarscríbhinn I, agus déanfaidh sí an iarraidh agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, gach doiciméad a bhfuil aistriúchán iarrtha ina leith a chur ar ais.
5.  
Is féidir seirbheáil an doiciméid a diúltaíodh leigheas tríd an doiciméad sin maille le haistriúchán i dteanga dá bhforáiltear i mír 1 a sheirbheáil ar an seolaí i gcomhréir leis an Rialacháin seo. I gcás mar sin, is é dáta seirbheála an doiciméid an dáta a sheirbheáiltear an doiciméad agus a aistriúchán i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air. Mar sin féin, i gcás ina gceanglaítear le dlí an Bhallstáit iarrthaigh doiciméad a sheirbheáil faoi cheann tréimhse áirithe, is é an dáta a chuirfear san áireamh maidir leis an iarratasóir dáta seirbheála an doiciméid tosaigh arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13(2).
6.  
Tá feidhm ag míreanna 1 go 5 freisin maidir leis na modhanna eile tarchuir agus seirbheála doiciméad breithiúnach dá bhforáiltear i Roinn 2.
7.  
Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, déanfaidh na gníomhairí taidhleoireachta nó na hoifigigh chonsalacha, i gcásanna ina ndéanfar an tseirbheáil i gcomhréir le hAirteagal 17, agus an t-údarás nó an duine, i gcásanna ina ndéanfar an tseirbheáil i gcomhréir le hAirteagail 18, 19 nó 20, an seolaí a chur ar an eolas go bhféadfaidh an seolaí diúltú glacadh leis an doiciméad agus gur gá foirm L in Iarscríbhinn I nó dearbhú scríofa diúltaithe a sheoladh chuig na gníomhairí nó oifigigh sin nó chuig an údarás sin nó chuig an duine sin faoi seach.

Airteagal 13

Dáta seirbheála

1.  
Gan dochar d’Airteagal 12(5), is é an dáta a rinneadh an tseirbheál de bhun Airteagal 11 an dáta ar seirbheáladh an doiciméad i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air.
2.  
Mar sin féin, i gcás ina gceanglaítear le dlí an Bhallstáit doiciméad a sheirbheáil faoi cheann tréimhse áirithe, is é an dáta a chuirfear san áireamh maidir leis an iarratasóir an dáta a chinnfear le dlí an Bhallstáit sin.
3.  
Tá feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir leis an modh tarchuir agus seirbheála doiciméad breithiúnach dá bhforáiltear i Roinn 2.

Airteagal 14

Deimhniú seirbheála agus cóip den doiciméad a seirbheáladh

1.  
Ar na foirmiúlachtaí maidir leis an doiciméad a sheirbheáil atá i gceist a chríochnú, déanfaidh an ghníomhaireacht fála deimhniú comhlánaithe na bhfoirmiúlachtaí sin a dhréachtú ag baint úsáid as foirm K in Iarscríbhinn I, agus seolfaidh sí é chuig an ngníomhaireacht tarchuir, maille le cóip den doiciméad arna sheirbheáil, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 8(4).
2.  
Déanfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 a chomhlánú i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit tionscnaimh, nó i dteanga eile ar chuir an Ballstát tionscnaimh in iúl go nglacfaidh sé léi. Cuirfidh gach Ballstát in aon teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh seachas a cheann féin inar féidir foirm K in Iarscríbhinn I a chomhlánú.

Airteagal 15

Costais seirbheála

1.  
Ní bheidh aon oibleagáid maidir le cánacha ná costais a íoc ná le haisíoc i leith seirbhísí arna soláthar ag an mBallstát a bhfuiltear ag díriú air maidir le doiciméid bhreithiúnacha arna dtionscnaimh i mBallstát a sheirbheáil.
2.  

De mhaolú ar mhír 1, is é an t-iarratasóir a íocfaidh nó a aisíocfaidh na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a) 

dul i muinín oifigigh bhreithiúnaigh nó duine atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air;

(b) 

modh áirithe seirbheála a úsáid.

Leagfaidh na Ballstáit síos táille shocraithe aonair maidir le dul i muinín oifigigh bhreithiúnaigh nó le dul i muinín duine atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air. Beidh an táille sin gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus an neamh‐idirdhealaithe. Cuirfidh na Ballstáit na táillí socraithe sin in iúl don Choimisiún.

ROINN 2

Modhanna eile chun doiciméid bhreithiúnacha a tharchur agus a sheirbheáil

Airteagal 16

Tarchur trí chainéil taidhleoireachta nó chonsalacha

In imthosca eisceachtúla, féadfaidh gach Ballstát cainéil taidhleoireachta nó chonsalacha a úsáid chun doiciméid bhreithiúnacha a tharchur, chun críoch seirbheála, chuig na gníomhaireachtaí fála nó comhlachtaí lárnacha de chuid Ballstáit.

Airteagal 17

Seirbheáil trí ghníomhairí taidhleoireachta nó oifigigh chonsalacha

1.  
Féadfaidh gach Ballstát doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, gan úsáid a bhaint as bearta comhéigneacha trína ghníomhairí taidhleoireachta nó oifigigh chonsalacha go díreach.
2.  
Féadfaidh Ballstát a chur in iúl don Choimisiún go bhfuil sé i gcoinne doiciméid bhreithiúnacha den sórt sin a sheirbheáil, dá dtagraítear i mír 1, ar a chríoch, mura mbeidh na doiciméid le seirbheáil ar náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit óna dtionscnaíonn na doiciméid sin.

Airteagal 18

Seirbheáil trí sheirbhísí poist

Féadfaidh seirbhísí poist doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil go díreach ar dhaoine atá i láthair i mBallstát eile trí litir chláraithe a ngabhann admháil fála nó a coibhéis léi.

Airteagal 19

Seirbheáil leictreonach

1.  

Duine a bhfuil seoladh aitheanta le haghaidh seirbheála ag an duine sin i mBallstáit eile, féadfar seirbheáil doiciméad bhreithiúnach a dhéanamh go díreach ar an duine sin trí mhodhanna leictreonacha seirbheála atá ar fáil faoi dhlí Bhallstáit an fhóraim chun doiciméid a sheirbheáil go hintíre, ar choinníoll go ndéanfar an méid a leanas:

(a) 

seoltar agus faightear na doiciméid ag baint úsáid as seirbhísí seachadta cláraithe leictreonacha cáilithe de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus thug an seolaí réamhthoiliú sainráite maidir le modhanna leictreonacha a úsáid chun doiciméid a sheirbheáil i gcaitheamh na n-imeachtaí dlíthiúla; nó

(b) 

thug an seolaí réamhthoiliú sainráite don chúirt nó don údarás a bhfuil na himeachtaí dlí os a comhair nó os a chomhair nó don pháirtí atá freagrach as doiciméid a sheirbheáil in imeachtaí den sórt sin úsáid a bhaint as ríomhphost chuig seoladh ríomhphoist sonraithe chun críocha doiciméid a sheirbheáil i gcaitheamh na n‐imeachtaí dlí sin agus deimhníonn an seolaí go bhfuarthas an doiciméad le hadmháil fála, lena n-áirítear dáta na fála.

2.  
D’fhonn slándáil an tarchuir a ráthú, féadfaidh aon Bhallstát na coinníollacha breise a shonrú agus na coinníollacha sin a chur in iúl don Choimisiún, faoina nglacfaidh sé le seirbheáil leictreonach dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás ina leagtar síos ina dhlí coinníollacha níos déine i ndáil leis sin nó i gcás nach gceadaíonn a dhlí an tseirbheáil leictreonach trí ríomhphost.

Airteagal 20

Seirbheáil dhíreach

1.  
Féadfaidh aon duine a bhfuil leas aige, go háirithe, in imeachtaí breithiúnacha seirbheáil doiciméad breithiúnach a dhéanamh go díreach trí na hoifigigh bhreithiúnacha, trí oifigigh nó trí dhaoine inniúla eile ón mBallstát ina bhfuil an tseirbheáil á iarraidh, ar choinníoll go gceadófar an tseirbheáil dhíreach sin faoi dhlí an Bhallstáit sin.
2.  
Ballstát a cheadaíonn seirbheáil dhíreach, soláthróidh sé don Choimisiún faisnéis maidir leis na daoine gairmiúla nó inniúla sin a bhfuil cead acu seirbheáil dhíreach doiciméad a dhéanamh ina chríoch. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

CAIBIDIL III

DOICIMÉID SHEACHBHREITHIÚNACHA

Airteagal 21

Tarchur agus seirbheáil doiciméad seachbhreithiúnach

Féadfar doiciméid sheachbhreithiúnacha a tharchur chuig agus a sheirbheáil i mBallstát eile i gcomhréir leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 22

Nuair nach dtiocfaidh an cosantóir i láthair

1.  

I gcás inar tarchuireadh doiciméad lena dtionscnaítear imeachtaí nó a choibhéis chuig Ballstát eile chun críoch seirbheála faoin Rialachán seo agus nár tháinig an cosantóir i láthair, ní thabharfar breithiúnas go dtí go mbeidh sé suite go ndearnadh an tseirbheáil nó seachadadh an doiciméid in am trátha chun go bhféadfaidh an cosantóir cosaint a chur isteach agus:

(a) 

go ndearnadh an doiciméad a sheirbheáil trí mhodh arna fhorordú ag dlí an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air chun doiciméid a sheirbheáil in imeachtaí inmheánacha ar dhaoine atá laistigh dá chríoch; nó

(b) 

go ndearnadh an doiciméad a sheachadadh iarbhír ar an gcosantóir nó ar áit chónaithe an chosantóra trí mhodh eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.  

Féadfaidh gach Ballstát a chur in iúl don Choimisiún go bhféadfaidh an chúirt, d’ainneoin mhír 1, breithiúnas a thabhairt fiú mura mbeidh deimhniú seirbheála nó seachadta maidir le doiciméad tionscanta na n-imeachtaí nó a choibhéis faighte, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gur tarchuireadh an doiciméad trí cheann amháin de na modhanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b) 

go bhfuil tréimhse ama a mheasann an breitheamh sa chás áirithe sin a bheith leordhóthanach, tréimhse nach mbeidh níos lú ná 6 mhí, caite ó dháta tharchuir an doiciméid;

(c) 

nach bhfuil deimhniú d’aon sórt faighte, cé go bhfuil gach iarracht réasúnta déanta chun ceann a fháil trí údaráis nó trí chomhlachtaí inniúla an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air.

Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

3.  
D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh cúirteanna, i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, aon bhearta sealadacha nó cosanta a ordú.
4.  

I gcás inar ghá doiciméad lena dtionscnaítear imeachtaí nó a choibhéis a tharchur chuig Ballstát eile chun críoch seirbheála i gcomhréir leis an Rialacháin seo agus ina ndearnadh breithiúnas a thaifeadadh i gcoinne cosantóir nár tháinig i láthair, beidh de chumhacht ag an mbreitheamh faoiseamh a thabhairt don chosantóir ó éifeachtaí dhul in éag na tréimhse chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll a leanas:

(a) 

nach raibh eolas ag an gcosantóir, gan aon locht ar pháirt an chosantóra, faoin doiciméad in am trátha chun cosaint a chur isteach nó nach raibh sé ar an eolas faoin mbreithiúnas in am trátha chun achomharc a dhéanamh; agus

(b) 

gur árdaigh an cosantóir cosaint prima facie ar an gcaingean de bhua an tuillteanais.

Ní fhéadfar iarratas ar fhaoiseamh den sórt sin a thaisceadh ach amháin laistigh de thréimhse réasúnta tar éis don chosantóir a bheith ar an eolas faoin mbreithiúnas.

Féadfaidh gach Ballstát a chur in iúl don Choimisiún, nach mbeidh iarratas ar fhaoiseamh inghlactha má thaisctear é tar éis dul in éag do an spriocdháta a shocraítear ag an mBallstát san fhógra sin. Tráth nach luaithe ná bliain tar éis dháta an bhreithiúnais, ar aon chuma, a bheidh an spriocdháta sin. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil tríd an Tairseach Eorpach don r‐Cheartas.

5.  
Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le breithiúnais a bhaineann le stádas nó le hinniúlacht daoine.

Airteagal 23

Leasú ar Iarscríbhinn I

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun Iarscríbhinn I a leasú chun na foirmeacha a leagtar amach inti a thabhairt cothrom le dáta nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha sin.

Airteagal 24

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 23 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 22 Nollaig 2020. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 23 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25

Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún

1.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an córas TF díláraithe, lena leagtar amach an méid seo a leanas:

(a) 

na sonraíochtaí teicniúla lena sainítear na modhanna cumarsáide trí mheáin leictreonacha chun críocha an chórais TF dhíláraithe;

(b) 

na sonraíochtaí teicniúla i dtaca leis na prótacail chumarsáide;

(c) 

na cuspóirí slándála faisnéise agus na bearta teicniúla ábhartha lena n-áirithítear íoschaighdeáin slándála faisnéise maidir le próiseáil agus cumarsáid faisnéise laistigh den chóras TF díláraithe;

(d) 

na híoschuspóirí infhaighteachta agus na ceanglais theicniúla ghaolmhara fhéideartha i ndáil leis na seirbhísí a sholáthraítear leis an gcóras TF díláraithe;

(e) 

coiste stiúrtha a bhunú a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit chun oibriú agus cothabháil an chórais TF dhíláraithe a áirithiú chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

2.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh faoin ón 23 Márta 2022 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Airteagal 26

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 27

Bogearraí cur chun feidhme tagartha

1.  
Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt amach anseo, ar bogearraí iad a fhéadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh iad a chur i bhfeidhm mar chóras cúil seachas córas náisiúnta TF. Is as buiséad ginearálta an Aontais a mhaoineofar cruthú agus cothabháil na mbogearraí cur chun feidhme tagartha, agus a bhforbairt amach anseo.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn saor in aisce, cur chun feidhme na gcomhpháirteanna bogearra is bunús leis na pointí rochtana a chur ar fáil agus a chothabháil agus tacóidh sé leis.

Airteagal 28

Costais an chórais TF dhíláraithe

1.  
Íocfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann le suiteáil, oibriú agus cothabháil a phointí rochtana féin lena ndéantar na córais náisiúnta TF a idirnascadh i gcomhthéacs an chórais TF dhíláraithe.
2.  
Íocfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena chórais náisiúnta TF a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis na pointí rochtana, agus íocfaidh siad na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a oibriú agus a chothabháil.
3.  
Beidh míreanna 1 agus 2 gan dochar d’don fhéidearthacht a bheidh ag Ballstáit iarratas a dhéanamh ar dheontais chun tacú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sna míreanna sin faoi chláir airgeadais an Aontais.

Airteagal 29

An gaol le comhaontuithe nó socruithe idir Ballstáit

1.  
Maidir le hábhair a bhfuil feidhm aige maidir leo, beidh forlámhas ag an Rialachán seo ar fhorálacha eile atá sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó sna socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha arna dtabhairt i gcrích ag Ballstáit, agus go háirithe Coinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar Sheirbheáil Doiciméad Breithiúnach agus Seachbhreithiúnach in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála ar an gCoigríoch, i gcaidrimh idir na Ballstáit ar páirtithe iad iontu.
2.  
Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar Bhallstáit comhaontuithe nó socruithe a chothabháil nó a thabhairt i gcrích chun tarchur doiciméad a bhrostú nó a shimpliú, ar choinníoll go mbeidh na comhaontuithe nó na socruithe sin ag luí leis an Rialachán seo.
3.  

Seolfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas chuig an gCoimisiún:

(a) 

cóip d’aon chomhaontuithe nó socruithe dá dtagraítear i mír 2 a bheidh tugtha i gcrích idir na Ballstáit mar aon le dréachtaí d’aon chomhaontuithe nó socruithe den sórt sin a bhfuil, sé beartaithe acu a ghlacadh; agus

(b) 

aon séanadh nó aon leasuithe a rinneadh ar na comhaontuithe nó socruithe sin.

Airteagal 30

Cúnamh dlíthiúil

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo d difear do chur i bhfeidhm Airteagal 24 de Choinbhinsiún na Háige an 1 Márta 1954 maidir le Nós Imeachta Sibhialta ná Airteagal 13 de Choinbhinsiún an 25 Deireadh Fómhair 1980 maidir le rochtain idirnáisiúnta ar cheartas idir na Ballstáit ar páirtithe sna Coinbhinsiúin sin iad.

Airteagal 31

Faisnéis arna tarchur a chosaint

1.  
Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear malartú nó tarchur sonraí pearsanta á dhéanamh ag na húdaráis inniúla, beidh sí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanfaidh údaráis inniúla ar leibhéal an Aontais, déanfar é i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Scriosfar láithreach sonraí pearsanta nach bhfuil ábhartha maidir le cás áirithe a láimhseáil.

2.  
Measfar gur rialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 iad an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla faoin dlí náisiúnta i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo.
3.  
D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, ní úsáidfidh an ghníomhaireacht fála faisnéis arna tarchur faoin Rialachán seo ach amháin chun na críche ar tarchuireadh í.
4.  
Déanfaidh gníomhaireachtaí fála a áirithiú go bhfanfaidh faisnéis den sórt sin faoi rún, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.
5.  
Beidh míreanna 3 agus 4 gan dochar do dhlíthe náisiúnta lena gcumasaítear daoine is ábhair do shonraí a chur ar an eolas faoin úsáid a bhaintear as faisnéis arna tarchur faoin Rialachán seo.
6.  
Beidh an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2002/58/CE.

Airteagal 32

Urraim do chearta bunúsacha faoi dhlí an Aontais

Tabharfar lánaird ar chearta agus saoirsí bunúsacha na ndaoine ar fad lena mbaineann agus urramófar go hiomlán iad i gcomhréir le dlí an Aontais., go háirithe na cearta chun rochtain chomhionann ar an gceartas, chun neamh-idirdhealú agus chun cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais.

Airteagal 33

Cumarsáid, foilsiú agus lámhleabhar

1.  
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún. an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 3, 7, 12, 14, 17, 19, 20 agus 22.

Más rud é go gcaithfear doiciméad a sheirbheáil de réir a ndlí náisiúnta laistigh de thréimhse áirithe dá dtagraítear in Airteagail 12(5) agus 13(2), cuirfidh na Ballstáit é sin in iúl don Choimisiún.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún má tá siad in ann an córas TF díláraithe a oibriú níos luaithe ná mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis den chineál sin ar fáil go leictreonach, go háirithe tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

▼C3

3.  
Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirtear in iúl i gcomhréir le mír 1 trí mhodhanna iomchuí, lena n-áirítear tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

▼B

4.  
Déanfaidh an Coimisiún lámhleabhar a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in mír 1. Cuirfidh sé an lámhleabhar ar fáil go leictreonach, go háirithe tríd an Líonra Breithiúnach Eorpach in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála agus ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

Airteagal 34

Faireachán

1.  
Faoin 2 Iúil 2023, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchair an Rialacháin seo.
2.  
Sonrófar sa chlár faireacháin an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an gCoimisiún agus na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchar an Rialacháin seo. Leagfar amach ann an tráth a ndéanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 3 a bhailiú den chéad uair an 2 Iúil 2026 ar a dhéanaí a bheidh i gceist leis, agus na heatraimh ina dhiaidh sin nuair a ndéanfar na sonraí sin a bhailiú.
3.  

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún na sonraí a leanas is gá chun críocha faireacháin a dhéanamh, i gcás ina mbeidh siad ar fáil:

(a) 

líon na n-iarrataí ar sheirbheáil doiciméad arna dtarchur i gcomhréir le hAirteagal 8;

(b) 

líon na n-iarrataí ar sheirbheáil doiciméad arna bhforghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 11;

(c) 

líon na gcásanna inar tarchuireadh an iarraidh ar dhoiciméid a sheirbheáil ar bhealaí eile seachas tríd an gcóras TF díláraithe i gcomhréir le Airteagal 5(4);

(d) 

líon na ndeimhnithe a fuarthas maidir le neamhsheirbheáil doiciméad;

(e) 

líon na ndiúltuithe doiciméad ar chúiseanna teanga a fuair na gníomhaireachtaí tarchuir.

4.  
Leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha agus, i gcás ina bhfuil sé feistithe, leis an gcóras cúil náisiúnta déanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) de mhír 3 a bhailiú ar bhonn cláir agus a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn rialta.

Airteagal 35

Meastóireacht

1.  
Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm Airteagal 5 i gcomhréir le hAirteagal 37(2), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar a phríomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi.
2.  
Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.

Airteagal 36

Aisghairm

1.  
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 le héifeacht amhail ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagail 4, agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007, Airteagail a aisghairfear ó dháta chur i bhfeidhm Airteagail 5, 8 agus 10 dá dtagraítear in Airteagal 37(2) den Rialachán seo.
2.  
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.

2.  
Beidh feidhm ag Airteagail 5, 8 agus 10 ón gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.




IARSCRÍBHINN I

FOIRM A



IARRAIDH AR DHOICIMÉID A SHEIRBHEÁIL

(Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) (1))

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.

Uimh. thagartha na gníomhaireachta tarchuir:

1.   GNÍOMHAIREACHT TARCHUIR

1.1. 

Ainm:

1.2. 

Seoladh:

1.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

1.2.2. 

Áit agus cód poist:

1.2.3. 

Tír:

1.3. 

Teil.:

1.4. 

Facs ( 1 ):

1.5. 

Ríomhphost:

2.   GNÍOMHAIREACHT FÁLA

2.1. 

Ainm:

2.2. 

Seoladh:

2.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

2.2.2. 

Áit agus cód poist:

2.2.3. 

Tír:

2.3. 

Teil:

2.4. 

Facs (1) :

2.5. 

Ríomhphost:

3.   IARRATASÓIR(Í) ( 2 )

3.1. 

Ainm:

3.2. 

Seoladh:

3.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

3.2.2. 

Áit agus cód poist:

3.2.3. 

Tír:

3.3. 

Teil. (1) :

3.4. 

Facs (1) :

3.5. 

Ríomhphost (1) :

4.   SEOLAÍ

4.1. 

Ainm:

4.1.1. 

Dáta breithe, más ann dó:

4.2. 

Seoladh

4.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

4.2.2. 

Áit agus cód poist:

4.2.3. 

Tír:

4.3. 

Teil. (1) :

4.4. 

Facs (1) :

4.5. 

Ríomhphost (1) :

4.6. 

Uimhir aitheantais/uimhir slándála sóisialta/uimhir eagraíochta/nó uimhir choibhéiseach (1) :

4.7. 

Aon fhaisnéis eile a bhaineann leis an seolaí (1) :

5.   MODH SEIRBHEÁLA

5.1. 

I gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air□

5.2. 

Tríd an modh sonrach seo a leanas□

5.2.1. 

Mura mbeidh an modh sin ag luí le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air, ba cheart an doiciméad (na doiciméid) a sheirbheáil i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin:

5.2.1.1. 

tá□

5.2.1.2. 

níl□

6.   AN DOICIMÉAD ATÁ LE SEIRBHEÁIL

6.1. 

Cineál an doiciméid:

6.1.1. 

breithiúnach□

6.1.1.1. 

eascaire toghairme□

6.1.1.2. 

cinneadh/breithiúnas□

6.1.1.3. 

achomharc□

6.1.1.4. 

cineál eile (sonraigh, le do thoil):

6.1.2. 

seachbhreithiúnach□

6.2. 

An dáta nó an teorainn ama nach gá an tseirbheáil a thuilleadh ina dhiaidh (1) :

(lá) (mí) (bliain)

6.3. 

Teanga an doiciméid:

6.3.1. 

bunteanga BG □, ES □, CS □, DE □, ET □, EL □, EN □, FR □, GA □, HR □, IT □, LV □, LT □, HU □, MT □, NL □, PL □, PT □, RO □, SK □, SL □, FI □, SV □, eile □ (sonraigh, le do thoil)

6.3.2. 

aistriúchán (1)  BG □, ES □, CS □, DE □, ET □, EL □, EN □, FR □, GA □, HR □, IT □, LV □, LT □, HU □, MT □, NL □, PL □, PT □, RO □, SK □, SL □, FI □, SV □, eile □ (sonraigh, le do thoil)

6.4. 

Líon na n-iatán:

7.   TEANGA NA FAISNÉISE DON SEOLAÍ MAIDIR LEIS AN gCEART DIÚLTÚ GLACADH LE DOICIMÉAD

Chun críocha Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2020/1784, cuir in iúl, le do thoil, cé acu de na teangacha a leanas, sa bhreis ar theanga an Bhallstáit ar a bhfuiltear ag díriú air, a bhfuil an fhaisnéis le soláthar:

▼C2

7.1. 

Teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit tionscnaimh ( 3 ): BG □, ES □, CS □, DE □, ET □, EL □, EN □, FR □, GA □, HR □, IT □, LV □, LT □, HU □, MT □, NL □, PL □, PT □, RO □, SK □, SL □, FI □, SV□

7.2. 

Teanga oifigiúil Bhallstáit eile a thuigfidh an seolaí, b’fhéidir: BG □, ES □, CZ □, DE □, ET □, EL □, EN □, FR □, GA □, HR □, IT □, LV □, LT □, HU □, MT □, NL □, PL □, PT □, RO □, SK □, SL □, FI □, SV□

▼B

8.   CÓIP DEN DOICIMÉAD LE hAISCHUR LEIS AN DEIMHNIÚ SEIRBHEÁLA (Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2020/1784)

8.1. 

Tá (sa chás seo, seol dhá chóip den doiciméad atá le seirbheáil)□

8.2. 

Níl□

9.   CÚISEANNA GAN TARCHUR A DHÉANAMH TRÍD AN gCÓRAS TF DÍLÁRAITHE (AIRTEAGAL 5(4) de Rialachán (AE) 2020/1784) ( 4 )

Ní rabhthas in ann tarchur leictreonach a dhéanamh ar na cúiseanna a leanas:

□ 

míshocracht sa chóras TF díláraithe

□ 

imthosca eisceachtúla



1.  I gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2020/1784, ceanglaítear ort na céimeanna uile a thabhairt is gá chun go seirbheálfar an doiciméad a luaithe is féidir, agus i ngach cás, laistigh de mhí ón dáta a bhfuarthas é. Murarbh fhéidir leat an tseirbheáil a dhéanamh laistigh de mhí ón dáta a bhfuarthas an doiciméad, ní foláir duit an ghníomhaireacht seo a chur ar an eolas tríd an bhfíoras sin a shonrú i mír 2 den deimhniú seirbheála nó neamhsheirbheála doiciméad.

2.  Mura féidir leat an iarraidh seo ar sheirbheáil a chomhlíonadh ar bhonn na faisnéise nó na ndoiciméad a tarchuireadh, ceanglaítear ort faoi Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2020/1784, dul i dteagmháil leis an ngníomhaireacht seo chun an fhaisnéis nó an doiciméad atá in easnamh a fháil trí úsáid a bhaint as foirm E in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1784.

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM B ( 5 )



IARRAIDH AR SHEOLADH AN DUINE A BHFUILTEAR LE SEIRBHEÁIL AIR NÓ UIRTHI A FHÁIL AMACH

(Airteagal 7(1)(a) de Rialachán (EU) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) (1) (2)

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.

(2)   

Ní bhaineann an fhoirm seo ach leis na Ballstáit sin a sholáthraíonn cúnamh i gcomhréir le hAirteagal 7(1)(a) de Rialachán (AE) 2020/1784.

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:

1.   GNÍOMHAIREACHT TARCHUIR

1.1. 

Ainm:

1.2. 

Seoladh:

1.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

1.2.2. 

Áit agus cód poist:

1.2.3. 

Tír:

1.3. 

Teil. ( 6 ):

1.4. 

Facs (6) :

1.5. 

Ríomhphost:

2.   ÚDARÁS A BHFUILTEAR AR IARRAIDH AIR

2.1. 

Ainm:

2.2. 

Seoladh:

2.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

2.2.2. 

Áit agus cód poist:

2.2.3. 

Tír:

2.3. 

Teil. (6) :

2.4. 

Facs (6) :

2.5. 

Ríomhphost:

3.   SEOLAÍ

3.1. 

Ainm:

3.2. 

An seoladh deiridh atá ar eolas:

3.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

3.2.2. 

Áit agus cód poist:

3.2.3. 

Tír:

3.3. 

Sonraí pearsanta an tseolaí (más duine nádúrtha é) atá ar eolas, más ann dóibh:

3.3.1. 

Ainm tráth breithe:

3.3.2 

Ainm(ainmneacha) eile atá ar eolas:

3.3.3. 

Dáta breithe agus áit bhreithe:

3.3.4. 

Uimhir aitheantais/uimhir slándála sóisialta/nó uimhir choibhéiseach:

3.3.5. 

Ainm na máthar nó ainm an athar tráth breithe:

3.3.6. 

Faisnéis eile:

3.4. 

Sonraí pearsanta an tseolaí (más duine dlítheanach atá ann) atá ar eolas, más ann dóibh:

3.4.1. 

Cláruimhir nó uimhir choibhéiseach:

3.4.2. 

Ainm chomhalta/ainmneacha chomhaltaí an Bhoird/an Ionadaí:

3.5. 

Teil. (6) :

3.6. 

Facs (6) :

3.7. 

Ríomhphost (6) :

3.8. 

Faisnéis eile, más ann di:

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM C ( 7 )



FREAGRA AR AN IARRAIDH AR SHEOLADH AN DUINE ATÁ LE SEIRBHEÁIL A FHÁIL AMACH

(Airteagal 7(1)(a) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) (1)(2)

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.

(2)   

Ní bhaineann an fhoirm seo ach leis na Ballstáit sin a sholáthraíonn cúnamh i gcomhréir le hAirteagal 7 (1)(a) de Rialachán (AE) 2020/1784

▼C1

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:

Uimh. Thagartha an údaráis a bhfuiltear ag iarraidh air:

▼B

1.   SEOLAÍ

1.1. 

Ainm:

1.2. 

An seoladh atá ar eolas:

1.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

1.2.2. 

Áit agus cód poist:

1.2.3. 

Tír:

1.3. 

Níorbh fhéidir aon seoladh a fháil amach□

1.4. 

Faisnéis eile:

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM D



ADMHÁIL FÁLA

(Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) (1))

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.



Ba cheart an admháil fála seo a sheoladh tríd an gcóras TF díláraithe nó ar bhealach eile a luaithe is féidir, tar éis an doiciméad a fháil agus ar aon nós laistigh de sheacht lá ón lá a fuarthas an doiciméad. (1)

(1)   

Níl feidhm ag an oibleagáid chun an admháil a sheoladh tríd an gcóras TF díláraithe ach ó dháta theacht i bhfeidhm an chórais TF díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2020/1784

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta fála:

Seolaí:

1.   DÁTA A bhFUARTHAS AN DOICIMÉAD:

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM E



IARRAIDH AR FHAISNÉIS NÓ AR DHOICIMÉID BHREISE CHUN NA DOICIMÉID A SHEIRBHEÁIL

(Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil in ábhair shibhialta nó thráchtála sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) (1))

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta fála:

Seolaí:

1. 

Ní féidir an iarraidh a fhorghníomhú gan an fhaisnéis bhreise a leanas:

1.1. 

Ainm an tseolaí ( 8 ):

1.2. 

Dáta breithe (8) :

1.3. 

Uimhir aitheantais/uimhir slándála sóisialta/uimhir eagraíochta/nó uimhir choibhéiseach (8) :

1.4. 

Faisnéis eile (sonraigh, le do thoil):

2. 

Ní féidir an iarraidh a fhorghníomhú gan na doiciméid a leanas:

2.1. 

Na doiciméad atá le seirbheáil (8) :

2.2. 

Cruthúnas íocaíochta (8) :

2.3. 

Doiciméid eile (sonraigh, le do thoil):

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM F



FÓGRA AISCHUIR NA hIARRATA AGUS AN DOICIMÉID

(Airteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) (1))

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.



Ní foláir an iarraidh agus an doiciméad a chur ar ais a luaithe a gheofar iad.

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta fála:

Seolaí:

1.   CÚIS AN AISCHUIR:

1.1. 

Is follasach go bhfuil an iarraidh lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin:

1.1.1. 

ní ann do sheoladh□

1.1.2. 

ní ábhar sibhialta ná tráchtála an doiciméad□

1.1.3. 

ní seirbheáil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile atá i gceist□

1.1.4 

cúis eile (sonraigh, le do thoil):

1.2. 

Tá an tseirbheáil dodhéanta toisc nár comhlíonadh na coinníollacha foirmiúla a cheanglaítear a chomhlíonadh:□

1.2.1. 

níl an doiciméad soléite□

1.2.2. 

níor comhlánaíodh an fhoirm sa teanga cheart□

1.2.3. 

cúis eile (sonraigh, le do thoil):□

1.3. 

Níl an modh seirbheála ag luí le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air (Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2020/1784/)□

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM G



FÓGRA ATARCHUIR NA hIARRATA AGUS AN DOICIMÉID CHUIG AN nGNÍOMHAIREACHT FÁLA IOMCHUÍ

(Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) (1))

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.



Cuireadh an iarraidh agus an doiciméad ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht fála seo a leanas a bhfuil dlínse chríche aici chun é a sheirbheáil:

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta fála:

Seolaí:

1.   GNÍOMHAÍOCHT FÁLA IOMCHUÍ

1.1. 

Ainm:

1.2. 

Seoladh:

1.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

1.2.2. 

Áit agus cód poist:

1.2.3. 

Tír:

1.3. 

Teil.:

1.4. 

Facs ( 9 ):

1.5. 

Ríomhphost:

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM H



ADMHÁIL FÁLA ÓN nGNÍOMHAIREACHT FÁLA IOMCHUÍ A BHFUIL DLÍNSE CHRÍCHE AICI CHUIG AN nGNÍOMHAIREACHT TARCHUIR

(Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) (1))

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.



Ba cheart an admháil fála a sheoladh tríd an gcóras TF díláraithe nó ar bhealach eile a luaithe is féidir, tar éis an doiciméad a fháil agus ar aon nós laistigh de sheacht lá ón lá a fuarthas an doiciméad. (1)

(1)   

Níl feidhm ag an oibleagáid chun an admháil a sheoladh tríd an gcóras TF díláraithe ach ó dháta theacht i bhfeidhm an chórais TF díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2020/1784

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta fála:

Seolaí:

DÁTA A bhFUARTHAS AN DOICIMÉAD:

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM I ( 10 )



IARRAIDH AR FHAISNÉIS MAIDIR LE SEIRBHEÁIL NÓ NEAMHSHEIRBHEÁIL DOICIMÉAD

(Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil (1))

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.



Déanfar seirbheáil a luaithe is féidir. Mura mbeidh sé indéanta an tseirbheáil a dhéanamh laistigh de mhí ón dáta fála, cuirfidh an ghníomhaireacht fála an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas faoi.

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta fála (más ann di):

1.   SEOLADH AN IARRAIDH ACH NÍ BHFUARTHAS AON FHAISNÉIS MAIDIR LE SEIRBHEÁIL NÓ NEAMHSHEIRBHEÁIL

1.1. 

Seoladh an iarraidh an□

dáta: …

1.2. 

Fuarthas an admháil fála□

dáta: …

1.3. 

Fuarthas faisnéis eile□

2.   GNÍOMHAIREACHT TARCHUIR

2.1. 

Ainm:

Tá na míreanna 2.2 go 2.6 roghnach i gcás ina bhfuil cóip den iarraidh ar dhoiciméid a sheirbheáil i gceangal leis seo:

2.2. 

Seoladh:

2.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

2.2.2. 

Áit agus cód poist:

2.3. 

Tír:

2.4. 

Teil.:

2.5. 

Facs ( 11 ):

2.6. 

Ríomhphost:

3.   GNÍOMHAIREACHT FÁLA

3.1. 

Ainm:

Tá na sonraí seo roghnach i gcás ina bhfuil cóip den iarraidh ar dhoiciméid a sheirbheáil i gceangal leis seo:

3.2. 

Seoladh:

3.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

3.2.2. 

Áit agus cód poist:

3.3. 

Tír:

3.4. 

Teil.:

3.5. 

Facs (11) :

3.6. 

Ríomhphost:

4.   SEOLAÍ

4.1. 

Ainm:

4.1.1. 

Dáta breithe, má tá sé ar fáil:

Tá na sonraí seo roghnach i gcás ina bhfuil cóip den iarraidh ar dhoiciméid a sheirbheáil i gceangal leis seo:

4.2. 

Seoladh:

4.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

4.2.2. 

Áit agus cód poist:

4.2.3. 

Tír:

4.3. 

Teil. (11) :

4.4. 

Facs (11) :

4.5. 

Ríomhphost (11) :

4.6. 

Uimhir aitheantais/uimhir slándála sóisialta/uimhir eagraíochta/nó uimhir choibhéiseach (11) :

4.7. 

Aon fhaisnéis eile a bhaineann leis an seolaí (11) :

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM J ( 12 )



FREAGRA AR IARRAIDH AR FHAISNÉIS MAIDIR LE SEIRBHEÁIL NÓ NEAMHSHEIRBHEÁIL DOICIMÉAD

(Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) (1))

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.

▼C1

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta fála:

▼B

Seolaí:

1.   FAISNÉIS MAIDIR LE STÁDAS SEIRBHEÁLA DOICIMÉID

1.1. 

Ní bhfuarthas an iarraidh□

1.2. 

Ní féidir an iarraidh a fhorghníomhú laistigh de mhí amháin tar éis í a fháil ar na cúiseanna seo a leanas:

1.2.1. 

Tá seoladh reatha an tseolaí fós á chinneadh□

1.2.2. 

Tá an tseirbheáil idir lámha faoi láthair – cuireadh na doiciméid chuig an tseolaí, ach níor deimhníodh a seachadadh go fóill□

1.2.3. 

Tá an tseirbheáil idir lámha faoi láthair – cuireadh na doiciméid chuig an tseolaí, mar sin féin níl an spriocdháta maidir lena ndiúltú dulta in éag□

1.2.4. 

Níl na roghanna uile maidir le seirbheáil ídithe go fóill□

1.2.5. 

Forghníomhaíodh an tseirbheáil cheana, féach cóip den deimhniú atá i gceangal leis seo□

1.2.6. 

Tugadh freagra ar an iarraidh an (dáta). Tá an freagra i gceangal leis seo□

1.2.7. 

Tá an iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó ar dhoiciméad breise ar feitheamh□

1.2.8. 

Cúis eile□

1.3. 

Meastar go ndéanfar an iarraidh a fhorghníomhú faoin

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM K



DEIMHNIÚ SEIRBHEÁLA NÓ NEAMHSHEIRBHEÁLA DOICIMÉAD

(Airteagail 11(2), 12(4) agus 14 de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) (1))

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.



Déanfar seirbheáil a luaithe is féidir. Murarbh fhéidir seirbheáil a dhéanamh laistigh de mhí tar éis an dáta a bhfuarthas an doiciméad, cuirfidh an ghníomhaireacht fála é sin in iúl don ghníomhaireacht tarchuir (Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2020/1784)

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta tarchuir:

Uimh. Thagartha na gníomhaireachta fála:

Seolaí:

1.   RINNEADH AN tSEIRBHEÁIL (Airteagal 14)

1.1. 

Dáta agus seoladh na seirbheála

1.2. 

Seirbheáladh an doiciméad

1.2.1. 

i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air, eadhon

1.2.1.1. 

tugadh de láimh é□

1.2.1.1.1. 

don seolaí é féin□

1.2.1.1.2. 

do dhuine eile□

1.2.1.1.2.1. 

Ainm:

1.2.1.1.2.2. 

Seoladh:

1.2.1.1.2.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

1.2.1.1.2.2.2. 

Áit agus cód poist:

1.2.1.1.2.2.3. 

Tír:

1.2.1.1.2.3. 

Nádúr an chaidrimh leis an seolaí:

duine muinteartha□ fostaí□ gaol eile□

1.2.1.1.3. 

seoladh an tseolaí□

1.2.1.1.4. 

seoladh eile (sonraigh, le do thoil) ( 13 )□

1.2.1.2. 

seirbheáladh trí sheirbhísí poist□

1.2.1.2.1. 

gan admháil fála□

1.2.1.2.2. 

leis an admháil fála atá faoi iamh□

1.2.1.2.2.1. 

ón seolaí□

1.2.1.2.2.2. 

ó dhuine eile□

1.2.1.2.2.2.1. 

Ainm:

1.2.1.2.2.2.2. 

Seoladh:

1.2.1.2.2.2.2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

1.2.1.2.2.2.2.2. 

Áit agus cód poist:

1.2.1.2.2.2.2.3. 

Tír:

1.2.1.2.2.2.3. 

Cineál an chaidrimh leis an seolaí:

duine muinteartha□ fostaí□ gaol eile□

1.2.1.3. 

seirbheáladh go leictreonach (luaigh an chaoi, le do thoil):□

1.2.1.4. 

seirbheáladh ar mhodh eile (luaigh an chaoi, le do thoil):□

1.2.2. 

seirbheáladh ar an modh sonrach seo a leanas (luaigh an chaoi, le do thoil):□

1.3. 

Cuireadh in iúl i scríbhinn do sheolaí an doiciméid, i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2020/1784 go bhféadfaidh an seolaí diúltú glacadh leis an doiciméad mura mbeidh sé scríofa i dteanga a thuigeann sé nó sí nó i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla áit na seirbheála, nó mura mbeidh aistriúchán go ceann de na teangacha sin ag gabháil leis.

2.   FAISNÉIS I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 11(2) DE RIALACHÁN (AE) 2020/1784

Níorbh fhéidir an doiciméad a sheirbheáil laistigh de mhí ón dáta a bhfuarthas é□

3.   DOICIMÉAD A DHIÚLTÚ (Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2020/1784)

3.1. 

Dhiúltaigh an seolaí glacadh leis an doiciméad mar gheall ar an teanga a úsáideadh□

3.1.1. 

Dáta na hiarrachta ar sheirbheáil:

3.1.2. 

Dáta an diúltaithe, má tá sé ar fáil:

3.2. 

Tá an doiciméad i gceangal leis an deimhniú seo.

3.2.1. 

Tá□

3.2.2. 

Níl□

4.   CÚIS NÁR SEIRBHEÁLADH AN DOICIMÉAD

4.1. 

Níl an seoladh ar eolas

4.1.1. 

Glacadh céimeanna chun an seoladh a fháil amach ( 14 ) glacadh□ níor glacadh□

4.2. 

Ní féidir an seolaí a aimsiú□

4.3. 

Níorbh fhéidir an doiciméad a sheirbheáil roimh an dáta nó an teorainn ama a shonraítear i mír 6.2. san iarraidh ar dhoiciméid a sheirbheáil (Foirm A)□

4.4. 

Faisnéis eile (sonraigh, le do thoil):□

4.5. 

Tá an doiciméad i gceangal leis an deimhniú seo. tá□ níl□

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM L



FAISNÉIS DON SEOLAÍ MAIDIR LEIS AN gCEART CHUN DIÚLTÚ GLACADH LE DOICIMÉAD

(Airteagal 12(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (Doiciméid a sheirbheáil) (1))

(1)   

IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.

Seolaí:

I.   FAISNÉIS DON SEOLAÍ

Tá an doiciméad atá faoi iamh á sheirbheáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1784 .

Féadfaidh tú diúltú glacadh leis an doiciméad atá faoi iamh mura mbeidh sé scríofa i dteanga a thuigeann tú nó i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla áit na seirbheála nó mura mbeidh aistriúchán go ceann de na teangacha sin ag gabháil leis.

Más mian leat an ceart seo a fheidhmiú, ní mór duit diúltú glacadh leis an doiciméad as láimh an duine a sheirbheálann é tráth na seirbheála, sin nó laistigh de choicís ón tseirbheáil, tríd an bhfoirm seo a chomhlánú, nó trí aon dearbhú i scríbhinn a dhéanamh ina léirítear go ndiúltaíonn tú glacadh leis an doiciméad atá faoi iamh i ngeall ar an teanga ina raibh an doiciméad curtha ar fáil agus í a chur ar ais chuig an seoladh a shonraítear thíos.

Tabhair faoi deara, le do thoil, má dhiúltaíonn tú glacadh leis an doiciméad atá faoi iamh ach má dhéanann an chúirt nó an t-údarás a bhfuil na himeachtaí dlí os a comhair nó os a chomhair a ndearnadh an tseirbheáil riachtanach lena linn, a chinneadh ina dhiaidh sin nach raibh bonn cirt leis an diúltú, féadfaidh sí/sé iarmhairtí dlí a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear le dlí Bhallstát an fhóraim, amhail a mheas go raibh an tseirbhís bailí, na dlí/dhlí náisiúnta maidir le diúltuithe seirbheála nach bhfuil bonn cirt leo.

II.   AN SEOLADH IS CEART AN FHOIRM A SHEOLADH AR AIS CHUIGE ( 15 ):

1. 

Ainm:

2. 

Seoladh:

2.1. 

Sráid agus uimhir/bosca poist:

2.2. 

Áit agus cód poist:

2.3. 

Tír:

3. 

Uimh. Thagartha:

4. 

Teil.:

5. 

Facs ( 16 ):

6. 

Ríomhphost:

III.   DEARBHÚ ÓN SEOLAÍ ( 17 ):

Diúltaím glacadh leis an doiciméad de bharr nach bhfuil sé scríofa i dteanga a thuigim nó i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla áit na seirbheála nó nach bhfuil aistriúchán go ceann de na teangacha sin ag gabháil leis.

Tuigim an teanga (na teangacha) a leanas:



Bulgáiris

Liotuáinis

Spáinnis

Ungáiris

Seicis

Máltais

Gearmáinis

Ollainnis

Eastóinis

Polainnis

Gréigis

Portaingéilis

Béarla

Rómáinis

Fraincis

Slóvaicis

Gaeilge

Slóivéinis

Cróitis

Fionlainnis

Iodáilis

Sualainnis

Laitvis

Teanga eile□ (sonraigh an teanga, le do thoil):

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:




IARSCRÍBHINN II

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air



Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (IO L 324, 10.12.2007, lch. 79)

 

Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013 lena n-oiriúnaítear rialacháin agus cinntí áirithe i réimsí na saorghluaiseachta earraí, na saoirse gluaiseachta do dhaoine, dhlí na gcuideachtaí, an bheartais iomaíochta, na talmhaíochta, na sábháilteachta bia, an bheartais tréidliachta agus fíteashláintíochta, an bheartais iompair, an fhuinnimh, an chánachais, an staidrimh, na ngréasán tras-Eorpach, na mbreithiúna agus na gceart bunúsach, an cheartais, na saoirse agus na slándála, an chomhshaoil, an aontais custaim, an chaidrimh sheachtraigh, an bheartais eachtraigh, slándála agus cosanta agus na n-institiúidí, de bharr aontachas Phoblacht na Cróite, (IO L 158, 10.6.2013, lch. 1)

Leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II amháin de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 agus orthu siúd amháin




IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL



Rialachán (CE) Uimh 1393/2007

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

-

-

Airteagal 1(3)

-

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

-

Airteagal 5(2), (3) agus (4)

-

Airteagal 6

-

Airteagal 7

Airteagal 4(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 5(1)

Airteagal 4(3)

Airteagal 8(2)

Airteagal 4(4)

Airteagal 8(3)

Airteagal 4(5)

Airteagal 8(4)

Airteagal 5

Airteagal 9

Airteagal 6

Airteagal 10

Airteagal 7

Airteagal 11

Airteagal 8(1)

Airteagal 12(1), (2) agus (3)

Airteagal 8(2)

Airteagal 12(4)

Airteagal 8(3)

Airteagal 12(5)

Airteagal 8(4)

Airteagal 12(6)

Airteagal 8(5)

Airteagal 12(7)

Airteagal 9

Airteagal 13

Airteagal 10

Airteagal 14

Airteagal 11

Airteagal 15

Airteagal 12

Airteagal 16

Airteagal 13

Airteagal 17

Airteagal 14

Airteagal 18

-

Airteagal 19

Airteagal 15

Airteagal 20(1)

-

Airteagal 20(2)

Airteagal 16

Airteagal 21

Airteagal 17

Airteagal 23

-

Airteagal 24

-

Airteagal 25

Airteagal 18

Airteagal 26

-

Airteagal 27

-

Airteagal 28

Airteagal 19

Airteagal 22

Airteagal 20

Airteagal 29

Airteagal 21

Airteagal 30

-

Airteagal 31(1)

-

Airteagal 31(2)

Airteagal 22(1)

Airteagal 31(3)

Airteagal 22(2)

Airteagal 31(4)

Airteagal 22(3)

Airteagal 31(5)

Airteagal 22(4)

Airteagal 31(6)

-

Airteagal 32

Airteagal 23(1)

Airteagal 33(1)

-

Airteagal 33(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 33(3)

Airteagal 23(3)

Airteagal 33(4)

-

Airteagal 34

Airteagal 24

Airteagal 35(1)

-

Airteagal 35(2)

Airteagal 25

Airteagal 36

Airteagal 26

Airteagal 37

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn I

-

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III



( 1 ) Tá an mhír seo roghnach.

( 2 ) I gcás ina bhfuil níos mó ná iarratasóir amháin ann, tabhair faisnéis, le do thoil, mar a leagtar amach i mír 3.1. go 3.5.

( 3 ) Ní bhaineann an mhír seo ach leis na Ballstáit sin ina bhfuil níos mó ná teanga oifigiúil amháin.

( 4 ) Níl feidhm ag an mhír seo ach ó dháta theacht i bhfeidhm an chórais TF díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2020/1784

( 5 ) Tá úsáid na foirme seo roghnach.

( 6 ) Tá an mhír seo roghnach.

( 7 ) Tá úsáid na foirme seo roghnach.

( 8 ) Tá an mhír seo roghnach.

( 9 ) Tá an mhír seo roghnach.

( 10 ) Tá úsáid na foirme seo roghnach.

( 11 ) Tá an mhír seo roghnach.

( 12 ) Tá úsáid na foirme seo roghnach.

( 13 ) An seoladh arna bhunú ag an ngníomhaireacht fála i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(c) de Rialachán (AE) 2020/1784.

( 14 ) Ní bhaineann an mhír seo ach leis na Ballstáit sin a sholáthraíonn cúnamh i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(c) de Rialachán (AE) 2020/1784.

( 15 ) Le líonadh isteach ag an údarás a dhéanann an tseirbheáil.

( 16 ) Tá an mhír seo roghnach.

( 17 ) Le líonadh isteach agus le síniú ag an seolaí.

Top